Skip navigation

6 Nollaig 2021

Tá Poist Áiritheoir Daonáirimh ar Fáil go Fóill tar éis gur Síneadh an Spriocdháta go dtí an 10 Nollaig.

Tá ar an bPríomh-Oifig Staidrimh (an POS) 5,100 Áiritheoir Daonáirimh a fhostú le foirmeacha daonáirimh a sholáthar do agus a bhailiú ó gach áit chónaithe in Éirinn an bhliain seo chugainn. Is féidir le háiritheoirí a mhéid le €3,200 a thuilleamh as oibriú ar feadh 10 seachtaine go páirtaimseartha, idir an 28 Feabhra agus an 6 Bealtaine 2022.

Tá an dáta deiridh sínte go dtí Dé hAoine 10 Nollaig ag 3 i.n.

Deán iarratas anois ag Census.ie

 

25 Samhain 2021

Tá breis agus 5,000 áiritheoir le fostú do Dhaonáireamh 2022.

Tá ar an bPríomh-Oifig Staidrimh (an POS) 5,100 Áiritheoir Daonáirimh a fhostú le foirmeacha daonáirimh a sholáthar do agus a bhailiú ó gach áit chónaithe in Éirinn an bhliain seo chugainn. Is féidir le háiritheoirí a mhéid le €3,200 a thuilleamh as oibriú ar feadh 10 seachtaine go páirtaimseartha, idir an 28 Feabhra agus an 6 Bealtaine 2022.

Osclófar próiseas iarratais ar líne an 25 Samhain ag Census.ie

 

15 Meán Fómhair 2021

Tá comórtas Maoirseoir Allamuigh Daonáirimh 2022 athoscailte do roinnt réimsí.

É sin ráite, i bhfianaise dháileadh tíreolaíoch ar an phoist seo, tá seans ann go mbeidh gá an comórtas a athoscailt i gcás líon beag de na post seo i láithreacha faoi leith sna laethanta beaga amach romhainn.  Go raibh maith agat as  suim a léiriú i dtionscal an daonáirimh.

Tá eolas faoi an chomórtais seo ar an leathanach Earcaíocht d’Fhoireann Allamuigh Daonáirimh 2022

 

6 Meán Fómhair 2021

Tá comórtas earcaíocta Maoirseoir Allamuigh Daonáirimh 2022 dúnta anois.

É sin ráite, i bhfianaise dháileadh tíreolaíoch ar an phoist seo, tá seans ann go mbeidh gá an comórtas a athoscailt i gcás líon beag de na post seo i láithreacha faoi leith sna laethanta beaga amach romhainn.  Go raibh maith agat as suim a léiriú i dtionscal an daonáirimh.

Tá eolas faoi phróiseas roghnúcháin an chomórtais seo agus faoi bhabhtaí eile earcaíochta le haghaidh Daonáireamh 2022 ar fáil ar an leathanach Earcaíocht d’Fhoireann Allamuigh Daonáirimh 2022

 

26 Lúnasa 2021

Déan iarrata – Comórtas oscailte do Mhaoirseoirí Allamuigh Daonáirimh 2022

Tá maoirseoirí allamuigh á n-earcú anois chuig an bhFoireann Allamuigh Daoáirimh 2022 ag an bPríomh-Oifig Staidrimh.

Chun cuir isteach ar an gcomórtas, féach an tairseach earcaíochta ag an nasc seo a leanas  https://censusrecruitment.cso.ie/
Glacfar le hiarratais ar líne amháin. Conradh sealadach lánaimseartha ar chuspóir seasta atá i gceist, ag tosú i mí Eanáír 2022 agus ag críochnú i Bealtaine 2022. Tá eolas faoi an chomórtais seo ar fáil ar an leathanach Earcaíocht d’Fhoireann Allamuigh Daonáirimh 2022.

 

16 Áibreáin 2021

Foireann Allamuigh Daonáirimh 2022 – Comórtas na mBainisteoirí Sinsearacha dúnta d’iarratais anois 

É sin ráite, i bhfianaise dháileadh tíreolaíoch na bpost Bainistíochta Sinsearaí, tá seans ann go mbeidh gá an comórtas a athoscailt i gcás líon beag de na post seo i láithreacha faoi leith sna laethanta beaga amach romhainn.  Go raibh maith agat as suim a léiriú i dtionscal an daonáirimh.

Tá eolas faoi phróiseas roghnúcháin an chomórtais seo agus faoi bhabhtaí eile earcaíochta le haghaidh Daonáireamh 2022 ar fáil ar an leathanach

 

8 Áibreáin 2021

Déan iarratas – Comórtas oscailte do Bhainisteorí Sínsearacha Daonáirimh 2022

Tá bainisteoirí sinsearcha á n-earcú anois chuig an bhFoireann Allamuigh Daoáirimh 2022 ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. Ba chóir go mbeadh taithí chuimsitheach ag iarratasóirí ar bhainisteoireacht shinsearach.  Na hiarratasóirí a n-éireoidh leo, déanfaidh siad bainistiú ar an bhfoireann allamuigh ag leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. Obair dhúshlánach, éagsúil a bheidh i gceist.

Chun cuir isteach ar an gcomórtas, féach an tairseach earcaíochta ag an nasc seo a leanas  https://censusrecruitment.cso.ie/

Glacfar le hiarratais ar líne amháin. Conradh sealadach lánaimseartha ar chuspóir seasta atá i gceist, ag tosú i Meán Fómhair/ Deireadh Fómhair 2021 agus ag críochnú i Bealtaine 2022.

 

23ú Márta 2021

Foireann Allamuigh Daonáirimh 2022 – Earcaíocht chun tosú go luath le haghaidh Bainisteoirí Sinsearacha

Cuirfidh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) tús leis an gcéad chéim d’earcú an Fhoireann Allamuigh Daonáirimh 2022 ar an Déardaoin, 8 Áibreán 2021. Beifear ag glacadh le hiarratais ar líne ón dáta sin trí shuíomh gréasáin na hOifige le haghaidh róil na mBainisteoirí Sinsearacha. Conradh sealadach lánaimseartha ar chuspóir seasta atá i gceist, ag tosú i Meán Fómhair/Deireadh Fómhair 2021 agus ag críochnú i Bealtaine 2022.

 

 

15 Meán Fómhair 2020

Daonáireamh 2021 a chur siar go dtí 3 Aibreán 2022.

Ar chomhairle na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO), tá cinneadh glactha ag an Rialtas inniu Daonáireamh 2021 a chur siar go dtí an 3 Aibreán 2022.

Preasráiteas - Daonáireamh 2021 curtha siar

 

19 Meitheamh 2020

Foireann Allamuigh Daonáirimh 2021 – Comórtas na mBainisteoirí Sinsearacha Críochnaithe

Tá an comórtas seo críochnaithe anois. Cuirfear eolas maidir le comórtais eile earcaíochta don daonáireamh in airde ar an leathanach Earcaíocht d'Fhoireann Allamuigh Daonáirimh 2021

Earcaíocht d’Fhoireann Allamuigh Daonáirimh 2021

 

11 Meitheamh 2020

Foireann Allamuigh Daonáirimh 2021 – Bainisteoirí Sinsearacha

Tá an chomórtas seo ar oscailt faoi láthair.

Foireann Allamuigh Daonáirimh 2021 – Bainisteoirí Sinsearacha 

 

8ú Meitheamh 2020

Foireann Allamuigh Daonáirimh 2021 – Earcaíocht chun tosú go luath le haghaidh Bainisteoirí Sinsearacha

Cuirfidh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) tús leis an gcéad chéim d’earcú an Fhoireann Allamuigh Daonáirimh 2021 ar an Déardaoin, 11 Meitheamh 2020. Beifear ag glacadh le hiarratais ar líne ón dáta sin trí shuíomh gréasáin na hOifige le haghaidh róil na mBainisteoirí Sinsearacha. Conradh sealadach lánaimseartha ar chuspóir seasta atá i gceist, ag tosú i Meán Fómhair/Deireadh Fómhair 2020 agus ag críochnú i Meitheamh 2021.

Foireann Allamuigh Daonáirimh 2021 – Bainisteoirí Sinsearacha

 

6ú Feabhra 2020

Daonáireamh 2021 – Comhairliúchán maidir leis na Táirgí Aschuir

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag glacadh le haighneachtaí ó úsáideoirí sonraí anois maidir le táirgí aschuir sonraí ó Dhaonáireamh 2021.

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag tabhairt cuireadh do gach úsáideoir sonraí, idir dhaoine aonair agus eagraíochtaí, a chur in iúl cé na riachtanais atá acu i dtaobh sonraí i gcomhair Dhaonáireamh 2021 agus cé na moltaí atá acu maidir le táirgí aschuir ón Daonáireamh sin. Scrúdóidh an Phríomh-Oifig Staidrimh na haighneachtaí go léir a gheofar agus bainfidh sí leas astu chun bonn eolas a chur faoi Straitéis Scaipthe Dhaonáireamh 2021. Foilseofar an straitéis sin ar www.cso.ie/ga níos deireanaí i mbliana. Foilseofar liosta táirgí staidrimh, agus amchlár ag gabháil leo, sa chéad leath den bhliain 2021.

Chun páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin, cliceáil anseo le do thoil.

 

17 Iúil 2019

Dáta agus ábhar an daonáirimh ceadaithe do 2021 agus tuarascáil ar Shuirbhé Píolótach 2018 foilsithe.


Tá áthas ar an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) a fhógairt go bhfuil dáta agus ceisteanna do Dhaonáireamh 2021 ceadaithe ag an Rialtas. Beidh an chéad daonáireamh eile á reáchtáil Dé Domhnaigh an 18 Aibreán 2021.
Tagann an fhógairt seo mar thoradh ar phróiseas comhairliúcháin phoiblí agus Suirbhé Píolótach Daonáirimh. Tá tuarascáil maidir leis an Suirbhé Píolótach foilsithe inniu.

Census Pilot Survey Report 2018 (PDF 3,018KB)

 

 

18 Meán Fómhair 2018

Náisiúntachtaí Coigríocha ina gCónaí in Éirinn 2016

Tuarascáil bunaithe ar thorthaí Dhaonáireamh 2016 atá i Náisiúntachtaí Coigríocha ina gCónaí in Éirinn. Dírítear sa tuarascáil ar an deich náisiúntacht neamh-Éireannach is mó de réir líon daonra. Is iad atá faoi chaibidil ann ná náisiúnaigh de chuid na Polainne, na Ríocht Aontaithe (RA), na Liotuáine, na Romáine, na Laitvia, na Brasaíle, na Spáinne, na hIodáile, na Fraince agus na Gearmáine.

 Náisiúntachtaí Coigríocha ina gCónaí in Éirinn 2016

 

14ú Nollaig 2017

Próifíl 11 – Fostaíocht, Slite Beatha agus Tionsclaíocht

Is í seo an tuarascáil théamach deireanach ar thorthaí Dhaonáireamh 2016, ag cur deireadh leis an tsraith de dhá thuairisc achoimre, aon cheann déag de thuairiscí próifíle agus Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga. Léirítear sonraí san fhoilseachán maidir le daoine i mbun oibre agus tá na cineál tionscail, gairmeacha agus athruithe ó 2011 san áireamh. Ina theannta sin clúdaítear topaicí ar nós dífhostaíocht, náisiúnaigh neamh-Éireannaigh sa lucht saothair agus inimircigh nuatagtha.

Próifíl 11 – Fostaíocht, Slite Beatha agus Tionsclaíocht

 

23ú Samhain 2017

Próifíl 10 – Oideachas, Scileanna agus an Ghaeilge

Is í seo an deichiú tuarascáil théamach ar thorthaí Dhaonáireamh 2016.  

Léirítear sonraí san fhoilseachán maidir le hoideachas agus scileanna an daonra mar aon le heolas faoinár n-úsáid Gaeilge.

Próifíl 10 – Oideachas, Scileanna agus an Ghaeilge 

Foilseofar Próifíl 11 – Fostaíocht, Slite Beatha agus Tionsclaíocht; an t-aonú thuarascáil théamach déag, arb í an ceann deireanach sa tsraith, an 14 Nollaig ag 11rn.

 

6ú Samhain 2017

Comhairliúchán Poiblí 2021

Gabhaimid buíochas as gach aighneacht a fuarthas faoin bpróiseas seo. Tabhair aire, le bhur dtoil, go bhfuil deireadh tagtha leis an gcomhairliúchán faoin ama seo.

 

2ra Samhain 2017

Próifíl 9 – Sláinte, Míchumas agus Cúramóirí

Is í seo an naoú tuarascáil théamach ar thorthaí Dhaonáireamh 2016.  Cuireann an tuarascáil leis an réimse leathan sonraí atá foilsithe ar Dhaonáireamh 2016 go dtí seo agus tugtar eolas inti ar thrí topaic éagsúla. Sláinte féinmheasta na tíre, míchumas i measc an daonra agus cúramóirí sa phobal i gcoitinne.

Próifíl 9 – Sláinte, Míchumas agus Cúramóirí 

Foilseofar an deichiú thuarascáil théamach, Próifíl 10 – Oideachas, Scileanna agus an Ghaeilge, an 23ú Samhain ag 11rn.

 

12 Deireadh Fómhair 2017

Próifíl 8 – An Lucht Siúil, Eitneachas agus Creideamh in Éirinn

Tugtar léargas sa tuarascáil is déanaí seo ar Dhaonáireamh 2016, an t-ochtú ceann, maidir le pobal Lucht Siúil na hÉireann, eitneachas sa phobal i gcoitinne agus creideamh in Éirinn mar a bhí in 2016.

Próifíl 8 – An Lucht Siúil, Eitneachas agus Creideamh in Éirinn

Is í an chéad tuarascáil théamach eile atá le foilsiú ná Próifíl 8 – Sláinte, Míchumas agus Cúramóirí, rud a dhéanfar an 2ú Samhain ag a 11rn.

 

4ú Deireadh Fómhair 2017

Comhairliúchán Poiblí Dhaonáireamh 2021    

Iarann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) aighneachtaí faoin ábhar a mbeidh i gceistneoir Dhaonáireamh 2021 ón lá inniu go dtí Dé hAoine 3ú Samhna, an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí. Le haghaidh tuilleadh eolais, brúigh ar an nasc thíos.

Comhairliúchán Poiblí Dhaonáireamh 2021

 

21 Meán Fómhair 2017

Torthaí Dhaonáireamh 2016: Próifíl 7 – Imirce agus Éagsúlacht       

Is í Próifíl 7 – Imirce agus Éagsúlacht an seachtú tuarascáil théamach ar thorthaí Dhaonáireamh 2016. 

Déantar anailís sa tuarascáil Dhaonáireamh 2016 is déanaí seo, an seachtú ceann, ar thréithe dhaonra coigríche an Stáit. I measc na n-ábhar a chlúdaítear tá náisiúntachtaí éagsúla, próifíl aoise, stádas pósta, teangacha a labhraítear, oideachas agus stádas fostaíochta i measc an chuid seo den phobail.

Próifíl 7 – Imirce agus Éagsúlacht

Is í an chéad tuarascáil théamach eile atá le foilsiú ná Próifíl 8 – An Lucht Siúil, Eitneachas agus Creideamh in Éirinn, rud a dhéanfar an 12ú Deireadh Fómhair ag a 11rn. 

 

31ú Lúnasa 2017

Torthaí Dhaonáireamh 2016: Próifíl 6 - Comaitéireacht in Éirinn

Déantar iniúchadh sa tuarascáil is déanaí seo ar thorthaí Dhaonáireamh 2016, a fhoilsítear inniu ar phatrúin chomaitéireachta an daonra agus clúdaítear topaicí inti ar nós modhanna taistil, amanna taistil agus am imeachta, d'oibrithe agus scoláirí araon.

Próifíl 6 - Comaitéireacht in Éirinn 

Is í an chéad tuarascáil théamach eile atá le foilsiú ná Próifíl 7 - Imirce agus Éagsúlacht a bheidh ar fáil ar an 21ú Meán Fómhair ag a 11rn.

 

10ú Lúnasa 2017

Torthaí Dhaonáireamh 2016: Próifíl 5 – Daoine gan dídean in Éirinn

Is í an tuarascáil is déanaí ar thorthaí Dhaonáireamh 2016, a fhoilsítear inniu, ná Próifíl 5 – Daoine gan dídean in Éirinn. Tugtar léargas sa tuarascáil seo ar easpa dídine agus aird tugtha ar athróga éagsúla ar nós inscne, aois, stádas pósta, oideachas, obair, sláinte agus náisiúntacht i measc an daonra gan dídean.

Próifíl 5 – Daoine gan dídean in Éirinn

Is í an chéad tuarascáil théamach eile atá le foilsiú ná Próifíl 6 – Comaitéireacht in Éirinn a bheidh ar fáil óna 11rn ar an 31 Lúnasa.

 

27ú Iúil 2017

Torthaí Dhaonáireamh 2016: Próifíl 4 - Líonta tí agus Teaghlaigh

Foilsítear Próifíl 4 - Líonta Tí agus Teaghlaigh inniu, an ceathrú cheann i sraith de 11 tuarascáil théamacha ó Dhaonáireamh 2016.  Déantar iniúchadh inti ar chomhdhéanamh teaghlaigh  agus ar shocruithe maireachtála i measc dhaonra na hÉireann agus clúdaítear thopaicí ar nós stádas pósta, páirtnéireachtaí sibhialta comhghnéis, mar aon leis na cineálacha agus méideanna éagsúla teaghlach agus líonta tí sa Stát.

Daonáireamh 2016: Próifíl 4 - Líonta tí agus Teaghlaigh

Foilseofar an chéad tuarascáil eile ar líne, Próifíl 5 – Daoine gan Dídean in Éirinn, ar an 10ú Lúnasa ag a 11rn.

 

20ú Iúil 2017

Daonáireamh 2016 Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS)

Seoltar Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS) ó Dhaonáireamh 2016 inniu ar shuíomh gréasáin na hOifige seo mar aon le SAPMAP, an uirlis cuardaigh agus léarscáilithe idirghníomhach a théann leis.

Tá 45 tábla ann i ngach cuntas den Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga 2016, iad rangaithe i 15 téama, m.sh. inscne, aois agus stádas pósta; aonaid chlainne; tithíocht; oideachas; agus slite beatha. Le SAPMAP, an uirlis léarscáilithe idirghníomhach a théann le SAPS, is féidir le duine teacht ar tuilleadh sonraí faoin áit a bhfuil suim acu ann trí seoladh a chuardach nó trí gliogáil ar láthair ar an léarscáil. Ar an gcaoi seo, is féidir teacht ar an tacar iomlán staitisticí daonáirimh faoin áit. Is féidir teacht ar threoracha faoi úsáid SAPMAP i roghchlár na huirlise ach í a lainseáil. Tá fáil ar na sonraí seo i bhformáid PDF nó Excel chomh maith.

Daonáireamh 2016 - Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga

Preasráiteas 

Is í an chéad tuarascáil théamach eile atá le foilsiú ná Próifíl 4 - Líonta Tí agus Teaghlaigh a bheidh ar fáil ón 27ú Iúil.

 

6ú Iúil 2017

Torthaí Dhaonáireamh 2016: Próifíl 3 - Próifíl Aoise na hÉireann

Foilsítear Próifíl 3 - Próifíl Aoise na hÉireann ó Dhaonáireamh 2016 inniu, an tríú cheann i sraith de 11 tuarascáil théamacha. Déantar scagadh inti ar an miondealú aoise i ndaonra na hÉireann agus tugtar aird ar thréithe na n-aoisghrúpaí éagsúla. Tá fáil chomh maith ar léarscáileanna agus ar tháblaí idirghníomhacha a bhaineann leis an tuarascáil.

Daonáireamh 2016: Próifíl 3 - Próifíl Aoise na hÉireann

Beidh fáil ar Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS), sraith de phróifílí ceantair, ón 20ú Iúil, tráth a seolfar eagrán nua do 2016 den fheidhmchlár mapála SAPMap chomh maith. Is í an chéad tuarascáil théamach eile atá le foilsiú ná Próifil 4 - Líonta Tí agus Teaghlaigh a bheidh ar fáil óna 11rn ar an 27ú Iúil.

 

15ú Meitheamh 2017

Torthaí Achoimre Dhaonáireamh 2016 Cuid 2

Tá Torthaí Achoimre Dhaonáireamh 2016 Cuid 2 mar an dara thuarascáil as dhá cheann dírithe ar thorthaí achoimre. Clúdaítear réimse topaicí inti, ina measc tá: fostaíocht; oideachas agus scileanna; sláinte, míchumas agus cúramóirí, mar aon le treochtaí comaitéireachta. Tá fáil chomh maith ar léarscáileanna agus ar tháblaí idirghníomhacha a bhaineann leis an tuarascáil.

Torthaí Achoimre Dhaonáireamh 2016 Cuid 2

Foilseofar an chéad tuarascáil eile, Próifíl 3 – Próifíl Aoise na hÉireann, ar an 6ú Iúil ar líne ag a 11rn. Beidh fáil ar Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS), sraith de phróifílí ceantair, ón 20ú Iúil.

 

11ú Bealtaine 2016

Torthaí Dhaonáireamh 2016: Próifíl 2 – Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra

Foilsítear an dara thuarascáil théamach ar Dhaonáireamh 2016, Próifíl 2 – Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra, inniu. Dírítear san fhoilseachán seo ar dháileadh geografach an daonra, ar dhlús daonra agus ar imirce inmheánach.

Torthaí Dhaonáireamh 2016: Próifíl 2 – Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra

Foilseofar an chéad tuarascáil eile, Torthaí Achoimre Cuid 2, ar an 15ú Meitheamh. Beidh fáil uirthi seo óna 11rn ar an lá sin.

 

20ú Aibreán 2017

Torthaí Dhaonáireamh 2016: Próifíl 1 – Tithíocht in Éirinn

Foilsítear an chéad tuarascáil théamach ar Dhaonáireamh 2016, Próifíl 1 – Tithíocht in Éirinn, inniu.
Tugtar sonraí agus anailís sa tuarascáil seo maidir le tithíocht mórthimpeall na hÉireann thar tréimhse cúig bliana.

Torthaí Dhaonáireamh 2016; Próifíl 1 – Tithíocht in Éirinn

Is í an chéad tuarascáil eile a fhoilseofar ná Prófíl 2 – Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra. Beidh sí ar fáil óna 11rn ar an 11 Bealtaine.

 

6ú Aibreán, 2017

Chéadtorthaí deimhne ó Dhaonáireamh 2016

Tá an foilseachán ‘Torthaí Achoimre Dhaonáireamh 2016 – Cuid 1’ á fhoilsiú inniu. Sa tuarascáil seo, léirítear athruithe daonra, comhdhéanamh aoise, stádas pósta, líonta tí agus teaghlaigh, náisiúntacht, teangacha iasachta, cainteoirí Gaeilge, creideamh agus tithíocht. Is í seo an chéad ceann de dhá thuarascáil achoimre, eiseofar an dara cheann an 15 Meitheamh. Tá léarscáileanna arna soláthar ag an Ionad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann (AIRO) ar fáil ónár suíomh gréasáin.  Foilseofar aon tuarascáil dhéag téamacha dírithe ar na topaicí a chlúdaítear sna tuarascálacha achoimre seo. Beidh an chéad tuarascáil théamach, Tithíocht in Éirinn, á eisiúint an 20 Aibreán.

Chéadtorthaí deimhne ó Dhaonáireamh 2016

Sceideal Foilsithe Dhaonáireamh 2016

Beidh staidreamh daonra um cheantair bheaga (mioneolas an daonáirimh ar gach topaic ag an leibhéal tíreolaíoch is lú) ar fáil i mí Iúil.

 

31ú Márta 2017

Torthaí Daonáirimh le teacht


Tá an chéad sraith de thorthaí deimhne ó Dhaonáireamh 2016 le foilsiú ag 11rn ar an Déardaoin bheag seo, an 9 Aibreán – níos lú ná dhá mhí dhéag ó Oíche an Daonáirimh, 24 Aibreán 2016.
Tá an tuarascáil seo, ‘Torthaí Achoimre Dhaonáireamh 2016 - Cuid 1’, mar ceann de phéire tuarascáil achoimre. I measc na n-ábhar a chlúdófar ann tá athruithe iomlán daonra, déimeagrafaic aoise, stádas pósta, líonta tí agus teaghlaigh, chomh maith le torthaí mar gheall ar náisiúntacht, labhairt na Gaeilge, teangacha iasachta, creideamh agus tithíocht. Beidh fáil ar an tuarascáil, mar aon le táblaí idirghníomhacha ar www.cso.ie/en/baile.
Foilseofar an dara cuid de na torthaí achoimre ar an 15 Meitheamh, tuarascáil ina clúdófar fostaíocht, tionsclaíocht, slite beatha, oideachas agus scileanna agus ábhair a bhaineann le sláinte.
Eiseofar aon tuarascáil dhéag téamacha le linn 2017 ina ndéanfar anailís deimhin ar na topaicí thuasluaite go léir. Féach an sceideal iomlán foilsithe anseo.

 

18ú Deireadh Fómhair 2016

Sceideal Foilsithe Dhaonáireamh 2016

Tá an sceideal foilsithe deimhnithe anois do Dhaonáireamh 2016. Tosóidh an tréimhse foilsithe i mí Aibreán 2017 agus leanfaidh sé go dtí lár mí na Nollag. Tá trí foilseachán déag san iomlán ar an sceideal. Ina measc siúd, beidh sraith próifílí ina dtugtar anailís chuimsitheach ar thorthaí Dhaonáirimh 2016.

‌Sceideal Foilsithe Dhaonáireamh 2016

 

14ú Iúil 2016

Réamhthorthaí Daonáirimh 2016

Foilsítear inniu na chéad torthaí de Dhaonáireamh 2016. Is é réamhfhigiúr an daonra de réir an áirimh a rinneadh Oíche an Daonáirimh, Domhnach an 24ú Aibreán 2016, ná 4,757,976 duine.Tá na torthaí luatha seo bunaithe ar an gcomhaireamh achoimre do gach ceantar áirimh a chuir na 4,663 áiritheoirí le chéile.

Réamhthuairisc Dhaonáirmh 2016 (as Béarla)

 

25ú Bealtaine, 2016

Iarrann an Phríomh-Oifig Staidrimh ar shealbhóirí tí foirmeacha daonáirimh a sheoladh ar ais sa phost.

Tá  díreach  os  cionn  1.7  milliún  foirm  daonáirimh  anois  bailithe  ó cheann  ceann  na tíre. Agus áiritheoirí ag críochnú le foirmeacha a bhailiú, iarrtar ar gach sealbhóir tí a foirm/a fhoirm a sheoladh ar ais sa phost mura bailíodh í go dtí seo.

Preasráiteas iomlán

 

13ú Bealtaine, 2016

Bailiú fhoirmeacha daonáirimh ag teacht chun críche.

Tá áiritheoirí daonáirimh gnóthach le foirmeacha a bhailiú agus leanfaidh an obair seo go dtí an 23 Bealtaine. Tá beagnach trí seachtaine caite ó oíche an daonáirimh agus tá dianobair á déanamh ag ár n-áiritheoirí chun na foirmeacha chomhlíonta a bhailiú.

Preasráiteas iomlán

 

9ú Bealtaine, 2016

2 seachtain fágtha de bhailiú na bhfoirmeacha daonáirimh

Tá áiritheoirí daonáirimh gnóthach le foirmeacha a bhailiú agus leanfaidh an obair seo go dtí an 23 Bealtaine. Is dúshlánach an obair sin i roinnt cásanna. Mar sin, mura bhfuil cloiste agat ó do áiritheoir go dtí seo, cuir glaoch air/uirthi ar an uimhir fóin a d’fhág sé/sí nó cuir glaoch ar Íosghlao 1850 2016 04.

Preasraiteas iomlán

 

29ú Aibreán, 2016

Bailiú na bhfoirmeacha daonáirimh ar siúl

Cad atá le déanamh má tá earráid déanta agat ar an bhfoirm dhaonáirimh?

Preasraiteas iomlán

 

20ú Aibreán, 2016

Daonáireamh 2016 – ceithre lá fágtha

Is deis é an Daonáireamh tionchar a imirt ar thodhchaí na hÉireann

Preasraiteas iomlán

 

15ú Aibreán, 2016

An bhfuair tú d’fhoirm daonáirimh?

Ní mór do gach duine in Éirinn páirt a ghlacadh i nDaonáireamh 2016 ar an Domhnach, 24ú Aibreán.

Preasraiteas iomlán

 

12ú Aibreán, 2016

Cabhair Daonáirimh ar fáil

Tá deasc cabhrach agus aip á seoladh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu, a bhfuil sé d’aidhm acu cabhair agus tacaíocht a sholáthar do dhaoine chun páirt a ghlacadh i nDaonáireamh 2016.

Preasraiteas iomlán

 

7ú Aibreán, 2016

Iarrann an CSO ar bhainisteoirí árasán doirse a oscailt roimh áiritheoirí daonáirimh

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ag iarraidh inniu ar chomhlachtaí bainistíochta árasán rochtain a thabhairt d’áiritheoirí daonáirimh ar fhoirgnimh árasán. Is é seo mar gheall ar aiseolas ó áiritheoirí daonáirimh go mbíonn deacrachtaí acu rochtain a fháil ar fhoirgnimh árasán.

Preasraiteas iomlán

 

4ú Aibreán, 2016

Daoine gan dídean agus Daonáireamh 2016

Ní mór gach duine a chur san áireamh ar fhoirm dhaonáirimh ar an Domhnach, 24ú Aibreán.  Tá bearta socraithe chun daoine gan dídeán a áireamh ar an oíche.

Preasráiteas iomlán

 

1ú Aibreán, 2016

Daonáireamh 2016 agus rochtain ar Dhaonáireamh

Is é an Domhnach, 24ú Aibreán oíche an Daonáirimh. Tá réimse tacaíochtaí ar fail do dhaoine chun cabhrú leo an fhoirm dhaonáirimh a chomhlánú, ina measc ábhair do lucht lagamhairc, do lucht lagéisteachta agus cúnamh do dheacrachtaí litearthachta nó teanga.

Preasráiteas iomlán

Is féidir teacht ar tuilleadh eolais ar Rochtain ar Dhaonáireamh anseo

 

23 Márta, 2016

Seoladh Fheachtas Machaire Daonáireamh 2016

Inniu, sheol an Taoiseach an feachtas machaire do Daonáireamh 2016. Sna seachtainí atá amach romhainn, déanfaidh 4663 Áiritheoir Daonáirimh thart ar 2 mhilliún Foirm an Daonáirimh chuig gach teach sa tír. Ba chóir do shealbhóirí tithe an fhoirm a choinneáil in áit daingean go dtí Lá an Daonáirimh, 24 Aibreán agus í a chomhlánú ar an oíche sin. Ba chóir gach duine sa teach ar an oíche sin a chur san áireamh ar an bhfoirm.

Nasc chuig preaseisiúint Seolta an Daonáirimh

Féach census.ie le tuilleadh a fháil amach faoi Daonáireamh 2016

 

 

2 Bealtaine 2013

Foilsiú Thorthaí Daonáirimh 2011  -“Próifílí Ceantar.”

Inniu d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh táirge inrochtana nua ó Dhaonáireamh 2011, le foilsiú Próifílí Ceantar (as Béarla) um Dhaonáireamh 2011 [Census 2011 Area Profiles] i ndáil le 350 ceantar ó cheann ceann na tíre. Soláthraíonn siad seo forbhreathnú ar fhaisnéis daonáirimh maidir leis na ceantair seo i bhformáid atá éasc le léamh, agus tá siad dírithe ar an lucht déanta beartas agus ar an bpobal i gcoitinne araon.

Soláthraíonn na Próifílí Ceantar forbhreathnú ar na príomhthorthaí ó Dhaonáireamh 2011 i ndáil le gach ceann den 34 chontae riaracháin, an 43 Thoghcheantar Dála (2007) agus don 272 baile le daonra de chuid 1,000 agus os cionn. Tá na próifílí seo ar fáil ar líne le breathnú orthu agus le híoslódáil. Le haghaidh a thuilleadh faisnéise, cliceáil anseo chun an Preasráiteas (PDF 109KB) ‌iomlán a fheiceáil.

 

13Nollaig 2012.

Foilsiú Thorthaí Daonáirimh 2011 

“Próifíl 10 Ó Dhoras go Doras – Comaitéireacht in Éirinn.” 

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh an tuarascáil deiridh ina sraith tuarascálacha próifíle ó Dhaonáireamh 2011 ar an 13ú Nollaig 2012.  Léiríonn an tuarascáil  “Próifíl 10 Ó Dhoras go Doras – Comaitéireacht in Éirinn” próifíl ar  na patrúin chomaitéireachta atá ag daonra na hÉireann agus clúdaítear modhanna taistil, amanna turais agus am imeachta le haghaidh oibrithe agus mic léinn araon. 

Tá an tuarascáil iomlán ar fáil ar shuíomh gréasáin an CSO chomh maith leis na sonraí uile atá ar fáil i réimse táblaí gréasáin idirghníomhacha a cheadaíonn d’úsáideoirí a dtáblaí féin a thiomsú trí na sonraí ar spéis leo a roghnú agus iad a íoslódáil i bhformáid atá éasca le húsáid dá gcuid anailíse féin. 

Tá an tuarascáil phróifíle seo ar an gceann deireanach as deich dtuarascáil phróifíle a dhéanann iniúchadh níos mionchruinne ar na torthaí cinntitheacha de chuid Daonáirimh 2011 agus a leanann le cur chuige foilsithe na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO) i ndáil le tuilleadh léirmhínithe agus anailíse a sholáthar ar na sonraí i dteannta le láithreoireachtaí léiritheacha, léarscáileanna téamacha agus tráchtaireacht atá éasca le léamh.

Le haghaidh a thuilleadh faisnéise, cliceáil anseo chun an preas-ráiteas (PDF 121KB) iomlán a fheiceáil.

 

22 Samhain 2012.

Foilsiú Thorthaí Daonáirimh 2011 

“Próifíl 9An Méid Atá Ar Eolas Againn – Oideachas, scileanna agus An Ghaeilge.”

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh an tuarascáil is déanaí ina sraith torthaí ó Dhaonáireamh 2011 ar an 22ú Samhain 2012.  Léiríonn an tuarascáil “Próifíl 9 An Méid Atá Ar Eolas Againn – Oideachas, scileanna agus An Ghaeilge” (as Béarla) próifíl den oideachas agus na scileanna atá ag daonra na hÉireann, ag díriú go mionsonrach ar an aois um fhágáil an oideachais agus réimse an staidéir a bhfuil cáilíochtaí gnóthaithe ina leith.

 Tá an tuarascáil iomlán ar fáil ar shuíomh gréasáin an CSO chomh maith leis na sonraí uile atá ar fáil i réimse táblaí gréasáin idirghníomhacha a cheadaíonn d’úsáideoirí a dtáblaí féin a thiomsú trí na sonraí ar spéis leo a roghnú agus iad a íoslódáil i bhformáid atá éasca le húsáid dá gcuid anailíse féin.

 Tá an tuarascáil phróifíle seo ar an naoú ceann as deich dtuarascáil phróifíle a dhéanann iniúchadh níos mionchruinne ar na torthaí cinntitheacha de chuid Daonáirimh 2011. Leanann an tuarascáil seo le cur chuige foilsithe an CSO i ndáil le tuilleadh léirmhínithe agus anailíse a sholáthar ar na sonraí i dteannta le láithreoireachtaí léiritheacha, léarscáileanna téamacha agus tráchtaireacht atá éasca le léamh.

Le haghaidh a thuilleadh faisnéise, cliceáil anseo chun aniomlán a fheiceáil.

 

1 Samhain 2012.

Foilsiú Thorthaí Daonáirimh 2011

“Próifíl 8 Ár mBille Sláinte – Sláinte, Míchumas agus Cúramóirí in Éirinn.” 

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh an tuarascáil is déanaí ina sraith torthaí ó Dhaonáireamh 2011 ar an 1ú Samhain 2012.  Léiríonn an tuarascáil Próifíl 8 Ár mBille Sláinte – Sláinte, Míchumas agus Cúramóirí in Éirinn”  próifíl de chuid sláinte an daonra Éireannaigh, ag díriú go mionsonrach ar mhíchumas agus ar chúramóirí a sholáthraíonn cúnamh neamhíoctha.

Tá an tuarascáil iomlán ar fáil ar shuíomh gréasáin an CSO chomh maith leis na sonraí uile atá ar fáil i réimse táblaí gréasáin idirghníomhacha a cheadaíonn d’úsáideoirí a dtáblaí féin a thiomsú trí na sonraí ar spéis leo a roghnú agus iad a íoslódáil i bhformáid atá éasca le húsáid dá gcuid anailíse féin.

Tá an tuarascáil phróifíle seo ar an ochtú ceann as deich dtuarascáil phróifíle a dhéanann iniúchadh níos mionchruinne ar na torthaí cinntitheacha de chuid Daonáirimh 2011. Leanann an tuarascáil seo le cur chuige foilsithe an CSO i ndáil le tuilleadh léirmhínithe agus anailíse a sholáthar ar na sonraí i dteannta le láithreoireachtaí léiritheacha, léarscáileanna téamacha agus tráchtaireacht atá éasca le léamh.

Le haghaidh a thuilleadh faisnéise, cliceáil anseo chun an preas-ráiteas (PDF 121KB) iomlán a fheiceáil.

 

18 Deireadh Fómhair 2012

Foilsiú Thorthaí Daonáirimh 2011 

“Próifíl 7 Creideamh, Eitneachas agus Lucht Siúil na hÉireann – Cúlra Eitneach agus Cultúrtha in Éirinn.” 

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh an tuarascáil is déanaí ina sraith torthaí ó Dhaonáireamh 2011 ar an 18ú Deireadh Fómhair 2012.  Léiríonn an tuarascáil “Próifíl 7 Creideamh, Eitneachas agus Lucht Siúil na hÉireann – Cúlra Eitneach agus Cultúrtha in Éirinn” (as Béarla) próifíl de chuid na gcreideamh éagsúil in Éirinn mar aon le torthaí níos mionsonraí ar eitneachas, agus ar Lucht Siúil na hÉireann ach go háirithe. 

Tá an tuarascáil iomlán ar fáil ar shuíomh gréasáin an CSO chomh maith leis na sonraí uile atá ar fáil i réimse táblaí gréasáin idirghníomhacha a cheadaíonn d’úsáideoirí a dtáblaí féin a thiomsú trí na sonraí ar spéis leo a roghnú agus iad a íoslódáil i bhformáid atá éasca le húsáid dá gcuid anailíse féin. 

Tá an tuarascáil phróifíle seo ar an seachtú ceann as deich dtuarascáil phróifíle a dhéanann iniúchadh níos mionchruinne ar na torthaí cinntitheacha de chuid Daonáirimh 2011. Leanann an tuarascáil seo le cur chuige foilsithe an CSO i ndáil le tuilleadh léirmhínithe agus anailíse a sholáthar ar na sonraí i dteannta le láithreoireachtaí léiritheacha, léarscáileanna téamacha agus tráchtaireacht atá éasca le léamh.

Le haghaidh a thuilleadh faisnéise, cliceáil anseo chun an preas-ráiteas (PDF 124KB) iomlán a fheiceáil.

 

4 Deireadh Fómhair 2012

Foilsiú Thorthaí Daonáirimh 2011 

“Próifíl 6 Imirce agus Éagsúlacht – Próifíl na hÉagsúlachta in Éirinn”.

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh an tuarascáil is déanaí ina sraith torthaí ó Dhaonáireamh 2011 ar an 4ú Deireadh Fómhair 2012. Léiríonn an tuarascáil Próifíl 6 – Imirce agus Éagsúlacht – Próifíl na hÉagsúlachta in Éirinn” (as Béarla) próifíl de chuid na náisiúnach neamh-Éireannach ag maireachtáil in Éirinn i mí Aibreáin 2011, mar aon le roinnt torthaí ar imirce úrnua, teangacha iasachta agus cumas labhartha an Bhéarla.

Tá an tuarascáil iomlán ar fáil ar shuíomh gréasáin an CSO chomh maith leis na sonraí uile atá ar fáil i réimse táblaí gréasáin idirghníomhacha a cheadaíonn d’úsáideoirí a dtáblaí féin a thiomsú trí na sonraí ar spéis leo a roghnú agus iad a íoslódáil i bhformáid atá éasca le húsáid dá gcuid anailíse féin.

Tá an tuarascáil phróifíle seo ar an séú ceann as deich dtuarascáil phróifíle a dhéanann iniúchadh níos mionchruinne ar na torthaí cinntitheacha de chuid Daonáirimh 2011. Leanann an tuarascáil seo le cur chuige foilsithe an CSO i ndáil le tuilleadh léirmhínithe agus anailíse a sholáthar ar na sonraí i dteannta le láithreoireachtaí léiritheacha, léarscáileanna téamacha agus tráchtaireacht atá éasca le léamh.

Le haghaidh a thuilleadh faisnéise, cliceáil anseo chun an preas-ráiteas (PDF 118KB) iomlán a fheiceáil

 

27 Meán Fómhair 2012

Meastacháin Daonra agus Imirce Aibreán 2012

Soláthraíonn an eisiúint seo meastacháin daonra d'Aibreán 2012 chomh maith le meastacháin inimirce agus eisimirce sa bhliain go hAibreán 2012. Tá meastacháin athbhreithnithe ar fáil chomh maith d'inimirce, eisimirce agus daonra iomlán don na blianta 2007-2011, ag cur torthaí Daonáirimh 2011 san áireamh. Tá tábla nua san eisiúint seo chomh maith a léiríonn daonra de réir náisiúntacht a fhoilseofar don bhliain 2006 ar aghaidh.

Meastacháin Daonra agus Imirce Aibreán 2012 (as Béarla) (PDF 108KB)

  

20 Meán Fómhair 2012

Foilsiú Thorthaí Daonáirimh 2011 

“Próifíl 5 Líon Tí agus Teaghlaigh - Socruithe Maireachtála in Éirinn”.

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh an tuarascáil is déanaí ina sraith torthaí ó Dhaonáireamh 2011 ar an 20ú Meán Fómhair  2012.  Soláthraíonn an tuarascáil “Próifíl 5 Líon Tí agus Teaghlaigh – Socruithe Maireachtála in Éirinn (as Béarla) pictiúr níos doimhne ar líonta tí agus ar shocruithe maireachtála in Éirinn tráth ama an daonáirimh dheireanaigh.

 Tá an tuarascáil iomlán ar fáil ar shuíomh gréasáin an CSO chomh maith leis na sonraí uile atá ar fáil i réimse táblaí gréasáin idirghníomhacha (as Béarla) a cheadaíonn d’úsáideoirí a dtáblaí féin a thiomsú trí na sonraí ar spéis leo a roghnú agus iad a íoslódáil i bhformáid atá éasca le húsáid dá gcuid anailíse féin.

 Tá an tuarascáil phróifíle seo ar an gcúigiú ceann as deich dtuarascáil phróifíle a dhéanann iniúchadh ar na torthaí cinntitheacha de chuid Daonáirimh 2011. Leanann an tuarascáil seo le cur chuige foilsithe an CSO i ndáil le tuilleadh léirmhínithe agus anailíse a sholáthar ar na sonraí i dteannta le láithreoireachtaí léiritheacha, léarscáileanna téamacha agus tráchtaireacht atá éasca le léamh.

Le haghaidh a thuilleadh faisnéise, cliceáil anseo chun an preas-ráiteas (PDF 113KB) iomlán a fheiceáil.

 

6ú Meán Fómhair 2012

Foilsiú Thorthaí Daonáirimh 2011 

 “Daoine gan dídean in Éirinn - Tuarascáil daonáirimh speisialta”.

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh tuarascáil speisialta ar dhaoine gan dídean i nDaonáireamh 2011 ar an 6ú Meán Fómhair 2012.  Déantar iniúchadh sa tuarascáil “Daoine gan dídean in Éirinn” (as Béarla) ar an daonra gan dídean ar fud raon athróga mar aois, inscne, stádas pósta, sláinte i gcoitinne agus míchumas. Soláthraíonn sí torthaí i ndáil le leibhéal oideachais agus stádas eacnamaíoch dhaoine gan dídean freisin, chomh maith le heolas ar theaghlaigh iomlána a bhí gan dídean ar oíche an daonáirimh. 

Tá an tuarascáil iomlán ar fáil ar shuíomh gréasáin an CSO.  Le haghaidh a thuilleadh faisnéise, cliceáil anseo chun an preas-ráiteas (PDF 111KB) iomlán a fheiceáil.

 

30ú Lúnasa 2012

Foilsiú Thorthaí Daonáirimh 2011 

 “Próifíl 4 An Díon ós ár gCionn – Tithíocht in Éirinn”.

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh an tuarascáil is déanaí ina sraith torthaí ó Dhaonáireamh 2011 ar an 30ú Lúnasa 2012Déanann an tuarascáil “Prófíl 4 An Díon ós ár gCionn – Tithíocht in Éirinn” (as Béarla) iniúchadh ar thithíocht in Éirinn i dtéarmaí cineálacha cóiríochta, nádúr na háitíochta agus gnéithe cosúil le téamh lárnach, séarachas agus soláthar uisce.

Tá an tuarascáil iomlán ar fáil ar shuíomh gréasáin an CSO chomh maith leis na sonraí uile atá ar fáil i réimse táblaí gréasáin idirghníomhacha (as Béarla) a cheadaíonn d’úsáideoirí a dtáblaí féin a thiomsú trí na sonraí ar spéis leo a roghnú agus iad a íoslódáil i bhformáid atá éasca le húsáid dá gcuid anailíse féin.

 Tá an tuarascáil phróifíle seo ar an gceathrú ceann as deich dtuarascáil phróifíle a dhéanann iniúchadh níos mionchruinne ar na torthaí cinntitheacha de chuid Daonáirimh 2011.Leanann an tuarascáil seo le cur chuige foilsithe an CSO i ndáil le tuilleadh léirmhínithe agus anailíse a sholáthar ar na sonraí i dteannta le láithreoireachtaí léiritheacha, léarscáileanna téamacha agus tráchtaireacht atá éasca le léamh.

Le haghaidh a thuilleadh faisnéise, cliceáil anseo chun an preas-ráiteas (PDF 109KB) ‎iomlán a fheiceáil.

 

31ú Iúil 2012

Foilsiú Staidrimh Dhaonra i gCeantair Bheaga (SAPS) um Dhaonáireamh 2011

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh na Staidreamh Daonra i gCeantair Bheaga (SAPS) - an chuid is déanaí ina sraith torthaí ó Dhaonáireamh 2011- ar an Máirt 31ú Iúil.

 Tá na torthaí foilsithe ar líne ar shuíomh gréasáin an CSO ag www.cso.ie, ag baint úsáide as uirlis nua mapála agus cuardaigh idirghníomhach – SAPMAP (as Béarla).  Cuimsíonn na sonraí cnuasach 46 tábla eagraithe i réimse téamaí dála oideachas, gairm bheatha, tionscail, eitneachas, náisiúntacht agus tithíocht agus tá siad ar fáil le haghaidh deich sraith difriúil geografaíochta ón Stát ann féin síos chomh fada le Toghranna agus Ceantair Bheaga.

 Féadfaidh úsáideoirí na huirlise gréasáin SAPMAP cliceáil anois ar a gceantar féin ar an léarscáil agus rochtain láithreach a fháil ar an tacar iomlán de staidreamh an daonáirimh maidir leis an gceantar sin. Is mór an feabhas a chuireann sé seo ar an modh um staidreamh a aimsiú do cheantair bheaga áitiúla mórthimpeall na tíre agus is rí-úsáideach a bheidh sé do phobail áitiúla. Ina mhalairt de chás féadfar an tacar iomlán táblaí le haghaidh sraith geografaí ar leith a íoslódáil mar chomhad amháin ann féin.

Le haghaidh a thuilleadh faisnéise, cliceáil anseo chun an preas ráiteas (PDF 93KB) iomlán a fheiceáil.

 

26ú Iúil 2012

Foilsiú Thorthaí Daonáirimh 2011 

“Próifíl 3 Ag Obair – Fostaíocht, gairmeacha agus tionscal in Éirinn”.

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh an tuarascáil is déanaí ina sraith torthaí ó Dhaonáireamh 2011 ar an 26ú Iúil 2012. Déanann an tuarascáil Próifíl 3 Ag Obair – Fostaíocht, gairmeacha agus tionscal in Éirinn (as Béarla) iniúchadh ar iliomad gnéithe den lucht saothair i mí Aibreáin 2011. Déanann sí anailís ar thionscail agus ar ghairmeacha na ndaoine i mbun oibre mar aon le gnéithe eile lena n-áirítear náisiúntacht, cumas labhartha an Bhéarla, aicme sóisialta agus réimse staidéir.  Tá béim orthu siúd a bhí as obair, go háirithe i gcás dífhostaíocht i measc an aosa óig agus an lucht cuardaigh fostaíochta céaduaire.

 Tá an tuarascáil iomlán ar fáil ar shuíomh gréasáin an CSO chomh maith leis na sonraí uile atá ar fáil i réimse táblaí gréasáin idirghníomhacha (as Béarla) a cheadaíonn d’úsáideoirí a dtáblaí féin a thiomsú trí na sonraí ar spéis leo a roghnú agus iad a íoslódáil i bhformáid atá éasca le húsáid dá gcuid anailíse féin.

Leanann an tuarascáil seo le cur chuige foilsithe an CSO i ndáil le tuilleadh léirmhínithe agus anailíse a sholáthar ar na sonraí i dteannta le láithreoireachtaí léiritheacha, léarscáileanna téamacha agus tráchtaireacht atá éasca le léamh. Clúdófar na topaicí ar fad sa tuarascáil seo ar bhonn níos mionsonraí i dtuarascálacha na todhchaí um Próifíl atá le scaoileadh i gcaitheamh an chuid eile de 2012.

Le haghaidh a thuilleadh faisnéise, cliceáil anseo chun an preas ráiteas (PDF 102KB)  iomlán a fheiceáil.

 

28ú Meitheamh 2012

Torthaí Daonáirimh 2011 - Foilsiú “Seo í Éire – Buaicphointí ó Dhaonáireamh 2011, Cuid 2

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh an dara imleabhar de bhuaicphointí ó thorthaí daonáirimh 2011 ar 28ú Meitheamh 2012.  Tugann an tuarascáil úd  “Seo í Éire – Buaicphointí ó Dhaonáireamh 2011, Cuid 2” forbhreathnú ar an staid socheacnamaíoch in Éirinn i mí Aibreáin 2011, ag clúdach topaicí ar nós fostaíocht, gairmeacha, oideachas agus scileanna agus sláinte.

Tá an tuarascáil iomlán ar fáil ar shuíomh gréasáin an CSO chomh maith leis na sonraí uile atá ar fáil i réimse táblaí gréasáin idirghníomhacha a cheadaíonn d’úsáideoirí a dtáblaí féin a thiomsú trí na sonraí ar spéis leo a roghnú agus iad a íoslódáil i bhformáid atá éasca le húsáid dá gcuid anailíse féin.

Leanann an tuarascáil seo le cur chuige foilsithe an CSO i ndáil le tuilleadh léirmhínithe agus anailíse a sholáthar ar na sonraí i dteannta le láithreoireachtaí léiritheacha, léarscáileanna téamacha agus tráchtaireacht atá éasca le léamh. Clúdófar na topaicí ar fad sa tuarascáil seo ar bhonn níos mionsonraí i dtuarascálacha na todhchaí um Próifíl atá le scaoileadh i gcaitheamh an chuid eile de 2012.

Le haghaidh a thuilleadh faisnéise, cliceáil anseo chun preas-ráiteas (PDF 131KB) an  iomlán a fheiceáil.

  

24ú Bealtaine 2012

Foilsiú Thorthaí Daonáirimh 2011

Próifíl 2 Níos Sine agus Níos Óige - Próifíl Aoise na hÉireann”.

 D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh an tuarascáil is déanaí ina sraith torthaí ó Dhaonáireamh 2011 ar an 24ú Bealtaine 2012.  Déantar iniúchadh sa tuarascáil “Próifíl 2  Níos Sine agus Níos Óige – Próifíl Aoise na hÉireann” (as Béarla) ar phróifíl aoise na hÉireann in 2011, ag breathnú ar thopaicí cosúil leis an deighilt uirbeach/tuaithe, an struchtúr aoise i gcontaetha éagsúla, cleithiúnas an aosa óig agus an lucht scothaosta agus cóimheas inscne.

Tá an tuarascáil iomlán ar fáil ar shuíomh gréasáin an CSO chomh maith leis na sonraí uile atá ar fáil i réimse táblaí gréasáin idirghníomhacha a cheadaíonn d’úsáideoirí a dtáblaí féin a thiomsú trí na sonraí ar spéis leo a roghnú agus iad a íoslódáil i bhformáid atá éasca le húsáid dá gcuid anailíse féin.

Tá an tuarascáil phróifíle seo ar an dara ceann as deich dtuarascáil phróifíle a dhéanann iniúchadh níos mionchruinne ar na torthaí cinntitheacha de chuid Daonáirimh 2011 agus a leanann le cur chuige foilsithe na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO) i ndáil le tuilleadh léirmhínithe agus anailíse a sholáthar ar na sonraí i dteannta le láithreoireachtaí léiritheacha, léarscáileanna téamacha agus tráchtaireacht atá éasca le léamh.

Le haghaidh a thuilleadh faisnéise, cliceáil anseo chun preas-ráiteas (PDF 100KB) an iomlán a fheiceáil.

 

An 26 Aibreán 2012

Foilsiú Thorthaí Daonáirimh 2011

Próifíl 1 Baile agus Tír – Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra”.

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh dhá fhoilseachán eile ina sraith de thorthaí Dhaonáireamh 2011. Foilsíodh na tuarascálacha “Próifíl 1  Baile agus Tír – Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra” (as Béarla) agus “Daonra de réir Ceantair” (as Béarla) ar an 26 Aibreán 2012 agus déantar scrúdú iontu ar ábhair amhail dáileadh geografach an daonra, dlús daonra agus imirce inmheánach.

Tá na tuarascálacha iomlána ar fáil ar shuíomh Gréasáin an CSO, chomh maith leis na sonraí uile atá ar fáil i réimse táblaí idirghníomhacha Gréasáina ligeann d’úsáideoirí cuardach agus tógáil a dhéanamh ar a dtáblaí féin trí na sonraí a bhfuil spéis acu iontu a roghnú agus a íoslódáil i bhformáid atá éasca le húsáid ar mhaithe lena n-anailís féin.

Is ionann an tuarascáil phróifíle seo agus an chéad cheann de réimse deich dtuarascáil phróifíle ina ndéantar scrúdú níos mine ar thorthaí Dhaonáireamh 2011 agus leanann sé le cur chuige foilsithe an CSO maidir le níos mó léirmhínithe agus anailíse ar na sonraí a thabhairt le cur i láthair léiriúcháin, le léarscáileanna téamacha agus le tráchtaireacht atá furasta le léamh.   Cliceáil chun breathnú ar an Sceideal Foilsithe Daonáirimh 2011 (PDF 66KB)  

Le haghaidh tuilleadh eolais, cliceáil chun féachaint ar an bpreasráiteas iomlán (PDF 120KB)  .

 

29 Martá, 2012

This is Ireland – Highlights from Census 2011, Part 1” – Foilsiú Thorthaí Daonáirimh 2011

Foilsíodh na chéad torthaí cinntitheacha de dhaonáireamh na bliana 2011 ar 29ú Márta 2012, níos lú ná bliain i ndiaidh Lá an Daonáirimh, 10ú Aibreán 2011. Tá na torthaí ar fáil ar líne agus áirítear iontu líon teoranta táblaí sonraí mar aon le léirmhíniú agus anailís mionsonraithe ar na torthaí i dteannta le léarscáileanna agus cairteacha téamacha.

Tá an foilseachán seo, dar teideal “This is Ireland – Highlights from Census 2011 Part 1”(as bearla), ar an gcéad cheann de dhá imleabhar buaicphointí ó shonraí daonáirimh 2011 agus tugtar léargas ar thorthaí ar athrú daonra foriomlán. Áirítear ann anailís ardleibhéal thar réimse téamaí lena n-áirítear dáileadh geografach, aois, stádas pósta, líon tí agus teaghlaigh, imirce, náisiúntacht, teangacha iasachta, eitneachas, an Ghaeilge, creideamh agus tithíocht. Tabharfaidh an dara himleabhar buaicphointí, atá ceaptha le heisiúint i mí an Mheithimh, forléargas ar thorthaí socheacnamaíocha.

Tá sé seo ar an gcéad cheann i sraith na dtorthaí ó Dhaonáireamh 2011 a foilseofar i gcaitheamh na bliana 2012 agus a scrúdóidh gach ceann de théamaí an daonáirimh go mionsonrach. Cliceáil chun breathnú ar an Sceideal Foilsithe Daonáirimh 2011 (PDF 66KB)

 

15 Martá, 2012

Foilsiú Torthaí Daonáirimh 2011

Foilseofar na chéad torthaí críochnaitheacha ó dhaonáireamh 2011 ar an 29ú Márta seo chugainn, níos lú ná bliain amháin i ndiaidh Lá an Daonáirimh, ar an 10 Aibreáin 2011. Beidh na torthaí ar fáil ar líne agus beidh líon teoranta de tháblaí sonraí ar fáil chomh maith le sainmhíniú agus anailís ar na torthaí i dteannta le léarscáileanna téamacha agus cairteacha.

An chéad eagrán de dhá eagrán de bhuaicphointí ó shonraí daonáirimh 2011 a bheidh san fhoilseachán seo agus beidh léargas ar na staitisticí a bhaineann leis an bpobal agus leis an athrú pobail ann, agus anailís ar réimse téamaí lena n-áirítear dáileadh geografach, aois, stádas pósta, tithe agus teaghlaigh, imirce, náisiúntacht, eitneachas, an Ghaeilge, creideamh agus tithíocht. Léireofar sa dara heagrán de bhuaicphointí, atá le heisiú i Mí Mheithimh, léargas ar thorthaí socheacnamaíocha

Beidh sé seo ar an chéad cheann i sraith de thorthaí ó Dhaonáireamh 2011 a fhoilseofar i rith 2012 agus ina ndéanfar scrúdú ar gach téama daonáirimh go sonrach. Cliceáil le Sceideal Foilsithe na dTorthaí ó Dhaonáireamh 2011 (PDF 220KB)   a fheiceáil.

 

30 Meán Fómhair, 2011

Clár Foilseachán Daonáirimh 2011

Tá clár foilseachán Daonáirimh 2011 tarraingithe suas. Tosnóidh sé deireadh Mhí Márta 2012 agus leanfaidh sé ar aghaidh díreach go dtí lár Mí na Nollag. Tá dhá fhoilseachán déag sceidealaithe a mbeidh sraith próifílí iontu a chuirfidh anailís níos leathnú ar fáil ná Daonáireamh 2006.

› Clár Foilseachán Daonáireamh 2011.pdf (PDF 220KB)  

 

15 Meán Fómhair, 2011

Meastachán Daonra agus Imirce Aibreán 2011

Tá meastacháin sa ráiteas don daonra, inimirce agus eisimirce don bhliain go dtí Aibreán 2011. Tá meastacháin curtha ar fáil freisin don inimirce, eisimirce agus daonra iomlán do 2006 go 2010.

› Meastachán Daonra agus Imirce Aibreán 2011.pdf (as Béarla)  

 

30 Meitheamh, 2011

Inniu a fhoilsítear Réamhthuairisc Dhaonáirimh 2011.

Leagann an tuairisc seo síos líon na bhfear agus na mban i ngach ceantar, Dáil Cheantair agus i ngach Toghroinn cheantair. Tá na réamh fhigiúirí seo bunaithe ar achoimirí daonra a chuir na háiritheoirí Daonáirimh le chéile.

Foilseófar fíor thorthaí daonra, bunaithe ar na Foirmeacha Daonáirimh scanáilte idir mí an Márta agus mí na Nollag 2012. Eiseofar réimse iomlán torthaí an daonáirimh i sraith imleabhar ábhair a chuirfear ar fáil ag an am céanna ar shuíomh idirlín na POS.

›  Preas Ráitis - Réamhthuairisc Dhaonáirmh 2011

›  Réamhthuairisc Dhaonáirmh 2011

 

12 Bealtaine, 2011

Míle buíochas as ucht do pháirt a ghlacadh i nDaonáireamh 2011.

Tá thart ar 1.7 milliúin foirmeacha Daonáirimh comhlíonaithe á sheachadadh ar ais chuig ceanncheathrú an Daonáirimh i Sord, Co. Átha Cliath, áit a bhfuil an obair próiseála ar siúl faoi láthair.

Cuirtear an réamh tuarascáil daonra le chéile leis na céad torthaí ón nDaonáireamh agus foilsítear é seo i mí Iúil. San áireamh sa tuarascáil seo beidh an daonra iomlán fir agus mná i ngach toghroinn agus beidh sé bunaithe ar sonraí achoimre a thóg na hÁiritheoirí ón gcéad leathanach den fhoirm daonáireamh.

Foilsítear na torthaí doanra deifnídeach, atá bunaithe ar an na bhfoirmeacha scanta agus próiseáilte idir mí Márta agus mí na Nollag 2012.

Beidh torthaí Daonáireamh 2011 ar fáil i mbealaí difriúla a bheidh úsáideach do chách. Foilsítear na príomh torthaí trí eisiúint daonáirimh de réir téama agus trí táblaí idirghníomhacha ar suíomh gréasáin an CSO.  

Míle buíochas arís as ucht do pháirt a ghlacadh!

 

13 Aibreán, 2011

Thosnaigh an bailiúcháin de foirmeacha daonáirimh comhlánaithe ar an Luan 11 Aibreán agus leanfaidh sé ar feadh ceithre seachtaine go dtí Dé Luain 9 Bealtaine.

Ba mhaith linn impí ar éinne nach bhfuil a bhfoirm bailithe cheana féin a bheith
foighneach - tiocfaidh dÁiritheoir chun í a bhailiú. Idir an dá linn, is féidir cabhrú linn.
   - Tríd an fhoirm comhlánaithe a choiméad in áit sabháilte agus ar láimh go dtí go
     dtagann an Áiritheoir aitiúil chun í a bhailiú.
   - Glaoch nó teacs a sheoladh chuig d'Áiritheoir chun t-am oiriúnach a shócrú chun an
     fhoirm comhláinaithe a bháiliú muna raibh tú sa bhaile nuair a bhuaileadar isteach
     an chéad uair.
   - An doras a oscailt nuair a ghlaoann d'Áiritheoir ort.

Beidh an Líne Chabhrach íosghlao (1890 2011 11) oscailte ó 8r.n. go dtí 8i.n. Luan go hAoine go dtí 26 Aibreán.

Tabhair tacaíocht dod' Áiritheoir aitiúil led' thoil agus Glac do Pháirt!

 

4 Aibreán, 2011

Bhí forimeacha daonáirimh á sheachadadh ag Áiritheoirí daonáirimh ar gach teaglach sa tír le trí seachtaine anuas.

Ag an bpointe seo, tá foirm daonáirimh faighte ag formhór na dteaglach sa tír.

Craolófar fograí ar an ráidió ó 6 Aibreán go dtí 13 Aibreán ag impí ar éinne nach bhfuil foirm daonáirimh faighte acu go fóill teagmháil a dhéanamh linn, ionas go mbeimid in ann iarraidh ar an Áiritheoir daonáirimh áitiúil buaileadh isteach orthu.

 

10 Márta , 2011

Daonáireamh 2011-Seoladh Feachtas na gCeantar

Sheol an tAire Stáit ag Roinn an Taoisigh, Paul Kehoe, an feachtas ceantair do Dhaonáireamh 2011. Sna seachtainí amach romhainn, beidh timpeall 5,000 Áiritheoirí Daonáirimh ag dáileadh timpeall 1.8 milliún Foirm Dhaonáirimh ar gach teaghlach ar fud na tíre. Ba cheart do lucht an teaghlaigh an fhoirm a choinneáil in áit sábháilte go dtí Lá an Daonáirimh ar an 10 Aibreán agus í a chomhlánú an oíche sin. Ba cheart gach duine atá i láthair sa theaghlach ar an oíche sin a chur san áireamh ar an bhfoirm.

Preas Ráitis Seoladh Feachtas na gCeantar.pdf (as Béarla)

Óráid an Aire Stáit ag Seoladh Dhaonáirimh 2011 i dTithe an Rialtais.pdf (as Béarla)

Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil maidir le Daonáireamh 2011

 

13 Eanáir , 2011

Postanna le Daonáireamh 2011 - Dúnta Anois

Ta an comórtas do Áiritheoirí don Daonáirimh 2011, dúnta anois

 

4 Eanáir , 2011

Postanna le Daonáireamh 2011

Ag earcú áiritheoirí do Dhaonáireamh 2011 anois

›  www.census.ie

 

22ú Nollaig 2010

Difreálaigh Mortlaíochta in Éirinn

Soláthraíonn an cháipéis Difreálaigh Mortlaíochta in Éirinn anailís bunaithe ar thréithe daonáirimh na ndaoine a cailleadh sa tréimhse dhá mhí dhéag tar éis Lá an Daonáirimh 23 Aibreán 2006. San éireamh san anailís tá ionchas saoil ag céimeanna éagsúla agus rátaí báis caighdeánait.

›  Difreálaigh Mortlaíochta

 

24 Meán Fómhair, 2010

Postanna le Daonáireamh 2011 - Dúnta Anois

Tá an Mhaoir Cheantair do Dhaonáireamh 2011 dúnta anois

 

21 Meán Fómhair, 2010

Meastachán Daonra agus Imirce Aibreán 2009

Tá meastacháin sa ráiteas don daonra, inimirce agus eisimirce don bhliain go dtí Aibreán 2010. Tá meastacháin curtha ar fáil freisin don inimirce, eisimirce agus daonra iomlán do 2005 go 2009. Baineann an tábla ar eisimirce de réir náisiúntachta le 2006 ar aghaidh.

› Meastachán Daonra agus Imirce Aibreán 2010.pdf(as Béarla)

 

16 Meán Fómhair, 2010

Postanna le Daonáireamh 2011

Maoir Cheantair á n-earcú anois do Dhaonáireamh 2011

Preas Ráiteas(as Béarla)

 

9 Meán Fómhair, 2010

Postanna ag teacht aníos le Daonáireamh 2011

Tá eolas fógraithe a thugann sonraí maidir le hearcú na Maoir Cheantar do Dhaonáireamh 2011

 

29 Iúil, 2010

Straitéis Scaipeadh Faisnéise

Tá achoimre ar an Straitéis Scaipeadh Faisnéise do Dhaonáireamh 2011 ar fáil anois

Straitéis Scaipeadh Faisnéise do Dhaonáireamh 2011(as Béarla)

 

12 Bealtaine, 2010

Postanna le Daonáireamh 2011 - Dúnta Anois

Tá an Comórtas do Bhainisteoirí Sinsearacha do Dhaonáireamh 2011 dúnta anois

 

29 Aibreán, 2010

Postanna le Daonáireamh 2011

Bainisteoirí Sinearacha á earcú anois do Dhaonáireamh 2011

 

20 Aibreán, 2010

Postanna ag teacht aníos le Daonáireamh 2011

Tá eolas fógraithe a thugann sonraí maidir le hearcú na mBainisteoirí Sinsearacha do Dhaonáireamh 2011

 

26 Feabhra, 2010

Comhairle Poiblí maidir le haschur daonáirimh - Dúnta Anois

Tá próiseas comhairle á sheoladh ag an Daonáireamh don úsáideoir ar líne maidir leis na haischuir a bheidh á sholáthar ó dhaonáireamh 2011.

› Comhairle Poiblí maidir le haischuir dhaonáirimh (as Béarla)

 

26 Feabhra, 2010

Comhéadan nua mapála á sheoladh

Táimid ag seoladh inniu táirgeadh nua daonáirimh a thugann deis don úsáideoir teacht ar Staitisticí Daonra na gCeantar Beag ó Dhaonáireamh 2006 ar chuardach mapa

› Mapaí Daonra na gCeantar Beag (SAPMAP)

 

12 Eanáir, 2010

Staitisticí Daonra na gCeantar Beag 2002 (SAPS)

Táimid inniu ag seoladh SAPS 2002 mar tháblaí idirghníomhacha. Clúdóidh téamaí SAPA 9 gCeantar Geografacha

› Staitisticí Daonra na gCeantar Beag (SAPS) (as Béarla)

 

11 Nollaig, 2009

Cinneadh an Rialtais maidir le dáta agus ceisteanna Daonáirimh

Rinne an Rialtas cinneadh ag a chruinniú ar an 11 Nollaig 2009 go mbeidh Daonáireamh 2011 ann ar an Domhnach 10 Aibreán 2011. Rinne an Rialtas cinneadh freisin maidir leis an ceisteanna a bheidh san áireamh ar fhoirm theaghlaigh do Dhaonáireamh 2011.

› Dáta agus ceisteanna Daonáirimh do Dhaonáireamh 2011

 

22 Meán Fómhair, 2009

Meastachán Daonra agus Imirce Aibreán 2009

Foilsíodh na Meastacháin Daonra agus Imirce, Aibreán 2009, ar an 22 Meán Fómhair 2009. Cuireann an tuairisc meastacháin ar fáil don daonra d'Aibreán 2009 chomh maith le meastachán ar inimirce agus eisimirce sa bhliain go dtí Aibreán 2009. Tá meastacháin curtha ar fáil freisin don inimirce, eisimirce agus don daonra iomlán do 2004 go 2008. Tá tábla nua anseo freisin don eisimirce de réir náisiúntachta atá á fhoilsiú don bhliain 2006 agus amach ansin.

› Meastachán Daonra agus Imirce Aibreán 2009.pdf(as Béarla)

 

16 Iúil 2009

Earráid Códú - Oibrithe Cúram Sóisialta

Thángthas ar earráid maidir le códú gairm bheatha ar Oibrithe Cúram Sóisialta i nDaonáireamh 2006.

Rinneadh daoine a chuir a ngairm bheatha síos mar 'oibrí cúram sóisialta' a chódú go mícheart mar 'oibrithe sóisialta agus oifigí promhaidh'

Ba cheart iad a chódú mar 'Mná Tís, tuismitheoirí tí agus Oibrithe leasa, pobail agus óige'.

› Tábla 8 Imleabhar 8

 

 Roghnaigh bliain ó thíos más mian leat amharc ar Nuacht ón gcartlann don bhliain sin:

› 2007

› 2006