An suíomh seo
Tá gach leathanach ar an suíomh seo, taobh amuigh den tseirbhís dáilte sonraí ar líne, Banc Sonraí Díreach, ceadaithe ag WCAG (Treoirlínte Inrochtana Ábhair Idirlín), agus comhlíonann siad treoirlínte tosaíochta 1, 2, 3 de Threoirlínte Inrochtana Ábhair Idirlín de Chumann an Ghréasáin Domhanda (W3C).
Tá go leor áiseanna ar an suíomh seo le cúnamh a thabhairt d'úsáideoirí atá faoi mhíchumas nascleanúint a dhéanamh air. Ina measc tá aicearraí méarchláir do na naisc mhóra ar fad agus naisc speisialta a thugann deis don úsáideoir léim thar barraí nascleanúna chuig an gcéad mhír eile. Tá cur síos ar na háiseanna sin thíos. Tá an suíomh idirlín seo deartha le go mbeidh sé fíor éasca úsáid a bhaint as. Ní bhaintear úsáid as frámaí, baintear úsáid as táblaí le sonraí amháin agus níl mórán graificí in úsáid agus déantar cur síos orthu i gcónaí i bhfoirm téacs.
Cloí le Caighdeáin
- Tá an suíomh seo, ag cloí le gach treoirlíne tosaíochta 1, 2 agus 3 de Threoirlínte Inrochtana Ábhair Idirlín W3.
- Tá an suíomh ar fad bailí mar HTML 4.01 Idirthréimhseach.
- Baineann an suíomh úsáid, chomh fada agus is féidir, as tarraing struchtúrtha séimeantach. Mar shampla baineann leathanaigh inmhéanacha ábhair úsáid as H1 do gach ceannlíne ard leibhéil agus tarraingt liosta don nascleanúint inmhéanach nuair is féidir. Is fearr úsáid a bhaint as fíor tharraingt liosta. Ós rud é go bhfuil láithreoireacht infheicthe sna ráitis CSS, níl an leathanach rólán, mar sin níl le déanamh, go simplí, ag JAWS agus ag Léitheoir Leathanaigh Bhaile ach an liosta a léamh mar liosta.
- NB: Rinneadh na riachtanais bhailíochta XHTML, CSS agus AAA a stampáil ó thaobh ama mar bhailí ar an 15/12/04. Ach, le suíomh bríomhar mar seo tá na riachtanais bhailíochta sin leochaileach agus is féidir leo a mbuansheasmhacht a chailliúint. Má thugann tú faoi deara aon chuid den suíomh seo a bhfuil meath tagtha ar na riachtanais bhailíochta tar éis an dáta seo, bheadh muid buíoch díot ach é a chur in iúl don Phríomh Oifig Staidrimh ar an bhfoirm aiseolais. Go raibh maith agat.
Text Size
This the change text size feature above will not work with JavaScript disabled. If JavaScript is disabled you can resize text using your browser:
- For Internet Explorer select Text size from the View menu or hold the Control key and use the scroll wheel on your mouse
- For Mozilla Firefox select choose from PAGE STYLE from the VIEW menu and chooses an option.
- If you are using another browser, please refer to your browser help to learn how to resize text