Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Bhí a bpríomháit chónaithe ina seilbh ag níos mó ná dhá thrian (68%) de na líonta tí uile in 2023, le morgáiste nó gan mhorgáiste. Ba é €340,000 luach airmheánach na háite cónaithe, méadú €80,000 nó 30.8% ar luach €260,000 in 2020.

Cén chaoi a bhfuil sé sin ar eolas againn? Toisc gur inis tusa dúinn é.

Ciallaíonn an t-eolas a thugann tú dúinn gur féidir linn léargas an-chruinn a chruthú ar Éirinn, ar ár saol agus ar ár ngeilleagar.

Maidir leis an Suirbhé ar Airgeadas agus ar Thomhaltas Líon Tí (SATLT)

Is suirbhé deonach ar líonta tí é an Suirbhé ar Airgeadas agus ar Thomhaltas Líon Tí (SATLT) a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh. Tá sé mar chuid de chlár uile-AE agus rinne an CSO é roimhe seo in 2013, 2018, 2020 agus 2023.

  • Is é cuspóir SATLT eolas a bhailiú ar fholláine eacnamaíoch líonta tí in Éirinn.
  • Bailíonn SATLT eolas mionsonraithe ar shócmhainní agus dliteanais líonta tí.

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach?

  • Baineann an rialtas úsáid as na staitisticí a chuirimid ar fáil chun cinntí beartais a dhéanamh agus chun pleanáil a dhéanamh dár dtodhchaí.
  • Insíonn SATLT dúinn freisin faoi na cineálacha agus na leibhéil fiachais a bhíonn ar líonta tí (mar shampla morgáistí, iasachtaí téarma, fiachas cárta creidmheasa, srl.) agus faoi na tosca a mbíonn tionchar acu ar fhiachas líonta tí.
  • Is féidir le comhlachtaí taighde speisialaithe, amhail an Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI), léargas a fháil ar a bhfuil ag tarlú agus moltaí a dhéanamh maidir le feabhsuithe beartais.

Tá an suirbhé seo ríthábhachtach agus táimid ag brath ar an eolas a thugann tú dúinn. Má roghnaíodh thú chun páirt a ghlacadh ann, déan amhlaidh, le do thoil, mar  tá tábhacht le do ghuth.

Cén chaoi a mbeidh a fhios agam go bhfuil mo chuid faisnéise sábháilte?

Tá cosaint do phríobháideachta i gcroílár gach rud a dhéanaimid. Ráthaítear do chuid rúndachta de réir an dlí faoin Acht Staidrimh, 1993, rud a chiallaíonn nach féidir aon duine aonair, líon tí ná fiontar a aithint ó na sonraí a fhoilsímid. Tá an fhaisnéis a sholáthraíonn tú ginearálaithe, mar sin níl aon duine inaitheanta ó na sonraí a sholáthraíonn tú agus ní úsáidtear í ach chun críocha staidrimh. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leat as do mhuinín ionainn.

Tá leathanach Iontaoibh & Trédhearcacht forbartha againn, mar go bhfuil rúndacht an-tábhachtach dár gcuid oibre.

 

68%
de na teaghlaigh ar fad a bhí ina n-úinéirí ar a bpríomháit chónaithe in 2023, bíodh morgáiste acu nó ná bíodh.

Tuilleadh eolais faoi SATLT


Sonraí teagmhála

Chun tuilleadh eolais nó cúnamh a fháil maidir leis an Suirbhé ar Struchtúr Tuillimh, déan teagmháil le:

Ríomhphost: CSOTakePart@cso.ie

Teileafón: 021 453 5110

Léigh níos mó


Tuilleadh Eolais agus Acmhainní