Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh Institiúid Staidrimh Náisiúnta na hÉireann. Is é an ról atá againn ábhar staidrimh neamhspleách a sholáthar faoi shochaí, faoi gheilleagar agus faoi thimpeallacht na tíre, staitisticí atá ar fáil go háisiúil ag an uile dhuine agus a thacaíonn le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise.
Tá muinín á chur le 75 bliain sa Phríomh-Oifig Staidrimh maidir le sonraí a bhailiú ionas gur féidir ábhar staidrimh agus léargais faoi shochaí na hÉireann, geilleagar na tíre agus an timpeallacht a bhailiú, a anailísiú agus a fhoilsiú go neamhspleách.
Cé go bhfuil athrú tagtha ar mhodhanna oibre na hoifige le himeacht na mblianta níor tháinig aon athrú ar an dúthracht maidir le rúndacht, cruinneas, ardchaighdeán, trédhearcacht agus neamhspleáchas.
Tá rúndacht sonraí ina ghné bhunlárnach den obair ar fad a dhéantar agus tá sé sin ráthaithe faoin dlí. Ní bhaineann na sonraí a bhailímid chun tuarascálacha staitistiúla a chur i dtoll a chéile faoinár dtír leatsa riamh mar dhuine aonair, is léargas iad ar shochaí na tíre. Ciallaíonn sé sin nach féidir aon duine, líon tí ná gnólacht a aithint ó na sonraí a fhoilsítear.
I ndomhan ina bhfuil an-chuid sonraí ar fáil, tá an Phríomh-Oifig Staidrimh éagsúil mar ní hamháin go bhfuil an t-ábhar staidrimh a fhoilsímid neamhspleách, tá sé an-rialáilte agus an-fhíoraithe. Cloímid le caighdeáin agus iompraíochtaí idirnáisiúnta chun ábhar staidrimh den chaighdeán is airde a chur i dtoll a chéile agus táimid faoi réir athbhreithnithe rialta ag foirne saineolaithe idirnáisiúnta lena chinntiú go gcomhlíonann ár gcuid sonraí na caighdeáin is airde.
Tugtar staidreamh oifigiúil ar an ábhar staidrimh a chuireann an oifig i dtoll a chéile mar gheall ar an seasamh atá acu faoin dlí, mar gheall ar chaighdeáin arda agus rialáil dhian na hoifige. Cúitíonn siad mífhaisnéis agus fíricí malartacha.
Bunchloch chun maireachtáil i sochaí láneolais is ea fíricí cruinne infhíoraithe atá ar fáil go háisiúil a chur ar fáil do gach duine agus tacaíonn sé le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise.
Tá ár ról ag athrú chun caighdeáin sonraí a chomhordú ar fud na státseirbhíse agus na seirbhíse poiblí chun tacú le seachadadh sonraí ardchaighdeáin ar fud ár n-éiceachórais sonraí náisiúnta. Mar thoradh ar an gcomhsheasmhacht sin sa chur chuige, beidh sonraí ar chaighdeán níos fearr ann ar féidir iad a úsáid ar mhaithe le muintir na hÉireann.
Déantar an t-ábhar staitistice a thiomsaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh a dheimhniú go neamhspleách, luaitear go soiléir na modhanna oibre agus na foinsí ar fad a úsáidtear agus cloítear leis na caighdeáin idirnáisiúnta is airde
Brabhsáil trí bhailiúchán staidrimh na hoifige de réir ábhair, nó féach ar mhoil, ar ghrafaicí faisnéise agus uirlisí na hoifige
Aimsigh tuilleadh eolais faoi pháirt a ghlacadh i suirbhé de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh, an t-údar a dtugaimid faoi suirbhéanna agus an t-údar a bhfuil sé tábhachtach páirt a ghlacadh má thugtar cuireadh duit sin a dhéanamh
Le hoifigí i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath, cuirimid gairm thairbheach iomaíoch ar fáil dár lucht saothair in ionad oibre atá solúbtha, comhbhách agus cuimsitheach