Skip navigation

CSO Surveys logo

Nuashonrú COVID-19: Fanacht slán agus sábháilte is ea an rud is tábhachtaí dúinn go léir le linn an ghéarchéim COVID-19.

Tá ár bhfoireann anois ag déanamh suirbhéanna na hOifige ar an nguthán. Is den tábhacht é go nglacfá páirt, má iarrtar ort é sin a dhéanamh. Trí pháirt a ghlacadh, cuirfidh tú le múnlú thodhchaí na hÉireann.

Tá méid suntasach ar eolas againn, toisc gur inis sibh dúinn é

Tá sé an-tábhachtach go nglactar páirt inár suirbhéanna toisc go bhfaighimid ár gcuid fíricí uait agus ó bhaill eile den phobal.

Baineann go leor dream úsáid as na fíricí sin; daoine aonair, gnólachtaí, údaráis áitiúla agus an rialtas chun cinntí beartais a dhéanamh agus chun pleanáil do thodhchaí gach duine in Éirinn.

Sin é an fáth go dteastaíonn uainn go nglacfadh sibh páirt inár suirbhéanna.

Agus cuimhnígí, tá an t-eolas a thugann sibh dúinn faoi chosaint agus dearbhaítear go bhfanfaidh sibh anaithnid. Ciallaíonn sé sin nach ligfimid do shonraí pearsanta le haon dream eile, fiú más eagras stáit iad. Riamh.
 
Mar sin, má iarrtar ort páirt a ghlacadh i gceann dár suirbhéanna, bí ar do shuaimhneas gur an-tábhachtach dúinn gach rud a insíonn tú dúinn agus go bhfuil an méid seo faoi rún daingean.

 


  • Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála [en]
  • Suirbhé ar an Lucht Saothair [en]
  • Suirbhé Airgeadais agus Tomhaltas an Líon Tí
  • Suirbhé ar Oideachas Aosach