Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Taispeánann Agallóir Suirbhé Teaghlaigh CSO a suaitheantas oifigiúil aitheantais ar leac an dorais i dteach
CSO Surveys logo

Baintear úsáid as na fíricí a fhaightear uait chun cinntí beartais a dhéanamh, mar sin, má chuirtear an cheist ort, glac páirt i suirbhéanna ar líonta tí na Príomh-Oifige Staidrimh mar tá do ghuth tábhachtach

A householder opens the door to a CSO Household Surveys Interviewer on the doorstep

Páirt a Ghlacadh i suirbhéanna na Príomh-Oifige Staidrimh

Tá sé an-tábhachtach páirt a ghlacadh i suirbhéanna na Príomh-Oifige Staidrimh. Trí bheith ag caint le daoine agus a bheith ag bailiú eolais ó líonta tí ar fud na tíre, is féidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh léargas cruinn a chur ar fáil ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta in Éirinn ar bhealach agus ar leibhéal nach féidir le haon dream eile a chur ar fáil. Baineann daoine, fiontair, agus an rialtas áitiúil agus náisiúnta úsáid as an bhfaisnéis a bhailímid chun cinntí eolasacha a dhéanamh agus chun plean a chur le chéile do thodhchaí gach uile dhuine in Éirinn.

Is é ról na Príomh-Oifige Staidrimh mar institiúid staidrimh náisiúnta, faisnéis neamhspleách staidrimh a bhailiú faoi shochaí na hÉireann, anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin agus í a fhoilsiú, faisnéis a chuirtear ar fáil go háisiúil ag an uile dhuine ar láithreán gréasáin na hOifige. Ní féidir aon duine aonair, líon tí, ná fiontar a aithint ó na sonraí a fhoilsímid mar ní bhaineann na sonraí sin leatsa riamh mar dhuine aonair, is léargas iad ar shochaí na tíre. Is féidir níos mó a fháil amach faoin údar ar féidir leat muinín a bheith agat as an bPríomh-Oifig Staidrimh ar an gcuid Iontaoibh agus Trédhearcacht ar laithreán gréasáin na hOifige.


An chaoi ar féidir leat a chinntiú gur ón bPríomh-Oifig Staidrimh duine

An chaoi ar féidir leat a bheith cinnte gur ón bPríomh-Oifig Staidrimh an duine atá ag cur agallaimh ort? Bí ag faire amach don mhéid seo a leanas:

Beidh a leanas ag Agallóir Suirbhé de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh:

  • Cárta aitheantais ar iompar i gcónaí. Cuir ceist ar an agallóir a chárta nó a cárta aitheantais a thaispeáint duit nuair a thagann sé nó sí ag do theach.
  • Seaicéad brandáilte na Príomh-Oifige Staidrimh/ seaicéad sofheicthe á gcaitheamh acu le lógó agus ainm na Príomh-Oifige Staidrimh le feiceáil go soiléir air.
  • Mála ríomhaire glúine le táibléad de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh istigh ann chun an suirbhé a dhéanamh leat ar an láthair.

 

Ní dhéanfaidh Agallóir Suirbhé na Príomh-Oifige Staidrimh a leanas riamh:

  • Mangaireacht fóin ort chun do chuid faisnéis phearsanta a fháil. Seolfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh litir chugat ag cur in iúl duit gur roghnaíodh tú le haghaidh suirbhé sula bhfaighidh aon agallóir de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh i dteagmháil leat nó sula dtiocfaidh siad chuig do theach. D’fhéadfá téacs nó ríomhphost a fháil freisin ón bPríomh-Oifig Staidrimh faoin suirbhé. Bí ar an airdeall faoi chaimiléirí fóin agus tuairiscigh gach eachtra amhrasach le do Stáisiún Gardaí áitiúil.
  • Má cheapann tú go bhfuil ríomhphost faighte agat ón bPríomh-Oifig Staidrimh, cinntigh go gcríochnaíonn an seoladh ríomhphoist le @cso.ie.
  • Má tá aon amhras ort faoi ríomhphost ar leith, glaoigh orainn ar 021 453 5110 chun a chinntiú go bhfuil an ríomhphost dlisteanach.
  • Ní iarrfaimid do chuid sonraí bainc go brách ort ná ní éileoimid íocaíocht ná síntiús ort.
  • Ní iarrfaimid aon phasfhocal ort go brách.
  • Ní iarrfaimid do rogha maidir le vótáil pholaitiúil ort go brách.

Molann an Phríomh-Oifig Staidrimh do gach duine a bheith cúramach agus a bheith airdeallach faoi aon chaimiléirí a bheadh ag iarraidh do chuid faisnéis phearsanta a fháil. Beidh aon agallóir de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh breá sásta a gcárta Aitheantais de chuid na Príomh-Oifig Staidrimh a thaispeáint duit ag aon am chun go mbeidh tú in ann a n-aitheantas a dheimhniú.


Mar is féidir leat a bheith páirteach

  • Seolfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh litir chugat lena chur in iúl duit gur roghnaíodh tú chun bheith páirteach i gceann dár gcuid suirbhéanna. D’fhéadfadh sonraí agallóir suirbhé áitiúil na Príomh-Oifige Staidrimh agus/nó sonraí teagmhála na hoifige a bheith san áireamh.
  • Is féidir leis an agallóir suirbhé teacht chuig do theach chun níos mó a insint duit faoin suirbhé agus chun aon cheisteanna atá agat a fhreagairt.
  • Nó is féidir leat cuairt ó dhuine den fhoireann agallaimh a eagrú ag am a fheileann duit trí theagmháil a dhéanamh linn ar an uimhir atá ar an litir a fuair tú ón bPríomh-Oifig Staidrimh nó trí ghlaoch a chur ar líne Glac Páirt na Príomh-Oifige Staidrimh ar 021 453 5110
  • Mura mbíonn agallóir de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh in ann teagmháil a dhéanamh leat, cuirfidh siad a n-uimhir theileafóin ar chárta duit chun go mbeidh tú féin in ann teagmháil a dhéanamh leo
  • Is féidir lenár n-agallóir suirbhé an t-agallamh a dhéanamh ar an láthair, nó go ríomhchuidithe chun faisnéis a bhailiú uait faoi do líon tí.

Bíonn glao teileafóin ag teastáil i ndiaidh roinnt de na suirbhéanna chun do chuid freagraí a uasdátú. Beidh a fhios agat gur muid atá ag glaoch ort mar go dtiocfaidh uimhir theileafóin Líne Shuirbhé na Príomh-Oifige Staidrimh aníos ar scáileán d’fhóin, 021 601 8989. Cuirtear glaonna a dhéantar ar an uimhir seo ar aghaidh chuig bosca poist an teileafóin agus déantar monatóireacht orthu.


Céard a tharlaíonn i rith an agallaimh

  • Iarrfaidh agallóir suirbhé de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh ort d’ainm agus do chuid sonraí teagmhála a dheimhniú agus ansin tabharfaidh siad cúnamh duit an suirbhé a chomhlánú.
  • D’fhéadfaidís a iarraidh ort in amanna píosaí den suirbhé a chomhlánú tú féin trí úsáid a bhaint as táibléad de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh agus cuirfidh siad cúnamh ar fáil duit ina leith sin má theastaíonn sin uait.
  • Chomh maith leis sin beidh fón cliste de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh acu a chuidíonn leo lena gcuid oibre.

Táimid fíorbhuíoch as do rannpháirtíocht i suirbhéanna de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh, agus oibrímid go dúthrachtach chun an muinín atá agat ionainn agus sa phróiseas agallaimh suirbhé a choinneáil.


Cén chaoi a mbeidh a fhios agam go bhfuil mo chuid faisnéise sábháilte?

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh dáiríre faoi chúrsaí slándála. Deimhnímid anaithnideacht gach freagróra chomh maith le rúndacht fhreagraí an tsuirbhé a fhaighimid ó dhaoine atá sásta cúnamh a thabhairt dúinn ár gcuid staidreamh a chur i dtoll a chéile. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leat as do mhuinín ionainn.

Cuirtear gach réamhchúram i bhfeidhm chun sábháilteacht na faisnéise a bhailímid a chinntiú. Mar shampla, tá táibléid na Príomh-Oifige Staidrimh criptithe don tionscalchaighdeán is airde. Tá córas srathach de phasfhocail ag na táibléid sin freisin chun rochtain neamhúdaraithe a chosc, agus cuirtear ar aghaidh na sonraí ar fad ón táibléad chuig ceanncheathrú na Príomh-Oifige Staidrimh trí thairseach sonraí atá sábháilte agus criptithe.

Cinntímid gur i bhfoirm chomhiomlán amháin a fhoilsítear torthaí gach suirbhé. Ní fhoilsítear sonraí pearsanta ag leibhéal lín tí/aonair riamh, agus dá bharr sin tá sé dodhéanta daoine aonair nó líonta tí a aithint. Tá an rúndacht seo ráthaithe faoin dlí leis an Acht Staidrimh, 1993 [en].

Tá leathanach Iontaoibh & Trédhearcacht forbartha againn, mar go bhfuil rúndacht an-tábhachtach dár gcuid oibre.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoinár suirbhéanna agus faoin mbealach a mbainfear úsáid as do chuid sonraí, déan teagmháil linn ar:

Ríomhphost: CSOTakePart@cso.ie Tel: (021) 453 5110