Tá ár staitisticí faoi Éirinn neamhspleách agus iontaofa, de bhrí gur tusa a thug dúinn iad.
Mar thoradh ar an eolas a thugann tú dúinn is féidir linn íomhá an-chruinn d'Éirinn, dár saol, dár ngeilleagar, dár sláinte agus dár sonas a chur le chéile.
Is é atá sa Suirbhé ar Shábháilteacht agus ar Fholláine suirbhé saorálach ar dhaoine aonair ar fud na tíre a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Bailíonn an suirbhé tábhachtach seo faisnéis faoi do thaithí ar a bheith ag mothú sábháilte agus neamhshábháilte i do shaol laethúil, lena n-áirítear do shaol pearsanta, ag an obair agus le linn d’am saor.
Is é seo an chéad uair atá an CSO ag déanamh an tsuirbhé seo. Cabhróidh an fhaisnéis a gheobhaimid uait le beartais a mhúnlú amach anseo. Tá sé tábhachtach go mbailímid faisnéis ón dá dhream: ó dhaoine a raibh taithí acu ar a bheith ag mothú neamhshábháilte agus ó dhaoine nach raibh.
Bímid ag brath ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn tú, mar sin glac páirt, le do thoil, mar tá tábhacht le do ghuth.
Roghnaíodh thú go randamach ar fad. Ní féidir linn suirbhé a dhéanamh ar gach duine sa Stát, agus mar sin roghnaítear daoine go randamach ó fhoinsí sonraí staidrimh an CSO.
Trí pháirt a ghlacadh, beidh tú ag déanamh ionadaíochta ar dhaoine eile nár roghnaíodh chun páirt a ghlacadh, agus sin an fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach sin páirt a ghlacadh.
Tá cosaint do phríobháideachta i gcroílár gach rud a dhéanaimid. Ráthaítear do chuid rúndachta de réir an dlí faoin Acht Staidrimh, 1993, rud a chiallaíonn nach féidir aon duine aonair, líon tí ná fiontar a aithint ó na sonraí a fhoilsímid. Tá an fhaisnéis a sholáthraíonn tú ginearálaithe, mar sin níl aon duine inaitheanta ó na sonraí a sholáthraíonn tú agus ní úsáidtear í ach chun críocha staidrimh. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leat as do mhuinín ionainn.
Tá leathanach Iontaoibh & Trédhearcacht forbartha againn, mar go bhfuil rúndacht an-tábhachtach dár gcuid oibre.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin bPríomh-Oifig Staidrimh, cé muid féin, agus cén fáth a bhfuil tábhacht leis an méid a dhéanaimid
Faigh amach faoin gcaoi a n-oibríonn an Phríomh-Oifig Staidrimh le sonraí, na cosaintí atá i bhfeidhm againn, agus ár gcur chuige maidir le heitic agus trédhearcacht
Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.