Úsáideann CSO ‘sonraí príomhúla’ agus ‘sonraí tánaisteacha’ chun staitisticí a tháirgeadh. Bailímid sonraí príomhúla ó dhaoine trí shuirbhéanna. Bailítear sonraí tánaisteacha faoi dhaoine ó chomhlachtaí poiblí. Is é an tAcht Staidrimh, 1993 an bunús atá againn le sonraí a bhailiú agus a úsáid. Mínítear san fhógra seo an úsáid a bhainimid as sonraí in obair shuirbhéireachta.
Le linn an Daonáirimh, déantar suirbhé ar gach líon tí in Éirinn. Toisc nach féidir teagmháil a dhéanamh leis an oiread sin daoine i gcónaí, cruthaítear sampla staitistiúil le haghaidh suirbhéanna eile. Bainimid úsáid as meascán de shonraí príomhúla agus de shonraí tánaisteacha chun samplaí a chruthú, ar rogha daoine iad atá ionadaíoch do dhaonra iomlán. Tugtar cuireadh do dhaoine sa sampla páirt a ghlacadh i suirbhéanna CSO; tá rannpháirtíocht sa suirbhé seo saorálach.
Baineann staitisticí le daonraí. Ciallaíonn sé sin go bhfuil suim againn i bhfreagraí uile an tsuirbhé, seachas in aon fhreagróir ar leith. Tar éis na freagraí a bhailiú, déantar iad a chomhthiomsú agus a bhailíochtú, agus baintear aitheantóirí díobh. Mar shampla: déanfar dátaí breithe a ghinearálú, cuirfear uimhreacha malartacha in ionad uimhreacha aitheantais, nó bainfear ainmneacha. Ní dhéanann ach baill foirne CSO ar Oifigigh Staidrimh iad agus a bhfuil dearbhú rúndachta sínithe acu anailís staitistiúil.
Chomh maith le staitisticí a tháirgeadh, comhordaímid obair comhlachtaí poiblí eile maidir le staitisticí a thiomsú agus tacaímid le taighde. Ní féidir aon duine a aithint ón bhfaisnéis a úsáidtear don obair seo agus ní féidir le hOifigigh Staidrimh rochtain a fháil uirthi ach amháin trí thimpeallacht shlán atá faoi rialú CSO, tar éis dóibh dul trí phróiseas dian formheasa.
Ní bhainfear úsáid as do chuid freagraí ach chun críocha staidrimh agus ní fhéadfar iad a úsáid chun aon chríche eile. Cosnaítear an rúndacht faoin dlí. Ní fhéadfar do chuid freagraí a nochtadh ach amháin i gcomhair ionchúiseamh faoin Acht Staidrimh, faoi chonradh a chosnaíonn rúndacht, d’Oifigigh Staidrimh chun a gcuid oibre a dhéanamh, le toiliú neasghaoil duine éagtha, nó le do thoiliú. Foilsítear staitisticí CSO i bhfoirm chomhiomlán agus ní féidir aon duine a aithint uathu.
Bainimid úsáid as an tSamhail Chineálach Staidrimh um Phróisis Ghnó chun staitisticí a tháirgeadh. Úsáidtear Beartas Bainistíochta Sonraí CSO i gcéim mheastóireachta na samhla chun breithniú a dhéanamh ar choinneáil sonraí.
Tá sé de cheart agat rochtain a fháil ar do chuid sonraí, iad a cheartú, iad a léirscriosadh, srian a chur lena n-úsáid, nó agóid a dhéanamh i gcoinne a n-úsáide. Déanfaimid ár ndícheall cabhrú leat do chearta a fheidhmiú, ach d’fhéadfadh teorainn a bheith le do chearta in imthosca áirithe. Tá sé de cheart agat freisin gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí, agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis tríd an bpost ag 6 Rae Pheambróg, Baile Átha Cliath 2, D02 X963, ar an bhfón ag 01 765 0100 nó 1800 437 737, nó ar líne ag dataprotection.ie.
Má tá ceist agat faoi do chearta maidir le sonraí, déan teagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí tríd an bpost ag CSO, Bóthar Bhaile Átha Fhirdhia, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath 6, D06 FX52 nó trí ríomhphost chuig dpo@cso.ie.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin suirbhé seo, déan teagmháil le Jessica Coyne tríd an bpost ag An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar na Sceiche Airde, Corcaigh, T12 X00E, Éire, ar an bhfón ag +353 21 453 5785, nó trí ríomhphost chuig jessica.coyne@cso.ie.