Cuideodh aiseolas uaitse linne lenár gcuid seirbhísí a fheabhsú agus a dhéanamh níos fearr don phobal. Inis dúinn faoi na nithe atá tábhachtach duitse inár Suirbhé maidir le Sástacht Custaiméirí ar líne [suirbhé i mBéarla].
Tá na staitisticí a fhoilsímid maidir le hÉireann neamhspleách agus iontaofa—toisc gur inis sibh dúinn iad.
Tugann an t-eolas a thugann tú dúinn léargas an-chruinn dúinn ar a bhfuil i gceist le bheith ag maireachtáil in Éirinn, sa lá atá inniu ann—ár saol, ár ngeilleagar, ár sláinte, ár n-oideachas, ár sonas agus ár bhfolláine.
Is suirbhé deonach é an Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) atá ar bun ag institiúidí náisiúnta staidrimh, lena n-áirítear an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO), i ngach ballstát san Aontas Eorpach faoi reachtaíocht an AE.
Is suirbhé mórscála náisiúnta leanúnach ar theaghlaigh é a dhéantar ar feadh na bliana agus ina dtugtar tomhas cruinn ar fhostaíocht agus ar dhífhostaíocht in Éirinn. Ina theannta sin, cuirtear eolas ar fáil ann faoi dhaoine taobh amuigh den lucht saothair. Cuirtear eolas ar fáil ann freisin faoi mheastacháin ráithiúla ar an bhfórsa saothair chomh maith le sonraí eile ar ábhair shóisialta amhail clúdach pinsin agus táscairí sláinte.
Baineann daoine aonair, fiontair, agus an rialtas áitiúil agus náisiúnta úsáid as na staitisticí a chuirimid ar fáil chun cinntí beartais a dhéanamh agus chun pleanáil a dhéanamh don todhchaí.
Léirítear sna figiúirí fostaíochta agus dífhostaíochta a bhailítear sa Suirbhé ar an Lucht Saothair mar atá cúrsaí ar leibhéal náisiúnta agus réigiúnach , agus tá an suirbhé ríthábhachtach chun pleanáil do chruthú post, oideachas agus oiliúint, tionscnaimh phoiblí agus shóisialta agus go leor nithe eile a mbíonn tionchar acu orainn go léir. Tugtar léargas freisin ar ghnóthachtáil oideachais agus ar dheiseanna fostaíochta. Bíodh tú fostaithe, ag lorg oibre, i mbun cúraimí baile, ar scor nó i do mhac léinn, is mian linne go ndéanfaí ionadaíocht ort sa suirbhé.
Tá muid ag brath ar do chuid eolais, mar sin glac páirt sa Suirbhé ar an Lucht Saothair má iarrtar ort páirt a ghlacadh ann mar tá tábhacht le do thuairimí.
Chun tuilleadh eolais nó cúnamh a fháil maidir le Suirbhé Sláinte na hÉireann, déan teagmháil le:
Ríomhphost: CSOTakePart@cso.ie
Teileafón: 021 453 5110
An Chaoi le Suirbhé de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh a Dheimhniú
Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.