Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Leis an eolas a thugann sibh dúinn, is féidir linn léargas an-bheacht a fháil ar Éirinn; ár saol, ár ngeilleagar, agus ár sláinte.

Má iarrtar ort é, le do thoil glac páirt i suirbhé líon tí CSO agus cuidigh le pleanáil na todhchaí do gach duine in Éirinn.

Cuir aithne ar chomhordaitheoirí ár bhfoireann allamuigh timpeall na hÉireann


THousehold Survey Staff hold a banner for the launch of the CSO Surveys Marketing Campaigná 10 gcomhordaitheoir agus 100 agallóir i bhfoireann allamuigh na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO), le freagracht as suirbhéanna ar líonta tí a reáchtáil i ngach contae in Éirinn ó thús deireadh na bliana.

Cuireann an fhoireann allamuigh thart ar 3,000 líon tí faoi agallamh ar bhonn náisiúnta gach seachtain. Déantar seo le Blaise, pacáiste Agallóireacht Ríomhchuidithe Pearsanta (CAPI) ar ríomhairí taibléid.

Tá an t-eolas shuirbhé líon tí a bhailíonn siad ríthábhachtach chun go mbeifear in ann pleanáil do riachtanais gach duine in Éirinn, san am in láthair agus amach anseo. Trí páirt a ghlacadh, cuidíonn sibh leis an CSO dul chun cinn an stáit a thomhais mar a bhaineann sé le saincheisteanna tábhachtacha sóisialta agus geilleagracha, lena n-áirítear an fhostaíocht, an bhochtaineacht, cúram leanaí, sláinte mhuintir na hÉireann agus an choireacht.

Comhordaitheoirí CSO

Conas a mbeidh a fhios agam gur agallóir ón CSO an té an thagann ag an doras?

Tá sé simplí seo a dheimhniú, ní gá ach iarr ar an duine a c(h)árta aitheantais a thaispeáint. Bíonn cárta oifigiúil CSO lena n-ainm agus grianghraf á iompar ag gach ball d’fhoireann allamuigh na hOifige.