D’éirigh thar cionn arís leis an seachtú comórtas Bonn Staidrimh John Hooper. Ár mbuíochas do na scoileanna, do na múinteoirí agus do na daltaí a ghlac páirt, as chomh maith is a d’éirigh leis an gcomórtas. Bhí na moltóirí an-tógtha leis na hiontrálacha ar an gcomórtas in 2017, agus na hiontrálacha ar chaighdeán níos fearr arís i mbliana. Tá tógáil croí sa tsamhlaíocht, sa chlisteacht agus sa dúthracht a léiríodh.
Lainseáil an Príomh-Stiúrthóir, Pádraig Dalton, an seachtú comórtas Bonn Staidrimh John Hooper sa Phríomh-Oifig Staidrimh, an 20ú Deireadh Fómhair 2016. Chláraigh na mílte dalta don chomórtas as oileán na hÉireann uile. Fuair an Phríomh-Oifig Staidrimh 255 phóstaer, i nGaeilge agus i mBéarla.
Bhain dhá chéim leis an moltóireacht tosaigh a rinneadh ar an 255 phóstaer: foirne ón CSO i mbun moltóireachta agus iad ag obair de réir critéir mhionsonraithe moltóireachta. Gearrliostaíodh 15 phóstaer don chéim deiridh den mholtóireacht. Ar an bpainéal moltóireachta deiridh, faoi chathaoirleacht Fiona O’Callaghan, bhí:
Kathleen O'Sullivan
Léachtóir & Stiúrthóir ar an Aonad Sainchomhairleoireachta Staitistiúil
Scoil na nEolaíochtaí Matamaiticiúla
Coláiste na hOllscoile
Corcaigh
Anthony Dawson
Staitisteoir
Praghsanna Talmhaíochta
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh
Kieran Murphy
Léachtóir sa Mhatamaitic
Calmast
Institiúd Teicneolaíochta Phort Láirge
Fiona O'Callaghan
Staitisteoir
Modheolaíocht
An Phríomh-Oifig Staidrimh, Corcaigh
Níorbh fhurasta don phainéal na póstaeir ghearrliostaithe a mheasúnú agus na buaiteoirí a roghú.
Tugtar torthaí bhreithniú na moltóirí thíos:
Daltaí: Ella Brennan, Jessie Oyenuga
Múinteoir: Claire Treanor
Meánscoil Loreto
Bóthar na nGráinseach,
Cill Chainnigh
Co. Chill Chainnigh
Rachaidh an póstaer seo isteach i gcomórtas póstaeir an Chláir Idirnáisiúnta don Litearthacht Staitistiúil, thar cheann na hÉireann, sa chatagóir 'Daltaí a rugadh in 1998 agus ina dhiaidh'
Daltaí: Bronagh Cassidy, Aoife Lowth, Rachel Campbell
Múinteoir: John White
Meánscoil Naomh Uinseann
Plás Bhaile na Trá,
Dún Dealgan,
Co. Lú
Daltaí: Lynn Sweetnam, Eva Murphy
Múinteoir: Stephen McLaughlin
Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan
Droichead na Bandan,
Co. Chorcaigh
Bronnfar na duaiseanna do Bhonn Staidrimh John Hooper 2017 ag searmanas bronnta, mí Dheireadh Fómhair 2017. (Ionad, am agus dáta le socrú)
Thug na moltóirí ord fiúntais do na póstaeir seo a leanas:
Daltaí: Andrea Whyte, Amy Fallon
Múinteoir: Meighan Duffy
Coláiste Pobail Átha Luain
Bóthar an Díthribh,
Baile Átha Luain,
Co. na hIarmhi
Rachaidh an póstaer seo isteach i gcomórtas póstaeir an Chláir Idirnáisiúnta don Litearthacht Staitistiúil, thar cheann na hÉireann, sa chatagóir 'Daltaí a rugadh in 2001 agus ina dhiaidh'
Daltaí: Neidin Mooney, Sarah Reynolds, Hannah Keane
Múinteoir: Jack Neylon
Coláiste Muire
Rae an Chairdis,
Inis,
Co. an Chláir
Daltaí: Eve Morrissey, Stephanie Woods
Múinteoir: John White
Meánscoil Naomh Uinseann
Plás Bhaile na Trá,
Dún Dealgan,
Co. Lú
Daltaí: Damilola Alabi, Denise Walsh, Leah Finnegan
Múinteoir: John White
Meánscoil Naomh Uinseann
Plás Bhaile na Trá,
Dún Dealgan,
Co. Lú
Daltaí: Rose Geaney, Dominika Fortuna
Múinteoir: Laura Hogan
Scoil Chonglais
Bealach Conglais,
Co. Chill Mhantáin
Daltaí: Tadhg Carew, Jack Quirke
Múinteoir: Marian Keating
Scoil na Mainistreach
Bóthar an Stáisiúin,
Tiobraid Árann,
Co. Thiobraid Árann
Daltaí: Rachele Ardiff, Aisling Leahy, Sarah Henry
Múinteoir: Sabrina Conway
Coláiste San Doiminic
Ascal Uí Ghríofa,
Baile Átha Cliath 9
Daltaí: Ronan McElligott, Dylan Savage, David Ryle
Múinteoir: Siobhan Stokes
Meánscoil na Trócaire Cnoc an tSeabhaic
Cnoc an tSeabhaic,
Trá Lí,
Co. Chiarraí
Daltaí: Suzanne Bateman, Elyse Dennehy-Crowley
Múinteoir: Stephen McLaughlin
Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan
Droichead na Bandan,
Co. Chorcaigh
Daltaí: Amy O'Mahony, Shauna Flynn
Múinteoir: Andrew Fitzpatrick
Meánscoil na Trócaire Cnoc an tSeabhaic
Cnoc an tSeabhaic,
Trá Lí,
Co. Chiarraí
Daltaí: Aimeé Byrne, Cónagh Fitzgerald, Maggie Nolan
Múinteoir: Andrew Fitzpatrick
Meánscoil na Trócaire Cnoc an tSeabhaic
Cnoc an tSeabhaic,
Trá Lí,
Co. Chiarraí
Daltaí: Barry O'Keeffe, Leo Downes, Tom Gibson
Múinteoir: Andrew McKimm
Coláiste na Carraige Duibhe
Bóthar na Carraige,
An Charraig Dhubh,
Baile Atha Cliath
Aiseolas ó na moltóirí maidir leis na póstaeir
Nótáil an Cathaoirleach agus na moltóirí an feabhsú leanúnach i gcoitinne maidir le caighdeán, cáilíocht agus éifeacht na bpóstaer i mbliana.
Bhí ceist inléiteachta ann le cuid de na póstaeir agus má tá cúlra le bheith in úsáid agat, bí cinnte go mbeidh an téacs i ndath a sheasann amach ón gcúlra ionas gur féidir é a léamh gan stró. Rud eile, déan deimhin de freisin go mbeidh na haiseanna agus na lipéid ar do chuid graf inléite. Ní mar a chéile dathanna agus aghaidheanna cló ar an scáileán agus ar pháipéar, uaireanta, agus ar an ábhar sin b’fhiú cóip de do phóstaer a phriontáil amach féachaint an mbreathnaíonn sé go maith, sula seolann tú ar aghaidh é.
Smaoinigh ar na graif atá in úsáid agat: an iad is feiliúnaí? Is é an cuspóir le graf, sonraí a chur i láthair a bhfuil an iomarca díobh ann nó atá róchasta le cur síos orthu go sásúil le téacs. Ar an ábhar sin ní gá graf a úsáid do chainníochtaí beaga sonraí a bhféadfaí a chur in iúl go gonta le habairt. Ba cheart go gcuideodh graif leis an léitheoir do chuid torthaí a thuiscint. Bí cinnte ar an ábhar sin go mbeidh lipéid ar do chuid aiseanna, agus úsáid eochair eolais nó foscríbhinní más gá.
Tabhair foinse / foinsí do chuid sonraí; agus má roghnaigh tú sampla, déan cur síos ar an gcaoi a roghnaigh tú é agus ar an bpobal a bhfuil sé ceaptha a bheith ionadaíoch air. Má tá tú ag tagairt do, nó ag cuótáil as, saothar foilsithe eile, ansin ba cheart na tagairtí a bheith luaite i do phóstaer.
Agus mar fhocal scoir, bí cinnte go ndéanann tú profléamh ar do phóstaer sula seolann tú ar aghaidh é mar baineann botúin chló agus earráidí litrithe de dhea-íomhá póstaeir.
Tá neart treoirleabhar ar líne ann a chuideodh le cur i láthair do phóstaeir a fheabhsú agus arbh fhiú úsáid a bhaint astu, m.sh. http://hsp.berkeley.edu/sites/default/files/ScientificPosters.pdf
Go raibh maith agat
Comhghairdeas as a bheith páirteach sa seachtú comórtas póstaeir Bonn Staidrimh John Hooper. Buíochas do na daoine uile a bhí rannpháirteach, a chuidigh nó a rinne rud ar bith a chuir le rathúlacht an chomórtais.
Fáilte roimh aiseolas
Is féidir aiseolas agus tuairimí faoin gcomórtas póstaeir Bhonn Staidrimh John Hooper a sheoladh chuig johnhooper2017@cso.ie.
Eoin McCuirc,
Leas-Phríomhoifigeach
Taisce Sonraí agus Scaoileadh Eolais,
Príomh-Oifig Staidrimh,
Bóthar na Sceiche Airde,
Corcaigh
Éire
Fón: (+353) 21 453 5504
Fón póca: (+353) 86 4535741
R-phost: eoin.mccuirc@cso.ie