Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

 Two young people sit on a bench
CSO Surveys logo

Tá ár gcuid staitisticí faoi Éirinn neamhspleách agus iontaofa, mar gur uaibhse a fuair muid an t-eolas.

Tugann an t-eolas a thugann tú dúinn léargas an-chruinn dúinn ar a bhfuil i gceist le bheith ag maireachtáil in Éirinn sa lá atá inniu ann - ár saol, ár ngeilleagar, ár sláinte, ár sonas agus ár bhfolláine.

Maidir leis an Suirbhé ar Iompraíochtaí Comhshaoil an Lín Tí.

Leis an Suirbhé ar Iompraíochtaí Comhshaoil an Lín Tí bailítear eolas ó shealbhóirí tí faoi shaincheisteanna ábhartha comhshaoil amhail úsáid fuinnimh, roghanna iompair agus úsáid gaireas atá tíosach ar fhuinneamh. Tá sé i gceist leis na ceisteanna tuiscint níos fearr a fháil ar na breoslaí a úsáidtear i gcomhair teasa agus cócaireachta, ar an gcaoi a dtéann agus ar an uair a théann daoine a n-áras cónaithe, ar shuiteálacha san áras cónaithe a bhfuil nasc acu le teas agus le héifeachtúlacht fuinnimh, ar luchtairí feithiclí leictreacha agus ar luchtú feithiclí leictreacha, agus ar ghiniúint agus onnmhairiú leictreachais.

Faightear eolas tríd an suirbhé freisin faoi tharaifí leictreachais agus úsáid leictreachais chomh maith le meon i leith teaschaidéal, feithiclí leictreacha, agus taraifí leictreachais atá ag athrú. Ina theannta sin, faightear eolas tríd an suirbhé faoi chúrsaí iompair, amhail an úsáid a bhaintear as rothair agus as rothair leictreacha. Faightear eolas faoi roghanna caiteachais freisin maidir le héifeachtúlacht fuinnimh fearais nua, éiceaphacáistiú agus dramhaíl.

An t-údar a bhfuil Suirbhé ar Iompraíochtaí Comhshaoil an Lín Tí tábhachtach

Tá Éire ag bogadh i dtreo úsáid níos mó a bhaint as fuinneamh in-athnuaite, trí na hathruithe atáthar a dhéanamh ar an teicneolaíocht i ndáil le giniúint teasa agus cumhachta, ídiú fuinnimh, agus caomhnú fuinnimh. Tá sé mar aidhm leis an Suirbhé ar Iompraíochtaí Comhshaoil an Lín Tí cur leis an tuiscint atá againn ar an gcaoi a nglacann líonta tí leis na teicneolaíochtaí nua seo, agus ar an gcaoi a ndéantar cinntí i dtaobh airgead a chaitheamh. Tá léargas á thabhairt leis an suirbhé seo freisin ar an gcaoi n-úsáideann líonta tí fuinneamh, an uair a úsáideann siad é agus an t-údar a n-úsáideann siad é.

Cuireann comparáid a dhéanamh idir an suirbhé seo agus suirbhéanna a rinneadh roimhe seo leis an tuiscint atá againn ar iompraíochtaí athraitheacha amhail fás in úsáid teicneolaíochtaí in-athnuaite agus athruithe ar thomhaltas fuinnimh i líonta tí. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach eolas a fáil faoi iompar, faoi phacáistiú agus faoi dhramhaíl agus faoin údar nach mbaintear úsáid as teicneolaíochtaí agus réitigh nua chun léargas cuimsitheach a fháil ar iompraíochtaí líonta tí i leith an chomhshaoil.

Cén chaoi ar féidir liom páirt a ghlacadh ann?

Tá painéal de shaoránaigh a roghnaíodh go randamach curtha ar bun ag an bPríomh-Oifig Staidrimh chun páirt a ghlacadh i sraith suirbhéanna gearra. Má roghnaíodh don phainéal seo thú, rachfar i dteagmháil leat ar an ríomhphost nó ar an nguthán chun an suirbhé seo a líonadh isteach.

Má dhéantar teagmháil leat ar an ríomhphost, cuirfear eolas faoin gcaoi le páirt a ghlacadh sa Suirbhé ar Iompraíochtaí Comhshaoil an Lín Tí sa ríomhphost. Is féidir leat teacht ar an gceistneoir agus é a chomhlánú trí úsáid a bhaint as aitheantóir na Príomh-Oifige Staidrimh agus as an UAP a chuirtear ar fáil sa ríomhphost agus tríd an nasc a chuirtear ar fáil a leanúint, nó cliceáil anseo logáil isteach chun an suirbhé a líonadh isteach.

Má dhéanaimid teagmháil leat ar an bhfón, is féidir leat an suirbhé a líonadh isteach trí na ceisteanna suirbhé a fhreagairt ar an bhfón.

Má iarrtar ort páirt a ghlacadh, déan amhlaidh toisc go bhfuil tábhacht le do ghuth.

Cén chaoi a mbeidh a fhios agam go bhfuil mo chuid faisnéise sábháilte?

Tá cosaint do phríobháideachta i gcroílár gach rud a dhéanaimid. Ráthaítear do chuid rúndachta de réir an dlí faoin Acht Staidrimh, 1993, rud a chiallaíonn nach féidir aon duine aonair, líon tí ná fiontar a aithint ó na sonraí a fhoilsímid. Tá an fhaisnéis a sholáthraíonn tú ginearálaithe, mar sin níl aon duine inaitheanta ó na sonraí a sholáthraíonn tú agus ní úsáidtear í ach chun críocha staidrimh. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leat as do mhuinín ionainn.

Tá leathanach Iontaoibh & Trédhearcach forbartha againn, mar go bhfuil rúndacht an-tábhachtach dár gcuid oibre.

Tuilleadh Eolais faoin Suirbhé ar Iompraíochtaí Comhshaoil an Lín Tí


Sonraí teagmhála

Chun tuilleadh eolais nó cúnamh a fháil, déan teagmháil le:

Ríomhphost: CSOTakePart@cso.ie

Teileafón: 021 453 5110


Is féidir iontaoibh a chur sa Phríomh-Oifig Staidrimh

Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.