Tá dhá phríomhsprioc le Clár For-rochtana Oideachais an CSO: daoine óga a oiliúint agus úsáid staitisticí chun maitheas an phobail a chur chun cinn. Áirítear tionscail agus comhthionscail éagsúla leis an gClár, ina measc: Comórtas Póstaer Staidrimh John Hooper, an Gradam um Úsáid is Fearr Sonraí Oscailte CSO ag an Eolaí Óg, Gradam Speisialta an CSO don Úsáid is Fearr a Bhaintear as Sonraí ag Eacnamaí Óg na Bliana agus Comórtas ISLP.
Gach bliain reáchtáiltear Searmanas Bronnta an CSO chun iomaitheoirí agus foirne buaiteacha a cheiliúradh as a ngaiscí sna comórtais seo.