Skip navigation

 

Tá Comórtas Póstaeir Staidrimh John Hooper ar cheann de na comórtais is mó do scoileanna a bhfuil meas air agus is mó le rá in Éirinn. Ainmníodh an comórtas i ndiaidh chéad Stiúrthóir Staidrimh Shaorstát Éireann agus tá an tóir atá air i measc daltaí agus múinteoirí araon ag méadú i gcaitheamh an ama.

Leis an gcomórtas, tugtar deis den scoth do dhaltaí ar fud oileán na hÉireann a gcuid scileanna anailíseacha agus léirmhínithe maidir le sonraí a léiriú.
Cuirfidh rannpháirtíocht i gComórtas Póstaeir Staidrimh John Hooper 2024 feabhas ar chumas na ndaltaí cur síos a dhéanamh ar a dtimpeallacht le staidrimh mar áis acu, agus chun leas a bhaint as staidrimh mar uirlis chun ciall a bhaint as an ngnáthshaol laethúil.
Sa chomórtas seo, déanfar measúnú ar chumas na ndaltaí fíorfhadhb ina dtimpeallacht féin a aithint agus, le staidrimh mar áis acu, cur síos, anailís agus léirmhíniú a dhéanamh ar a gcuid torthaí i bhfoirm scríofa agus ghrafach ar phóstaer.
Is comórtas d’fhoireann é Comórtas Póstaeir Staidrimh John Hooper, agus féadfaidh daltaí póstaer a dhearadh ar ábhar ar bith dá rogha féin. Ní mór 2 nó 3 ball a bheith ar gach foireann.
D’fhéadfadh daltaí a d’oibrigh ar thionscadal eile nó a chur iontráil ar aghaidh i gcomórtas eolaíochta nó staidrimh eile, amhail Taispeántas Teicneolaíochta Eolaí Óg BT, páirt a ghlacadh i gcomórtais CSO, faoi réir na critéir incháilitheachta a chomhlíonadh.

Buntáistí

Rachaidh rannpháirtíocht sa chomórtas seo chun tairbhe do dhaltaí ar na bealaí seo a leanas:
1. A bheith ag obair mar bhall foirne - foghlaimeoidh daltaí scileanna comhoibrithe, tarmligin agus freagrachta, ar scileanna iad a mbíonn meas mór ag fostóirí ionchais orthu agus a mbíonn siad ag lorg ina gcuid fostaithe.
2. Saineolas i dtaobh Ábhair - tugann rannpháirtíocht i gComórtas Póstaeir Staidrimh John Hooper deis do dhaltaí a gcuid saineolais ar ábhar ar leith a léiriú agus a gcumas smaointeoireachta criticiúla a fhorbairt.
3. Forbairt CV - Cabhraíonn sé le daltaí le go seasfaidh siad amach nuair a bheidh iarratas á dhéanamh acu ar chúrsaí tríú leibhéal agus tabharfaidh sé buntáiste iomaíoch dóibh nuair a bheidh siad ag cur isteach ar phoist.
4. Gradaim Gaisce - d’fhéadfaí iontrálacha don chomórtas a bhreithniú lena n-áireamh i nGradaim Gaisce an Uachtaráin faoin gcuid scileanna pearsanta.
5. Muinín - muinín a chothú trí fhoghlaim fhéinstiúrtha, scileanna scríofa agus grafacha a fhorbairt agus ionadaíocht a dhéanamh do do scoil trí obair tionscadail a chur i láthair i gcomórtas náisiúnta.

Duaiseanna

Mar aon leis an meas a bhaineann le Bonn Staidrimh John Hooper a bhuachan, tá duaiseanna suntasacha airgid thirim ar fáil freisin, ar fiú €3,200 san iomlán iad. Faigheann na scoileanna a bhfuil na foirne ag déanamh ionadaíochta dóibh duaiseanna airgid thirim freisin.
1ú Áit - €1,600 (a mbronnfar €1000 de ar an scoil agus €600 de ar an bhfoireann)
2ú hÁit - €1,000 (a mbronnfar €650 de ar an scoil agus €350 de ar an bhfoireann)
3ú hÁit - €600 (a mbronnfar €400 de ar an scoil agus €200 de ar an bhfoireann)

Áireofar ar na duaiseanna freisin:
• Boinn áille airgid steirling greanta do na buaiteoirí sa chéad áit.
• Teastais i bhfráma.
• Cuireadh chuig Searmanas Bronnta CSO.
• Beidh buaiteoirí Chomórtas Póstaeir Staidrimh John Hooper don bhliain 2024 incháilithe chun dul san iomaíocht thar ceann a dtíre i gComórtas Staidrimh na hEorpa, 2024.

Dátaí Tábhachtacha

Clárú - Ar siúl anois
Dáta deiridh a nglacfar le póstaeir - an 22 Feabhra 2024
Fógrófar na buaiteoirí - an 22 Márta 2024

Cláraigh d’fhoireann

Tá Comórtas Póstaeir Staidrimh John Hooper oscailte d’fhoirne a bhfuil 2 nó 3 dalta orthu, agus iad 19 mbliana d’aois nó níos óige, as áit ar bith ar oileán na hÉireann. Ní mór do mhúinteoir na foirne a chlárú. Cláraigh anois agus cuir ar aghaidh do phóstaer faoin 22 Feabhra 2024 (5 i.n.).

Cuir do phóstaer ar aghaidh

Ní mór ainm an chomhaid uaslódáilte a bheith ag teacht le teideal an phóstaeir.

Níor cheart go mbeadh aon eolas aitheantais ar an bpóstaer, .i. ainmneacha daltaí nó ainmneacha scoile.

 Tabhair áire:

  • Gur cheart póstaeir a uaslódáil sna formáidí seo a leanas: PNG, JPEG, GIF agus PDF AMHÁIN
  • Gurb é 1MB an uasmhéid chomhaid don phóstaer
  • Nach mbeifear in ann glacadh le póstaeir i ndiaidh 5 i.n. ar an 22 Feabhra 2024