Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Bonn Staidrimh John Hooper 2026

Bhí rath mór arís i mbliana ar an gComórtas Bhonn Staidrimh John Hooper. Gach bliain bíonn ríméad orainn an oiread san iontrálacha a fháil isteach.

Seoladh an séú heagrán déag de Chomórtas Bhonn Staidrimh John Hooper ar an 15 Deireadh Fómhair 2025 ag ár Searmanas Bronnta i bPáirc an Chrócaigh. Rinne painéil de chuid na hOifige dhá réamhbhabhta moltóireachta ar na póstaeir agus iad ag obair de réir critéir mhionsonraithe moltóireachta. Cuireadh 15 phóstaer ar an ngearrliosta don bhabhta moltóireachta deiridh. 


Painéal

Ar an bpainéal don bhabhta deiridh sin, faoi chathaoirleacht Fiona O’Callaghan, bhí:

An Dr Kieran Murphy
Léachtóir sa Mhatamaitic
Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt
Port Láirge


Conall Kelly
Léachtóir Shinsearach sa Mhatamaitic Airgeadais & Stiúrthóir ar an BSc Matamaitic Airgeadais agus Eolaíocht Achtúireach
Scoil na nEolaíochtaí Matamaiticiúla
Coláiste na hOllscoile Corcaigh


Felix Coleman
Staitisteoir
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh


Fiona O’Callaghan
Staitisteoir
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh


Torthaí

Is iad seo a leanas torthaí bhreithniú na moltóirí:

Chéad Áit agus buaiteoirí Bhonn Staidrimh John Hooper

Dalta: Katie Zheng
Múinteoir: Catriona Hendry
Institiúid Oideachais
79 – 85 Sráid Líosain
Baile Átha Cliath 2

Policy vs Practice Vape Tax and Flavour Ban (PDF 754KB)

Dara hÁit

Daltaí: Suzie Hynes, Lily Casey
Múinteoir: John Sims
Meánscoil Mhuire gan Smál
Lios Dúin Bhearna
Co. an Chláir

Quartz in the Burren (PDF 546KB)


Tríú hÁit

Daltaí: Grace Dolan, Ciara Lappin, Ellen Madden
Múinteoir: Mairead Cusack
Pobalscoil Mhóta
An Móta
Contae na hIarmhí

More than Make Up - the struggle of Female Athletes (PDF 605KB)


Ord Fiúntais (ní in ord ar leith ar bith)

Thug na moltóirí ord fiúntais do na póstaeir seo a leanas:

Daltaí: Leah Winters, Shona Kinahan, Ella Hamm
Múinteoir: Mairead Cusack
Pobalscoil Mhóta
An Móta
Contae na hIarmhí

Ferma-Aid Using Fermentation to produce Nutritious Easily Digestible and Sustainable Emergency_Food Aid (PDF 701KB)

Dalta: Nemhain Doolin
Múinteoir: Mairead Cusack
Pobalscoil Mhóta
An Móta
Contae na hIarmhí

Elo Evolution redefining chess ratings (PDF 694KB)

Daltaí: Liam Gill, Syed Moeez-Ur -Rehman
Múinteoir: Mairead Cusack
Pobalscoil Mhóta
An Móta
Contae na hIarmhí

Myceliclean Harnessing Fungal Bio electricity (PDF 880KB)

Dalta: Rachel Coghlan
Múinteoir: Mairead Cusack
Pobalscoil Mhóta
An Móta
Contae na hIarmhí

ChewGreen - a Biodegradable Alternative (PDF 505KB)

Dalta: Eoghan Conroy
Múinteoir: Pauline O'Toole
Coláiste na mBráithre Críostaí
Páirc Bhaile na Manach
Dún Laoghaire
Co. Bhaile Átha Cliath

Modelling how Differences in Financial Management Across Income Groups Contribute to Wealth Inequality (PDF 595KB)

Dalta: Grace Keane
Múinteoir: Richard Wilson
Scoil Ráth an Dúin
Gleann na gCaorach
Contae Bhaile Átha Cliath

Analysing the relationship between Phosphate levels and Nitrate levels of ponds (PDF 1,228KB)

Daltaí: Shaurya Shrivastava, Yatharth Kaware
Múinteoir: Carole Oiknine
Institiúid Oideachais
79 – 85 Sráid Líosain
Baile Átha Cliath 2

YOLOv8 Enabled Pothole Detection (PDF 653KB)

Daltaí: Enoch Tsang, Matthew Johnson
Múinteoir: Dr Gurusharan Singh Gogna
Scoil Ospidéal an Rí
Baile Phámar
Contae Bhaile Átha Cliath

Novel method to combat lead pollution (PDF 695KB)

Dalta: Lewis Mohan
Múinteoir: Jennifer McManus
Coláiste Bhréifne
An Choillidh
An Cabhán

Is acidification destroying building materials (PDF 970KB)

Daltaí: Dani Jaros, Eva Yu
Múinteoir: Yvonne Walsh
Meánscoil Loreto
Bré
Co. Chill Mhantáin

Crime stats - Dublin v London (PDF 376KB)

Daltaí: Sibeal Egan, Saoirse Hiney, James Seery
Múinteoir: Mairead Cusack
Pobalscoil Mhóta
An Móta
Contae na hIarmhí

From_Irish_Fields_to_Salmonella_Shields (PDF 574KB)

Daltaí: Laura Fox, Lilly Daly
Múinteoir: Mairead Cusack
Pobalscoil Mhóta
An Móta
Contae na hIarmhí

Lettuce_Be_Safe_Bioactive_Packaging_for_Listeria_Prevention (PDF 861KB)  


Aiseolas maidir leis na póstaeir

Is iad seo a leanas roinnt deacrachtaí a thagann aníos gach bliain le linn na próisis clárúcháin agus iontrála:

  • Iontrálacha sa bhformáid mhícheart
  • Ainm na scoile nó ainmneacha na ndaltaí luaite ar an bpóstaer

Chuaigh an raon leathan topaicí suimiúla a clúdaíodh i bpóstaeir na bliana seo i gcion go mór ar na moltóirí.

É sin ráite, seo roinnt comhairle faoi na gnéithe gur féidir iad a fheabhsú:

Déan iarracht gan dath dorcha a úsáid mar chúlra ar do phóstaer ós rud é go bhfágann sé an-deacair é cuid den téacs a léamh. Uaireanta, tá difríocht idir cuma na ndathanna agus na gclónna ar an scáileáin agus a gcuma ar pháipéar, mar sin ba smaoineamh maith é cóip den phóstaeir a phriontáil amach ionas gur féidir breathnú air sula gcuireann sibh é faoi bhráid.

Chomh maith leis sin, tabhair aird don chomhréir idir spás bán agus téacs/graif; cinnte is tábhachtach go mbeadh spás ban ann dos na himill, srl. le nach mbeadh an póstaer míshlachtmhar, ach ar an lámh eile de is deacair cló beag agus graif bheaga a léamh. I gcás póstaeir a úsáideadh le haghaidh iontráil i gComórtas an Eolaí Óig agus Teicneolaíochta, ba chóir roinnt eagarthóireachta a dhéanamh air seo chun go bhfeilfeadh sé níos fearr do chomórtas póstaeir.

Smaoinigh ar na graif atá in úsáid agat: an iad is feiliúnaí? Is maith iad barrachairteacha chun comparáid a dhéanamh, agus tá líne-chairteacha níos fearr ó thaobh treochtaí de. Léirítear gaolta agus dáiltí go beacht le scaipghram, ach ba chóir píchairteacha a úsáid do chomhdhéanaimh shimplí amháin – níor chóir iad a úsáid riamh do chomparáidí nó do dháiltí. B’fhearr go mbeadh graif ina gcuidiú don léitheoir ciall a bhaint as na torthaí atá agat, mar sin déan cinnte de go gcuireann tú teideal ar na haiseanna agus bain leas as eochair eolais más gá.

Léiríodh mianach i go leor de na póstaeir leis an ábhar a roghnaíodh, le bailiú sonraí agus mar sin de, ach ní raibh an caighdeán céanna le braith sa mhír anailíse. Bain triail as réimse teicnící staitistiúla, lena n-áirítear staitisticí tuairisciúla agus infeireacha.

Tabhair eolas níos fearr maidir le foinse na sonraí. I gcás roinnt póstaer, ba laige í nach raibh cur síos déanta orthu faoi mhodhanna suirbhéireachta nó bailithe sonraí.

Bí cúramach maidir le topaicí íogaire. Níor mhaith linn cur in aghaidh a leithéid a roghnú ach ba chóir do dhaltaí agus do mhúinteoirí araon a bheith airdeallach ar shaincheisteanna rúndachta agus suirbhéireachta eiticiúil.

Ar deireadh, is furasta do phóstaer a phrofáil sula gcuireann tú isteach é óir gur féidir le botúin chló nó litrithe cuir as do dhea-íomhá an phóstaeir.

Soiléireacht na teachtaireachta: Déan iarracht gan an póstaer a bheith róchasta – ní gá an iliomad míreanna éagsúla a thástáil nó a anailísiú.

Bailiú sonraí: Sa chás go bhfuil sonraí suirbhéireachta á bhailiú as scoil ar leith, ba chóir roinnt eolas cúlra faoin scoil (aoninscne nó measctha, méid, srl) a chur ar fáil ionas go mbeidh comhthéacs leis na torthaí agus iad trédhearcach dá bharr. D’fhéadfaí éifeachtaí an neamhfhreagracht, má tá a leithéid ann, a chíoradh.

Anailísiú agus conclúidí: Bí cúramach agus tuairisciú á dhéanamh ar na torthaí. Ná téigh thar fóir leis na tátail/conclúidí gur féidir a dhéanamh bunaithe orthu seo - de ghnáth bíonn tátail teoranta don sampláil agus is beag an seans go mbainfidh siad leis an ndaonra iomlán. Tá sé an-tábhachtach modh anailísithe staitistiúil a roghnú atá iomchuí don chineál sonraí a bailíodh. Déan iarracht an tráchtaireacht a bheith oibiachtúil seachas suibiachtúil.

Graif agus táblaí: Déan cinnte de go gcuireann tú teideal ar na haiseanna agus bain úsáid as graf/graif sa stíl is oiriúnaí do do theachtaireachta. Seachain graif thríthoiseacha (3D) óir is minic go mbaineann an leagan amach seo d’inléiteacht an ghraif féin. Roghnaigh an cineál graif cuí chun do sonraí a léiriú – mar shampla, ná úsáid líne-chairteacha in achoimre ar shonraí catagóireacha. Agus do chuid torthaí á léiriú agat, tabhair figiúirí go dhá ionad de dheachúlacha ar mhéid - mura bhfuil gá ar leith len iad a thaispeáint ar leibhéal níos cruinne.

Cur i láthair: Tabhair aire maidir le litriú, ailíniú foriomlán agus formáidiú an phóstaeir. Más féidir ar chur ar bith é, seachain an iomarca téacs nó ábhar eile a chur ar an bpóstaer. Uaireanta, tógtar ón éifeacht atá tuillte ag obair chrua na ndaltaí le níos mó téacs san áireamh agus an cló a dhéanamh níos ísle. Bain leas as meascán de théacs, graif agus íomhánna, ach cuir i gcuimhne go mbíonn tionchar níos mó ag graif agus íomhánna ná téacs.

Do phóstaer i bhformáid sleamhnán, ná déan rud casta de ghluaiseacht an scéil atá á insint agat. Bí cinnte go leanann na sleamhnáin ceann i ndiaidh a chéile ar bhonn simplí, intuigthe, éasca le léamh. Mar shampla:

 

Image for Feedback

Déan sracfhéachaint ar gach píosa téacs, graf agus íomhá lena chinntiú go bhfuil siad inléite sa leagan deiridh den phóstaer. I roinnt cásanna i mbliana, níorbh fhéidir an téacs a léamh toisc é a bheith róchosúil le dath an chúlra – bain triail as cló dorcha ar chúlra geal.

Is maith an rud é póstaer tarraingteach a bheith mar cuspóir agat, ach bí cúramach leis an scéim dhathanna a roghnaíonn tú. Is leor 2 nó 3 dhath éagsúla. Úsáid scéim dhathanna nach bhfuil scéiniúil nó géar le breathnú air. Seachain cúlraí atá róphlúchta.

Cruthaitheacht/Tábhacht: Is codanna lárnacha den chomórtas iad úrnuacht agus cruthaitheacht chomh fada is a bhaineann sé leis an gceist taighde. 

Fáilte roimh aiseolas

Cuirfimid fáilte roimh aon aiseolas nó tuairimí a d’fhéadfadh a bheith agat faoi chomórtas póstaeir Bhonn Staidrimh John Hooper ach iad a sheoladh chuig studentcompetitions@cso.ie