Tá an Tionscadal Idirnáisiúnta don Litearthacht Staitistiúil faoi scáth an Chomhlachais Idirnáisiúnta don Oideachas Staitistiúil (IASE), an rannóg oideachais den Institiúid Staitistiúil Idirnáisiúnta (ISI).
Reáchtálann ISLP comórtas póstaeir gach 2 bliain, agus is é aidhm an chomórtais sin aird níos mó a tharraingt ar an ngá atá le litearthacht staitistiúil agus inniúlacht daltaí a fhorbairt laistigh den réimse seo.
Cuirtear na póstaeir is déanaí den chéim is airde ó Chomórtas Póstaeir Staidrimh John Hooper (ó chatagóir na sinsear agus catagóir na sóisear) isteach sa chomórtas seo.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an nasc chuig leathanach chomórtais ISLP ar a láithreán gréasáin
http://iase-web.org/islp/Competitions.php
Chun tuilleadh eolais a fháil ar Chomórtais agus Gradaim CSO eile → Cliceáil anseo