Tá Próifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí Dhaonáireamh 2022 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (31 Lúnasa 2023). Caitear súil i bPróifíl 3 ar chásanna teaghlaigh agus ar shocruithe maireachtála an daonra agus ar chineálacha agus méideanna éagsúla comhdhéanaimh teaghlach agus líonta tí. Tá mionsonraí ar shocruithe cúraim leanaí (ar cheist nua í sin ar fhoirm Dhaonáireamh 2022) ar fáil sa tuarascáil seo.
Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhathruithe ar Phort Láirge. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Trácht an Staitisteora
Ag trácht di ar na torthaí, dúirt Deirdre Lynch, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh:
“Taispeántar i bPróifíl 3 an chaoi a bhfuil teaghlaigh agus socruithe maireachtála na hÉireann á bhforbairt agus á n-athrú. Caitear súil ar na hathruithe a tháinig ar líon na dteaghlach a bhfuil clann acu nó nach bhfuil clann acu agus ar líon na lánúineacha comhghnéis. Léirítear sna torthaí go bhfuil méadú tagtha ar an líon teaghlach ach go bhfuil laghdú de bheagán tagtha ar an meánlíon leanaí in aghaidh an teaghlaigh, cé nach raibh aon athrú air sin sa dá dhaonáireamh roimhe seo. Áirítear sa phróifíl seo freisin den chéad uair riamh sonraí ar an líon leanaí faoi 15 bliana d’aois atá i gcúram leanaí chomh maith leis na cineálacha cúraim leanaí agus an líon uaireanta a freastalaíodh.”
Torthaí do Phort Láirge
Teaghlaigh
Bhí 32,492 teaghlach i bPort Láirge in Aibreán na bliana 2022, is ardú é sin ó 30,524 (+6%) in 2016. Ba é 1.30 an meánlíon leanaí in aghaidh an teaghlaigh sa chontae, i gcomparáid le 1.34 ar bhonn náisiúnta.
I measc theaghlaigh Phort Láirge, bhí 13,702 lánúin phósta ann a raibh clann acu agus bhí 2,246 lánúin in aontíos ann a raibh clann acu. Bhí 5,256 teaghlach eile ann a raibh clann acu agus a raibh máthair shingil i bhfeighil orthu agus bhí 987 teaghlach ann a raibh athair singil i bhfeighil orthu. Bhí 8,076 lánúin phósta ann freisin nach raibh clann acu agus bhí 2,225 lánúin in aontíos nach raibh clann acu.
Tháinig méadú suas go 219 ar líon na lánúineacha comhghnéis i bPort Láirge in Aibreán 2022 i gcomparáid le 139 in 2016. Go náisiúnta, bhí 10,393 lánúin chomhghnéis ann.
Bhí 8,255 teaghlach i gcóiríocht ar cíos sa chontae (25%). Méadú 9% a bhí ansin ar an mbliain 2016.
Líonta tí príobháideacha agus Maireachtáil Aonair
B’ionann meánmhéid an lín tí i bPort Láirge in Aibreán na bliana 2022 agus 2.62 duine. Bhí sé sin faoin meán náisiúnta 2.74 duine.
Tháinig méadú ó 11,355 go 12,147 ar an líon daoine atá ina gcónaí leo féin sa chontae, sin méadú 7% ó bhí Daonáireamh 2016 ann.
19,829 duine a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine a bhí ina gcónaí sa chontae in Aibreán 2022. Astu sin, bhí 5,257 duine ina gcónaí leo féin. Ba mhéadú 21% é sin ar na daoine sin a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine agus a bhí ina gcónaí leo féin.
Daoine Fásta atá ina gCónaí lena dTuismitheoirí
In Aibreán 2022 i bPort Láirge, bhí 12,689 duine fásta, nó 13% de na daoine ar fad a bhí 18 mbliana d’aois agus níos sine sa chontae, fós ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Ba mhéadú 2,094 (20%) é seo ó 2016 i leith.
Go náisiúnta, bhí 522,486 duine fásta a bhí 18 mbliana d’aois agus níos sine ina gcónaí lena dtuismitheoirí (13%).
Tríd is tríd, cúramóirí gan íocaíocht a bhí i mbeagnach 25,000 duine fásta a bhí ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Cúramóirí gan íocaíocht iad 659 (5%) duine acu i bPort Láirge.
In 2022, ba é 24 bliain d’aois an aois ab óige nach raibh formhór na ndaoine go náisiúnta ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Ardú a bhí ansin ó 23 bliain d’aois in 2011. 26 bliain d’aois a bhí ann i bPort Láirge.
As na daoine fásta ar fad a bhí ina gcónaí lena dtuismitheoirí go náisiúnta in 2022, fireannaigh a bhí in 57% acu. Fireannaigh a bhí in 59% acu i bPort Láirge.
Bhí duine amháin as gach seisear duine fásta (16%) i dToghlimistéar Áitiúil Phort Lách-Choill Mhic Thomáisín ina chónaí lena dtuismitheoirí in Aibreán 2022, an ráta ab airde sa chontae.
Cúram Leanaí
Bhí 24,463 leanbh (faoi 15 bliana d’aois) ina gcónaí i bPort Láirge in Aibreán 2022. Sin 82 leanbh níos lú ná mar a bhí ann in 2016.
Go náisiúnta bhí 1,012,287 leanbh a bhí faoi 15 bliana d’aois (méadú 5,735 ó 2016 i leith). Bhí beagnach leanbh amháin as gach triúr – 331,783 - i gcúram leanaí de chineál éigin. I bPort Láirge, bhí 8,073 (33%) de na leanaí sin a bhí faoi 15 bliana d’aois i gcúram leanaí.
Bhí 3,082 leanbh in crèche/Montessori/grúpa súgartha/seirbhís iarscoile sa chontae (38%). Bhí díreach níos lú ná aon leanbh amháin as gach triúr (2,493) ag fáil aire ó dhuine muinteartha nó ó dhuine den teaghlach nach bhfaigheann íocaíocht. Bhí 1,438 leanbh eile (18%) ag fáil aire ó fheighlí leanaí (i dteach an fheighlí leanaí).