I nDaonáireamh 2022, taifeadadh 522,486 duine fásta 18 mbliana d’aois nó níos sine a bhí ina gcónaí in aontíos lena dtuismitheoirí. Is ionann sin agus méadú 14% ar oiread na bliana 2016.
Ag 9%, is i gCathair na Gaillimhe a bhí an sciar is lú de dhaoine fásta in aontíos lena dtuismitheoirí, agus bhí méadú 11% ar an oiread díobh le hais 2016.
Ag 16%, is i mBaile Átha Cliath Theas a bhí an sciar is mó de dhaoine fásta in aontíos lena dtuismitheoirí, agus an oiread díobh méadaithe 11% le hais 2016.
Taifeadadh 10,393 lánúin chomhghnéis le cónaí in aontíos le chéile sa bhliain 2022, sin ardú 72% ón mbliain 2016. Bhí 1,853 leanbh á dtógáil ag lánúineacha comhghnéis in 2022, ardú 86% le hais 2016.
Bhí 331,783 leanbh faoi bhun 15 bliana d’aois i gcúram leanaí sa bhliain 2022.
I mBaile Átha Cliath Theas, bhí 18,728 leanbh i gcúram leanaí, sciar 29% den iomlán faoi 15 bliana d’aois san údarás áitiúil sin agus an sciar is lú sa Stát.
I Muineachán, bhí 5,508 leanbh i gcúram leanaí, sciar 38% den iomlán faoi bhun 15 bliana d’aois sa chontae sin agus an sciar is mó sa Stát.