Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Daonáireamh 2022 Próifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Bhí líon na dteaghlach i nDaonáireamh 2022 59% níos airde ná mar a bhí in 1996, ach tháinig laghdú 26% ar an meánlíon leanaí in aghaidh an teaghlaigh

  • Tháinig méadú 11% ar líon na dteaghlach nach raibh clann acu ó 2016 agus 14% i gcomparáid le 2011.

  •  Bhí 20% níos mó teaghlach ina raibh athair mar thuismitheoir aonair agus teach acu ar cíos, ná sé bliana roimhe sin.

  •  Tháinig méadú 157% ar líon na lánúineacha comhghnéis i gcomparáid le 2011, 10,393 i nDaonáireamh 2022.

  • Ó 2016 i leith, tháinig méadú 17% ar líon na lánúineacha in aontíos nach raibh clann acu agus a bhí ina gcónaí i líonta tí príobháideacha, sin níos mó ná dhá oiread ráta fáis na lánúineacha pósta nach raibh clann acu agus a bhí ina gcónaí i líonta tí príobháideacha.

  • I nDaonáireamh 2022, bhí 8% de na daoine ar fad a bhí i líonta tí príobháideacha ina gcónaí leo féin, lena n-áirítear 44% díobh sin a bhí 85 bliain d’aois agus níos sine.

  •  As na 522,486 duine fásta a bhí ina gcónaí lena dtuismitheoirí, bhí os cionn leath acu fostaithe agus bhí 54% d'fhireannaigh agus 50% de bhaineannaigh ag obair.

  •  Bhí 50% níos mó cúramóirí fásta gan íocaíocht ina gcónaí lena dtuismitheoirí in 2022 ná mar a bhí sé bliana roimhe sin.

  •  As na 331,783 leanbh faoi 15 bliana d'aois a bhí i gcúram leanaí, thuairiscigh 3% nó 9,789 acu go raibh deacracht nó riocht amháin ar a laghad ag dul dóibh den chuid is mó nó go leor den am.

Trácht an Staitisteora

Próifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí Dhaonáireamh 2022 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (31 Lúnasa 2023). Caitear súil i bPróifíl 3 ar chásanna teaghlaigh agus ar shocruithe maireachtála an daonra agus ar cineálacha agus méideanna éagsúla comhdhéanaimh teaghlach agus líonta tí. Tá mionsonraí ar shocruithe cúraim leanaí (ar cheist nua í sin ar fhoirm Dhaonáireamh 2022) ar fáil sa tuarascáil seo.

Ag trácht di ar na torthaí, dúirt Deirdre Lynch, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh:

“Tugtar tuairisc sa phróifíl seo ar Theaghlaigh agus Líonta Tí in Éirinn ó Dhaonáireamh 2022.  “Léirítear sna torthaí go bhfuil méadú níos mó ná 5% tagtha ar líon na n-aonad teaghlaigh idir 2016 agus 2022. Tháinig méadú 11% ar líon na dteaghlach nach raibh clann acu ó 2016 agus tháinig laghdú ar an meánlíon leanaí in aghaidh an teaghlaigh go 1.34, laghdú ó 1.38 in 2016. 

Tháinig méadú 14% ar líon na ndaoine fásta a bhí 18 mbliana d’aois agus níos agus a bhí ina gcónaí lena dtuismitheoirí idir 2016 agus 2022 agus taifeadadh 522,846 duine fásta a bhí ina gcónaí lena dtuismitheoirí. 

Bhí beagnach aon trian (331,783) de leanaí faoi 15 bliana d'aois sa Stát i gcúram leanaí de chineál éigin. Ba í crèche nó saoráid den chineál céanna an cineál cúraim leanaí ba choitianta (42%), agus ina dhiaidh sin cúram leanaí a chuir duine muinteartha nó duine den teaghlach nach bhfaigheann íocaíocht ar fáil (28%).”

Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí – Roinnt Buaicphointí

Teaghlaigh

Bhí 1,279,951 teaghlach sa Stát Oíche an Daonáirimh 2022.  Ba mhéadú 61,581 (5%) é seo ó 2016 i leith.

Thit an meánlíon leanaí in aghaidh an teaghlaigh go 1.34 in 2022, tar éis 1.38 in 2011 agus 2016 araon.    

Ó 1996 i leith, tháinig méadú ar líon na dteaghlach ó 806,835 (+59%), agus thit an meánlíon leanaí in aghaidh an teaghlaigh faoi 26%, ó 1.82 go 1.34. 

Bhí beagnach 220,000 líon tí ina bhfuil teaghlach (17%) ann a raibh tuismitheoir amháin i bhfeighil orthu in 2022.  Áiríodh leis sin 186,487 teaghlach aontuismitheora-máthar, agus 33,509 teaghlach aontuismitheora-athar. 

Mhéadaigh líon na dteaghlach nach raibh clann acu go 394,052, méadú 11% ó 2016 i leith, agus 14% ó 2011 i leith. 

Cé go raibh a dtithe féin ag formhór na dteaghlach (a raibh clann acu nó nach raibh clann acu) (glan amach nó le morgáiste), tháinig méadú ar líon na dteaghlach a raibh áit acu ar cíos. Bhí ardú 20% ar chíos i measc teaghlach aontuismitheora-athar.

Mhéadaigh líon na lánúineacha comhghnéis go 10,393. Ardú 72% a bhí i gceist ó 2016 i leith agus 157% ó 2011 i leith.

Bhí 1,853 leanbh ann a raibh cónaí orthu i líon tí ina raibh lánúin chomhghnéis, méadú 86% ó 2016 i leith. 

Líonta tí príobháideacha agus Maireachtáil Aonair

Thit meánmhéid an teaghlaigh beagán i nDaonáireamh 2022, go 2.74 duine. 2.75 a bhí ann in 2016. 

Tháinig méadú ar gach cineál lín tí a bhí ina gcónaí le daoine eile (neamhghaolmhara). Tháinig méadú 6,509 (32%) ar líon na dteaghlach aontuismitheora a raibh clann acu agus a bhí ina gcónaí i líonta tí príobháideacha. Bhí 4,732 lánúin phósta níos mó nach raibh clann acu ina gcónaí i líonta tí príobháideacha le daoine eile (suas 36%), agus bhí 2,692 níos mó lánúineacha in aontíos nach raibh clann acu ina gcónaí i líonta tí príobháideacha le daoine eile (suas 39%).

Bhí 19,673 níos mó lánúineacha pósta nach raibh clann acu i líonta tí príobháideacha, sin méadú 8%. Ní raibh ansin ach níos lú ná leath an ráta méadaithe de lánúineacha in aontíos nach raibh clann acu i líonta tí príobháideacha, 17% (+11,516).

I mí Aibreáin 2022 bhí 425,974 duine ina gcónaí leo féin, méadú 7% ó 2016 i leith. San iomlán bhí 8% de na daoine a bhí ina gcónaí i líonta tí príobháideacha ina gcónaí leo féin. Bhí níos mó ná duine amháin as gach ceathrar díobh sin a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine ina gcónaí leo féin, agus bhí 44% díobh sin a bhí 85 bliain d’aois agus níos sine ina gcónaí leo féin freisin.

Bhí an líon is airde daoine ina gcónaí leo féin i gCathair Bhaile Átha Cliath, 61,525. Bhí Contae Chorcaí ina dhiaidh sin le 49,705 duine.

Daoine fásta ina gcónaí lena dtuismitheoirí

Bhí os cionn 500,000 duine fásta (18 mbliana d'aois agus níos sine) ina gcónaí lena dtuismitheoirí i mí Aibreáin 2022. Is é sin 63,612 níos mó ná in 2016 (+14%) agus 83,008 níos mó ná in 2011 (+19%).  Mar sin féin, d'fhan an sciar daoine fásta a bhí 18 mbliana d’aois agus níos sine agus a bhí ina gcónaí lena dtuismitheoirí mar an gcéanna sna trí dhaonáireamh, ag 13% i ngach cás.

I mí Aibreáin 2022, bhí thart ar 22% de na daoine idir 18 agus 50 bliain d'aois ina gcónaí lena dtuismitheoirí, méadú ó 19% in 2011 agus 20% in 2016. 

Ní raibh ach 17% díobh sin idir 25 agus 34 bliain d’aois ina gcónaí sa líon tí céanna lena dtuismitheoirí in 2011 ach faoi Dhaonáireamh 2022 bhí sé sin méadaithe go 23%. 

Tháinig méadú 3,796 duine fásta (26%) ar líon na ndaoine fásta atá 50 bliain d’aois agus níos sine agus atá ina gcónaí lena dtuismitheoirí ó 2016, agus faoi 6,730 (56%) ó 2011. Ba é seo an t-ardú céatadáin ba mhó in aon aoisghrúpa. 

Tháinig méadú mór ar líon na ndaoine fásta a chónaigh lena dtuismitheoirí agus a bhí ina gcúramóirí gan íocaíocht freisin.  Cúramóirí gan íocaíocht a bhí i mbeagnach 25,000 de dhaoine fásta den sórt sin, méadú 50% i gcomparáid le Daonáireamh 2016.  Bhí os cionn 40% de na cúramóirí fásta gan phá sin os cionn 40 bliain d’aois. 

Bhí níos mó fireannaigh fhásta ná baineannaigh fhásta ina gcónaí lena dtuismitheoirí, ag leanúint leis an treocht ón dá dhaonáireamh roimhe sin. Mar sin féin, bhí laghdú beag ar sciar na bhfireannach, 57%, i gcomparáid le 59% in 2011 agus in 2016 araon. 

Bhí os cionn leath na ndaoine fásta go léir a raibh cónaí orthu lena dtuismitheoirí ag obair, agus ní raibh ach 4% de bhaineannaigh agus 8% d’fhireannaigh dífhostaithe, tar éis a bpost roimhe sin a chailleadh nó a fhágáil.  Astu sin, bhí beagnach faoi 15,000 (46%) dífhostaithe go gearrthéarmach agus bhí 54% dífhostaithe go fadtéarmach. 

Daoine fásta i mBaile Átha Cliath Theas ba mhó a chónaigh lena dtuismitheoirí (16%), agus ba i gCathair na Gaillimhe a bhí an céatadán ab ísle (9%).

Cúram Leanaí

Bhí 1,012,287 leanbh faoi 15 bliana d’aois sa Stát i mí Aibreáin 2022. Ba mhéadú 5,735 é sin ó 2016 i leith. Astu sin, bhí beagnach duine as gach triúr (331,783) i gcúram leanaí de chineál éigin. Bhí beagnach os cionn ceathrar as gach deichniúr in crèche nó in áis den chineál céanna (42%), agus níos mó ná duine amháin as gach ceathrar ag fáil aire ó dhuine muinteartha nó duine den teaghlach nach bhfaigheann íocaíocht (28%).

Ba iad na leanaí i Muineachán ba mhó is dóichí a bhí i gcúram leanaí (38%) agus ba i mBaile Átha Cliath Theas agus i gCathair Bhaile Átha Cliath (29%) ba lú is dóichí. Ba mhó an seans go raibh leanaí i gCathair na Gaillimhe in crèche nó in áiseanna den chineál céanna (57%) agus ba i gContae Lú ba mhó is dóichí a thug duine muinteartha nó duine den teaghlach aire do leanaí gan aon phá a fháil (36%). 

As na daoine i gcúram leanaí, d’fhreastail beagnach dhá thrian ar an áit ar bhonn páirtaimseartha (suas le 20 uair an chloig sa tseachtain) agus d’fhreastail beagnach duine amháin as gach seisear ar an áit ar feadh 31 uair an chloig nó níos mó gach seachtain.

Ba in crèche nó áis den chineál céanna an cineál cúraim leanaí ba choitianta i measc leanaí réamhscoile (idir 0-4 bliana d'aois), ag 56%.  Bhí beagnach duine amháin as gach triúr díobh sin a bhí i gcúram leanaí san aoisghrúpa seo ar feadh 11-20 uair sa tseachtain. Bhí trí cheathrú díobh sin in crèche (60%) nó thug duine muinteartha aire dóibh gan aon phá a fháil (15%).   

Is é is dóichí go dtabharfadh duine muinteartha aire do leanaí in aois mheánscoile (13-14) (64%) gan phá.  D’fhreastail níos lú ná leathchuid díobh sin san aoisghrúpa seo ar chúram leanaí (46%) ar feadh 1-10 uair an chloig. 

Ba iad leanaí na dtuismitheoirí sa ghrúpa socheacnamaíoch gairmiúil níos Airde ba dhóichí a bhí in crèche nó in áis den chineál céanna (46%).  Bhí a dhá oiread seans ann go n-iarrfadh tuismitheoirí sna grúpaí Neamhoilte agus Leathoilte ar dhaoine muinteartha nó ar dhaoine den teaghlach aire a thabhairt dá leanaí i gcomparáid leo sin sa ghrúpa gairmiúil níos Airde (36% agus 18% faoi seach). Ba iad tuismitheoirí a raibh baint acu leis an bhfeirmeoireacht agus tuismitheoirí grúpaí gairmiúla níos Ísle ba mhó a roghnaigh feighlí i dteach an fheighlí leanaí dá riachtanais chúraim leanaí. 

Bhí deacracht nó riocht fadtéarmach amháin ar a laghad ag dul go beagnach 10,000 leanbh i gcúram leanaí in Aibreán 2022 (3%). Bhí leanbh amháin as gach triúr astu sin ag fáil aire ó dhuine muinteartha nó duine den teaghlach, agus bhí triúr leanaí as gach 10 acu sin in crèche nó in áis dá leithéid.

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Bhí an daonáireamh ar siúl Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Baineann figiúirí an dhaonáirimh leis an daonra de facto, rud a chiallaíonn gach duine a bhí sa Stát ar oíche Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Áiríonn an daonra de facto iadsan nach mbíonn ina gcónaí de ghnáth sa Stát ach a bhí sa Stát ar oíche an Daonáirimh. Ní áiríonn sé iadsan a bhíonn ina gcónaí sa Stát de ghnáth ach a bhí as láthair go sealadach lasmuigh den Stát ar oíche an Daonáirimh.
  • Is í Próifíl 3 an triú ceann i sraith d’ocht dtuarascáil théamacha ar Dhaonáireamh 2022. Tá na próifílí atá fanta liostaithe thíos agus foilseofar iad idir an Déardaoin 28 Meán Fómhair 2023 agus an 19 Nollaig 2023:
    • Próifíl 4 - Daoine faoi Mhíchumas, Sláinte agus Cúramóirí
    • Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneachas, An Lucht Siúil, agus Creideamh
    • Próifíl 6 - Daoine gan dídean
    • Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht
    • Próifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas
  • Foilseofar an Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS), ar staidreamh iad a tháirgtear do réimse de leibhéil gheografacha ón Stát go ceantair bheaga i Meán Fómhair 2023. Is féidir leat an Sceideal Foilsithe iomlán maidir le Daonáireamh 2022 a fháil ar an nasc seo a leanas: Sceideal Foilsithe maidir le Daonáireamh 2022 - CSO - An Phríomh-Oifig Staidrimh.
  • Chun críocha an daonáirimh, sainmhínítear teaghlach mar lánúin a bhfuil clann acu nó nach bhfuil clann acu, nó aonad aontuismitheora a bhfuil leanbh amháin nó níos mó acu. Ní mór do bhaill teaghlaigh a bheith ina ngnáthchónaitheoirí sa líon tí ábhartha.
  • Baineann líon tí príobháideach le duine amháin atá ina chónaí ina aonar nó grúpa daoine (nach gá gaol a bheith acu lena chéile) atá ina gcónaí ag an seoladh céanna agus a bhfuil socruithe coitianta tí acu - is é sin, béile amháin ar a laghad a roinnt in aghaidh an lae nó seomra suí a roinnt. Chun a bheith san áireamh sa líon tí, b’éigean don duine a bheith ina ghnáthchónaitheoir tráth an daonáirimh. Dá bhrí sin, ní raibh cuairteoirí chuig an líon tí ar Oíche an Daonáirimh san áireamh, agus cuireadh gnáthchónaitheoirí a bhí as láthair go sealadach (ar feadh níos lú ná 12 mhí) san áireamh. Is líon tí príobháideach buan é líon tí príobháideach a bhfuil cónaí air in áit chónaithe bhuan amhail teach, árasán nó seomra suí is leapa. Is líon tí príobháideach sealadach é líon tí príobháideach a bhfuil cónaí air i gcarbhán, teach soghluaiste nó áit chónaithe shealadach eile.
  • Áiríodh i nDaonáireamh 2022 ceist nua maidir leis an gcineál cúraim leanaí a úsáideann leanaí faoi 15 bliana d'aois agus a n-uaireanta seachtainiúla tinrimh ansin.
  • bileog faisnéise ar Phróifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí ar fáil ina n-áirítear an cur i láthair go léir agus roinnt comhaid ghearra fuaime i mBéarla agus i nGaeilge ar na príomhthorthaí.
  • grafaic eolais foilsithe do Dhaonáireamh 2022: Proifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn an ghrafaic eolais uait i bhformáid ar leith.
  • Ceisteanna Coitianta maidir le Daonáireamh 2022 ar fáil.
  • Sainmhínithe - Féach na Nótaí Cúlra.

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --