Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Próifíl 3 Dhaonáireamh 2022: Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí - An Ghaillimh

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Bhí nach mór 6,000 duine fásta (9%) i gCathair na Gaillimhe, agus breis is 20,000 (14%) i gContae na Gaillimhe ina gcónaí in aontíos lena dtuismitheoirí.

Próifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí Dhaonáireamh 2022 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (31 Lúnasa 2023). Caitear súil i bPróifíl 3 ar chásanna teaghlaigh agus ar shocruithe maireachtála an daonra agus ar chineálacha agus méideanna éagsúla comhdhéanaimh teaghlach agus líonta tí. Tá mionsonraí ar shocruithe cúraim leanaí (ar cheist nua í sin ar fhoirm Dhaonáireamh 2022) ar fáil sa tuarascáil seo.

Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhathruithe ar Ghaillimh. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.

Trácht an Staitisteora

Ag trácht di ar na torthaí, dúirt Deirdre Lynch, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh:

“Taispeántar i bPróifíl 3 an chaoi a bhfuil teaghlaigh agus socruithe maireachtála na hÉireann á bhforbairt agus á n-athrú. Caitear súil ar na hathruithe a tháinig ar líon na dteaghlach a bhfuil clann acu nó nach bhfuil clann acu agus ar líon na lánúineacha comhghnéis. Léirítear sna torthaí go bhfuil méadú tagtha ar an líon teaghlach ach go bhfuil laghdú de bheagán tagtha ar an meánlíon leanaí in aghaidh an teaghlaigh, cé nach raibh aon athrú air sin sa dá dhaonáireamh roimhe seo. Áirítear sa phróifíl seo freisin den chéad uair riamh sonraí ar an líon leanaí faoi 15 bliana d’aois atá i gcúram leanaí chomh maith leis na cineálacha cúraim leanaí agus an líon uaireanta a freastalaíodh.”

Torthaí do Ghaillimh

Teaghlaigh

Bhí 17,245 teaghlach i gCathair na Gaillimhe in Aibreán na bliana 2022, is ardú é sin ó 16,844 (+2%) in 2016. Ba é 1.19 an meánlíon leanaí in aghaidh an teaghlaigh sa Chathair, i gcomparáid le 1.34 ar bhonn náisiúnta.

I gContae na Gaillimhe, bhí 49,559 teaghlach ann i gcomparáid le 46,524 in 2016 (+7%). Ba é 1.41 an meánlíon leanaí in aghaidh an teaghlaigh, a bhí os cionn an mheáin náisiúnta 1.34 teaghlach.

I measc theaghlaigh Chathair na Gaillimhe, bhí 6,775 lánúin phósta ann a raibh clann acu agus bhí 1,011 lánúin in aontíos ann a raibh clann acu. Bhí 2,801 teaghlach eile ann a raibh clann acu agus a raibh máthair-shingil i bhfeighil orthu agus bhí 409 teaghlach ann a raibh athair-singil i bhfeighil orthu.  Bhí 3,998 lánúin phósta ann freisin nach raibh clann acu agus bhí 2,251 lánúin in aontíos nach raibh clann acu.

Bhí 25,022 lánúin phósta a raibh clann acu i gContae na Gaillimhe agus bhí 2,809 lánúin in aontíos a raibh clann acu. Bhí 6,960 teaghlach eile ann a raibh tuismitheoir singil i bhfeighil orthu, lena n-áirítear 1,154 teaghlach a raibh athair-singil i bhfeighil orthu. Bhí 12,030 lánúin phósta ann freisin nach raibh clann acu agus bhí 2,738 lánúin in aontíos nach raibh clann acu.

Tháinig méadú suas go 254 ar líon na lánúineacha comhghnéis i gCathair na Gaillimhe in Aibreán 2022 i gcomparáid le 138 in 2016. Bhí 221 lánúin chomhghnéis i gContae na Gaillimhe i gcomparáid le 116 sé bliana roimhe. Go náisiúnta, bhí 10,393 lánúin chomhghnéis ann. 

Bhí 7,103 teaghlach i gcóiríocht ar cíos sa Chathair (41%). Laghdú 1% a bhí ansin ó 2016 i leith. Tháinig laghdú 1% freisin go 8,059 ar an líon teaghlach i gcóiríocht ar cíos sa Chontae.

Líonta tí príobháideacha agus Maireachtáil Aonair

B’ionann meánmhéid an lín tí i gCathair na Gaillimhe in Aibreán na bliana 2022 agus 2.62duine, a bhí faoin meán náisiúnta (2.74 duine). I gcontrárthacht leis sin, bhí an meán i gContae na Gaillimhe os cionn sin, ag 2.81 duine in aghaidh an lín tí.

Bhí 7,505 duine ina gcónaí leo féin sa chathair, sin méadú 9% ó bhí Daonáireamh 2016 ann.  Tháinig méadú 8% go 15,615 ar an líon daoine atá ina gcónaí leo féin sa chontae.

9,714 duine a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine a bhí ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe in Aibreán 2022. Astu sin, bhí 2,688 duine ina gcónaí leo féin. Ba mhéadú 28% é sin ar na daoine sin a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine agus a bhí ina gcónaí leo féin.

I gContae na Gaillimhe, bhí 7,609 duine as na 30,224 duine a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine ina gcónaí leo féin. Sin ardú 20% ó 2016 i leith.

Daoine Fásta atá ina gCónaí lena dTuismitheoirí

In Aibreán 2022 i gCathair na Gaillimhe, bhí 5,896 duine fásta, nó 9% de na daoine ar fad a bhí 18 mbliana d’aois agus níos sine sa chontae, fós ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Ba mhéadú 598 (11%) é sin ó 2016 i leith.

Bhí 20,098 duine a bhí 18 mbliana d’aois agus níos sine ina gcónaí lena dtuismitheoirí i gContae na Gaillimhe (14%). B’in ardú 2,511 (14%) ó 2016 i leith.

Go náisiúnta, bhí 522,486 duine fásta a bhí 18 mbliana d’aois agus níos sine ina gcónaí lena dtuismitheoirí (13%).

Tríd is tríd, cúramóirí gan íocaíocht a bhí i mbeagnach 25,000 duine fásta a bhí ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Cúramóirí gan íocaíocht iad 363 (6%) duine acu i gCathair na Gaillimhe. Cúramóirí gan íocaíocht iad 1,189 (6%) duine acu i gCathair na Gaillimhe.

In 2022, ba é 24 bliain d’aois an aois ab óige nach raibh formhór na ndaoine go náisiúnta ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Ardú a bhí ansin ó 23 bliain d’aois in 2011. 19 bliain d’aois a bhí i gceist do Chathair na Gaillimhe agus 27 bliain d’aois a bhí i gceist i gContae na Gaillimhe.

As na daoine fásta ar fad a bhí ina gcónaí lena dtuismitheoirí go náisiúnta in 2022, fireannaigh a bhí in 57% acu. I gCathair na Gaillimhe, fireannaigh iad 55%, agus fireannaigh iad 58% de na daoine fásta a bhí ina gcónaí lena dtuismitheoirí sa chontae.

In Aibreán 2022, bhí duine amháin as gach 10 nduine fhásta i dToghlimistéar Áitiúil Iarthar Chathair na Gaillimhe ina chónaí lena dtuismitheoirí, an ráta is airde in aon Toghlimistéar Áitiúil sa chathair.

I gContae na Gaillimhe, bhí an ráta ab airde ag Toghlimistéar Áitiúil Bhéal Átha na Sluaighe agus bhí 15% de na daoine sin a bhí 18 mbliana d’aois agus níos sine ina gcónaí lena dtuismitheoirí.

Cúram Leanaí

Bhí 13,032 leanbh (faoi 15 bliana d’aois) ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe in Aibreán 2022. Sin 207 leanbh níos lú ná mar a bhí ann in 2016. I gContae na Gaillimhe, bhí 40,570 leanbh a bhí faoi 15 bliana d’aois, 73 níos mó ná sé bliana roimhe.

Go náisiúnta bhí 1,012,287 leanbh a bhí faoi 15 bliana d’aois (méadú 5,735 ó 2016 i leith).  Bhí beagnach leanbh amháin as gach triúr – 331,783 – i gcúram leanaí de chineál éigin.

I gCathair na Gaillimhe, bhí 4,085 (31%) de na leanaí sin a bhí faoi 15 bliana d’aois i gcúram leanaí. Bhí 14,953 leanbh i gcúram leanaí sa chontae (37%).

Bhí níos mó ná leath de na leanaí sin i gcúram leanaí i gCathair na Gaillimhe in crèche / Montessori / grúpa súgartha / seirbhís iarscoile (57% nó 2,332 leanbh). Bhí 828 leanbh ag fáil aire ó dhuine muinteartha nó ó dhuine den teaghlach nach bhfaigheann íocaíocht (20%). Bhí 423 leanbh eile ag fáil aire ó fheighlí leanaí i dteach an fheighlí leanaí (10%).

Bhí 7,500 leanbh in crèche/Montessori/grúpa súgartha/seirbhís iarscoile sa chontae (50%). Bhí 22% leanaí eile (3,320 leanbh) ag fáil aire ó dhuine muinteartha nó ó dhuine den teaghlach nach bhfaigheann íocaíocht. Bhí 2,549 leanbh eile (17%) ag fáil aire ó fheighlí leanaí (i dteach an fheighlí leanaí).

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Bhí an daonáireamh ar siúl Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Baineann figiúirí an dhaonáirimh leis an daonra de facto, rud a chiallaíonn gach duine a bhí sa Stát ar oíche Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Áiríonn an daonra de facto iadsan nach mbíonn ina gcónaí de ghnáth sa Stát ach a bhí sa Stát ar oíche an Daonáirimh. Ní áiríonn sé iadsan a bhíonn ina gcónaí sa Stát de ghnáth ach a bhí as láthair go sealadach lasmuigh den Stát ar oíche an Daonáirimh.
  • Is í Próifíl 3 an triú ceann i sraith d’ocht dtuarascáil théamacha ar Dhaonáireamh 2022. Tá na próifílí atá fanta liostaithe thíos agus foilseofar iad idir an Déardaoin 28 Mean Fomhair 2023 agus an 19 Nollaig 2023:
    • Próifíl 4 - Daoine faoi Mhíchumas, Sláinte agus Cúramóirí
    • Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneachas, An Lucht Siúil, agus Creideamh
    • Próifíl 6 - Daoine gan dídean
    • Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht
    • Próifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas
  • Foilseofar an Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS), ar staidreamh iad a tháirgtear do réimse de leibhéil gheografacha ón Stát go ceantair bheaga i Meán Fómhair 2023. Is féidir leat an Sceideal Foilsithe iomlán maidir le Daonáireamh 2022 a fháil ar an nasc seo a leanas: Sceideal Foilsithe maidir le Daonáireamh 2022 - CSO - An Phríomh-Oifig Staidrimh.
  • Chun críocha an daonáirimh, sainmhínítear teaghlach mar lánúin a bhfuil clann acu nó nach bhfuil clann acu, nó aonad aontuismitheora a bhfuil leanbh amháin nó níos mó acu. Ní mór do bhaill teaghlaigh a bheith ina ngnáthchónaitheoirí sa líon tí ábhartha.
  • Baineann líon tí príobháideach le duine amháin atá ina chónaí ina aonar nó grúpa daoine (nach gá gaol a bheith acu lena chéile) atá ina gcónaí ag an seoladh céanna agus a bhfuil socruithe coitianta tí acu - is é sin, béile amháin ar a laghad a roinnt in aghaidh an lae nó seomra suí a roinnt. Chun a bheith san áireamh sa líon tí, b’éigean don duine a bheith ina ghnáthchónaitheoir tráth an daonáirimh. Dá bhrí sin, ní raibh cuairteoirí chuig an líon tí ar Oíche an Daonáirimh san áireamh, agus cuireadh gnáthchónaitheoirí a bhí as láthair go sealadach (ar feadh níos lú ná 12 mhí) san áireamh. Is líon tí príobháideach buan é líon tí príobháideach a bhfuil cónaí air in áit chónaithe bhuan amhail teach, árasán nó seomra suí is leapa. Is líon tí príobháideach sealadach é líon tí príobháideach a bhfuil cónaí air i gcarbhán, teach soghluaiste nó áit chónaithe shealadach eile.
  • Áiríodh i nDaonáireamh 2022 ceist nua maidir leis an gcineál cúraim leanaí a úsáideann leanaí faoi 15 bliana d'aois agus a n-uaireanta seachtainiúla tinrimh ansin.
  • Tá bileog faisnéise ar Phróifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí ar fáil ina n-áirítear an cur i láthair go léir agus roinnt comhaid ghearra fuaime i mBéarla agus i nGaeilge ar na príomhthorthaí.
  • Tá grafaic eolais foilsithe do Dhaonáireamh 2022: Proifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn an ghrafaic eolais uait i bhformáid ar leith.
  • Tá Ceisteanna Coitianta maidir le Daonáireamh 2022 ar fáil.
  • Sainmhínithe - Féach na Nótaí Cúlra.                   

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --