Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Daonáireamh 2022 - Próifíl 2 - Tithíocht in Éirinn

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Léirítear i dTorthaí Dhaonáireamh 2022 go bhfuil an ráta úinéireachta tí fós ag laghdú chomh maith le hardú a bheith ar líon na gcíosaithe atá 65 bliain d’aois agus níos sine

  • Ardú níos mó ná 5% tagtha ar an stoc tithíochta go 2,112,121 idir Aibreán 2016 agus Aibreán 2022.

  • Ardú 8% go dtí 1.85 milliún tagtha ar líon na dteaghaisí áitithe agus laghdú 11% go dtí 163,433 ar líon na dteaghaisí folmha.

  • Ardú 11% go dtí beagnach 680,000 tagtha ar líon na dteaghaisí atá faoi úinéireacht gan morgáiste nó iasacht agus laghdú 1% tagtha ar líon na dteaghaisí faoi úinéireacht le morgáiste nó iasacht.

  • Tháinig ardú suntasach ar an oiread líonta tí le daoine aois 65 agus níos sine a raibh áit ar cíos acu ó thiarna talún príobháideach go dtí beagnach 17,000 líon tí, ardú 83% ó 2016.

  • Tháinig ardú 37% ar an meánchíos sheachtainiúil i gcóiríocht phríobháideach ar cíos idir 2016 agus 2022.

  • Ba 119,300 líon na dtithe sa tír a raibh painéil ghréine orthu, nó 6% de theaghaisí áitithe.

  • Ní raibh aon cheangal idirlín de chineál ar bith i líon tí amháin as gach cúig cinn a raibh duine aois 65 nó níos sine i bhfeighil.

  • Díreach faoi bhun 48,000 teach a bhí folamh i ndaonáireamh 2016 agus a bhí folamh fós i ndaonáireamh 2022.

Trácht an Staitisteora

Ag trácht dó ar na torthaí, dúirt Brendan Murphy, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh:

Léirítear sna torthaí go bhfuil méadú níos mó ná 5% tagtha ar an stoc tithíochta idir 2016 agus 2022. Tá titim ar úinéireacht tithe de bharr go bhfuil líon na líonta tí atá ina gcónaí i gcóiríocht ar cíos ardaithe go dtí os cionn leathmhilliún. Tá ardú 83% tagtha ar an oiread líonta tí le daoine aois 65 nó níos sine a bhfuil cóiríocht ar cíos acu ó thiarna talún príobháideach idir 2016 agus 2022. Tá titim 11% tagtha ar líon na dteaghaisí folmha a comhaireadh i nDaonáireamh 2022 ó 2016. Ní mór cuimhneamh mar sin féin gur tomhas thar am ar leith é seo (folamh ar oíche an Daonáirimh, 03 Aibreán 2022), agus go raibh teaghaisí a bhí folamh go gearrthéarmach sa áireamh ann (teaghaisí ar díol, ar cíos, le hathchóiriú, an t-úinéir i dteach altranais mar shampla). Ag féachaint ar líon na dtithe a measadh a bheith folamh le linn Dhaonáireamh 2016 agus Dhaonáireamh 2022, is féidir linn a fheiceáil go raibh díreach faoi bhun 48,000 maoin den chineál sin ann. D'fhéadfadh sé sin a thabhairt le tuiscint go raibh siad folamh san fhadtéarma (Chun tuilleadh sainmhínithe a fháil ar céard is maoin fholamh ann, féach ar Nóta an Eagarthóra thíos). 

Cuirtear sonraí ar fáil sa Phróifíl seo freisin ar thréithe ár gcuid tithe ar nós mar a théitear iad, cibé an bhfuil aláraim dheataigh iontu nó an bhfuil foinsí fuinnimh in-athnuaite á n-úsáid. Léirigh an cheist nua seo go raibh painéil ghréine feistithe in 6% de thithe áitithe agus go raibh níos lú tithe nua ag brath ar bhreoslaí iontaise.”

Buaicphointí na Tuarascála

Athruithe ar an Stoc agus ar an gCineál Tithíochta

Tháinig ardú níos mó ná 5% ar an stoc tithíochta ó 2,003,645 go 2,112,121 idir Aibreán 2016 agus Aibreán 2022. Thit líon na dteaghaisí folmha beagnach 20,000 (-11%) go 163,433. Ní áirítear tithe saoire san fhigiúr sin a bhfuil ardú 8% tagtha air ó 62,148 go 66,956. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird nach gá go bhfuil teaghais a rangaítear ina teaghais fholamh chun críche daonáirimh ar fáil lena húsáid arís. Go bunúsach, is tomhas thar am ar leith í maoin fholamh maidir leis an daonáireamh a d’fhéadfadh a bheith éagsúil le tomhais tuairiscithe eile ar mhaoin fholamh a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar mhaoine atá folamh go fadtréimhseach. Chun tuilleadh a fháil amach faoin sainmhíniú a thugtar  ar mhaoin fholamh maidir leis an daonáireamh féach ar Nóta an Eagarthóra thíos.  

Bhí fás le feiceáil i ngach contae. Ba sa Mhí agus i gCill Dara ba mhó a raibh fás ar an stoc tithíochta, agus ardú breis is 11% air sa dá chontae. Ba i dTiobraid Árann ba mhoille a bhí fás ar an stoc tithíochta, ardú 2% le sé bliana. Bhí líon na dteaghaisí áitithe sa Stát a tógadh idir 2016 agus Daonáireamh 2022 beagnach 90% níos airde ná an líon a tógadh idir Daonáireamh 2011 agus 2015. Tá na cineálacha tithe atá á dtógáil ag athrú. Idir 2016 agus 2022 b’árasáin saintógtha iad 15% de na tithe a tógadh. I gcomparáid leis an méid tithe den chineál sin a tógadh idir 1971 agus 1980, ní raibh ach 3% díobh ina n-árasáin. 

Tionacht Tithíochta (Faoi Úinéireacht agus ar Cíos)

Tá ráta na húinéireachta tí fós ag titim. 66% an ráta a bhí i gceist i nDaonáireamh 2022, laghdú ó 68% in 2016, agus beagnach 70% in 2011. Léiríonn Daonáireamh 2022, go raibh úinéireacht ag breis is leath de shealbhóirí tí faoi aois 36 ar a dteach féin (le morgáiste nó iasacht nó gan morgáiste nó iasacht). Tá an aois seo, arb í an aois í a dtarlaíonn an t-athrú ó theach a bheith ar cíos go dtí teach a bheith faoi úinéireacht, ag ardú le himeacht na mblianta, ardaithe ó 26 bliana d’aois in 1991, 27 mbliana d’aois in 2002, 28 mbliana d’aois in 2006, 32 bhliain d’aois in 2011 agus 35 bliana d’aois in 2016. I nDaonáireamh 1991, ba 28 mbliana d’aois an aois ag a raibh úinéireacht (le hiasacht nó gan iasacht) ag dhá thrian de shealbhóirí tí ar a gcuid tithe féin. Faoi am Dhaonáireamh 2022, bhí an aois sin ardaithe go dtí 44.  

Bhí líon na dteaghaisí a bhí faoi úinéireacht gan morgáiste nó iasacht ardaithe 11% go dtí beagnach 680,000. Tháinig ardú 17% ar líon na dtithe a bhí faoi úinéireacht iomlán nuair a bhí an té a bhí i bhfeighil an lín tí 65 bliain nó níos sine ó 319,651 go 374,417. Tháinig ardú i ngach contae ar líon na dteaghaisí a bhí faoi úinéireacht iomlán idir 2016 agus 2022. Tháinig laghdú 1% go dtí 531,207 ar líon na dteaghaisí a bhí faoi úinéireacht le morgáiste nó iasacht. Ba i nDún na nGall (titim 10%) agus i dTiobraid Árann (titim 8%) a bhí an titim is mó ar mhaoine le morgáiste, na contaetha ba mhoille ina raibh fás ar thithíocht. Tháinig ardú ar líon na maoine le morgáiste i roinnt contaetha, go háirithe i gcontaetha a raibh fás láidir ar thithíocht, contae na Mí (ardú 9%) agus Cill Dara (ardú 6%) mar shampla.  

In Aibreán 2022, bhí breis is 330,000 teach ar cíos ó thiarna talún príobháideach. B’shin ardú 7% ó 2016. Tháinig ardú suntasach ar an oiread líonta tí le daoine 65 bliana d’aois nó níos sine a raibh cóiríocht ar cíos acu ó thiarna talún príobháideach go dtí beagnach 17,000 líon tí, ardú 83% ó 2016. Maidir le líonta tí a raibh duine aois 60 go 64 bliain i bhfeighil, d’ardaigh sé sin 69%. 

Ardú ar Chíos Phríobháideach

Tá an meánchíos sheachtainiúil a íoctar le tiarnaí talún príobháideacha fós ag ardú. €171 a bhí ann in 2011, ag ardú go dtí €200 in 2016, agus go dtí €273 i nDaonáireamh 2022. Idir 2011 agus 2022, b’ionann sin agus ardú 59% sa tréimhse, nó 37% idir 2016 agus 2022. Ba i nDún Laoghaire-Ráth an Dúinn a bhí an meánchíos sheachtainiúil b’airde sa tír in 2022 ag €442, agus ba i nDún na nGall a bhí an meánchíos b’ísle ag €134. Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, ba i gCathair Chorcaí (€297 sa tseachtain) agus i gCathair na Gaillimhe (€292 sa tseachtain) a bhí an meánchíos b’airde.

Bhí cíosaithe sa Longfort ag íoc 51% níos mó ar an meán in 2022 (€152 sa tseachtain), agus bhí cíosaithe go léir i Lú (€233 sa tseachtain), san Iarmhí (€197 sa tseachtain), agus sa Chlár (€188 sa tseachtain) ag íoc 47% níos mó ná mar a bhí siad a íoc in 2016. I gcontrárthacht leis sin, bhí an t-ardú is airde idir 2011 agus 2016 díreach faoi 30%.

Go náisiúnta, bhí breis is 52,000 líon tí ag íoc €400 níos mó cíosa in aghaidh na seachtaine le tiarnaí talún príobháideacha in Aibreán 2022, i gcomparáid le díreach 13,232 líon tí in 2016.  

I gCathair Bhaile Átha Cliath, ba bheagnach 23,000 líon na líonta tí a bhí ag íoc €400 i gcíos nó níos mó sa tseachtain, ardú ó 6,775 in 2016. I nDún Laoghaire, tháinig méadú faoi thrí ar líon na líonta tí a bhí ag íoc €400 nó níos mó sa tseachtain, go dtí díreach faoi 10,000. I bhFine Gall, bhí breis is 6,000 líon tí ag íoc €400 nó níos mó, i gcomparáid le 754 in 2016. Bhí arduithe móra freisin ar an gcíos i gCathair na Gaillimhe, i Luimneach agus i gCorcaigh.  

Téamh Lárnach

Bhí beagnach 3 theach as gach 4 theach ag úsáid ola (39%) nó gáis (33%) don téamh lárnach. Tá athrú suntasach tagtha ar théamh lárnach na dteaghaisí maidir le tithe a tógadh le gairid. Maidir le beagnach leath de na teaghaisí a tógadh idir 2016 agus 2022, ba leictreachas an príomhchineál breosla a úsáideadh don téamh lárnach, i gcomparáid le 10% de theaghaisí níos sine. Níl ola chomh coitianta ar chor ar bith mar an phríomhfhoinse breosla don téamh lárnach i dteaghaisí níos nuaí ag 9%, i gcomparáid le 41% de theaghaisí níos sine. Mar sin féin, úsáidtear gás nádúrtha don téamh lárnach i gcónaí i dtuairim is teaghais amháin as gach trí cinn - idir theaghaisí níos sine agus níos nuaí. 

Painéil Ghréine

Cuireadh ceist nua faoi fhoinsí fuinnimh in-athnuaite i nDaonáireamh 2022. Ba 119,300 líon na dtithe sa tír a raibh painéil ghréine orthu, nó 6% de theaghaisí áitithe. Ba sa Mhí a bhí an sciar is airde de thithe a raibh painéil ghréine orthu ag 7,629 nó 11% de theaghaisí áitithe, ar ionann é sin agus beagnach dhá oiread an ráta náisiúnta, agus is i gCathair Bhaile Átha Cliath a bhí an sciar is ísle ag 3% nó 6,197 teach.  

Aláraim Dheataigh

Áiríodh ceist nua i nDaonáireamh 2022 faoi líon na n-aláram deataigh atá ag obair sa líon tí. B’aláram deataigh nach raibh ag obair a bhí i mbeagnach 72,000 líon tí, nó 4% de theaghaisí áitithe. Bhí dhá oiread níos mó seans ann go mbeadh aláram deataigh nach raibh ag obair i dtithe scoite ná in árasáin i mbloc saindéanta árasán. 

Ceangal Idirlín agus Leathanbhanda

In Aibreán 2022, bhí ceangal leathanbhanda ag 1.46 milliún líon tí nó 79% de theaghaisí áitithe, ceangal seasta nó ceangal soghluaiste, lena n-áirítear 107,000 líon tí a raibh an dá cheangal acu. Ag glacadh ceangail satailíte agus eile san áireamh, bhí ceangal idirlín ag 1.53 milliún líon tí, nó 83% de theaghaisí áitithe. Bhí difríocht shoiléir sa cheangal idirlín ag brath ar aois an tsealbhóra tí. Ní raibh aon cheangal idirlín de chineál ar bith i líon tí amháin as gach cúig cinn a raibh duine aois 65 nó níos sine i bhfeighil. Ní raibh aon cheangal idirlín i líon tí amháin as gach deich gcinn a raibh duine idir 60 agus 64 bliana d’aois i bhfeighil. É sin ráite, ní raibh ach 3% de líonta tí ann a raibh duine idir 30 agus 44 bliana d’aois i bhfeighil orthu nach raibh ceangal idirlín iontu. 

Maoine Folmha

D’fhéadfadh nach raibh go leor de na maoine a rangaíodh mar mhaoine folmha sa daonáireamh folamh ach ar feadh tréimhse ghearr agus mar gheall ar réimse leathan cúiseanna lena n-áirítear tithe a bheith le díol, le fáil ar cíos, tithe nua nó athchóiriú, an t-úinéir i dteach altranais etc. Mar sin féin, bhí díreach faoi bhun 48,000 teaghais fholamh i ndaonáirimh 2016 agus 2022 araon agus d’fhéadfadh stádas folamh níos fadtéarmaí a bheith i gceist leo sin. 

Is é sainmhíniú an Daonáirimh maidir le teaghais fholamh ná táscaire thar am ar leith a ghlactar ar oíche an Daonáirimh ina gciallaíonn na cásanna sin go raibh na teaghaisí sin folamh ar oícheanta an daonáirimh in 2016 agus 2022 araon. Léiríodh rátaí níos ísle de mhaoine folmha ar feadh chontaetha chósta an oirthir i gcomparáid le contaetha atá amuigh faoin tuath, go háirithe iad sin in iarthuaisceart na tíre.

I mBaile Átha Cliath, bhí níos lú ná 1% den stoc tithíochta folamh in 2016 agus 2022 araon. Ba 6% an figiúr sin i Liatroim. Sa Stát ar an iomlán, 2% den stoc tithíochta a bhí folamh in 2016 agus 2022 araon. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin sainmhíniú a thugtar ar mhaoin fholamh maidir leis an daonáireamh, féach ar Nóta an Eagarthóra thíos. 

Nótaí d'Eagarthóirí

Sainmhíniú ar Mhaoin Fholamh:

  • Is é an sainmhíniú a úsáideann an Daonáireamh maidir le teaghais fholamh: Rangaíonn áiritheoirí daonáirimh teaghais ina teaghais fholamh má bhíonn sí folamh ar oíche an Daonáirimh, nach bhfuil sí á húsáid ina teach saoire agus nach mbíonn áitritheoirí ann go hiondúil atá as láthair go sealadach ag am an daonáirimh. Ní gá go bhfuil teaghais a rangaítear ina teaghais fholamh chun críche daonáirimh ar fáil lena húsáid arís.
  • Is é sainmhíniú an Daonáirimh maidir le teaghais fholamh ná táscaire thar am ar leith a ghlactar ar oíche an Daonáirimh maidir le cibé an raibh an mhaoin áitrithe nó nach raibh Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Níor chóir ‘folamh’ i dtaobh Daonáirimh a úsáid mar thomhas go bhfuil maoin folamh go fadtréimhseach ná é a chur i gcomparáid go díreach le figiúirí ar mhaoine folmha ó fhoinsí eile a bhféadfadh sainmhínithe nó modheolaíochtaí eile a bheith in úsáid acu. D’fhéadfaí teaghais a rangú ina teaghais fholamh mura bhfuil sí áitrithe mar go bhfuil sí le díol, á hathchóiriú, nó mar gheall gur maoin ar cíos í nach bhfuil áitrithe. Baineadh úsáid as sainmhíniú an Daonáirimh ar mhaoin fholamh i roinnt daonáireamh agus cuireann sin ar ár gcumas comparáidí a dhéanamh le himeacht ama.
  • Ní ghlactar tithe saoire san áireamh mar chuid den chomhaireamh ar theaghaisí folmha.
  • Ní áirítear teaghaisí atá á dtógáil ná maoine atá tréigthe ach an oiread mar chuid den chomhaireamh ar theaghaisí folmha. Ní féidir cónaí i dteaghaisí a rangaítear sa daonáireamh mar theaghaisí atá á dtógáil mar go bhfuil rud amháin nó níos mó rudaí amhail an díon, fuinneoga nó doirse in easnamh orthu. Ní féidir cónaí i dteaghaisí tréigthe mar go bhfuil siad i ndroch-chaoi, dúnta suas nó mar gheall go bhfuil go leor obair dheisiúcháin le déanamh orthu. Is féidir tuilleadh eolais a fháil inár gCeisteanna Coitianta ar Theaghaisí Folmha.
  • Tugtar sainmhíniú ar an stoc tithíochta mar líon iomlán na dteaghaisí cónaithe buana a bhí ar fáil d’áititheoirí an tráth a ndearnadh áireamh an daonáirimh. Sa tuairisc seo, tá an stoc tithíochta comhdhéanta de líonta tí príobháideacha buana (a bhfuil gnáthchónaitheoirí agus cuairteoirí araon iontu), tithe saoire, tithe nó árasáin fholmha, mar aon le teaghaisí a raibh na háititheoirí go léir as láthair go sealadach ar oíche an Daonáirimh. Mar sin féin, ní áirítear eagrais chomhroinnte, líonta tí príobháideacha sealadacha (e.g. carbháin agus tithe soghluaiste), mar aon le teaghaisí a rangaítear ina teaghaisí tréigthe nó teaghaisí atá á dtógáil ag na háiritheoirí faoin sainmhíniú seo.

Tuilleadh Eolais:

  • Bhí an daonáireamh ar siúl Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Baineann figiúirí an dhaonáirimh leis an daonra de facto, rud a chiallaíonn gach duine a bhí sa Stát ar oíche Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Áiríonn an daonra de facto iadsan nach mbíonn ina gcónaí de ghnáth sa Stát ach a bhí sa Stát ar oíche an Daonáirimh. Ní áiríonn sé iadsan a bhíonn ina gcónaí sa Stát de ghnáth ach a bhí as láthair go sealadach lasmuigh den Stát ar oíche an Daonáirimh.
  • Is í Próifíl 2 an dara ceann i sraith d’ocht dtuarascáil théamacha ar Dhaonáireamh 2022. Tá na próifílí atá fanta liostaithe thíos agus foilseofar iad idir an Déardaoin 31 Lúnasa 2023 agus an 19 Nollaig 2023:
    • Próifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí
    • Próifíl 4 - Daoine faoi Mhíchumas, Sláinte agus Cúramóirí
    • Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneachas, An Lucht Siúil, agus Creideamh
    • Próifíl 6 - Daoine gan dídean
    • Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht
    • Próifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --