In 2022 bhí 679,718 teaghais áitithe faoi úinéireacht ghlan, sé sin gan morgáiste ná iasacht. Is méadú 11% é sin le hais 2016.
In 2022, bhí 531,207 teaghais áitithe le morgáiste nó iasacht, sin laghdú 1% le hais 2016.
In 2022, bhí 513,704 teaghais áitithe ar cíos ó thiarna talún príobháideach, sin méadú 9% le hais 2016.
I nDaonáireamh 2022, €273 ab ea an meánluach seachtainiúil cíosa do theaghaisí áitithe ar cíos ó thiarna talún príobháideach, ardú 37% ó 2016.
I nDún na nGall, bhí meánchíos seachtainiúil de €134 in 2022, sin ardú 29% le hais 2016.
I nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, bhí meánchíos seachtainiúil de €442 in 2022, sin ardú 32% le hais 2016.
Bhí painéil gréine in úsáid ag 119,300 teach nó árasán sa stát in 2022, sin 6% de theaghaisí áitithe uile.
I gContae na Mí, taifeadadh painéil gréine ag 7,629 teach nó árasán, sin 11% de theaghaisí áitithe sa chontae agus an sciar is airde in aon údarás áitiúil.
I gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, luadh painéil gréine a bheith in úsáid ag 6,197 teach nó árasán, sin 3% de theaghaisí áitithe agus an sciar is lú in aon údarás áitiúil.