Skip navigation

Torthaí Dhaonáireamh 2022

Census Results 2022 Branding

Ceisteanna a chuirtear go minic

Foilsithe 23 Meitheamh 2022, 11r.n

Nuashonraithe go deireanach an 27 Iúil 2023

Conas a thugtar sainmhíniú ar theaghais fholamh sa daonáireamh?

Tugann áiritheoirí Daonáirimh teaghais fholamh ar theaghais má fheiceann siad nach bhfuil cónaí inti ar oíche an daonáireamh, nach n-úsáidtear í mar theach saoire agus nach teaghais í a mbíonn cónaí inti de ghnáth ach a bhfuil na sealbhóirí as láthair go sealadach ar oíche an daonáirimh.

Trí úsáid a bhaint as an sainmhíniú daonáirimh seo, tugtar táscaire ag am ar leith maidir le cibé an raibh cónaí sa teaghais nó nach raibh oíche Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022.

Tugann áiritheoirí Daonáirimh teaghais fholamh ar theaghais má fheiceann siad nach bhfuil cónaí inti ar oíche an daonáireamh, nach n-úsáidtear í mar theach saoire agus nach teaghais í a mbíonn cónaí inti de ghnáth ach a bhfuil na sealbhóirí as láthair go sealadach ar oíche an daonáirimh.

Tá úsáid bainte as sainmhíniú an Daonáirimh ar mhaoin fholamh i roinnt daonáireamh agus cuireann sin ar ár gcumas comparáidí a dhéanamh le himeacht ama.

An míneoidh tú dom mar a rangaíonn an t-áiritheoir an teaghais ina teaghais fholamh?

Féadfar teaghais a rangú ina teaghais fholamh mura bhfuil cónaí inti fad is atá sí le díol, a bhfuil athchóiriú á dhéanamh uirthi, nó más teaghais ar cíos í atá gan cónaí ag am an daonáirimh. Sa chás go bhfuil teaghais a rangaítear ina teaghais fholamh chun críche daonáirimh, ní gá go mbeadh sí ar fáil lena húsáid arís. Is tomhas ag am ar leith í maoin fholamh maidir leis an daonáireamh atá éagsúil le tomhais tuairiscithe eile ar mhaoin fholamh a d’fhéadfadh, mar shampla, a bheith dírithe ar thithe atá folamh go fadtréimhseach.

Ní áirítear tithe saoire i gcomhaireamh teaghaisí folmha an daonáirimh, ná teaghaisí atá á dtógáil nó maoine atá tréigthe. Meastar nach féidir cónaí fós i dteaghaisí a rangaítear sa daonáireamh mar theaghaisí atá á dtógáil mar go bhfuil rud tábhachtach amháin nó rudaí tábhachtacha amhail an díon, fuinneoga nó doirse in easnamh orthu. Meastar nach féidir cónaí i dteaghaisí tréigthe nuair a bhíonn siad i ndroch-chaoi, dúnta suas nó má bhíonn go leor obair dheisiúcháin le déanamh orthu.

Tá tuilleadh eolais ar na critéir agus rialacha a chuireann áiritheoirí i bhfeidhm d’fhonn teaghais fholamh a dheimhniú thíos.

Thuairiscigh an Phríomh-Oifig Staidrimh 163,433 teach agus árasán folamh i nDaonáireamh 2022. Cén chaoi a bhfuair sibh an figiúr sin?

Faoi oibríocht allamuigh an Daonáirimh, thug áiritheoirí cuairt ar bhreis is dhá mhilliún teach ar fud na hÉireann sna seachtainí timpeall ar oíche an daonáirimh, 03 Aibreán 2022. Bhí teagmháil ó dhoras go doras a dhéanamh leis an bpobal i gceist leis sin chun foirmeacha an daonáirimh a sheachadadh agus a bhailiú. I roinnt cásanna, cé gur thug an t-áiritheoir cuairteanna éagsúla ar an teach, fós féin níor freagraíodh an doras. Sna cásanna sin, rinne an t-áiritheoir measúnú bunaithe ar rialacha agus ar oiliúint na Príomh-Oifige Staidrimh maidir le teaghaisí folmha. Chiallaigh sin go ndearnadh roinnt teaghaisí a rangú ina dteaghaisí folmha.

Tháinig titim 11% ar líon na dteaghaisí folmha a taifeadadh i nDaonáireamh 2022 i gcomparáid le Daonáireamh 2016. Sa tréimhse chéanna, tháinig ardú 5% ar an stoc tithíochta in Éirinn. Thit an príomhráta de mhaoine folmha ó 9% go dtí 8% dá réir.

Ní áirítear tithe saoire i bhfigiúirí na maoine folmha atá luaite thuas. Is teaghaisí iad seo a bhí gan áitiú ar oíche an daonáirimh agus a bhí in úsáid mar thithe saoire séasúracha ag a gcuid úinéirí. Tháinig ardú ó 62,148 go 66,956 ar líon na dtithe saoire gan áitiú idir 2016 agus 2022, ardú 8%.

An bhfuil figiúirí ann do theaghaisí atá folamh go fadtréimhseach?

Bhí 47,923 teaghais a bhí folamh in 2016 fós folamh in 2022. Astu sin, taifeadadh 23,072 de na teaghaisí sin folamh in 2011, 2016 agus 2022. D’fhéadfadh na figiúirí sin a bheith ina léiriú ar theaghaisí a bhí folamh ar feadh tréimhse níos faide ama.

Tá tuairiscí eile ar thithíocht fholamh éagsúil ó fhigiúr an Daonáirimh. Cén chúis atá leis sin?

Is tomhas cruinn thar am ar leith é figiúr theaghaisí folmha an daonáirimh a glacadh ar oíche an daonáirimh in 2022.

Ríomhadh an figiúr sin trí úsáid a bhaint as gnásanna agus sainmhínithe mionsonraithe atá curtha i bhfeidhm go seasta le linn eagráin éagsúla den daonáireamh. Áirítear ann teaghaisí a bhí folamh ar feadh tréimhse ghearr ama. D’fhéadfadh sé go raibh na teaghaisí sin le díol, le fáil ar cíos, go raibh obair á déanamh orthu, nó b’fhéidir go raibh an t-úinéir san ospidéal nó i dteach altranais. Sna cásanna sin, b’fhéidir go raibh cónaí sna teaghaisí arís cúpla seachtain dár gcionn i ndiaidh oíche an daonáirimh agus nach mbeidís san áireamh i gcomhairimh ag dreamanna eile nó ag úsáid foinsí eolais eile ar theaghaisí folmha, go háirithe más comhairimh iad ina ndíríodh ar theaghaisí a bheith folamh go fadtéarmach.

I gcás comhairimh eile, baintear úsáid as gnásanna agus sainmhínithe difriúla chun teaghaisí folmha a thomhas, agus bheifí ag súil leis dá réir go mbeadh líon éagsúil teaghaisí folmha ina leithéid sin.

Breathnaíonn líon na dteaghaisí a bhfuil cur síos déanta orthu mar ‘teaghaisí le ligean ar cíos’ an-ard i gcomparáid leis an líon atá fógartha go poiblí ar shuíomhanna gréasáin.  Cén chúis atá leis sin?

I measc na maoine a dhearbhaigh áiritheoirí go raibh siad folamh ar oíche an daonáirimh agus a bhfuil cur síos orthu mar mhaoine ar cíos, tá teaghaisí a fógraíodh ar shuíomhanna gréasáin ina dteaghaisí a bhí le ligean ar cíos, maoine le ligean go gearrthréimhseach lena n-áirítear maoine Airbnb agus teaghaisí a bhí folamh idir dhá ligean agus a bhféadfadh sé tarlú nach raibh siad fógartha go poiblí. Bhí 33,653 teaghais folmha ann a bhí ina maoine ar cíos.  B’ionann sin agus níos mó ná 20% de stoc iomlán na dteaghaisí folmha.

Cén sainmhíniú a thugtar ar theach saoire?

Is teaghaisí iad tithe saoire nach bhfuil cónaí iontu ag am an daonáirimh agus nach bhfuil cónaí iontu ach anois agus arís le linn na bliana, le linn an tsamhraidh go hiondúil. Rangaíonn áiritheoirí teaghaisí nach bhfuil cónaí iontu mar thithe saoire bunaithe ar eolas a fhaightear ó dhaoine sa cheantar. De ghnáth bíonn tithe saoire dírithe níos mó ar cheantair chósta agus thuaithe.

Cé na rialacha a úsáideadh le fáil amach an raibh teaghaisí folamh?

Chloígh áiritheoirí daonáirimh le gnásanna mionsonraithe a d’fhorbair an Phríomh-Oifig Staidrimh i gcomhar le príomh-shaineolaithe ar fud eagráin éagsúla den daonáireamh. Mar chuid de na gnásanna sin, thug áiritheoirí cuairt ag amanna éagsúla den lá, agus ar laethanta éagsúla den tseachtain ar theaghaisí d’fhonn teagmháil a dhéanamh le sealbhóirí tí. Mar shampla, dá dtarlódh sé go dtabharfadh áiritheoir cuairt ar theach i rith an lae agus nach n-éireodh leo labhairt le muintir an tí, d’fhágfaidís cárta lena n-uimhir theagmhála theileafóin air ann. Thabharfaí cuairt arís ina dhiaidh sin ag amanna difriúla ar nós sa tráthnóna nó ag an deireadh seachtaine.

Lorg áiritheoirí comharthaí freisin a léireodh go raibh an mhaoin folamh amhail an post agus dramhphost ag dul i méid, gan aon soilse lasta san oíche, gan aon charr sna cabhsaí, garraithe ina bhfásach nó gan aon fhuinneog oscailte. Má bhí aon chosúlacht ar an maoin go raibh daoine ina gcónaí ann, ní fhéadfaidís an mhaoin a thaifeadadh ina maoin fholamh. Sa chás nach raibh siad ábalta teagmháil a dhéanamh le líon tí ar leith, labhair an t-áiritheoir leis na comharsana chun ceist a chur faoi na teaghaisí. Dá n-inseodh na comharsana don áiritheoir go raibh daoine ina gcónaí sna teaghaisí sin, ní fhéadfadh an t-áiritheoir iad a rangú ina dteaghaisí folmha.

Do Dhaonáireamh 2022, thug an Phríomh-Oifig Staidrimh feidhmchlár nua fóin chliste isteach a chur ar chumas áiritheoirí faisnéis a thaifeadadh faoi gach teach ina gceantar. Thug sé sin i bhfad níos mó eolais do bhainisteoirí allamuigh agus do cheanncheathrú an Daonáirimh ná mar a tugadh in eagráin roimhe seo den daonáireamh maidir leis an méid teaghaisí a rangaíodh ina dteaghaisí folmha agus d’éascaigh sé aon phatrún neamhghnách i leith tithíocht fholamh san fhíor-am a aithint agus a fhiosrú.

Nach mbeadh sé níos éasca ag áiritheoirí teach a thaifeadadh mar theach folamh seachas teacht ar ais ag an teach agus iarracht teagmháil a dhéanamh?

Déanann bainisteoirí allamuigh na n-áiritheoirí agus ceanncheathrú an Daonáirimh mionscrúdú ar an obair ar fad a thugann na háiritheoirí fúithi mar chuid den daonáireamh agus tá sé faoi réir gnásanna mionsonraithe dearbhaithe cáilíochta. Leagtar amach sin lena chinntiú go ndéanann na háiritheoirí taifead ar na sonraí cearta faoi gach teach sa cheantar lena n-áirítear an bhfuil siad folamh nó an bhfuil cónaí iontu.

Íoctar na háiritheoirí ag brath ar cé chomh rathúil agus a d’éirigh leo foirmeacha daonáirimh comhlánaithe a bhailiú ó dhaoine den phobal. Bhí 430 teaghais ar an meán ag áiritheoir ina limistéar féin. In 2022, íocadh €4.10 leo as gach foirm daonáirimh chomhlánaithe a bhailigh siad. Níor íocadh ach €1.20 leo ar gach teach folamh ina limistéar, agus spreag sé sin dá réir iad coinneáil orthu ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leis na sealbhóirí tí.

An bhfuil a fhios ag an bPríomh-Oifig Staidrimh cén fáth a raibh na teaghaisí seo folamh?

Tá figiúirí breise nua táirgthe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh a thugann léargas ar an údar a raibh roinnt de na 163,433 teaghais folamh ar oíche an daonáirimh. Cé nach bhfuil léargas iomlán againn air, thugamar ar aird go raibh go leor de na teaghaisí a taifeadadh ina dteaghaisí folmha le díol, gur maoine ar cíos a bhí iontu, go raibh an t-úinéir básaithe nó go raibh obair athchóirithe á déanamh orthu. D’fhéadfadh sé go raibh cónaí iontu sin arís cúpla seachtain i ndiaidh an Daonáireamh a chríochnú.

An bhfuil liosta de theaghaisí folmha ó Dhaonáireamh 2022 tugtha ag an bPríomh-Oifig Staidrimh do roinn rialtais ar bith eile?

Níl. Tá cosc iomlán faoin dlí ar an bPríomh-Oifig Staidrimh aon fhaisnéis faoi dhaoine aonair nó teaghaisí a thabhairt d’eagraíocht ar bith eile, do roinn rialtais nó d’aon tríú páirtí. Is chun críocha staidrimh, agus sin amháin, a bhainimid úsáid as an bhfaisnéis a bhailímid.

Cén fáth ar comhaireadh i bhfad níos mó teaghaisí folmha sa Daonáireamh ná mar a chomhair na Coimisinéirí Ioncaim?

Is tomhas thar am ar leith é comhaireamh Dhaonáireamh 2022 ar mhaoine folmha, mar a logáil níos mó ná 5,000 áiritheoir i mbun oibre ar fud na tíre. Chuir siad an obair sin i gcrích idir mí an Mhárta agus mí na Bealtaine in 2022 fad agus a bhí siad ag cur foirmeacha daonáirimh ar fáil agus ag bailiú na bhfoirmeacha sin. Úsáideadh agus rinneadh tástáil ar an gcur chuige daonáirimh i leith maoine folmha a chomhaireamh agus a shainmhíniú go seasta ón mbliain 2011 i leith, rud a thugann cead comparáid a dhéanamh le himeacht ama. Níor chóir ‘folamh’ i dtaobh Daonáirimh a úsáid chun maoin atá folamh go fadtréimhseach nó an méid teaghaisí a d’fhéadfadh a bheith ar fáil a thomhas. Ní fhéadfadh áiritheoir teaghais a rangú mar theaghais fholamh ach amháin mura raibh aon duine sa teaghais tar éis cuairteanna iomadúla a thabhairt uirthi agus tar éis fiosruithe a dhéanamh le comharsana. Bhí ar Mhaoirseoirí Allamuigh rangú gach teaghaise a cheadú freisin mar theaghais fholamh. Chun léargas níos mó a thabhairt ar an bhfáth a bhféadfadh teaghais a bheith ina teaghais fholamh ag am an daonáirimh, cuireadh feidhmchlár nua fóin chliste ar fáil d’áiritheoirí a chur ar a gcumas an chúis go raibh teaghais á taifeadadh acu ina teaghais fholamh a thabhairt.

Tá an figiúr do theaghaisí folmha a thuairiscigh na Coimisinéirí Ioncaim bunaithe ar chur chuige nua ina raibh teaghaisí folmha dearbhaithe ag na daoine iad féin a chomhlánaigh a dtuairisceán Cánach Maoine Áitiúil in 2021. Is bealach iomlán difriúil é seo chun maoine folmha a shainmhíniú agus a thomhas ná mar a dhéantar sa daonáireamh agus dá bhrí sin tá torthaí difriúla air.  Ba cheart a thabhairt ar aird freisin go bhfuil tomhais eile ar thithíocht fholamh bunaithe ar shainmhínithe agus cuir chuige mhalartacha a chuireann comhaireamh difriúil ar fáil lena n-áirítear na figiúirí a fhoilsíonn GeoDirectory go rialta ina dtuarascáil GeoView.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi chomhaireamh maoine folmha an daonáirimh?

Bheimis sásta treoir a thabhairt duit faoi mar is féidir ciall a bhaint as an eolas seo. Seol ríomhphost chugainn ar census@cso.ie nó cuir glaoch ar an uimhir (+353) 1 895 1460.