Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Beirt ina suí ar bhinse ar chósta féarach, ag breathnú amach ar fharraige ghorm chiúin faoi spéir ghlan.
CSO Surveys logo

Tá na staitisticí a fhoilsímid maidir le hÉireann neamhspleách agus iontaofa – toisc gur inis sibh dúinn iad

Mar thoradh ar an eolas a thugann tú dúinn is féidir linn íomhá an-chruinn d'Éirinn, dár saol, dár ngeilleagar, dár sláinte agus dár sonas a chur le chéile.

Cad é an Suirbhé ar Chaitheamh Aimsire amuigh sa Dúlra?

Is é cuspóir an tSuirbhé ar Chaitheamh Aimsire amuigh sa Dúlra faisnéis a bhailiú faoin gcaoi a n-idirghníomhaíonn líonta tí ar fud na hÉireann leis an gcomhshaol, go háirithe maidir leis an am a chaitear amuigh faoin aer i spásanna glasa agus nádúrtha. 

Sa suirbhé seo, is éard atá i gceist againn le spásanna glasa agus nádúrtha ná spásanna ‘glasa’ faoin aer i gcathracha agus i mbailte, amhail páirceanna agus canálacha, agus spásanna faoin tuath, amhail sléibhte, foraoisí nó tailte feirme. Áirítear anseo freisin spásanna cois uisce, amhail lochanna, taiscumair, aibhneacha agus an fharraige. Ba mhaith linn faisnéis a bhailiú faoi na cuairteanna a thugann tú ar na spásanna sin agus faoin tairbhe a bhaineann tú, ó thaobh d’fholláine de, as am a chaitheamh iontu.

Cén fáth a bhfuil an Suirbhé ar Chaitheamh Aimsire amuigh sa Dúlra tábhachtach?

Tugann an suirbhé seo ar líonta tí ar fud na tíre léargas cruinn dúinn ar a thábhachtaí atá an comhshaol do líonta tí agus do dhaoine aonair. 

Baineann daoine, fiontair, údaráis áitiúla agus an rialtas náisiúnta úsáid as na staitisticí a chuirimid ar fáil chun cinntí beartais a dhéanamh agus chun pleanáil a dhéanamh dár dtodhchaí.

Bímid ag brath ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn tú, mar sin glac páirt, le do thoil, mar tá tábhacht le do ghuth.

Conas is féidir liom a bheith páirteach?

Tá painéal de shaoránaigh a roghnaíodh go randamach curtha ar bun ag an bPríomh-Oifig Staidrimh chun páirt a ghlacadh i sraith suirbhéanna gearra. Má roghnaíodh don phainéal seo thú, rachfar i dteagmháil leat ar an ríomhphost nó ar an nguthán chun an suirbhé seo a líonadh isteach.

Má dhéantar teagmháil leat ar an ríomhphost, cuirfear eolas faoin gcaoi le páirt a ghlacadh sa Suirbhé Líon Tí ar Chaitheamh Aimsire amuigh sa Dúlra san áireamh sa ríomhphost. Is féidir leat teacht ar an gceistneoir agus é a chomhlánú trí úsáid a bhaint as aitheantóir na Príomh-Oifige Staidrimh agus as an UAP a chuirtear ar fáil sa ríomhphost agus tríd an nasc a chuirtear ar fáil a leanúint, nó cliceáil ar an nasc anseo; https://launch.survey.cso.ie/ 

Má dhéanaimid teagmháil leat ar an bhfón, is féidir leat an suirbhé a chomhlánú trí na cei steanna suirbhé a fhreagairt ar an bhfón.

Má iarrtar ort páirt a ghlacadh, déan amhlaidh toisc go bhfuil tábhacht le do ghuth.

Cén chaoi a mbeidh a fhios agam go bhfuil mo chuid faisnéise sábháilte?

Tá cosaint do phríobháideachta i gcroílár gach rud a dhéanaimid. Ráthaítear do chuid rúndachta de réir an dlí faoin Acht Staidrimh, 1993, rud a chiallaíonn nach féidir aon duine aonair, líon tí ná fiontar a aithint ó na sonraí a fhoilsímid. Tá an fhaisnéis a sholáthraíonn tú ginearálaithe, mar sin níl aon duine inaitheanta ó na sonraí a sholáthraíonn tú agus ní úsáidtear í ach chun críocha staidrimh. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leat as do mhuinín ionainn.

Tá leathanach Iontaoibh & Trédhearcacht forbartha againn, mar go bhfuil rúndacht an-tábhachtach dár gcuid oibre.


Tuilleadh Eolais maidir leis an Suirbhé ar Chaitheamh Aimsire amuigh sa Dúlra

Sonraí teagmhála

Chun tuilleadh eolais nó cúnamh a fháil maidir leis an Suirbhé ar Struchtúr Tuillimh, déan teagmháil le:

Ríomhphost: CSOTakePart@cso.ie

Teileafón: 021 453 5110

Léigh níos mó


Tuilleadh Eolais agus Acmhainní

Is féidir iontaoibh a chur sa Phríomh-Oifig Staidrimh

Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.