Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Summary of schedule is provided below the table
Sceideal de Shuirbhéanna ar Líonta Tí agus ar Dhaoine Aonair na Príomh-Oifige Staidrimh don bhliain 2025
Survey Ean Fea Már Aib Beal Meith Iúil Lún MF DF Samh Noll
Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running
Suirbhé Buiséid an Líon Tí (SBLT) Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running
Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SIDM) Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running
Suirbhé ar Chúrsaí Athúsáide Survey Running Survey Running Survey Running
Suirbhé Sciobtha: COVID : Ár Saol 5 Bliana Ar Aghaidh Survey Running Survey Running Survey Running
Suirbhé Fás Aníos in Éirinn Cohórt '24 (FAÉ '24) Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running
Suirbhé Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) Survey Running Survey Running Survey Running
Suirbhé maidir le Coiriúlacht agus Íospairt (SCI) Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running
Suirbhé Sláinte na hÉireann (SSE) Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running Survey Running
Suirbhé Iontaoibhe (SI) Survey Running Survey Running
Suirbhé Fás Aníos in Éirinn Cohórt '08 (FAÉ '08) Survey Running Survey Running Survey Running
Sceideal de Shuirbhéanna ar Líonta Tí agus ar Dhaoine Aonair na Príomh-Oifige Staidrimh don bhliain 2025

Maidir leis na Suirbhéanna

Suirbhé ar an Lucht Saothair

Is suirbhé ar fud na tíre ar feadh na bliana é an Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) a dhéantar ar líonta tí chun an tomhas oifigiúil fostaíochta agus dífhostaíochta sa stát a fháil, meastacháin ráithiúla ar an lucht saothair ina measc, mar aon le sonraí ar thopaicí sóisialta. Cabhraíonn na sonraí a bhailítear sa Suirbhé ar an Lucht Saothair linn léargas cruinn a fháil ar lucht saothair na hÉireann atá ag síorathrú. Cuirtear bonn eolais freisin faoi bheartais eacnamaíoch agus shóisialta a fhorbairt ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal Eorpach. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach le do thoil ar Suirbhé ar an Lucht Saothair.

Suirbhé ar Bhuiséid Líonta Tí

Is suirbhé ar fud na tíre é an Suirbhé ar Bhuiséid Líonta Tí (SBLT) chun sonraí a bhailiú ar chaiteachas agus ar chostais mhaireachtála i líonta tí in Éirinn a roghnaítear go randamach. Cabhraíonn na sonraí seo linn na hathruithe ar phraghasanna earraí a leanúint agus an ráta boilscithe, difríochtaí i nósanna caiteachais, agus tionchar an chostais mhaireachtála a rianú. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach le do thoil ar Suirbhé ar Bhuiséid Líonta Tí [en].

Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála

Is suirbhé ar fud na tíre é an Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) atá á reáchtáil ó 2004 i leith mar chuid de chlár ar fud an Aontais. Feidhmíonn an Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála ina fhoinse oifigiúil ar dhálaí maireachtála agus na leibhéil ioncaim atá ag daoine aonair agus ag líonta tí, chomh maith le príomhtháscairí náisiúnta bochtaineachta. I measc na dtáscairí sin tá an ráta ‘baol bochtaineachta’, an ráta ‘bochtaineacht sheasmhach’, agus na rátaí ‘díothú forghníomhaithe’. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach le do thoil ar Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) [en].

Suirbhé Fás Aníos in Éirinn

Is staidéar náisiúnta é an Suirbhé Fás Aníos in Éirinn (FAÉ) atá dírithe ar thuiscint a fháil ar shaol leanaí, daoine óga agus a dteaghlaigh sa stát le linn céimeanna difriúla dá saol. Tá ról ríthábhachtach ag an suirbhé seo, atá á reáchtáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh i gcomhar leis an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, chun tuiscint a fháil ar riachtanais leanaí agus daoine óga agus chun torthaí fadtéarmacha a fheabhsú. Tá léargais faighte freisin a chabhraíonn le bonn eolais a chur faoi bheartais agus faoi sheirbhísí a thacaíonn le leanaí agus le teaghlaigh in Éirinn.

  • FAÉ Cohórt '24  Díríonn FAÉ 24 ar pháistí atá naoi mí d’aois a rugadh in 2024 agus ar a gcuid teaghlaigh. Experiences in infancy are very important in shaping a child’s future, and so beginning the survey when the baby is this age allows us to track the impact of their early experiences through childhood and beyond. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach le do thoil ar Fás Aníos in Éirinn Cohórt '24.
  • FAÉ Cohórt ’08 Tá Cohórt FAÉ ’08 ag glacadh páirt sa suirbhé seo ó bhí siad naoi mí d’aois. Tugann an chéim seo de FAÉ ’08 an deis obair leantach a dhéanamh ar shaol agus ar shaincheisteanna daoine atá 17 nó 18 mbliana d’aois in Éirinn inniu. Cuideoidh sé le lucht déanta beartais áitiúil, náisiúnta agus Eorpach cinntí a cheapadh faoi sheirbhísí do dhaoine óga agus a dteaghlaigh. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach le do thoil ar Fás Aníos in Éirinn Cohórt '08.

Suirbhé maidir le Coiriúlacht agus Íospairt

Sa Suirbhé maidir le Coiriúlacht agus Íospairt (SCI) tomhaistear braistintí agus dearcadh daoine i leith na coireachta. Iarrtar ar rannpháirtithe a bhfreagra ar shraith ceisteanna a bhaineann leis an tionchar atá ag an gcoireacht ar a saol a rátáil agus a gcuid tuairimí a thabhairt ar chomh héifeachtach is atáthar ag déileáil leis an gcoireacht in Éirinn. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach le do thoil ar Suirbhé maidir le Coiriúlacht agus Íospairt.

Suirbhé Sláinte na hÉireann

Bailítear sonraí i Suirbhé Sláinte na hÉireann (SSE) faoi úsáid seirbhísí cúraim sláinte, stádas sláinte na rannpháirtithe, agus cinntithigh shláinte ar féidir leo dul i bhfeidhm ar shláinte daoine amhail cothú agus caitheamh tobac. Faightear sonraí iontaofa as an suirbhé i dtaca le sláinte daoine in Éirinn ar féidir iad a úsáid i mbeartais don tsláinte phoiblí. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach le do thoil ar Suirbhé Sláinte na hÉireann.

Suirbhé Sciobtha

Is suirbhéanna ar líne atá éasca agus tapa iad suirbhéanna Sciobtha ar féidir le gach duine atá 18 mbliana d’aois nó níos sine agus atá ina gcónaí in Éirinn páirt a ghlacadh iontu. Úsáidtear na suirbhéanna sin chun ‘meon’ na tíre a ghlacadh maidir le tréimhsí, imeachtaí nó saincheisteanna áirithe trí shuirbhéanna gearra a bhfuil rochtain éasca orthu a eisiúint go minic ar ardáin dhigiteacha. Tá an suirbhé Sciobtha is déanaí, COVID - Ár Saol 5 Bliana Ar Aghaidh, leagtha amach chun tionchar na paindéime ar an oideachas, obair, folláine agus gnéithe eile den saol a d’fhéadfadh a bheith athraithe le cúig bliana anuas a thomhas. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach le do thoil ar Suirbhé Sciobtha.

Suirbhé ar Chúrsaí Athúsáide

Tá an Suirbhé ar Chúrsaí Athúsáidte leagtha amach chun léargas cruinn a thabhairt dúinn ar an gcaoi a dhéanann líonta tí ar fud na tíre earraí a athúsáid agus a chaitheamh amach, an chaoi a bhfaigheann siad réidh le dramhaíl agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag truailliú torainn agus radóin orthu. Tá an suirbhé seo ar cheann den tsraith leanúnach suirbhéanna gearra a thugtar do dhaoine atá ar Phainéal Suirbhéanna na Príomh-Oifige Staidrimh. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach le do thoil ar Suirbhé ar Chúrsaí Athúsáidte [en].

Suirbhé Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide

Is suirbhé bliantúil é an Suirbhé ar Theicneolaíocht na Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) Líonta Tí a chlúdaíonn réimse topaicí a bhaineann le húsáid idirlín agus úsáid TFC ag teaghlaigh agus ag daoine aonair. Feidhmíonn an Suirbhé TFC mar fhoinse oifigiúil sonraí maidir le nascacht, caipiteal daonna, úsáid seirbhísí idirlín agus comhtháthú na teicneolaíochta digití in Éirinn, agus cabhraíonn sé linn dul chun cinn thíortha an Aontais i dtreo geilleagar digiteach agus sochaí dhigiteach a thomhas. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach le do thoil ar Suirbhé ar TFC Líonta Tí.

Suirbhé Iontaoibhe

Tá sé d’aidhm leis an Suirbhé Iontaoibhe eolas a bhailiú ar iontaobhas idirphearsanta féintuairiscithe daoine, leibhéil sástachta le seirbhísí poiblí éagsúla, iontaobhas in institiúidí poiblí éagsúla agus iontaobhas i leibhéil rialtais. Tá sé d’aidhm leis freisin féachaint ar na nithe is mó is bonn leis na leibhéil iontaoibhe sin (iontaofacht, freagrúlacht, sláine, cothroime agus oscailteacht). Cuidíonn na sonraí a bhailítear ón suirbhé seo le ranna agus gníomhaireachtaí rialtais agus le dreamanna eile beartais agus seirbhísí a fhorbairt lena neartófar iontaoibh in institiúidí poiblí. Cuirfidh sé ar ár gcumas freisin foghlaim ó dhea-chleachtais idirnáisiúnta a bhaineann le hiontaoibh, le leibhéil iontaoibhe a thomhas le himeacht ama in Éirinn, agus le comparáid a dhéanamh go hidirnáisiúnta.  Le haghaidh tuilleadh eolais, féach le do thoil ar Suirbhé Iontaoibhe.