Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneacht, An Lucht Siúil agus Creideamh eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (26 Deireadh Fómhair 2023). Féachtar le Próifíl 5 ar éagsúlacht an daonra in Éirinn, lena n-áirítear stádas saoránachta, grúpa nó cúlra eitneach agus na teangacha a labhraítear. Clúdaítear freisin imirce le gairid sa bhliain roimh an daonáireamh, Lucht Siúil na hÉireann agus cúrsaí creidimh. Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Mhaigh Eo. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Ráiteas an Staitisteora
Ag trácht dó ar na torthaí, dúirt Brendan Murphy, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Tugtar faisnéis mhionsonraithe i bPróifíl 5 ar raon na saoránach atá i measc dhaonra na hÉireann, lena n-áirítear miondealú de réir aoise agus inscne mar aon le miondealú de réir contae agus baile. Taispeántar freisin an inimirce go hÉirinn agus an imirce laistigh d’Éirinn le gairid. Sa 12 mhí suas go dtí oíche an Daonáirimh ar an 03 Aibreán 2022, bhí breis is 89,500 duine bogtha as an nua go hÉirinn, sin 9% níos mó i gcomparáid leis an tréimhse chéanna i nDaonáireamh 2016. Glactar san áireamh freisin sa phróifíl leathan-réimseach seo cúlraí eitneacha éagsúla dhaonra an stáit, lena n-áirítear sonraí ar aois, inscne agus saoránacht grúpaí éagsúla. Féachtar ar dhaonra an Lucht Siúil in 2022, lena n-áirítear miondealú de réir inscne agus chineál an lín tí. Tugtar sonraí freisin ar chomhdhéanamh creidimh dhaonra na hÉireann in Aibreán 2022.”
Roinnt buaicphointí faoi Mhaigh Eo
Saoránacht
Ba shaoránaigh neamh-Éireannacha iad 10% de dhaonra an chontae i Maigh Eo. Maidir le cónaitheoirí neamh-Éireannacha, ba shaoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe (3,898 duine) an grúpa ba mhó, agus ansin saoránaigh de chuid na Polainne (2,131 duine), saoránaigh de chuid na Liotuáine (819 duine) agus saoránaigh de chuid na hIndia (562 duine). Go náisiúnta, bhí breis is 631,000 saoránach neamh-Éireannacha ina gcónaí sa stát agus b’ionann sin agus 12% den daonra. Mhéadaigh líon na ndaoine a bhfuil déshaoránacht Éireannach acu sé sin nuair atá duine ina shaoránach de chuid dhá thír ag an am céanna sa chontae ó 2,462 duine in 2016 go dtí 4,557 duine in 2022. Áiríodh ar na déshaoránachtaí Éireannacha ba mhó saoránaigh de chuid na hÉireann-na Ríochta Aontaithe (1,481 duine), saoránaigh de chuid na hÉireann-na Stát Aontaithe (1,227 duine) agus saoránaigh de chuid na hÉireann-na hAstráile (352 duine). Bhí breis is 170,500 déshaoránach Éireannach ina gcónaí sa stát de réir Dhaonáireamh 2022.
Inimirce
3,854 duine a bhí ina gcónaí i Maigh Eo in Aibreán 2022 a bhog go dtí an contae sa 12 mhí roimhe. Bhí 2,044 duine san áireamh ansin a bhog ó áit éigin eile laistigh d’Éirinn, agus 1,810 duine ó lasmuigh den Stát. Bhog 3,871 duine eile laistigh den chontae sa 12 mhí roimh an daonáireamh.
Grúpa/Cúlra Eitneach
Beagnach 112,300 duine a bhí ina gcónaí i Maigh Eo in Aibreán 2022, bhí cúlra eitneach Éireannach Geal acu. Thug 11,950 duine eile le fios gur bhain siad le grúpa eile Geal. Bhí 1,588 duine ann arbh é Áiseach nó Áiseach Éireannach - Indiach/ Pacastánach/ Banglaidéiseach a gcúlra agus 616 duine arbh é Gorm nó Gorm Éireannach - Afracach an cúlra eitneach a bhí acu.
Lucht Siúil na hÉireann
1,294 duine den Lucht Siúil a bhí ina gcónaí i Maigh Eo de réir Dhaonáireamh 2022 i gcomparáid le 1,299 duine in 2016 (-0.4%). 640 bean nó cailín agus 654 fear nó buachaill a bhí i gceist. 32,949 duine den Lucht Siúil a bhí ina gcónaí in Éirinn i gcomparáid le 30,987 duine in 2016 (+6%). 16,777 bean nó cailín agus 16,172 fear nó buachaill a bhí i gceist.
Creideamh
De réir Dhaonáireamh 2022, ba Chaitlicigh breis is 109,800 duine sa chontae (80%). Sin titim ó 87% i nDaonáireamh 2016. Go náisiúnta, thug 69% le fios gur Caitlicigh Rómhánacha a bhí iontu, i gcomparáid le 78% in 2016. I measc na gcreideamh eile is coitianta i Maigh Eo, áirítear Eaglais na hÉireann (2,584 duine), Ioslam (1,653 duine) agus Ortadocsach (1,312 duine). In 2022, chuir breis is 13,400 duine in iúl nach raibh aon chreideamh acu, agus b’ardú 77% é sin ó bhreis is 7,600 duine i nDaonáireamh 2016, B’ionann an dream seo agus 10% de dhaonra an chontae, i gcomparáid le 6% in 2016.