Daonáireamh 2022 Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneacht, An Lucht Siúil agus Creideamh
Daonáireamh 2022 Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneacht, An Lucht Siúil agus Creideamh
Féach ar Tras-scríbhinn
Daonáireamh 2022 Próifíl 5 - Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneacht, An Lucht Siúil agus Creideamh
Ó thaobh shaoránaigh choigríche de, is ag saoránaigh na Ríochta Aontaithe a bhí an mheánaois is airde sa stát in 2022, sin 50 bliain.
Bhí meánaois 39 mbliana ann i measc shaoránaigh na hÉireann.
Ar an dream neamh-Éireannach ab óige in Aibreán 2022, bhí saoránaigh na hÚcráine le meánaois 25 bliana.
Sa 12 mhí roimh Dhaonáireamh 2022, tháinig 10,593 saoránach de chuid na hIndia chun cónaí sa stát, méadú 315% le hais an 12 mhí roimh Dhaonáireamh 2016.
Sa 12 mhí roimh Dhaonáireamh 2022, tháinig 4,689 saoránach de chuid na Brasaíle chun cónaí sa stát, méadú 2% le hais an 12 mhí roimh Dhaonáireamh 2016.
Sa 12 mhí roimh Dhaonáireamh 2022, tháinig 4,174 saoránach de chuid na Spáinne chun cónaí sa stát, méadú 43% le hais an 12 mhí roimh Dhaonáireamh 2016.
Bhí 4 dhuine ar an meán i líonta tí de chuid an Lucht Siúil, sin laghdú 5% ó 2016.
2.7 duine ab ea an meánmhéid líon tí i measc an daonra trí chéile, gan athrú ó 2016.