Bhí beagnach 632,000 saoránach neamh-Éireannacha ina gcónaí in Éirinn de réir Dhaonáireamh 2022, nó 12% den daonra.
Saoránaigh de chuid thíortha an Aontais Eorpaigh a bhí i mbeagnach 313,000 duine nó leath de shaoránaigh neamh-Éireannacha, agus ba shaoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe iad breis is 83,000 duine.
Sa 12 mhí roimh an daonáireamh, bhog breis is 89,500 duine go hÉirinn (.i. an stát).
Ba as an India beagnach 10,000 de na daoine a bhog go hÉirinn sa bhliain roimh Dhaonáireamh 2022 agus ba as an mBrasaíl breis is 5,000 duine.
Nach mór 3.9 milliún nó 77% de dhaoine a chuir in iúl gur Geal-Éireannach an chúlra eitneach a bhí acu.
Aon chúlra Gael eile ab ea an chéad ghrúpa eitneach ba mhó eile ag 10%, bhí Indiach/Pacastánach/Banglaidéiseach ina dhiaidh sin ag 2% agus Dubh nó Dubh-Éireannach ag 1%.
Tháinig ardú 6% go dtí 32,949 ar an líon daoine de Lucht Siúil na hÉireann le gnáthchónaí orthu sa stát. B'ionann daoine 65 bliain d'aois agus níos sine agus 15% de dhaonra an stáit, ach ní raibh ach 5% den Lucht Siúil san aoisghrúpa sin.
Thug breis is 736,000 duine nó 14% den daonra le cónaí in Éirinn le fios nach raibh aon chreideamh acu, sin ardú 63% ar fhigiúr Dhaonáireamh 2016.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Ráiteas an Staitisteora
Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneacht, An Lucht Siúil agus Creideamh eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (26 Deireadh Fómhair 2023). Féachtar le Próifíl 5 ar éagsúlacht an daonra in Éirinn, lena n-áirítear an tír shaoránachta, grúpa nó cúlra eitneach agus na teangacha a labhraítear. Déantar cúr síos inti freisin ar imirce sa bhliain roimh an daonáireamh, ar Lucht Siúil na hÉireann agus ar chúrsaí creidimh.
Ag trácht dó ar na torthaí, dúirt Brendan Murphy, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Clúdaítear cúig ábhar ar leith sa tuarascáil seo mar thoradh ar cheisteanna ar fhoirm an daonáirimh. Tugtar léargas dúinn ar éagsúlacht na saoránach atá ina gcónaí in Éirinn, ar phatrúin inimirce sa 12 mhí roimh an daonáireamh, ar ghrúpaí/cúlraí eitneacha, ar Lucht Siúil na hÉireann agus ar chúrsaí creidimh. Mar aon le foilseachán an lae inniu, tá líon mór táblaí sonraí ar fáil freisin le féachaint orthu ar an suíomh gréasáin CSO.ie. Athrú amháin ar Dhaonáireamh 2022 ná gur cuireadh ceist maidir le tír na saoránachta in ionad na ceiste ar náisiúntacht.
Ar oíche an Daonáirimh an 03 Aibreán 2022, ba shaoránaigh neamh-Éireannacha iad 12% den daonra agus ba dhaoine as an bPolainn agus as an Ríocht Aontaithe a bhí sna grúpaí ba mhó. 36 bliana an mheánaois a bhí ag an daonra neamh-Éireannach, aois atá níos óige ná an mheánaois 39 mbliana den daonra Éireannach, ach is fiú a thabairt ar aird go bhfuil an mheánaois don dá ghrúpa ag ardú. Tá roinnt grúpaí daonáirimh i bhfad níos óige áfach, mar shampla is idir 23 agus 43 bliain d’aois a bhí beagnach 80% den 27,338 Brasaíleach a bhí ina gcónaí in Éirinn oíche an Daonáirimh i gcomparáid le 25% den daonra Éireannach sa aoisghrúpa céanna.
Léiríodh i bPróifíl 5 freisin go raibh breis is 750,000 duine ag labhairt teanga eile sa bhaile seachas Béarla nó Gaeilge agus gurbh Pholainnis, Rómáinis, Fraincis, Spáinnis agus Portaingéilis na teangacha ba choitianta á labhairt.
Bailítear sonraí sa daonáireamh ar dhaoine atá tagtha chun cónaithe sa Stát sa 12 mhí roimh an daonáireamh agus tugann sin miondealú ar na patrúin imirce. Bhí ardú 9% ar líon na ndaoine a bhí ag bogadh go hÉirinn sa 12 mhí roimh oíche an Daonáirimh ar an 03 Aibreán 2022 go dtí breis is 89,500 duine le hais na tréimhse céanna roimh Dhaonáireamh 2016. Ba shaoránaigh de chuid na hÉireann duine amháin as gach ceathrar duine (25%) a bhí ag bogadh go hÉirinn.
Rinneadh leasú ar an gceist faoi ghrúpa/cúlra eitneach do Dhaonáireamh 2022 agus cuireadh catagóirí nua léi lena n-áirítear Romach, Indiach/Pacastánach/Banglaidéiseach agus Arabach. Leis an gcaoi ar athraíodh an cheist, tá roinnt catagóirí ann nach féidir a chur i gcomparáid le torthaí daonáirimh roimhe seo. Tugann an bhaint atá ag grúpa/cúlra eitneach le tír na saoránachta tuilleadh léargais ar éagsúlacht an daonra. Ba í Éire an tír shaoránachta ba choitianta a bhí ag an daonra Romach a bhí ina gcónaí anseo (28%), ina dhiaidh sin ba iad An Rómáin (22%), an Iodáil (10%) agus an Pholainn (9%) na tíortha saoránachta ba mhó a bhí i gceist.
Tháinig ardú 6% ar dhaonra Lucht Siúil na hÉireann go dtí beagnach 33,000 duine. 27 mbliana an mheánaois a bhí ag an Lucht Siúil i gcomparáid le 39 mbliana ar an meán don daonra iomlán le cónaí orthu in Éirinn. Ó thaobh aoise de, b’ionann daoine 65 bliain d’aois nó níos sine agus 15% de dhaonra an stáit, ach ní raibh ach 5% den Lucht Siúil san aoisghrúpa sin.
D'ardaigh líon na ndaoine le cónaí orthu in Éirinn nach bhfuil aon chreideamh acu go dtí breis is 736,000 duine nó 14% den daonra. Sin ardú 63% ó Dhaonáireamh 2016 i leith. Tháinig ardú mór freisin ar líon na ndaoine arbh Críostaíocht Cheartchreidmheach (méadú 65% go dtí breis is 100,000 duine), Ioslam (méadú 32% go dtí beagnach 82,000 duine) agus Hiondúchas (méadú 141% go dtí breis is 33,000 duine) an creideamh a bhí acu.
Éagsúlacht, Imirce, Eitneacht, An Lucht Siúil agus Creideamh - Roinnt Buaicphointí de réir Téama
Saoránacht
Áiríodh an cheist “Cén tír ina bhfuil tú i do shaoránach?” i nDaonáireamh 2022. Úsáidtear an cheist sin chun sonraí a bhailiú ar líon na ndaoine a bhfuil saoránacht Éireannach nó neamh-Éireannach acu, nó a bhfuil déshaoránacht acu (saoránacht Éireannach agus neamh-Éireannach). Ba í an cheist a cuireadh sna Daonáirimh roimhe seo ná “Cén náisiúntacht atá agat?”
Bhí beagnach 632,000 saoránach neamh-Éireannach ina gcónaí in Éirinn de réir Dhaonáireamh 2022, nó 12% den daonra. Sin i gcomparáid le 11% den daonra i nDaonáireamh 2016. Ba as tíortha eile san Aontas Eorpach beagnach 313,000 duine, nó nach mór leath, sin ardú 2% ó 2016. Ba shaoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe 13% den daonra neamh-Éireannach (83,347 duine). Bhí díreach os cionn 100,000 saoránach ó thíortha san Áise ina gcónaí anseo, agus b’ionann sin agus 16% den daonra neamh-Éireannach. Ba shaoránaigh as tíortha Eorpacha nach raibh san Aontas Eorpach iad breis is 25,000 duine, ardú 131% ó 2016. Ba í an ghéarchéim a bhí mar thoradh ar ionradh na hÚcráine ba chúis leis an ardú seo den chuid is mó.
Ba shaoránach neamh-Éireannach díreach os cionn duine as gach cúigear a bhí ina gcónaí i gCathair Bhaile Átha Cliath (21%) agus ba neamh-Éireannaigh iad 18% de na daoine a bhí ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe agus 17% de na daoine a bhí ina gcónaí i bhFine Gall. Ba shaoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe iad 36% den daonra neamh-Éireannach i nDún na nGall le hais 6% den daonra sin i gCathair Bhaile Átha Cliath.
Ba é Béal Átha hAmhnais an baile a raibh an sciar ba mhó de chónaitheoirí neamh-Éireannacha ag 37%. Áiríodh ar bhailte eile a raibh sciar mór de shaoránaigh neamh-Éireannacha iontu Baile Uí Mhatháin (33%) agus Meathas Troim (31%) sa Longfort.
Cé go bhfuil meánaoiseanna na saoránach Éireannach agus neamh-Éireannach ardaithe le roinnt Daonáireamh anuas, bhí na saoránaigh neamh-Éireannacha fós níos óige ar an meán ná saoránaigh na hÉireann. 36 bliana d’aois ar an meán a bhí saoránaigh neamh-Éireannacha i gcomparáid le saoránaigh na hÉireann a bhí níos sine ná 39 mbliana d’aois ar an meán. Mar sin féin, bhí saoránaigh na Ríochta Aontaithe agus na Gearmáine araon níos sine ar an meán, ag beagnach 50 bliain d’aois agus 42 bliana d’aois faoi seach. 25 bliain d’aois ar an meán a bhí saoránaigh de chuid na hÚcráine. Bhí líon 27,338 Brasaíleach ina gcónaí in Éirinn agus beagnach 80% acu idir 23 agus 43 bliana d’aois i gcomparáid le díreach 25% de shaoránaigh na hÉireann.
Labhair breis is 750,000 duine teanga eile sa bhaile seachas Béarla nó Gaeilge. Bhí tromlach na ndaoine sin ábalta Béarla a labhairt go han-mhaith (57%) nó go maith (26%). Thug 11% le fios nach raibh sibh ábalta Béarla a labhairt go maith agus dúirt 2% nár labhair siad Béarla ar chor ar bith.
Inimirce
Bailítear sonraí sa daonáireamh ar dhaoine a tháinig chun cónaithe in Éirinn sa 12 mhí roimh an daonáireamh. Tugann seo miondealú ar phatrúin agus ar thréithe inimirce na ndaoine a tháinig go hÉirinn.
Díreach os cionn 89,500 duine a bhog go dtí an stát sa 12 mhí roimh Dhaonáireamh 2022. B’ardú 9% é sin le hais an 12 mhí roimh Dhaonáireamh 2016. Ba shaoránaigh Éireannacha iad beagnach duine amháin as gach ceathrar a bhog go hÉirinn sa 12 mhí roimh Dhaonáireamh 2022. Astu sin, ba as an Ríocht Aontaithe a bhí beagnach 8,400 duine agus ba as an Astráil a bhí níos mó ná 2,500 duine.
I measc na saoránach neamh-Éireannach a tháinig go dtí an stát sa 12 mhí roimh Aibreán 2022, ba as an India a tháinig beagnach 10,000 díobh agus ba as an mBrasaíl a tháinig beagnach 5,200 díobh. Maidir leis na deich dtír ba mhó ónár bhog daoine go hÉirinn, ba thíortha san Aontas Eorpach cúig cinn acu - An Spáinn, An Rómáin, An Fhrainc, an Iodáil agus an Pholainn.
Bhí 18,566 duine i láthair sa Stát oíche an Daonáirimh a thug le fios gurbh í an Úcráin tír a saoránachta. Thug go leor de na daoine sin le fios nach í Éire an tír ina raibh gnáthchónaí orthu, agus mar sin níl siad san áireamh sna príomhfhigiúirí ar thír na saoránachta atá bunaithe ar dhaoine le gnáthchónaí orthu sa stát tráth an daonáirimh.
Grúpa/Cúlra Eitneach
Rinneadh leasú ar an gceist faoi ghrúpa/cúlra eitneach do Dhaonáireamh 2022 chun na catagóirí nua (i) Romach, (ii) Indiach/Pacastánach/Banglaidéiseach agus (iii) Arabach a áireamh.
Bhí beagnach 3.9 milliún duine ann a thug le fios i nDaonáireamh 2022 gur Geal-Éireannach an cúlra eitneach acu. Bhí nach mór 33,000 duine a dúirt gur Geal-Lucht Siúil na hÉireann atá iontu agus dúirt breis ná 502,000 eile gur cúlra Geal Eile atá acu.
Ag féachaint ar na catagóirí nua, bhí 94,434 duine ann a raibh cúlra eitneach Indiach/Pacastánach/Banglaidéiseach acu. Bhí 20,115 duine a luaigh cúlra eitneach Arabach a bheith acu agus bhí 16,059 duine ann a thug le fios gur Romaigh atá iontu.
Bhí 67,546 duine le cúlra eitneach Gorm nó Gorm Éireannach - Afracach acu, sin méadú 17% ar fhigiúr 2016. Bhí cúlra Gorm nó Gorm Éireannach - Aon chúlra Gorm eile ag beagnach 8,700 duine, méadú 28%.
Bhí cúlra Áiseach nó Áiseach Éireannach - Síneach ag 26,828 duine, méadú 38% le hais 2016.
Lucht Siúil na hÉireann
Tháinig méadú 6% ar Lucht Siúil na hÉireann le gnáthchónaí sa stát go dtí beagnach 33,000 duine i nDaonáireamh 2022. Fágann sé sin gur daoine de Lucht Siúil na hÉireann ab ea 6 as gach 1,000 duine den daonra. Mhéadaigh daonra an Lucht Siúil sa chuid is mó de na contaetha. B’iad na contaetha leis an méadú ba shuntasaí ná Uíbh Fhailí (méadú 30% go dtí 1,174), Fine Gall (méadú 17% go dtí 1,545) Tiobraid Árann (méadú 17% go dtí 1,434) agus Corcaigh (méadú 11% go dtí 2,376). Mar sin fhéin, thit líon na ndaoine den Lucht Siúil i roinnt contaetha idir 2016 agus 2022, lena n-áirítear an Longfort (laghdú 13% go dtí 913) agus Baile Átha Cliath Theas (laghdú 12% go 1,943).
39 mbliana d’aois an mheánaois ag an daonra ar fad ina gcónaí sa stát in 2022, i gcomparáid le 27 mbliana d’aois ar an meán i measc an Lucht Siúil. Ba leanaí faoi 15 bliana d’aois a bhí in 20% den daonra iomlán ach 36% a bhí i gceist maidir le daonra Lucht Siúil na hÉireann. B’ionann daoine 65 bliain d’aois nó níos sine agus 15% de dhaonra an stáit, ach ní raibh ach 5% den Lucht Siúil san aoisghrúpa sin..
Maidir le stádas sláinte, thug 67% den Lucht Siúil le fios go raibh a sláinte go maith nó an-mhaith, i gcomparáid le 83% den daonra iomlán, agus thug 4% le fios go raibh a sláinte go dona nó an-dona, i gcomparáid le 2% den daonra iomlán.
Sciar níos mó den Lucht Siúil a thug le fios go raibh riocht nó deacracht fhadtéarmach amháin ar a laghad ag gabháil dóibh ar leibhéal ar bith, ag 26%, i gcomparáid le 22% den daonra iomlán. Maidir le leanaí den Lucht Siúil faoi 15 bliana d’aois, thuairiscigh 7% acu go raibh riocht nó deacracht fhadtéarmach amháin ar a laghad ag gabháil dóibh go mór, i gcomparáid le 4% de na leanaí go léir sa stát.
Ba choitianta daoine den Lucht Siúil a bheith ag caitheamh tobac gach lá ag 16% i gcomparáid le 9% den daonra iomlán.
Creideamh
Thug breis is 3.5 milliún duine, nó 69% den daonra, le fios gur Caitliceachas Rómhánach an creideamh acu. Ar an dara grúpáil creidimh ba mhó sa stát, bhí daoine i gceann d’Eaglais na hÉireann, Eaglais Shasana, an Eaglais Anglacánach nó an Eaglais Easpagóideach, le breis is 124,700 duine. D'ardaigh líon na ndaoine a thug le fios nach raibh aon chreideamh acu go dtí breis is 736,000 duine nó 14% den daonra trí chéile. Sin ardú 63% ó Dhaonáireamh 2016 i leith. Tháinig ardú mór freisin ar líon na ndaoine arbh Críostaíocht Cheartchreidmheach (méadú 65% go dtí 100,165 duine), Ioslam (méadú 32% go dtí 81,930 duine) agus Hiondúchas (méadú 141% go dtí 33,043 duine) an creideamh a bhí acu.
Maidir le leanaí a bhí in aois réamhscoile (0 go 4 bliana), ba Chaitilicigh Rómhánacha 65% díobh agus ní raibh aon chreideamh ag 16% díobh. Maidir le leanaí a bhí 5 go 9 bliana d’aois, ba Chaitilicigh Rómhánacha 72% díobh agus ní raibh aon chreideamh ag 11% díobh. Ba lú an dochúlacht gur Caitilicigh Rómhánacha iad daoine a bhí idir 25 agus 29 mbliana d’aois (53%) le hais aoisghrúpaí eile. Ag an am céanna, is i measc daoine 25 go 29 mbliana d’aois a bhí an sciar is airde de dhaoine nach raibh aon chreideamh acu (26%).