Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneacht, An Lucht Siúil agus Creideamh eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (26 Deireadh Fómhair 2023). Féachtar le Próifíl 5 ar éagsúlacht an daonra in Éirinn, lena n-áirítear stádas saoránachta, grúpa nó cúlra eitneach agus na teangacha a labhraítear. Clúdaítear freisin imirce le gairid sa bhliain roimh an daonáireamh, Lucht Siúil na hÉireann agus cúrsaí creidimh. Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Luimneach. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Ráiteas an Staitisteora
Ag trácht dó ar na torthaí, dúirt Brendan Murphy, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Tugtar faisnéis mhionsonraithe i bPróifíl 5 ar raon na saoránach atá i measc dhaonra na hÉireann, lena n-áirítear miondealú de réir aoise agus inscne mar aon le miondealú de réir contae agus baile. Taispeántar freisin an inimirce go hÉirinn agus an imirce laistigh d’Éirinn le gairid. Sa 12 mhí suas go dtí oíche an Daonáirimh ar an 03 Aibreán 2022, bhí breis is 89,500 duine bogtha as an nua go hÉirinn, sin 9% níos mó i gcomparáid leis an tréimhse chéanna i nDaonáireamh 2016. Glactar san áireamh freisin sa phróifíl leathan-réimseach seo cúlraí eitneacha éagsúla dhaonra an stáit, lena n-áirítear sonraí ar aois, inscne agus saoránacht grúpaí éagsúla. Féachtar ar dhaonra an Lucht Siúil in 2022, lena n-áirítear miondealú de réir inscne agus chineál an lín tí. Tugtar sonraí freisin ar chomhdhéanamh creidimh dhaonra na hÉireann in Aibreán 2022.”
Roinnt buaicphointí faoi Luimneach
Saoránacht
Ba shaoránaigh neamh-Éireannacha iad 11% de dhaonra an chontae i Luimneach. Maidir le cónaitheoirí neamh-Éireannacha, ba shaoránaigh de chuid na Polainne (4,384 duine) an grúpa ba mhó, agus ansin saoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe (2,544 duine), saoránaigh de chuid na hIndia (2,341 duine) agus saoránaigh de chuid na Brasaíle (1,193 duine). Go náisiúnta, bhí breis is 631,000 saoránach neamh-Éireannacha ina gcónaí sa stát agus b’ionann sin agus 12% den daonra. Mhéadaigh líon na ndaoine a bhfuil déshaoránacht Éireannach acu sé sin nuair atá duine ina shaoránach de chuid dhá thír ag an am céanna sa chontae ó 3,258 duine in 2016 go dtí 5,487 duine in 2022. Áiríodh ar na déshaoránachtaí Éireannacha ba mhó saoránaigh de chuid na hÉireann-na Stát Aontaithe (1,044 duine), saoránaigh de chuid na hÉireann-na Ríochta Aontaithe (1,017 duine) agus saoránaigh de chuid na hÉireann-na Polainne (709 duine). Bhí breis is 170,500 déshaoránach Éireannach ina gcónaí sa stát de réir Dhaonáireamh 2022.
Inimirce
6,609 duine a bhí ina gcónaí i Luimneach in Aibreán 2022 a bhog go dtí an contae sa 12 mhí roimhe. Bhí 3,185 duine san áireamh ansin a bhog ó áit éigin eile laistigh d’Éirinn, agus 3,424 duine ó lasmuigh den stát. Bhog 6,883 duine eile laistigh den chontae sa 12 mhí roimh an daonáireamh.
Grúpa/Cúlra Eitneach
Breis is 159,700 duine a bhí ina gcónaí i Luimneach in Aibreán 2022, bhí cúlra eitneach Éireannach Geal acu. Thug 14,352 duine eile le fios gur bhain siad le grúpa eile Geal. Bhí 4,156 duine ann arbh é Áiseach nó Áiseach Éireannach - Indiach/ Pacastánach/ Banglaidéiseach a gcúlra agus 2,318 duine arbh é Gorm nó Gorm Éireannach - Afracach an cúlra eitneach a bhí acu.
Lucht Siúil na hÉireann
1,860 duine den Lucht Siúil a bhí ina gcónaí i Luimneach de réir Dhaonáireamh 2022 i gcomparáid le 1,659 duine in 2016 (+12%). 977 bean nó cailín agus 883 fear nó buachaill a bhí i gceist. 32,949 duine den Lucht Siúil a bhí ina gcónaí in Éirinn i gcomparáid le 30,987 duine in 2016 (+6%). 16,777 bean nó cailín agus 16,172 fear nó buachaill a bhí i gceist.
Creideamh
De réir Dhaonáireamh 2022, ba Chaitlicigh beagnach 150,800 duine sa chontae (72%). Sin titim ó 83% i nDaonáireamh 2016. Go náisiúnta, thug 69% le fios gur Caitlicigh Rómhánacha a bhí iontu, i gcomparáid le 78% in 2016. I measc na gcreideamh ba choitianta a bhí ag daoine i Luimneach, áirítear Ioslam (3,934 duine), Eaglais na hÉireann (3,571 duine) agus Ortadocsach (2,654 duine). In 2022, chuir breis is 23,300 duine in iúl nach raibh aon chreideamh acu, agus b’ardú 54% é sin ó bhreis is 15,100 duine i nDaonáireamh 2016. B’ionann an dream seo agus 11% de dhaonra an chontae in 2022, i gcomparáid le 8% in 2016.