Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Próifíl 5 Dhaonáireamh 2022: Éagsúlacht, Imirce, Eitneacht, An Lucht Siúil agus Creideamh– Baile Átha Cliath

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Saoránaigh neamh-Éireannacha ab ea 17% de dhaonra Bhaile Átha Cliath

Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneacht, An Lucht Siúil agus Creideamh eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (26 Deireadh Fómhair 2023).  Féachtar le Próifíl 5 ar éagsúlacht an daonra in Éirinn, lena n-áirítear stádas saoránachta, grúpa nó cúlra eitneach agus na teangacha a labhraítear. Clúdaítear freisin imirce le gairid sa bhliain roimh an daonáireamh, Lucht Siúil na hÉireann agus cúrsaí creidimh. Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Bhaile Átha Cliath. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.

Ráiteas an Staitisteora

Ag trácht dó ar na torthaí, dúirt Brendan Murphy, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Tugtar faisnéis mhionsonraithe i bPróifíl 5 ar raon na saoránach atá i measc dhaonra na hÉireann, lena n-áirítear miondealú de réir aoise agus inscne mar aon le miondealú de réir contae agus baile. Taispeántar freisin an inimirce go hÉirinn agus an imirce laistigh d’Éirinn le gairid. Sa 12 mhí suas go dtí oíche an Daonáirimh ar an 03 Aibreán 2022, bhí breis is 89,500 duine bogtha as an nua go hÉirinn, sin 9% níos mó i gcomparáid leis an tréimhse chéanna i nDaonáireamh 2016. Glactar san áireamh freisin sa phróifíl leathan-réimseach seo cúlraí eitneacha éagsúla dhaonra an stáit, lena n-áirítear sonraí ar aois, inscne agus saoránacht grúpaí éagsúla.  Féachtar ar dhaonra an Lucht Siúil in 2022, lena n-áirítear miondealú de réir inscne agus chineál an lín tí. Tugtar sonraí freisin ar chomhdhéanamh creidimh dhaonra na hÉireann in Aibreán 2022.”

Roinnt buaicphointí faoi Bhaile Átha Cliath

Saoránacht

Ba shaoránaigh neamh-Éireannacha iad 17% den daonra i mBaile Átha Cliath trí chéile. Maidir le cónaitheoirí neamh-Éireannacha Chathair Bhaile Átha Cliath, ba shaoránaigh de chuid na Brasaíle (11,188 duine) an grúpa ba mhó, agus ansin saoránaigh de chuid na hIndia (10,308 duine). 4,958 saoránach de chuid na hIndia agus 3,639 saoránach de chuid na Ríochta Aontaithe a bhí ina gcónaí i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin. Ba shaoránaigh de chuid na Rómáine (8,528 duine) an grúpa ba mhó a bhí ina gcónaí i bhFine Gall, agus saoránaigh de chuid na Polainne (7,881 duine) an chéad ghrúpa ba mhó eile ina dhiaidh sin. Ba shaoránaigh de chuid na Polainne (5,739 duine) agus saoránaigh de chuid na Rómáine (4,943) na grúpaí ba mhó i nDeisceart Bhaile Átha Cliath. Go náisiúnta, bhí breis is 631,000 saoránach neamh-Éireannacha ina gcónaí sa stát agus b’ionann sin agus 12% den daonra.

Mhéadaigh líon na ndaoine a bhfuil déshaoránacht Éireannach acu sé sin nuair atá duine ina shaoránach de chuid dhá thír ag an am céanna i mBaile Átha Cliath trí chéile ó 39,440 duine in 2016 go dtí 56,696 duine in 2022. I nDeisceart Bhaile Átha Cliath, áiríodh ar na déshaoránachtaí Éireannacha ba mhó saoránaigh de chuid na hÉireann-na Nigéire (1,220 duine) agus saoránaigh de chuid na hÉireann-na Polainne (1,176 duine). I nDún Laoghaire-Ráth an Dúin ba shaoránaigh de chuid na hÉireann-na Stát Aontaithe (2,282 duine) agus saoránaigh de chuid na hÉireann-na Ríochta Aontaithe (2,082 duine) na déshaoránachtaí ba mhó. Áiríodh ar na déshaoránachtaí Éireannacha ba mhó i gCathair Bhaile Átha Cliath saoránaigh de chuid na hÉireann-na Stát Aontaithe (3,229 duine) agus saoránaigh de chuid na hÉireann-na Ríochta Aontaithe (2,986 duine). I bhFine Gall, áiríodh ar na déshaoránachtaí Éireannacha ba mhó saoránaigh de chuid na hÉireann-na Polainne (1,760 duine) agus saoránaigh de chuid na hÉireann-na Ríochta Aontaithe (1,585 duine). Bhí breis is 170,500 déshaoránach Éireannach ina gcónaí sa stát de réir Dhaonáireamh 2022. 

Inimirce

31,661 duine a bhí ina gcónaí i gCathair Bhaile Átha Cliath in Aibreán 2022 a bhog go dtí an chathair sa 12 mhí roimhe. Bhí 9,186 duine san áireamh ansin a bhog ó áit éigin eile laistigh d’Éirinn, agus 22,475 duine ó lasmuigh den stát. Bhog 32,910 duine eile laistigh den chathair sa 12 mhí roimh an daonáireamh.

10,854 duine a bhí ina gcónaí i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin in Aibreán 2022 a bhog go dtí an limistéar sa 12 mhí roimhe sin. Bhí 3,292 duine san áireamh ansin a bhog ó áit éigin eile laistigh d’Éirinn, agus 7,562 duine ó lasmuigh den stát. 13,113 duine eile a bhog laistigh den limistéar sa 12 mhí roimh an daonáireamh.

8,256 duine a bhí ina gcónaí i bhFine Gall in Aibreán 2022 a bhog go dtí an limistéar sa 12 mhí roimhe sin. Bhí 2,134 duine san áireamh ansin a bhog ó áit éigin eile laistigh d’Éirinn, agus 6,122 duine ó lasmuigh den stát. 14,285 duine eile a bhog laistigh den limistéar sa 12 mhí roimh an daonáireamh.

6,517 duine a bhí ina gcónaí i limistéar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas in Aibreán 2022 a bhog go dtí an limistéar sa 12 mhí roimhe sin. Bhí 2,297 duine san áireamh ansin a bhog ó áit éigin eile laistigh d’Éirinn, agus 4,220 duine ó lasmuigh den stát. 11,375 duine eile a bhog laistigh den limistéar sa 12 mhí roimh an daonáireamh.

Grúpa/Cúlra Eitneach

Beagnach 977,100 duine a bhí ina gcónaí i mBaile Átha Cliath in Aibreán 2022, bhí cúlra eitneach Éireannach Geal acu. Thug 172,307 duine eile le fios gur bhain siad le grúpa eile Geal. Bhí 44,998 duine ann arbh é Áiseach nó Áiseach Éireannach - Indiach/ Pacastánach/Banglaidéiseach a gcúlra agus 28,462 duine arbh é Gorm nó Gorm Éireannach - Afracach an cúlra eitneach a bhí acu.

Lucht Siúil na hÉireann

6,196 duine den Lucht Siúil a bhí ina gcónaí i mBaile Átha Cliath trí chéile de réir Dhaonáireamh 2022 i gcomparáid le 6,001 duine in 2016 (+3%). 3,161 bean nó cailín agus 3,035 fear nó buachaill a bhí i gceist. 2,279 duine den Lucht Siúil a bhí i gCathair Bhaile Átha Cliath agus 429 duine a bhí i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin. 1,545 duine den Lucht Siúil a taifeadadh i bhFine Gall i nDaonáireamh 2022 agus 1,943 duine a bhí i nDeisceart Bhaile Átha Cliath. 32,949 duine den Lucht Siúil a bhí ina gcónaí in Éirinn i gcomparáid le 30,987 duine in 2016 (+6%). 16,777 bean nó cailín agus 16,172 fear nó buachaill a bhí i gceist.

Creideamh

De réir Dhaonáireamh 2022, ba Chaitlicigh beagnach 837,000 duine sa chontae (59%). Sin titim ó 69% i nDaonáireamh 2016. Go náisiúnta, thug 69% le fios gur Caitlicigh Rómhánacha a bhí iontu, i gcomparáid le 78% in 2016. I measc na gcreideamh eile is coitianta i mBaile Átha Cliath trí chéile, áirítear Críostaíocht Cheartchreidmheach (47,945 duine), Ioslam (37,458 duine) agus Eaglais na hÉireann (33,317 duine). In 2022, chuir beagnach 293,400 duine in iúl nach raibh aon chreideamh acu, agus b’ardú 51% é sin ó bheagnach 194,200 duine i nDaonáireamh 2016. B’ionann an dream seo agus 20% de dhaonra Bhaile Átha Cliath trí chéile in 2022, i gcomparáid le 14% in 2016.

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Bhí an daonáireamh ar siúl Dé Domhnaigh ar siúl Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Don chuid is mó, baineann figiúirí an daonáirimh san fhoilseachán seo leis an daonra gnáthchónaithe a bhí i láthair sa Stát ar oíche an daonáirimh. Mura luaitear a mhalairt, fágtar cuairteoirí chun an stáit agus daoine a bhí lasmuigh de go sealadach ar oíche an daonáirimh as an áireamh.
  • Is í Próifíl 5 an cúigiú ceann i sraith d’ocht dtuarascáil théamacha ar Dhaonáireamh 2022.
  • Is féidir teacht ar an Sceideal Foilsithe iomlán maidir le Daonáireamh 2022 ag an nasc seo a leanas:  Sceideal Foilsithe maidir le Daonáireamh 2022.
  • Foilsíodh an tsraith Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS) do Dhaonáireamh 2022 ar an 21 Meán Fómhair 2023. Is é seo an tacar sonraí is mionsonraithe atá curtha ar fáil ó thorthaí Dhaonáireamh 2022 lena gclúdaítear ábhair amhail inscne, aois agus stádas pósta, teaghlaigh, tithíocht, oideachas, comaitéireacht agus slí bheatha chomh maith le hábhair nua amhail obair dheonach agus cúram leanaí. Trí úsáid a bhaint as ár léarscáileanna idirghníomhacha, is féidir leat do cheantar áitiúil a roghnú agus tuilleadh a fháil amach faoi de réir téamaí daonáirimh go léir.
  • Athraíodh ceann de na ceisteanna i nDaonáireamh 2022. Seachas náisiúntacht, iarradh ar fhreagróirí cé acu tír nó tíortha a bhfuil siad ina a saoránaigh díobh. D’fhéadfadh an t-athrú seo tionchar a bheith aige ar inchomparáideacht le sonraí daonáirimh roimhe seo.
  • I nDaonáireamh 2022, iarradh ceist leasaithe faoi Ghrúpa/Cúlra Eitneach, inar tugadh isteach roinnt grúpaí eitneacha nua amhail Romach, Indiach/ Pacastánach/Banglaidéiseach agus Arabach. Leis an gcaoi ar athraíodh an cheist tá roinnt catagóirí ann nach féidir a chur i gcomparáid le torthaí daonáirimh roimhe seo.
  • Bhí an cheist a cuireadh faoi chreideamh i nDaonáireamh 2022 difriúil ó leagan Dhaonáireamh 2026 agus d’fhéadfadh sin tionchar a bheith aige ar inchomparáideacht.
  • Pléitear níos mine le Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneacht, An Lucht Siúil agus Creideamh i roinnt ábhar taca: cur i láthairforiomlán agus roinnt comhaid ghearra fuaime i mBéarla agus i nGaeilge ar na príomhthorthaí.
  • Tá grafaic fasnéise foilsithe do Proifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneacht, An Lucht Siúil agus Creideamh. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn sí seo uait i bhformáid ar leith.
  • Tá Ceisteanna Coitianta maidir le Daonáireamh 2022 ar fáil.
  • Sainmhínithe - Féach na Nótaí Cúlra.

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --