Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneacht, An Lucht Siúil agus Creideamh eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (26 Deireadh Fómhair 2023). Féachtar le Próifíl 5 ar éagsúlacht an daonra in Éirinn, lena n-áirítear stádas saoránachta, grúpa nó cúlra eitneach agus na teangacha a labhraítear. Clúdaítear freisin imirce le gairid sa bhliain roimh an daonáireamh, Lucht Siúil na hÉireann agus cúrsaí creidimh. Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí don Mhí. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Ráiteas an Staitisteora
Ag trácht dó ar na torthaí, dúirt Brendan Murphy, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Tugtar faisnéis mhionsonraithe i bPróifíl 5 ar raon na saoránach atá i measc dhaonra na hÉireann, lena n-áirítear miondealú de réir aoise agus inscne mar aon le miondealú de réir contae agus baile. Taispeántar freisin an inimirce go hÉirinn agus an imirce laistigh d’Éirinn le gairid. Sa 12 mhí suas go dtí oíche an Daonáirimh ar an 03 Aibreán 2022, bhí breis is 89,500 duine bogtha as an nua go hÉirinn, sin 9% níos mó i gcomparáid leis an tréimhse chéanna i nDaonáireamh 2016. Glactar san áireamh freisin sa phróifíl leathan-réimseach seo cúlraí eitneacha éagsúla dhaonra an stáit, lena n-áirítear sonraí ar aois, inscne agus saoránacht grúpaí éagsúla. Féachtar ar dhaonra an Lucht Siúil in 2022, lena n-áirítear miondealú de réir inscne agus chineál an lín tí. Tugtar sonraí freisin ar chomhdhéanamh creidimh dhaonra na hÉireann in Aibreán 2022.”
Roinnt buaicphointí faoi Chontae na Mí
Saoránacht
Ba shaoránaigh neamh-Éireannacha iad 11% de dhaonra an chontae sa Mhí. Maidir le cónaitheoirí neamh-Éireannacha, ba shaoránaigh de chuid na Polainne (3,942 duine) an grúpa ba mhó, agus ansin saoránaigh de chuid na Rómáine (3,174 duine), saoránaigh de chuid na Liotuáine (3,033 duine) agus saoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe (2,767 duine). Go náisiúnta, bhí breis is 631,000 saoránach neamh-Éireannacha ina gcónaí sa stát agus b’ionann sin agus 12% den daonra. Mhéadaigh líon na ndaoine a bhfuil déshaoránacht Éireannach acu sé sin nuair atá duine ina shaoránach de chuid dhá thír ag an am céanna sa chontae ó 4,322 duine in 2016 go dtí 7,865 duine in 2022. Áiríodh ar na déshaoránachtaí Éireannacha ba mhó saoránaigh de chuid na hÉireann-na Stát Aontaithe (1,091 duine), saoránaigh de chuid na hÉireann-na Ríochta Aontaithe (1,042 duine) agus saoránaigh de chuid na hÉireann-na Polainne (903 duine). Bhí breis is 170,500 déshaoránach Éireannach ina gcónaí sa stát de réir Dhaonáireamh 2022.
Inimirce
7,296 duine a bhí ina gcónaí sa Mhí in Aibreán 2022 a bhog go dtí an contae sa 12 mhí roimhe. Bhí 5,107 duine san áireamh ansin a bhog ó áit éigin eile laistigh d’Éirinn, agus 2,189 duine ó lasmuigh den stát. Bhog 5,861 duine eile laistigh den chontae sa 12 mhí roimh an daonáireamh.
Grúpa/Cúlra Eitneach
Breis is 173,200 duine a bhí ina gcónaí sa Mhí in Aibreán 2022, bhí cúlra eitneach Éireannach Geal acu. Thug 23,506 duine eile le fios gur bhain siad le grúpa eile Geal. Bhí 3,257 duine ann arbh é Áiseach nó Áiseach Éireannach - Indiach/ Pacastánach/ Banglaidéiseach a gcúlra agus 3,545 duine arbh é Gorm nó Gorm Éireannach - Afracach an cúlra eitneach a bhí acu.
Lucht Siúil na hÉireann
989 duine den Lucht Siúil a bhí ina gcónaí sa Mhí de réir Dhaonáireamh 2022 i gcomparáid le 971 duine in 2016 (+2%). 472 bean nó cailín agus 517 fear nó buachaill a bhí i gceist.n32,949 duine den Lucht Siúil a bhí ina gcónaí in Éirinn i gcomparáid le 30,987 duine in 2016 (+6%). 16,777 bean nó cailín agus 16,172 fear nó buachaill a bhí i gceist.
Creideamh
De réir Dhaonáireamh 2022, ba Chaitlicigh breis is 160,000 duine sa chontae (72%). Sin titim ó 82% i nDaonáireamh 2016. Go náisiúnta, thug 69% le fios gur Caitlicigh Rómhánacha a bhí iontu, i gcomparáid le 78% in 2016. I measc na gcreideamh ba choitianta a bhí ag daoine sa Mhí, áirítear Ortadocsach (6,691 duine), Eaglais na hÉireann (4,498 duine) agus Ioslam (3,184 duine). In 2022, chuir beagnach 29,200 duine in iúl nach raibh aon chreideamh acu, agus b’ardú 85% é sin ó bheagnach 15,800 duine i nDaonáireamh 2016. B’ionann an dream seo agus 13% de dhaonra an chontae in 2022, i gcomparáid le 8% in 2016.