Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Próifíl 5 Dhaonáireamh 2022: Éagsúlacht, Imirce, Eitneacht, An Lucht Siúil agus Creideamh– An Ghaillimh

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Saoránaigh neamh-Éireannacha ab ea 11% de dhaonra na Gaillimhe

Tá  an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneacht, An Lucht Siúil agus Creideamh eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (26 Deireadh Fómhair 2023). Féachtar le Próifíl 5 ar éagsúlacht an daonra in Éirinn, lena n-áirítear stádas saoránachta, grúpa nó cúlra eitneach agus na teangacha a labhraítear. Clúdaítear freisin imirce le gairid sa bhliain roimh an daonáireamh, Lucht Siúil na hÉireann agus cúrsaí creidimh. Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Ghaillimh. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.

Ráiteas an Staitisteora

Ag trácht dó ar na torthaí, dúirt Brendan Murphy, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Tugtar faisnéis mhionsonraithe i bPróifíl 5 ar raon na saoránach atá i measc dhaonra na hÉireann, lena n-áirítear miondealú de réir aoise agus inscne mar aon le miondealú de réir contae agus baile. Taispeántar freisin an inimirce go hÉirinn agus an imirce laistigh d’Éirinn le gairid. Sa 12 mhí suas go dtí oíche an Daonáirimh ar an 03 Aibreán 2022, bhí breis is 89,500 duine bogtha as an nua go hÉirinn, sin 9% níos mó i  gcomparáid leis an tréimhse chéanna i nDaonáireamh 2016. Glactar san áireamh freisin sa phróifíl leathan-réimseach seo cúlraí eitneacha éagsúla dhaonra an stáit, lena n-áirítear sonraí ar aois, inscne agus saoránacht grúpaí éagsúla.  Féachtar ar dhaonra an Lucht Siúil in 2022, lena n-áirítear miondealú de réir inscne agus chineál an lín tí. Tugtar sonraí freisin ar chomhdhéanamh creidimh dhaonra na hÉireann in Aibreán 2022.”

Roinnt buaicphointí faoi Ghaillimh

Saoránacht

Ba shaoránaigh neamh-Éireannacha iad 11% den daonra i nGaillimh trí chéile. Maidir le cónaitheoirí neamh-Éireannacha Chathair na Gaillimhe, ba shaoránaigh de chuid na Polainne (2,597 duine) an grúpa ba mhó, agus ansin saoránaigh de chuid na hIndia (1,392 duine) agus saoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe (1,137 duine). I gContae na Gaillimhe, ba shaoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe (3,582 duine) an grúpa ba mhó, agus ansin saoránaigh de chuid na Polainne (2,914 duine) agus saoránaigh de chuid na Brasaíle (1,058 duine).Go náisiúnta, bhí breis is 631,000 saoránach neamh-Éireannacha ina gcónaí sa stát agus b’ionann sin agus 12% den daonra.

Mhéadaigh líon na ndaoine a bhfuil déshaoránacht Éireannach acu sé sin nuair atá duine ina shaoránach de chuid dhá thír ag an am céanna i nGaillimh trí chéile ó 6,235 duine in 2016 go dtí 10,887 duine in 2022. I gCathair na Gaillimhe, áiríodh ar na déshaoránachtaí Éireannacha ba mhó saoránaigh de chuid na hÉireann-na Stát Aontaithe (895 duine) agus saoránaigh de chuid na hÉireann-na Ríochta Aontaithe (590 duine). I gContae na Gaillimhe, áiríodh ar na déshaoránachtaí Éireannacha ba mhó saoránaigh de chuid na hÉireann-na Stát Aontaithe (2,203 duine) agus saoránaigh de chuid na hÉireann-na Ríochta Aontaithe (1,577 duine). Bhí breis is 170,500 déshaoránach Éireannach ina gcónaí sa stát de réir Dhaonáireamh 2022.  

Inimirce

5,470 duine a bhí ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe in Aibreán 2022 a bhog go dtí an chathair sa 12 mhí roimhe. Bhí 2,887 duine san áireamh ansin a bhog ó áit éigin eile laistigh d’Éirinn, agus 2,583 duine ó lasmuigh den stát. Bhog 5,299 duine eile laistigh den chathair sa 12 mhí roimh an daonáireamh.

4,083 duine a bhí ina gcónaí i gContae na Gaillimhe in Aibreán 2022 a bhog go dtí an contae sa 12 mhí roimhe sin. Bhí 1,961 duine san áireamh ansin a bhog ó áit éigin eile laistigh d’Éirinn, agus 2,122 duine ó lasmuigh den stát. Bhog 6,243 duine eile laistigh den chontae sa 12 mhí roimh an daonáireamh.

Grúpa/Cúlra Eitneach

Beagnach 211,500 duine a bhí ina gcónaí i nGaillimh in Aibreán 2022 bhí cúlra eitneach Éireannach Geal acu. Thug 25,027 duine eile le fios gur bhain siad le grúpa eile Geal. Bhí 4,627 duine ann arbh é Áiseach nó Áiseach Éireannach - Indiach/ Pacastánach/ Banglaidéiseach a gcúlra agus 3,110 duine arbh é Gorm nó Gorm Éireannach - Afracach an cúlra eitneach a bhí acu.

Lucht Siúil na hÉireann

4,257 duine den Lucht Siúil a bhí ina gcónaí i nGaillimh trí chéile de réir Dhaonáireamh 2022, lena n-áirítear 1,748 duine den Lucht Siúil a taifeadadh i gCathair na Gaillimhe agus 2,509 duine i gContae na Gaillimhe. Ardú de bheagán a bhí anseo ón 4,246 duine den Lucht Siúil a taifeadadh in 2016 (+0.3%). 2,186 bean nó cailín agus 2,071 fear nó buachaill a taifeadadh i ndaonra an Lucht Siúil. 32,949 duine den Lucht Siúil a bhí ina gcónaí in Éirinn i gcomparáid le 30,987 duine in 2016 (+6%). 16,777 bean nó cailín agus 16,172 fear nó buachaill a bhí i gceist.

Creideamh

De réir Dhaonáireamh 2022, ba Chaitlicigh breis is 199,000 de na daoine sa chontae (68%). Sin titim ó 80% i nDaonáireamh 2016. Go náisiúnta, thug 69% le fios gur Caitlicigh Rómhánacha a bhí iontu, i gcomparáid le 78% in 2016. I measc na gcreideamh eile is coitianta i nGaillimh trí chéile, áirítear Eaglais na hÉireann (4,547 duine), Ioslam (3,699 duine) agus Ortadocsach (3,548 duine). In 2022 chuir breis is 39,300 duine in iúl nach raibh aon chreideamh acu, agus b’ardú 49% é sin ó 26,300 duine i nDaonáireamh 2016. B’ionann an dream seo agus 16% de dhaonra Ghaillimh trí chéile in 2022, i gcomparáid le 10% in 2016.

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Bhí an daonáireamh ar siúl Dé Domhnaigh ar siúl Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Don chuid is mó, baineann figiúirí an daonáirimh san fhoilseachán seo leis an daonra gnáthchónaithe a bhí i láthair sa Stát ar oíche an daonáirimh. Mura luaitear a mhalairt, fágtar cuairteoirí chun an stáit agus daoine a bhí lasmuigh de go sealadach ar oíche an daonáirimh as an áireamh.
  • Is í Próifíl 5 an cúigiú ceann i sraith d’ocht dtuarascáil théamacha ar Dhaonáireamh 2022.
  • Is féidir teacht ar an Sceideal Foilsithe iomlán maidir le Daonáireamh 2022 ag an nasc seo a leanas:  Sceideal Foilsithe maidir le Daonáireamh 2022.
  • Foilsíodh an tsraith Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS) do Dhaonáireamh 2022 ar an 21 Meán Fómhair 2023. Is é seo an tacar sonraí is mionsonraithe atá curtha ar fáil ó thorthaí Dhaonáireamh 2022 lena gclúdaítear ábhair amhail inscne, aois agus stádas pósta, teaghlaigh, tithíocht, oideachas, comaitéireacht agus slí bheatha chomh maith le hábhair nua amhail obair dheonach agus cúram leanaí. Trí úsáid a bhaint as ár léarscáileanna idirghníomhacha, is féidir leat do cheantar áitiúil a roghnú agus tuilleadh a fháil amach faoi de réir téamaí daonáirimh go léir.
  • Athraíodh ceann de na ceisteanna i nDaonáireamh 2022. Seachas náisiúntacht, iarradh ar fhreagróirí cé acu tír nó tíortha a bhfuil siad ina a saoránaigh díobh. D’fhéadfadh an t-athrú seo tionchar a bheith aige ar inchomparáideacht le sonraí daonáirimh roimhe seo.
  • I nDaonáireamh 2022, iarradh ceist leasaithe faoi Ghrúpa/Cúlra Eitneach, inar tugadh isteach roinnt grúpaí eitneacha nua amhail Romach, Indiach/ Pacastánach/Banglaidéiseach agus Arabach. Leis an gcaoi ar athraíodh an cheist tá roinnt catagóirí ann nach féidir a chur i gcomparáid le torthaí daonáirimh roimhe seo.
  • Bhí an cheist a cuireadh faoi chreideamh i nDaonáireamh 2022 difriúil ó leagan Dhaonáireamh 2026 agus d’fhéadfadh sin tionchar a bheith aige ar inchomparáideacht.
  • Pléitear níos mine le Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneacht, An Lucht Siúil agus Creideamh i roinnt ábhar taca: cur i láthairforiomlán agus roinnt comhaid ghearra fuaime i mBéarla agus i nGaeilge ar na príomhthorthaí.
  • Tá grafaic fasnéise foilsithe do Proifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneacht, An Lucht Siúil agus Creideamh. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn sí seo uait i bhformáid ar leith.
  • Tá Ceisteanna Coitianta maidir le Daonáireamh 2022 ar fáil.
  • Sainmhínithe - Féach na Nótaí Cúlra.

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --