Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Próifíl 3 Dhaonáireamh 2022: Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí - Luimneach

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Beagnach duine amháin as gach ochtar duine fásta (13%) ina gcónaí lena dtuismitheoirí i Luimneach

Próifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí Dhaonáireamh 2022 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (31 Lúnasa 2023). Caitear súil i bPróifíl 3 ar chásanna teaghlaigh agus ar shocruithe maireachtála an daonra agus ar chineálacha agus méideanna éagsúla comhdhéanaimh teaghlach agus líonta tí. Tá mionsonraí ar shocruithe cúraim leanaí (ar cheist nua í sin ar fhoirm Dhaonáireamh 2022) ar fáil sa tuarascáil seo.

Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhathruithe ar Luimneach. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.

Trácht an Staitisteora

Ag trácht di ar na torthaí, dúirt Deirdre Lynch, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh:

“Taispeántar i bPróifíl 3 an chaoi a bhfuil teaghlaigh agus socruithe maireachtála na hÉireann á bhforbairt agus á n-athrú. Caitear súil ar na hathruithe a tháinig ar líon na dteaghlach a bhfuil clann acu nó nach bhfuil clann acu agus ar líon na lánúineacha comhghnéis. Léirítear sna torthaí go bhfuil méadú tagtha ar an líon teaghlach ach go bhfuil laghdú de bheagán tagtha ar an meánlíon leanaí in aghaidh an teaghlaigh, cé nach raibh aon athrú air sin sa dá dhaonáireamh roimhe seo. Áirítear sa phróifíl seo freisin den chéad uair riamh sonraí ar an líon leanaí faoi 15 bliana d’aois atá i gcúram leanaí chomh maith leis na cineálacha cúraim leanaí agus an líon uaireanta a freastalaíodh.”

Torthaí do Luimneach

Teaghlaigh

Bhí 50,143 teaghlach i Luimneach in Aibreán na bliana 2022, is ardú é sin ó 49,584 (+1%) in 2016. Ba é 1.32 an meánlíon leanaí in aghaidh an teaghlaigh sa chontae, i gcomparáid le 1.34 ar bhonn náisiúnta.

I measc theaghlaigh Luimnigh, bhí 22,239 lánúin phósta ann a raibh clann acu agus bhí 3,208 lánúin in aontíos ann a raibh clann acu. Bhí 7,367 teaghlach eile ann a raibh clann acu agus a raibh máthair shingil i bhfeighil orthu agus bhí 1,444 teaghlach ann a raibh athair singil i bhfeighil orthu. Bhí 12,404 lánúin phósta ann freisin nach raibh clann acu agus bhí 3,391 lánúin in aontíos nach raibh clann acu.

Tháinig méadú suas go 303 ar líon na lánúineacha comhghnéis i Luimneach in Aibreán 2022 i gcomparáid le 207 in 2016. Go náisiúnta, bhí 10,393 lánúin chomhghnéis ann. 

Bhí 11,564 teaghlach i gcóiríocht ar cíos sa chontae (23%). Laghdú 3% a bhí ansin ar an mbliain 2016.

Líonta tí príobháideacha agus Maireachtáil Aonair

B’ionann meánmhéid an lín tí i Luimneach in Aibreán na bliana 2022 agus 2.70 duine. Bhí sé sin faoin meán náisiúnta 2.74 duine.

Tháinig méadú ó 17,624 go 18,313 ar an líon daoine atá ina gcónaí leo féin sa chontae, sin méadú 4% ó bhí Daonáireamh 2016 ann. 

31,872 duine a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine a bhí ina gcónaí sa chontae in Aibreán 2022. Astu sin, bhí 8,311 duine ina gcónaí leo féin. Ba mhéadú 21% é sin ar na daoine sin a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine agus a bhí ina gcónaí leo féin.

Daoine Fásta atá ina gCónaí lena dTuismitheoirí

In Aibreán 2022 i Luimneach, bhí 20,702 duine fásta, nó 13% de na daoine ar fad a bhí 18 mbliana d’aois agus níos sine sa chontae, fós ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Ba mhéadú 1,744 (9%) é seo ó 2016 i leith.

Go náisiúnta, bhí 522,486 duine fásta a bhí 18 mbliana d’aois agus níos sine ina gcónaí lena dtuismitheoirí (13%).

Tríd is tríd, cúramóirí gan íocaíocht a bhí i mbeagnach 25,000 duine fásta a bhí ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Cúramóirí gan íocaíocht iad 1,050 (5%) duine acu i Luimneach.

In 2022, ba é 24 bliain d’aois an aois ab óige nach raibh formhór na ndaoine go náisiúnta ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Ardú a bhí ansin ó 23 bliain d’aois in 2011. 26 bliain d’aois a bhí ann i Luimneach.

As na daoine fásta ar fad a bhí ina gcónaí lena dtuismitheoirí go náisiúnta in 2022, fireannaigh a bhí in 57% acu. Fireannaigh a bhí in 57% acu i Luimneach.

Bhí beaghnach duine amháin as gach seachtar duine fásta (15%) i dToghlimistéar Áitiúil na Ceapaí Móire-Chill Mocheallóg ina chónaí lena dtuismitheoirí in Aibreán 2022, an ráta ab airde sa chontae.

Cúram Leanaí

Bhí 39,474 leanbh (faoi 15 bliana d’aois) ina gcónaí i Luimneach in Aibreán 2022. Sin 120 leanbh níos lú ná mar a bhí ann in 2016.

Go náisiúnta bhí 1,012,287 leanbh a bhí faoi 15 bliana d’aois (méadú 5,735 ó 2016 i leith).  Bhí beagnach leanbh amháin as gach triúr – 331,783 - i gcúram leanaí de chineál éigin. I Luimneach, bhí 12,568 (32%) de na leanaí sin a bhí faoi 15 bliana d’aois i gcúram leanaí.

Bhí 5,315 leanbh in crèche/Montessori/grúpa súgartha/seirbhís iarscoile sa chontae (42%). Bhí díreach os cionn aon leanbh amháin as gach ceathrar leanbh (3,306) ag fáil aire ó dhuine muinteartha nó ó dhuine den teaghlach nach bhfaigheann íocaíocht. Bhí 2,338 leanbh eile (19%) ag fáil aire ó fheighlí leanaí (i dteach an fheighlí leanaí). 

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Bhí an daonáireamh ar siúl Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Baineann figiúirí an dhaonáirimh leis an daonra de facto, rud a chiallaíonn gach duine a bhí sa Stát ar oíche Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Áiríonn an daonra de facto iadsan nach mbíonn ina gcónaí de ghnáth sa Stát ach a bhí sa Stát ar oíche an Daonáirimh. Ní áiríonn sé iadsan a bhíonn ina gcónaí sa Stát de ghnáth ach a bhí as láthair go sealadach lasmuigh den Stát ar oíche an Daonáirimh.
  • Is í Próifíl 3 an triú ceann i sraith d’ocht dtuarascáil théamacha ar Dhaonáireamh 2022. Tá na próifílí atá fanta liostaithe thíos agus foilseofar iad idir an Déardaoin 28 Mean Fomhair 2023 agus an 19 Nollaig 2023:
    • Próifíl 4 - Daoine faoi Mhíchumas, Sláinte agus Cúramóirí
    • Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneachas, An Lucht Siúil, agus Creideamh
    • Próifíl 6 - Daoine gan dídean
    • Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht
    • Próifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas
  • Foilseofar an Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS), ar staidreamh iad a tháirgtear do réimse de leibhéil gheografacha ón Stát go ceantair bheaga i Meán Fómhair 2023. Is féidir leat an Sceideal Foilsithe iomlán maidir le Daonáireamh 2022 a fháil ar an nasc seo a leanas: Sceideal Foilsithe maidir le Daonáireamh 2022 - CSO - An Phríomh-Oifig Staidrimh.
  • Chun críocha an daonáirimh, sainmhínítear teaghlach mar lánúin a bhfuil clann acu nó nach bhfuil clann acu, nó aonad aontuismitheora a bhfuil leanbh amháin nó níos mó acu. Ní mór do bhaill teaghlaigh a bheith ina ngnáthchónaitheoirí sa líon tí ábhartha.
  • Baineann líon tí príobháideach le duine amháin atá ina chónaí ina aonar nó grúpa daoine (nach gá gaol a bheith acu lena chéile) atá ina gcónaí ag an seoladh céanna agus a bhfuil socruithe coitianta tí acu - is é sin, béile amháin ar a laghad a roinnt in aghaidh an lae nó seomra suí a roinnt. Chun a bheith san áireamh sa líon tí, b’éigean don duine a bheith ina ghnáthchónaitheoir tráth an daonáirimh. Dá bhrí sin, ní raibh cuairteoirí chuig an líon tí ar Oíche an Daonáirimh san áireamh, agus cuireadh gnáthchónaitheoirí a bhí as láthair go sealadach (ar feadh níos lú ná 12 mhí) san áireamh. Is líon tí príobháideach buan é líon tí príobháideach a bhfuil cónaí air in áit chónaithe bhuan amhail teach, árasán nó seomra suí is leapa. Is líon tí príobháideach sealadach é líon tí príobháideach a bhfuil cónaí air i gcarbhán, teach soghluaiste nó áit chónaithe shealadach eile.
  • Áiríodh i nDaonáireamh 2022 ceist nua maidir leis an gcineál cúraim leanaí a úsáideann leanaí faoi 15 bliana d'aois agus a n-uaireanta seachtainiúla tinrimh ansin.
  • Tá bileog faisnéise ar Phróifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí ar fáil ina n-áirítear an cur i láthair go léir agus roinnt comhaid ghearra fuaime i mBéarla agus i nGaeilge ar na príomhthorthaí.
  • Tá grafaic eolais foilsithe do Dhaonáireamh 2022: Proifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn an ghrafaic eolais uait i bhformáid ar leith.
  • Tá Ceisteanna Coitianta maidir le Daonáireamh 2022 ar fáil.
  • Sainmhínithe - Féach na Nótaí Cúlra.                   

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --