Tá Próifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí Dhaonáireamh 2022 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (31 Lúnasa 2023). Caitear súil i bPróifíl 3 ar chásanna teaghlaigh agus ar shocruithe maireachtála an daonra agus ar chineálacha agus méideanna éagsúla comhdhéanaimh teaghlach agus líonta tí. Tá mionsonraí ar shocruithe cúraim leanaí (ar cheist nua í sin ar fhoirm Dhaonáireamh 2022) ar fáil sa tuarascáil seo.
Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhathruithe ar Chiarraí Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Trácht an Staitisteora
Ag trácht di ar na torthaí, dúirt Deirdre Lynch, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh:
“Taispeántar i bPróifíl 3 an chaoi a bhfuil teaghlaigh agus socruithe maireachtála na hÉireann á bhforbairt agus á n-athrú. Caitear súil ar na hathruithe a tháinig ar líon na dteaghlach a bhfuil clann acu nó nach bhfuil clann acu agus ar líon na lánúineacha comhghnéis. Léirítear sna torthaí go bhfuil méadú tagtha ar an líon teaghlach ach go bhfuil laghdú de bheagán tagtha ar an meánlíon leanaí in aghaidh an teaghlaigh, cé nach raibh aon athrú air sin sa dá dhaonáireamh roimhe seo. Áirítear sa phróifíl seo freisin den chéad uair riamh sonraí ar an líon leanaí faoi 15 bliana d’aois atá i gcúram leanaí chomh maith leis na cineálacha cúraim leanaí agus an líon uaireanta a freastalaíodh.”
Torthaí do Chiarraí
Teaghlaigh
Bhí 39,118 teaghlach i gCiarraí in Aibreán na bliana 2022, is ardú é sin ó 37,655 (+4%) in 2016. Ba é 1.29 an meánlíon leanaí in aghaidh an teaghlaigh sa chontae, i gcomparáid le 1.34 ar bhonn náisiúnta.
I measc theaghlaigh Chiarraí, bhí 17,237 lánúin phósta ann a raibh clann acu agus bhí 2,646 lánúin in aontíos ann a raibh clann acu. Bhí 5,341 teaghlach eile ann a raibh clann acu agus a raibh máthair shingil i bhfeighil orthu agus bhí 1,134 teaghlach ann a raibh athair singil i bhfeighil orthu. Bhí 10,551 lánúin phósta ann freisin nach raibh clann acu agus bhí 2,209 lánúin in aontíos nach raibh clann acu.
Tháinig méadú suas go 170 ar líon na lánúineacha comhghnéis i gCiarraí in Aibreán 2022 i gcomparáid le 86 in 2016. Go náisiúnta, bhí 10,393 lánúin chomhghnéis ann.
Bhí 8,411 teaghlach i gcóiríocht ar cíos sa chontae (22%). Méadú 6% a bhí ansin ar an mbliain 2016.
Líonta tí príobháideacha agus Maireachtáil Aonair
B’ionann meánmhéid an lín tí i gCiarraí in Aibreán na bliana 2022 agus 2.57 duine. Bhí sé sin faoin meán náisiúnta 2.74 duine.
Tháinig méadú ó 15,008 go 16,150 ar an líon daoine atá ina gcónaí leo féin sa chontae, sin méadú 8% ó bhí Daonáireamh 2016 ann.
27,446 duine a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine a bhí ina gcónaí sa chontae in Aibreán 2022. Astu sin, bhí 7,773 duine ina gcónaí leo féin. Ba mhéadú 26% é sin ar na daoine sin a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine agus a bhí ina gcónaí leo féin.
Daoine Fásta atá ina gCónaí lena dTuismitheoirí
In Aibreán 2022 i gCiarraí, bhí 15,306 duine fásta, nó 13% de na daoine ar fad a bhí 18 mbliana d’aois agus níos sine sa chontae, fós ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Ba mhéadú 1,813 (13%) é seo ó 2016 i leith.
Go náisiúnta, bhí 522,486 duine fásta a bhí 18 mbliana d’aois agus níos sine ina gcónaí lena dtuismitheoirí (13%).
Tríd is tríd, cúramóirí gan íocaíocht a bhí i mbeagnach 25,000 duine fásta a bhí ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Cúramóirí gan íocaíocht iad 910 (6%) duine acu i gCiarraí.
In 2022, ba é 24 bliain d’aois an aois ab óige nach raibh formhór na ndaoine go náisiúnta ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Ardú a bhí ansin ó 23 bliain d’aois in 2011. 26 bliain d’aois a bhí ann i gCiarraí.
As na daoine fásta ar fad a bhí ina gcónaí lena dtuismitheoirí go náisiúnta in 2022, fireannaigh a bhí in 57% acu. Fireannaigh a bhí in 58% acu i gCiarraí.
Bhí duine amháin as gach seisear duine fásta (16%) i dToghlimistéar Áitiúil Oileán Ciarraí ina chónaí lena dtuismitheoirí in Aibreán 2022, an ráta ab airde sa chontae.
Cúram Leanaí
Bhí 28,756 leanbh (faoi 15 bliana d’aois) ina gcónaí i gCiarraí in Aibreán 2022. Sin 35 leanbh níos lú ná mar a bhí ann in 2016.
Go náisiúnta bhí 1,012,287 leanbh a bhí faoi 15 bliana d’aois (méadú 5,735 ó 2016 i leith). Bhí beagnach duine amháin as gach triúr – 331,783 - i gcúram leanaí de chineál éigin. I gCiarraí, bhí 9,454 (33%) de na leanaí sin a bhí faoi 15 bliana d’aois i gcúram leanaí.
Bhí 3,888 leanbh in crèche/Montessori/grúpa súgartha/seirbhís iarscoile sa chontae (41%). Bhí díreach os cionn aon leanbh amháin as gach ceathrar (2,818) ag fáil aire ó dhuine muinteartha nó ó dhuine den teaghlach nach bhfaigheann íocaíocht. Bhí 1,544 leanbh eile (16%) ag fáil aire ó fheighlí leanaí (i dteach an fheighlí leanaí).