Tá Próifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí Dhaonáireamh 2022 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (31 Lúnasa 2023). Caitear súil i bPróifíl 3 ar chásanna teaghlaigh agus ar shocruithe maireachtála an daonra agus ar chineálacha agus méideanna éagsúla comhdhéanaimh teaghlach agus líonta tí. Tá mionsonraí ar shocruithe cúraim leanaí (ar cheist nua í sin ar fhoirm Dhaonáireamh 2022) ar fáil sa tuarascáil seo.
Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhathruithe ar Bhaile Átha Cliath. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Trácht an Staitisteora
Ag trácht di ar na torthaí, dúirt Deirdre Lynch, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh:
“Taispeántar i bPróifíl 3 an chaoi a bhfuil teaghlaigh agus socruithe maireachtála na hÉireann á bhforbairt agus á n-athrú. Caitear súil ar na hathruithe a tháinig ar líon na dteaghlach a bhfuil clann acu nó nach bhfuil clann acu agus ar líon na lánúineacha comhghnéis. Léirítear sna torthaí go bhfuil méadú tagtha ar an líon teaghlach ach go bhfuil laghdú de bheagán tagtha ar an meánlíon leanaí in aghaidh an teaghlaigh, cé nach raibh aon athrú air sin sa dá dhaonáireamh roimhe seo. Áirítear sa phróifíl seo freisin den chéad uair riamh sonraí ar an líon leanaí faoi 15 bliana d’aois atá i gcúram leanaí chomh maith leis na cineálacha cúraim leanaí agus an líon uaireanta a freastalaíodh.”
Torthaí do Bhaile Átha Cliath
Teaghlaigh
An líon teaghlach agus an líon leanaí in aghaidh an teaghlaigh
Bhí 126,214 teaghlach i gCathair Bhaile Átha Cliath in Aibreán na bliana 2022, is ardú é sin ó 125,200 (+1%) in 2016. Ba é 1.11 an meánlíon leanaí in aghaidh an teaghlaigh sa chathair, i gcomparáid le 1.34 ar bhonn náisiúnta.
Tháinig méadú 6% suas go 59,431 ar líon na dteaghlach i nDún Laoghaire-Ráth an Dúinn. Ba é 1.24 an meánlíon leanaí in aghaidh an teaghlaigh.
Bhí 83,418 teaghlach i bhFine Gall, is méadú 8% é sin. Ba é 1.42 an meánlíon leanaí in aghaidh an teaghlaigh.
I mBaile Átha Cliath Theas, ba é 1.41 an meánlíon leanaí in aghaidh an teaghlaigh. Tháinig méadú 3% suas go 76,623 ar líon na dteaghlach.
Comhdhéanamh teaghlaigh
I measc theaghlaigh Chathair Bhaile Átha Cliath, bhí 43,340 lánúin phósta ann a raibh clann acu agus bhí 7,883 lánúin in aontíos ann a raibh clann acu. Bhí 23,271 teaghlach eile ann a raibh clann acu agus a raibh máthair shingil i bhfeighil orthu agus bhí 3,485 teaghlach ann a raibh athair singil i bhfeighil orthu. Bhí 29,772 lánúin phósta ann freisin nach raibh clann acu agus bhí 18,463 lánúin in aontíos nach raibh clann acu.
Bhí 28,242 lánúin phósta ann a raibh clann acu agus bhí 2,468 lánúin in aontíos ann a raibh clann acu i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin. Bhí 8,476 teaghlach eile ann a raibh tuismitheoir singil i bhfeighil orthu, lena n-áirítear 7,200 teaghlach a raibh máthair shingil i bhfeighil orthu. Bhí 4,836 lánúin in aontíos ann freisin nach raibh clann acu agus bhí 15,409 lánúin phósta nach raibh clann acu.
I bhFine Gall, bhí 41,083 lánúin phósta ann a raibh clann acu agus bhí 5,709 lánúin in aontíos ann a raibh clann acu. Bhí 17,100 lánúin phósta ann freisin nach raibh clann acu agus bhí 5,382 lánúin in aontíos nach raibh clann acu. Bhí 14,144 teaghlach eile ann a raibh tuismitheoir singil i bhfeighil orthu, lena n-áirítear 1,867 teaghlach a raibh athair- singil i bhfeighil orthu.
I measc theaghlaigh Bhaile Átha Cliath Theas, bhí 35,033 lánúin phósta ann a raibh clann acu agus bhí 5,659 lánúin in aontíos ann a raibh clann acu. Bhí 16,196 lánúin phósta ann nach raibh clann acu agus bhí 4,462 lánúin in aontíos nach raibh clann acu. Bhí 15,273 teaghlach eile ann a raibh tuismitheoir singil i bhfeighil orthu, lena n-áirítear 13,281 teaghlach a raibh máthair-shingil i bhfeighil orthu.
Lánúineacha comhghnéis
Bhí 3,269 lánúin chomhghnéis i gCathair Bhaile Átha Cliath in Aibreán 2022, sin ardú ó 2,052 lánúin i nDaonáireamh 2016.
Bhí 567 lánúin chomhghnéis i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin i gcomparáid le 363 in 2016.
I bhFine Gall bhí 728 lánúin chomhghnéis ann, sin ardú ó 454 sé bliana roimhe seo.
Tháinig méadú ó 358 go 591 ar an líon lánúineacha comhghnéis i mBaile Átha Cliath Theas.
Go náisiúnta, bhí 10,393 lánúin chomhghnéis ann.
Teaghlaigh a bhfuil teach ar cíos acu
Bhí 50,601 teaghlach i gcóiríocht ar cíos i gCathair Bhaile Átha Cliath (40%). Méadú 2% a bhí ansin ar an mbliain 2016.
I nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, bhí 15,212 teaghlach (26%) i gcóiríocht ar cíos, sin ardú 10% ar an daonáireamh roimhe seo.
Bhí méadú 3% ar an líon teaghlach i gcóiríocht ar cíos i bhFine Gall suas go 22,652 (27%).
I mBaile Átha Cliath Theas, bhí 28% de na teaghlaigh (21,497) i gcóiríocht ar cíos. TTháinig méadú 0.4% air seo ó Dhaonáireamh 2016.
Líonta tí príobháideacha agus Maireachtáil Aonair
Méid an lín tí
B’ionann meánmhéid an lín tí i mBaile Átha Cliath in Aibreán na bliana 2022 agus 2.48 duine. 2.71 duine an mheánmhéid i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin. Bhí an dá cheann sin faoin meán náisiúnta, arbh ionann é agus 2.74 duine. 3.02 an mheánmhéid i bhFine Gall agus 2.97 an mheánmhéid i mBaile Átha Cliath Theas.
Maireachtáil aonair
Tháinig méadú ó 60,001 go 61,525 ar an líon daoine atá ina gcónaí leo féin i gCathair Bhaile Átha Cliath, sin méadú 3% ó bhí Daonáireamh 2016 ann. 72,725 duine a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine a bhí ina gcónaí i mBaile Átha Cliath in Aibreán 2022. Astu sin, bhí 22,654 duine ina gcónaí leo féin. Ba mhéadú 10% é sin ar na daoine sin a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine agus a bhí ina gcónaí leo féin.
Bhí 18,791 duine ina gcónaí leo féin i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, ba mhéadú 7% é sin i gcomparáid le sé bliana roimhe seo. As na 37,875 duine a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine agus a bhí ina gcónaí sa chontae, bhí 9,734 acu ina gcónaí leo féin. Méadú 18% a bhí ansin ó 2016 i leith.
I measc dhaonra Fhine Gall, bhí 17,099 duine a bhí ina gcónaí leo féin, sin méadú 12% ó 2016 i leith. Bhí 34,389 duine a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine agus a bhí ina gcónaí sa chontae, agus astu sin bhí 6,929 acu ina gcónaí leo féin. Méadú 36% a bhí ansin ó bhí an daonáireamh roimhe seo ann.
I mBaile Átha Cliath Theas, bhí 17,380 duine ina gcónaí leo féin, sin méadú 12%. 38,620 duine a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine a bhí ina gcónaí sa chontae. Astu sin, bhí 8,261 duine acu ina gcónaí leo féin, sin méadú 33% i gcomparáid le sé bliana roimhe seo.
Daoine Fásta atá ina gCónaí lena dTuismitheoirí
I gCathair Bhaile Átha Cliath in Aibreán 2022, bhí 49,666 duine fásta, nó 10% de na daoine ar fad a bhí 18 mbliana d’aois agus níos sine agus ina gcónaí sa chathair, fós ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Sin laghdú 1% ó 2016 i leith.
I nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, bhí 13% de na daoine ar fad a bhí 18 mbliana d’aois agus níos sine (23,259 duine) ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Sin ardú 2% ó 2016 i leith.
I bhFine Gall, bhí 34,115 duine a bhí 18 mbliana d’aois agus níos sine ina gcónaí lena dtuismitheoirí (14%). Méadú 23% a bhí ansin ar an daonáireamh roimhe seo.
I mBaile Átha Cliath Theas, bhí 16% de na daoine sin a bhí 18 mbliana d’aois agus níos sine ina gcónaí lena dtuismitheoirí (34,902 duine). Méadú 11% a bhí ansin i gcomparáid le sé bliana roimhe seo.
Go náisiúnta, bhí 552,486 duine fásta a bhí 18 mbliana d’aois agus níos sine ina gcónaí lena dtuismitheoirí (13%).
Cúramóirí
Tríd is tríd, cúramóirí gan íocaíocht a bhí i mbeagnach 25,000 duine fásta a bhí ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Cúramóirí gan íocaíocht iad 2,659 (5%) duine acu i gCathair Bhaile Átha Cliath. Cúramóirí gan íocaíocht iad 4% acu (1,025) i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin. Ba chúramóirí gan íocaíocht iad 1,198 (4%) duine agus 1,461 (4%) duine a bhí ina gcónaí lena dtuismitheoirí i bhFine Gall agus i mBaile Átha Cliath Theas faoi seach.
Ag bogadh amach
In 2022, ba é 24 bliain d’aois an aois ab óige nach raibh formhór na ndaoine go náisiúnta ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Sin ardú ó 23 bliain in 2011. 25 bliain d’aois a bhí ann i gCathair Baile Átha Cliath agus 23 bliain d’aois a bhí ann i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin. 25 bliain d’aois a bhí ann freisin i bhFine Gall agus i mBaile Átha Cliath Theas.
Fireannaigh agus baineannaigh ina gcónaí lena dtuismitheoirí
As na daoine fásta ar fad a bhí ina gcónaí lena dtuismitheoirí go náisiúnta in 2022, fireannaigh a bhí in 57% acu. I gCathair Bhaile Átha Cliath, fireannaigh iad 57%, 55% i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin agus i bhFine Gall agus 56% i mBaile Átha Cliath Theas.
Daoine atá 18 mbliana d’aois agus níos sine agus atá ina gcónaí lena dtuismitheoirí de réir Toghlimistéar Áitiúil
Bhí beagnach duine amháin as gach cúigear (19.8%) atá 18 mbliana d’aois agus níos sine i dToghlimistéar Áitiúil Bhaile Phámar-Cnoc an Fhuaráin ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Ba é sin an ráta ab airde in aon Toghlimistéar Áitiúil.
I nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, ba ag Cill Iníon Léinín-Seanchill a bhí an ráta ab airde ag 16%.
I gCathair Bhaile Átha Cliath, bhí 16% de na daoine sin a bhí 18 mbliana d’aois agus níos sine i dToghlimistéar Áitiúil Bhaile Munna-Fionnghlas ina gcónaí lena dtuismitheoirí agus bhí 16% de na daoine sin a bhí 18 mbliana d’aois agus níos sine i dToghlimistéar Áitiúil an Rois-Lusca (i bhFine Gall) ina gcónaí lena dtuismitheoirí.
Cúram Leanaí
An líon leanaí faoi 15 bliana d’aois
Bhí 88,603 leanbh (faoi 15 bliana d’aois) ina gcónaí i gCathair Bhaile Átha Cliath in Aibreán 2022. Sin 5,390 leanbh níos mó ná mar a bhí ann in 2016.
I nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, bhí 42,303 leanbh ina gcónaí sa chontae. Sin 2,264 leanbh níos mó ná mar a bhí ann in 2016.
Bhí 74,048 leanbh ina gcónaí i bhFine Gall. Méadú ó 72,613 a bhí ansin ar an daonáireamh roimhe seo.
I mBaile Átha Cliath Theas, bhí 63,989 leanbh sa chontae i gcomparáid le 64,088 leanbh in 2016.
Go náisiúnta bhí 1,012,287 leanbh a bhí faoi 15 bliana d’aois (méadú 5,735 ó 2016 i leith).
An líon leanaí faoi 15 bliana d’aois i gcúram leanaí
Bhí beagnach leanbh amháin as gach triúr – 331,783 – a bhí faoi 15 bliana d’aois go náisiúnta i gcúram leanaí de chineál éigin.
I gCathair Bhaile Átha Cliath, bhí 25,986 (29%) de na leanaí sin a bhí faoi 15 bliana d’aois i gcúram leanaí.
I nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, bhí 37% de na leanaí a bhí faoi 15 bliana d’aois i gcúram leanaí (15,859).
I bhFine Gall, bhí 21,911 leanbh faoi 15 bliana d’aois i gcúram leanaí de chineál éigin (30%).
I mBaile Átha Cliath Theas, bhí 29% de leanaí i gcúram leanaí (18,728 leanbh).
An cineál cúraim leanaí
Bhí 13,000 leanbh in crèche/Montessori/grúpa súgartha/seirbhís iarscoile i gCathair Bhaile Átha Cliath (50%). Bhí beagnach leanbh amháin as gach ceathrar (24%) ag fáil aire ó dhuine muinteartha nó ó dhuine den teaghlach nach bhfaigheann íocaíocht. Bhí 2,004 leanbh eile (7%) ag fáil aire ó fheighlí leanaí (i dteach an fheighlí leanaí).
Bhí níos mó ná leath de na leanaí sin i gcúram leanaí i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin in crèche / Montessori / grúpa súgartha / seirbhís iarscoile (54% nó 8,504 leanbh). Bhí níos lú ná leanbh amháin as gach cúigear (18% nó 2,869 leanbh) ag fáil aire ó dhuine muinteartha nó ó dhuine den teaghlach nach bhfaigheann íocaíocht agus bhí 9% (1,427) ag fáil aire ó fheighlí leanaí (i dteach an fheighlí leanaí).
I bhFine Gall, bhí 9,911 leanbh in crèche/Montessori/grúpa súgartha/seirbhís iarscoile (45%). Bhí 6,041 leanbh ag fáil aire ó dhuine muinteartha nó ó dhuine den teaghlach nach bhfaigheann íocaíocht (28%). Bhí 2,819 leanbh eile (13%) ag fáil aire ó fheighlí leanaí (i dteach an fheighlí leanaí).
Bhí 8,597 leanbh in crèche/Montessori/grúpa súgartha/seirbhís iarscoile i mBaile Átha Cliath Theas (46%). Bhí 5,560 leanbh eile ag fáil aire ó dhuine muinteartha nó ó dhuine den teaghlach nach bhfaigheann íocaíocht (30%). Bhí leanbh amháin as gach deichniúr ag fáil aire ó fheighlí leanaí i dteach an fheighlí leanaí (1,880 leanbh).