Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Próifíl 3 Dhaonáireamh 2022: Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí - An Mhí

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Beagnach duine amháin as gach seachtar duine fásta (15%) ina gcónaí lena dtuismitheoirí sa Mhí

Próifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí Dhaonáireamh 2022 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (31 Lúnasa 2023). Caitear súil i bPróifíl 3 ar chásanna teaghlaigh agus ar shocruithe maireachtála an daonra agus ar chineálacha agus méideanna éagsúla comhdhéanaimh teaghlach agus líonta tí. Tá mionsonraí ar shocruithe cúraim leanaí (ar cheist nua í sin ar fhoirm Dhaonáireamh 2022) ar fáil sa tuarascáil seo. Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhathruithe ar an Mí. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.

Trácht an Staitisteora

Ag trácht di ar na torthaí, dúirt Deirdre Lynch, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh:

“Taispeántar i bPróifíl 3 an chaoi a bhfuil teaghlaigh agus socruithe maireachtála na hÉireann á bhforbairt agus á n-athrú. Caitear súil ar na hathruithe a tháinig ar líon na dteaghlach a bhfuil clann acu nó nach bhfuil clann acu agus ar líon na lánúineacha comhghnéis. Léirítear sna torthaí go bhfuil méadú tagtha ar an líon teaghlach ach go bhfuil laghdú de bheagán tagtha ar an meánlíon leanaí in aghaidh an teaghlaigh, cé nach raibh aon athrú air sin sa dá dhaonáireamh roimhe seo. Áirítear sa phróifíl seo freisin den chéad uair riamh sonraí ar an líon leanaí faoi 15 bliana d’aois atá i gcúram leanaí chomh maith leis na cineálacha cúraim leanaí agus an líon uaireanta a freastalaíodh.”

Torthaí don Mhí

Teaghlaigh

Bhí 57,756 teaghlach sa Mhí in Aibreán na bliana 2022, is ardú é sin ó 51,569 (+12%) in 2016. Ba é 1.46 an meánlíon leanaí in aghaidh an teaghlaigh sa chontae, i gcomparáid le 1.34 ar bhonn náisiúnta.

I measc theaghlaigh na Mí, bhí 29,502 lánúin phósta ann a raibh clann acu agus bhí 4,311 lánúin in aontíos ann a raibh clann acu. Bhí 7,217 teaghlach eile ann a raibh clann acu agus a raibh máthair shingil i bhfeighil orthu agus bhí 1,405 teaghlach ann a raibh athair singil i bhfeighil orthu. Bhí 11,901 lánúin phósta ann freisin nach raibh clann acu agus bhí 3,420 lánúin in aontíos nach raibh clann acu.

Tháinig méadú suas go 322 ar líon na lánúineacha comhghnéis sa Mhí in Aibreán 2022 i gcomparáid le 128 in 2016. Go náisiúnta, bhí 10,393 lánúin chomhghnéis ann. 

Bhí 10,471 teaghlach i gcóiríocht ar cíos sa chontae (18%). Méadú 6% a bhí ansin ar an mbliain 2016.

Líonta tí príobháideacha agus Maireachtáil Aonair

B’ionann meánmhéid an lín tí sa Mhí in Aibreán na bliana 2022 agus 3.02 duine. Bhí sé sin beagán os cionn an mheáin náisiúnta, 2.74 duine.

Tháinig méadú ó 11,520 go 12,631 ar an líon daoine atá ina gcónaí leo féin sa chontae, sin méadú 10% ó bhí Daonáireamh 2016 ann. 

25,889 duine a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine a bhí ina gcónaí sa chontae in Aibreán 2022. Astu sin, bhí 5,651 duine ina gcónaí leo féin. Ba mhéadú 28% é sin ar na daoine sin a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine agus a bhí ina gcónaí leo féin.

Daoine Fásta atá ina gCónaí lena dTuismitheoirí

In Aibreán 2022 sa Mhí, bhí 24,433 duine fásta, nó 15% de na daoine ar fad a bhí 18 mbliana d’aois agus níos sine sa chontae, fós ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Ba mhéadú 5,192 (27%) é seo ó 2016 i leith.

Go náisiúnta, bhí 522,486 duine fásta a bhí 18 mbliana d’aois agus níos sine ina gcónaí lena dtuismitheoirí (13%).

Tríd is tríd, cúramóirí gan íocaíocht a bhí i mbeagnach 25,000 duine fásta a bhí ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Cúramóirí gan íocaíocht iad 941 (4%) duine acu sa Mhí.

In 2022, ba é 24 bliain d’aois an aois ab óige nach raibh formhór na ndaoine go náisiúnta ina gcónaí lena dtuismitheoirí. Ardú a bhí ansin ó 23 bliain d’aois in 2011. 27 bliain d’aois a bhí ann sa Mhí.

As na daoine fásta ar fad a bhí ina gcónaí lena dtuismitheoirí go náisiúnta in 2022, fireannaigh a bhí in 57% acu. Ar an mbealach céanna, fireannaigh a bhí in 57% acu sa Mhí.

Bhí duine amháin as gach seisear duine fásta (16%) i dToghlimistéar Áitiúil  Cheanannais ina chónaí lena dtuismitheoirí in Aibreán 2022, an ráta ab airde sa chontae.

Cúram Leanaí

Bhí 50,232 leanbh (faoi 15 bliana d’aois) ina gcónaí sa Mhí in Aibreán 2022. Sin 1,301 leanbh níos mó ná mar a bhí ann in 2016.

Go náisiúnta bhí 1,012,287 leanbh a bhí faoi 15 bliana d’aois (méadú 5,735 ó 2016 i leith).  Bhí beagnach leanbh amháin as gach triúr – 331,783 – i gcúram leanaí de chineál éigin. Sa Mhí, bhí 16,214 (32%) de na leanaí sin a bhí faoi 15 bliana d’aois i gcúram leanaí.

Bhí 5,752 leanbh in crèche/Montessori/grúpa súgartha/seirbhís iarscoile sa chontae (35%). Bhí beagnach leanbh amháin as gach ceathrar (4,619) ag fáil aire ó dhuine muinteartha nó ó dhuine den teaghlach nach bhfaigheann íocaíocht. Bhí 3,397 leanbh eile (21%) ag fáil aire ó fheighlí leanaí (i dteach an fheighlí leanaí).

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Bhí an daonáireamh ar siúl Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Baineann figiúirí an dhaonáirimh leis an daonra de facto, rud a chiallaíonn gach duine a bhí sa Stát ar oíche Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Áiríonn an daonra de facto iadsan nach mbíonn ina gcónaí de ghnáth sa Stát ach a bhí sa Stát ar oíche an Daonáirimh. Ní áiríonn sé iadsan a bhíonn ina gcónaí sa Stát de ghnáth ach a bhí as láthair go sealadach lasmuigh den Stát ar oíche an Daonáirimh.
  • Is í Próifíl 3 an triú ceann i sraith d’ocht dtuarascáil théamacha ar Dhaonáireamh 2022. Tá na próifílí atá fanta liostaithe thíos agus foilseofar iad idir an Déardaoin 28 Mean Fomhair 2023 agus an 19 Nollaig 2023:
    • Próifíl 4 - Daoine faoi Mhíchumas, Sláinte agus Cúramóirí
    • Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneachas, An Lucht Siúil, agus Creideamh
    • Próifíl 6 - Daoine gan dídean
    • Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht
    • Próifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas
  • Foilseofar an Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS), ar staidreamh iad a tháirgtear do réimse de leibhéil gheografacha ón Stát go ceantair bheaga i Meán Fómhair 2023. Is féidir leat an Sceideal Foilsithe iomlán maidir le Daonáireamh 2022 a fháil ar an nasc seo a leanas: Sceideal Foilsithe maidir le Daonáireamh 2022 - CSO - An Phríomh-Oifig Staidrimh.
  • Chun críocha an daonáirimh, sainmhínítear teaghlach mar lánúin a bhfuil clann acu nó nach bhfuil clann acu, nó aonad aontuismitheora a bhfuil leanbh amháin nó níos mó acu. Ní mór do bhaill teaghlaigh a bheith ina ngnáthchónaitheoirí sa líon tí ábhartha.
  • Baineann líon tí príobháideach le duine amháin atá ina chónaí ina aonar nó grúpa daoine (nach gá gaol a bheith acu lena chéile) atá ina gcónaí ag an seoladh céanna agus a bhfuil socruithe coitianta tí acu - is é sin, béile amháin ar a laghad a roinnt in aghaidh an lae nó seomra suí a roinnt. Chun a bheith san áireamh sa líon tí, b’éigean don duine a bheith ina ghnáthchónaitheoir tráth an daonáirimh. Dá bhrí sin, ní raibh cuairteoirí chuig an líon tí ar Oíche an Daonáirimh san áireamh, agus cuireadh gnáthchónaitheoirí a bhí as láthair go sealadach (ar feadh níos lú ná 12 mhí) san áireamh. Is líon tí príobháideach buan é líon tí príobháideach a bhfuil cónaí air in áit chónaithe bhuan amhail teach, árasán nó seomra suí is leapa. Is líon tí príobháideach sealadach é líon tí príobháideach a bhfuil cónaí air i gcarbhán, teach soghluaiste nó áit chónaithe shealadach eile.
  • Áiríodh i nDaonáireamh 2022 ceist nua maidir leis an gcineál cúraim leanaí a úsáideann leanaí faoi 15 bliana d'aois agus a n-uaireanta seachtainiúla tinrimh ansin.
  • Tá bileog faisnéise ar Phróifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí ar fáil ina n-áirítear an cur i láthair go léir agus roinnt comhaid ghearra fuaime i mBéarla agus i nGaeilge ar na príomhthorthaí.
  • Tá grafaic eolais foilsithe do Dhaonáireamh 2022: Proifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn an ghrafaic eolais uait i bhformáid ar leith.
  • Tá Ceisteanna Coitianta maidir le Daonáireamh 2022 ar fáil.
  • Sainmhínithe - Féach na Nótaí Cúlra.                   

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --