Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Daonáireamh 2022 - Torthaí Achoimre

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Taispeántar i nDaonáireamh 2022 gur fhás daonra an stáit go 5.15 milliún duine

  • Is é seo an chéad uair le 171 bliain anuas gur sháraigh daonra an stáit (.i. 26 chontae) an tairseach cúig mhilliún.  Bhí 5,149,139 duine sa stát Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022, méadú 8% ó Aibreán 2016 i leith.

  • Tháinig méadú ar mheánaois an daonra ó 37.4 bliana in 2016 go 38.8 bliain in 2022 i gcomparáid le 36.1 bliana in 2011.

  • Ba é 170,597 an líon daoine a raibh déshaoránacht Éireannach acu, agus is ionann sin agus méadú 63% ó 2016 i leith.

  • Bhí laghdú ó 87% go 83% i gcionroinn na ndaoine a thuairiscigh go raibh a sláinte go maith nó an-mhaith ó 2016 i leith.

  • D’oibrigh an tríú cuid d’oibrithe uile (747,961 duine) ón mbaile ar feadh cuid den tseachtain ar a laghad.

  • Tháinig laghdú ó 79% in 2016 go 69% in 2022 i gcionroinn na ndaoine a dúirt gur Caitliceach Rómhánach an creideamh atá acu.

  • Thug níos mó ná 700,000 duine le fios gur thug siad faoi obair dheonach, agus astu sin rinne beagnach 300,000 duine obair dheonach in eagraíocht spóirt.

  • Tháinig méadú ó 71% in 2016 go beagnach 80% in 2022 ar an oiread líonta tí a raibh ceangal idirlín leathanbhanda acu.

Trácht an Staitisteora

Tá an tuarascáil ‘Daonáireamh 2022 – Torthaí Achoimre’, inar dtugtar sonraí ar na hathruithe daonra a tharla le sé bliana anuas ó Aibreán 2016, foilsithe inniu (30 Bealtaine 2023) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Leis na torthaí, cuirtear faisnéis ar fáil ar réimse ábhar lena n-áirítear an daonra de réir aoise agus inscne, stádas pósta, saoránacht, labhairt na Gaeilge, sláinte, cúramóirí, teangacha iasachta, creideamh agus fostaíocht. Cuireadh ceisteanna nua le Daonáireamh 2022 agus mar thoradh air sin, tá sonraí nua ann ar ábhair amhail cúram leanaí, obair dheonach, caitheamh tobac, agus foinsí in-athnuaite fuinnimh.

Ghabh Cormac Halpin, Staitisteoir Sinsearach i Rannán an Daonáirimh, buíochas le gach duine as bheith páirteach i nDaonáireamh 2022: “Ní bheadh sé ar ár gcumas torthaí Dhaonáireamh 2022 a bhaint amach murach an fhreagairt thar a bheith dearfach a fuaireamar ón bpobal agus gabhaimid buíochas le gach duine a chomhlánaigh a bhfoirm dhaonáirimh ar an 03 Aibreán 2022. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin le gach duine a raibh baint acu le feachtas Dhaonáireamh 2022 a raibh foilsiú rathúil na dtorthaí inniu mar bhailchríoch air.

Ag trácht dó ar na torthaí, dúirt Cormac Halpin: “Is é foilseachán an lae inniu an chéad cheann i sraith de thuarascálacha ar Dhaonáireamh 2022. Ar feadh an chuid eile den bhliain seo, déanfaidh an CSO ocht gcinn de thuarascálacha téamacha a fhoilsiú ina bhfiosrófar réimse d’ábhair lena n-áirítear tithíocht, daoine gan dídean, creideamh, míchumas agus cúramóirí ar bhealach níos mionsonraithe. Foilseofar an Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS) i mí Mheán Fómhair freisin.

Leis na torthaí, tabharfar léargas ar leith agus luachmhar dúinn ar an Éire a bhfuilimid ag maireachtáil ann sa lá atá inniu ann agus úsáidfear na torthaí go forleathan sna blianta amach romhainn.”

Buaicphointí na Tuarascála

Athruithe Daonra

Tháinig méadú 8% (387,274 duine) ar dhaonra na hÉireann go 5,149,139 duine sna sé bliana idir Aibreán 2016 agus Aibreán 2022. Léiríodh sna contaetha ar fad gur tháinig fás sa daonra ó 5% i nDún na nGall, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann go 14% sa Longfort. Taispeánadh fás láidir in oirthear na tíre leis an Mí ag 13% agus Fine Gall (12%) agus Cill Dara (11%).

Daonra de réir Aoise agus Inscne

Chonacthas an méadú is airde sa daonra, ag 26%, sna daoine a bhí 70 bliain d’aois agus níos sine agus ag an am céanna bhí laghdú 4% sa líon daoine a bhí idir 25 bliain agus 39 bliain d’aois. Tháinig méadú ar mheánaois an daonra ó 37.4 bliana in 2016 go 38.8 bliain in 2022, rud atá ag leanúint leis an treocht daonra atá ag dul in aois ó 2011 nuair arbh 36.1 bliana a bhí ann.

Bhí 2,544,549 fireannach agus 2,604,590 baineannach sa tír, rud a chiallaíonn 98 fireannach in aghaidh gach 100 baineannach. 

Saoránacht

Ba shaoránaigh Éireannacha agus déshaoránaigh Éireannacha iad 84% den daonra. Tháinig méadú ar an líon saoránach neamh-Éireannach ó bhí 2016 ann agus 631,785 duine atá ann anois agus is ionann é sin agus 12% de ghnáthdhaonra cónaithe na hÉireann. Ba 170,597 an líon daoine a thaifead go raibh déshaoránacht Éireannach acu, agus is ionann sin agus méadú 63% ó 2016 i leith.

Sláinte Ghinearálta

Tháinig laghdú ó 87% go 83% i gcionroinn na ndaoine a thuairiscigh go raibh a sláinte an-mhaith nó go maith idir 2016 agus 2022. Seachas na daoine atá 75 bliain d’aois agus níos sine, thuairiscigh na haoisghrúpaí eile ar fad gur tháinig athrú ar a sláinte ó shláinte mhaith go sláinte nach bhfuil chomh maith sin. In 2022, thuairiscigh 52% de dhaoine idir 35 agus 39 bliain d’aois sláinte an-mhaith i gcomparáid le 61% in 2016.

Míchumas

Ba é 407,342 (8% den daonra) an líon daoine a thuairiscigh go raibh deacracht nó riocht fadtéarmach amháin ar a laghad ag dul dóibh den chuid is mó nó go leor den am.  Thuairiscigh 702,215 duine eile (14% den daonra) go raibh deacracht nó riocht fadtéarmach ag dul dóibh go pointe áirithe nó cuid den am.

Cúramóirí

Tháinig méadú 53% ar an líon cúramóirí gan phá go dtí níos mó ná 299,000 duine idir 2016 agus 2022. Tharla méaduithe i gcionroinn an daonra a bhí ag cur cúram gan phá ar fáil ar fud an chuid is mó de na haoisghrúpaí. Is iad na daoine a bhí idir 50 agus 59 bliain d’aois an grúpa is mó is dóichí a bhí ag cur cúram rialta gan phá ar fáil. Ba cheart a thabhairt ar aird go ndearnadh roinnt athruithe ar an gceist maidir le cúramóirí gan phá ar fhoirm Dhaonáireamh 2022 agus d’fhéadfadh siad sin tionchar a imirt ar chomparáid a dhéanamh leis na daonáirimh roimhe seo.

Stádas Pósta

Ba dhaoine singile a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine iad 43% de dhaonra na hÉireann i gcomparáid le 41% in 2016.  Bhí níos mó fear singil (52%) ná mná (48%) ann. B’ionann daoine pósta, lena n-áirítear daoine a phós an athuair agus daoine i bpáirtnéireacht shibhialta chomhghnéis, agus 46% den daonra a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine, sin laghdú ó 48% sé bliana ó shin.

Obair Dheonach

In Aibreán 2022, thuairiscigh 711,379 duine go dtéann siad i mbun gníomhaíochtaí deonacha go rialta. Bhí an líon ba mhó oibrithe deonacha ag obair i réimsí Spóirt agus ina dhiaidh sin i réimsí Pobail, Sóisialta/Carthanachta, Creidimh agus Polaitíochta. Is é is dóichí go mbeadh fireannaigh ag obair go deonach in eagraíocht spóirt agus is é is dóichí go mbeadh baineannaigh ag obair go deonach sa phobal.

Cúram Leanaí (faoi 15 bliana d’aois)

Díreach faoi leanbh amháin as gach triúr faoi 15 bliana d’aois a bhí i gcúram leanaí in 2022. Ba naíolann nó saoráid den chineál céanna an cineál cúraim leanaí ba choitianta. Chuir siad sin cúram ar fáil do 139,899 leanbh in Aibreán 2022. Ba é an dara cineál cúraim leanaí ba choitianta ná cúram leanaí á chur ar fáil do 92,118 leanbh ag duine muinteartha nó ag ball den teaghlach nach bhfaigheann íocaíocht.

Creideamh

Tháinig laghdú ar chionroinn na ndaoine a dúirt gur Caitlicigh Rómhánacha a bhí iontu ó 3,696,644 (79%) in 2016 go 3,515,861 (69%) in 2022. Tháinig ardú ó 468,421 duine go 736,210 ar an gcatagóir Níl aon Chreideamh. Is fíorbheag an t-athrú a bhí ar an gcatagóir Eaglais na hÉireann ach ba é fós an dara catagóir creidimh ba mhó le 124,749 duine (2%).

Tionacht

Lean cionroinn na dteaghaisí úinéir-áitithe ag laghdú, síos ó bheagnach 70% go dtí 66% sna 11 bhliain ó Dhaonáireamh 2011 go dtí 2022. Tháinig ardú ar líon na líonta tí a bhí ag fáil a gcuid cóiríochta ar cíos ó thiarna talún príobháideach 7% go 330,632 idir Aibreán 2016 agus Aibreán 2022.

Obair ón mBaile

Thug beagnach 750,000 duine, an tríú cuid d’oibrithe, le fios gur oibrigh siad ón mbaile ar feadh cuid den tseachtain ar a laghad. Bhain ceathrar gairmithe gnó, meán agus seirbhíse poiblí as gach cúigear leas as a bheith ag obair ón mbaile. Bhí cionroinn na n-oibrithe sna gairmeacha eolaíochta, taighde, innealtóireachta agus teicneolaíochta a d’oibrigh riamh ón mbaile ard freisin ag 78%

Leathanbhanda

Bhí nasc idirlín leathanbhanda ag beagnach 80% de na teaghlaigh in 2022 suas ó 71% in 2016 agus 64% in 2011.

Comaitéireacht

Tháinig ardú 4% ar líon na ndaoine a thiomáin chun na hoibre go dtí 1.2 milliún idir 2016 agus 2022. Bhí ardú 7% ar líon na ndaoine a bhí ag rothaíocht chun na hoibre, arb ionann an líon sin anois agus breis is 60,000. Bhí 4% níos lú daoine ag comaitéireacht ar thraein, Luas nó DART chun na hoibre.

Taisceadán Todhchaí

As an 1.8 milliún de líonta tí príobháideacha áitithe a áiríodh le linn Dhaonáireamh 2022, 348,443 (19%) a líon amach an Taisceadán Todhchaí. Idir 16% agus 21% a bhí an ráta líonta de réir contae (Féach Nóta an Eagarthóra thíos).

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Bhí an daonáireamh ar siúl Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Baineann figiúirí an daonáirimh leis an daonra de facto, rud a chiallaíonn gach duine a bhí sa Stát ar oíche Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Áirítear sa daonra de facto iadsan nach mbíonn ina gcónaí de ghnáth sa Stát ach a bhí ann ar oíche an Daonáirimh.  Ní áirítear sa daonra de facto iadsan a bhíonn ina gcónaí sa Stát de ghnáth ach a bhí as baile go sealadach in áit lasmuigh den Stát ar oíche an Daonáirimh.
  • Is faisnéis faoi oiread na dTaisceadán Todhchaí a chomhlánaíodh in 2022 agus sin amháin a bheidh á ligean le fios ag an CSO. Níor gabhadh aon fhaisnéis eile ó na Taisceadáin Todhchaí le linn phróiseáil an daonáirimh. Stórálfar na Taisceadáin Todhchaí go slán ar feadh 100 bliain i gcomhréir le hAirteagal 35 den Acht Staidrimh, 1993, agus is ina dhiaidh sin a scaoilfear iad leis an bpobal. 
  • Is iad Torthaí Achoimre an lae inniu an chéad cheann i sraith de thuarascálacha ar Dhaonáireamh 2022. As seo go deireadh na bliana, déanfaimid ocht gcinn de thuarascálacha téamacha a fhoilsiú ina bhfiosrófar réimse d’ábhair amhail tithíocht, daoine gan dídean, agus creideamh ar bhealach níos mionsonraithe. Is iad seo a leanas teidil na dtuarascálacha:
    • Proifíl 1 - Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra
    • Proifíl 2 - Tithíocht in Éirinn
    • Proifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí
    • Próifíl 4 - Daoine faoi Mhíchumas, Sláinte agus Cúramóirí
    • Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneachas, An Lucht Siúil, agus Creideamh
    • Proifíl 6 - Daoine gan dídean
    • Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht
    • Próifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas
  • Foilseofar an Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS), ar staidreamh iad a tháirgtear do réimse de leibhéil gheografacha ón Stát go ceantair bheaga i Meán Fómhair. Is féidir an Sceideal Foilsithe iomlán maidir le Daonáireamh 2022 a fháil. 
  • Ceisteanna Coitianta maidir le Daonáireamh 2022 ar fáil.
  • grafaic faisnéise foilsithe do ‘Daonáireamh 2022 – Torthaí Achoimre’. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn an ghrafaic faisnéise uait i bhformáid ar leith.
  • Sainmhínithe - Nótaí Cúlra

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --