Léirítear i staitisticí sábháilteachta ar bhóithre go raibh 70 bás ar bhóithre ó Eanáir go Bealtaine 2026, i gcomparáid le 66 ó Eanáir go Bealtaine 2025. San iomlán, bhí 183 bás ar bhóithre ann in 2025, méadú 7% ar 2024 (Féach Sábháilteacht ar Bhóithre).
Tháinig ardú 52% ar líon na ngluaisteán príobháideach nua leictreach a ceadúnaíodh den chéad uair ó Eanáir go Bealtaine 2026 i gcomparáid leis an tréimhse cúig mhí chéanna in 2025 (18,041 vs 11,877) (Féach Ceadúnú Feithiclí).
Tháinig méadú 11% ar líon iomlán na bpaisinéirí a d’úsáid an Luas sa tseachtain dar tús an 25 Bealtaine 2026 i gcomparáid leis an tseachtain chéanna in 2025 (1,258,421 vs 1,137,869) (Féach Deais Iompair).
Tugadh beagnach 22 milliún turas iarnróid (gan an Luas san áireamh) idir 01 Eanáir agus 24 Bealtaine 2026, méadú 13% ar an tréimhse chéanna in 2025. (Féach Deais Iompair.)
Tháinig ardú 3% ar líon iomlán na gceadúnas tiomána reatha in 2025 i gcomparáid le 2024, ó 3,649,465 go 3,538,732 ceadúnas tiomána (Féach Tástáil Tiománaithe agus Feithiclí).
Tháinig méadú 4% ar líon na gceadanna foghlaimeora ó 375,190 in 2024 go 389,302 in 2025 (Féach Tástáil Tiománaithe agus Feithiclí).
Tháinig méadú 2% ar thonnáiste na n-earraí a iompraíodh de bhóthar idir 2024 agus 2025, ó 165.2 milliún tona go 169.1 milliún tona (Féach Faradh Bóthair).
Tháinig ardú 6% ar líon na bpaisinéirí a d’úsáid aerfoirt Chorcaí, Bhaile Átha Cliath, Chnoc Mhuire, na Sionainne agus Chiarraí in 2025 i gcomparáid le 2024 (43,490,089 paisinéir vs 40,987,765 paisinéir) (Féach Eitlíocht).
Forbraíodh an Mol Iompair ag an CSO in 2023 agus úsáid á baint as na sonraí is déanaí ón CSO agus ó chomhlachtaí seirbhíse poiblí eile chun forléargas cuimsitheach ar staitisticí iompair in Éirinn a chur ar fáil.
Is é cuspóir an Mhoil staitisticí iompair ón CSO agus ó eagraíochtaí earnála poiblí eile a thiomsú, lena n-áirítear an Roinn Iompair, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, an tÚdarás Náisiúnta Iompair, na Coimisinéirí Ioncaim, agus Bonneagar Iompair Éireann (TII). Dearadh an Mol chun minicíocht na nuashonruithe a mhéadú agus chun an próiseas chun rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaineann le hiompar ó fhoinse aonair inrochtana a shimpliú.
Is féidir le húsáideoirí faisnéis a fháil faoi staitisticí sábháilteachta ar bhóithre, sonraí mionsonraithe faoi fheithiclí ceadúnaithe, líon measta na seachtainí go dtí cuireadh chun tástáil tiomána, líon paisinéirí ar iompar poiblí agus eitlíocht, líon na bpointí pionóis a eisíodh chomh maith le líon na dtiománaithe a bhfuil pointí pionóis acu, tonnáiste na n-earraí a iompraíodh de bhóthar, ar muir agus san aer, agus go leor sonraí staidrimh eile maidir le hiompar.
Cuireann struchtúr an Mhoil solúbthacht ar fáil chun sonraí nua a chur leis de réir mar a bhíonn siad ar fáil, chun ábhair nua a chur san áireamh, agus chun nuashonruithe níos rialta a dhéanamh. Úsáideann an Mol tairseach sonraí oscailte an CSO, data.cso.ie nó PxStat, lena gcuirtear ar chumas úsáideoirí sonraí a chuardach, iad a íoslódáil, agus léirithe amhairc a chruthú ar bhealach is fearr a oireann dá riachtanais.
Cuireann an CSO fáilte roimh thuairimí agus moltaí ó úsáideoirí faoin ardán nua seo, agus is féidir iad a sheoladh chuig transport@cso.ie.
Tháinig ardú 5% ar líon iomlán na ngluaisteán príobháideach nua a ceadúnaíodh ó Eanáir go Bealtaine 2026 i gcomparáid leis an tréimhse cúig mhí chéanna in 2025 (76,014 vs 72,702).
Tháinig méadú 36% ar líon na ngluaisteán athláimhe allmhairithe a ceadúnaíodh (37,888 vs 27,879) sa tréimhse chéanna (Féach Ceadúnú Feithiclí).
Fuarthas 136,104 iarratas ar thástáil tiomána ó Eanáir go Bealtaine 2026. B’ionann é sin agus méadú 17% ar an tréimhse chéanna in 2025 (116,295). Tháinig méadú 31% ar líon na dtástálacha tiomána a rinneadh sa chéad chúig mhí de 2026 (120,967) i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2025 (92,327) (Féach Tástáil Tiománaithe agus Feithiclí).
I mí Bealtaine 2026, bhí pointí pionóis carntha ag 22,119 tiománaí, agus ba thiománaithe i mBaile Átha Cliath 19% díobh sin (4,309) (Féach Pointí Pionóis).
Bhí 14 bhás i measc rothaithe ar bhóithre in Éirinn in 2025, méadú 17% ar fhigiúr 2024, 12, agus tháinig ardú 24% ar líon na ngortuithe tromchúiseacha i measc rothaithe, ó 213 go 265 (Féach Sábháilteacht ar Bhóithre).
Tháinig méadú 8% ar an meánmhéid tráchta d’fheithiclí earraí éadroma ar an mbóthar idir 2024 agus 2025, ó 140,978 go 152,188 (Féach Painéal Iompair).
As an 169.1 milliún tona d’earraí a iompraíodh de bhóthar in 2025, d’iompair feithiclí earraí a bhí páirteach in ábhair a sheachadadh chuig oibreacha bóthair nó chuig láithreáin tógála 63.0 milliún tona, an tonnáiste ab airde a taifeadadh i measc na gcatagóirí uile oibre a rinne feithiclí iompair bóthair.
Ba é 2.1 billiún ciliméadar an fad iomlán a clúdaíodh le faradh bóthair in 2025, méadú 11% ar an bhfad a clúdaíodh in 2024 (2,112,000,000 vs 1,896,000,000) (Féach Faradh Bóthair).
Chuaigh 43.5 milliún paisinéir, an líon is airde riamh, trí aerfoirt na hÉireann in 2025, an líon is airde paisinéirí a taifeadadh ó thosaigh an tsraith in 2013.
D’úsáid os cionn 2.5 milliún paisinéir breise, nó 6%, aerfoirt na hÉireann in 2025 i gcomparáid le 2024.
Ba iad Londain-Heathrow, Amstardam-Schiphol agus Manchain na bealaí ba mhó éilimh ar phaisinéirí a bhí ag taisteal trí aerfort Bhaile Átha Cliath in 2025. Ba é Londain-Heathrow an príomhbhealach d’aerfoirt Chorcaí agus na Sionainne, agus ba é Londain-Luton an bealach ba mhó éilimh d’aerfoirt Chnoc Mhuire agus Chiarraí.
I Ráithe 1 (R1) 2026, chuaigh 9.1 milliún paisinéir trí na cúig phríomhaerfort Éireannacha, méadú 11% ar an tréimhse chéanna in 2025 (Féach Eitlíocht).
Tháinig méadú 6% ar líon na bpaisinéirí a bhí ag taisteal ar an DART idir 2024 agus 2025 (21.3 milliún vs 22.6 milliún). Tháinig méadú 9% ar phaisinéirí ar an bpríomhlíne agus ar sheirbhísí traenach eile sa tréimhse chéanna (14.7 milliún vs 16.0 milliún) (Féach Iompar Poiblí).
Ba é 54 milliún tona tonnáiste na n-earraí a láimhseáil calafoirt na hÉireann in 2025, méadú 6% i gcomparáid le 2024.
B’ionann earraí ó chalafoirt Éireannacha agus 17 milliún tona in 2025, méadú 9% i gcomparáid le 2024 (17,014 vs 15,590).
Le linn 2025, tháinig 11,861 soitheach isteach sna príomhchalafoirt Éireannacha, laghdú beag i gcomparáid le 2024 (11,861 vs 11,958).
Tháinig 6,683 soitheach, nó 56% de na soithí uile a tháinig isteach i gcalafoirt Éireannacha in 2025, isteach i gcalafort Bhaile Átha Cliath.
Ba é 12.7 milliún tona tonnáiste na n-earraí a láimhseáil na hocht bpríomhchalafort Éireannacha i R1 2026, laghdú 2% i gcomparáid le R1 2025 (Féach Muirí).
D’fhan líon na dtacsaithe measartha seasmhach ó 2024 go 2025 (12,984 vs 12,854). Sa tréimhse chéanna, tháinig méadú 14% ar líon na dtacsaithe inrochtana do chathaoireacha rothaí, ó 4,055 go 4,627 (Féach Feithiclí Beaga Seirbhíse Poiblí).
Tháinig méadú 52% ar líon na ngluaisteán nua leictreach a ceadúnaíodh, ó 11,877 sa tréimhse ó Eanáir go Bealtaine 2025 go 18,041 sa tréimhse cúig mhí chéanna in 2026. Tá sciar céatadáin na ngluaisteán nua leictreach a ceadúnaíodh sa tréimhse seo ardaithe go 24% ó 15% sa chéad chúig mhí de 2025.
Tháinig méadú 8% ar ghluaisteáin nua hibrideacha peitreal/leictreacha agus díosal/leictreacha a ceadúnaíodh den chéad uair in 2025 i gcomparáid le 2024. Tháinig ardú 65% ar ghluaisteáin nua hibrideacha inluchtaithe peitreal-leictreacha nó díosal-leictreacha a ceadúnaíodh in 2025 i gcomparáid le 2024 (18,237 vs 11,060).
Tháinig ardú 18% ar líon na ngluaisteán nua hibrideach peitreal-leictreach a ceadúnaíodh den chéad uair sa chéad chúig mhí de 2026 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2025 (19,695 vs 16,736). D’ardaigh sé sin sciar na bhfeithiclí hibrideacha i measc gluaisteán príobháideach nua ó 39% go 42%.
Léirítear sa tseachtain is déanaí atá ar fáil, an tseachtain dar tús an 18 Bealtaine 2026, méadú 8% ar líon na dturas paisinéirí ar gach cineál iompair phoiblí, gan an Luas san áireamh, i gcomparáid leis an tseachtain chéanna in 2025 (5,485,700 vs 5,061,156) (Féach Inbhuanaitheacht).
| Damien Lenihan | (+353) 21 453 5424 |
|---|---|
| Noreen Dorgan | (+353) 21 453 5260 |
| Barry Kelly | (+353) 21 453 5588 |
| R-phost | transport@cso.ie |
| R-phost | PressOffice@cso.ie |
Trácht an Staitisteora
D’eisigh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) nuashonrú ar an Mol Iompair inniu (30 Meitheamh 2026).
Forbraíodh an Mol Iompair agus úsáid á baint as na sonraí is déanaí ón CSO agus ó chomhlachtaí seirbhíse poiblí eile chun forléargas cuimsitheach ar staitisticí iompair in Éirinn a chur ar fáil. Cuireann an Mol raon leathan faisnéise ar fáil agus tá sé roinnte ina 11 phríomhthéama: Ceadúnú Feithiclí, Tástáil Tiománaithe agus Feithiclí, Pointí Pionóis, Sábháilteacht ar Bhóithre, Méideanna Tráchta ar Bhóithre, Faradh Bóthair, Eitlíocht, Iompar Poiblí, Muirí, Feithiclí Beaga Seirbhíse Poiblí, agus Inbhuanaitheacht & Iompar (Féach Nóta d’Eagarthóirí thíos chun tuilleadh eolais a fháil).
Ag trácht ar an Mol Iompair, dúirt Damien Lenihan, Staitisteoir sa Rannóg Iompair: “Chun freastal ar an ngá atá ag méadú le staitisticí iompair, chruthaigh an CSO Mol Iompair ionas gur féidir le daoine teacht ar an bhfaisnéis is cothroime le dáta maidir le príomhábhair ar bhonn míosúil, ráithiúil nó bliantúil.”
Agus féachaint ar na sonraí is cothroime le dáta, feicimid gur ceadúnaíodh 76,014 gluaisteán príobháideach nua ó Eanáir go Bealtaine 2026, méadú 5% i gcomparáid leis an tréimhse cúig mhí chéanna in 2025. Tá úsáid iompair phoiblí ag méadú, agus tugadh beagnach 22 milliún turas iarnróid (gan an Luas san áireamh) idir an 01 Eanáir agus an 24 Bealtaine 2026, méadú 13% ar an tréimhse chéanna in 2025. Tháinig ardú freisin ar thurais phaisinéirí ar gach cineál iompair phoiblí (gan an Luas san áireamh) agus tháinig méadú 2% ar líon na dturas sa tseachtain dar tús an 18 Bealtaine 2026 i gcomparáid leis an tseachtain chéanna in 2025 (5,485,700 vs 5,061,156). Bhí 70 bás ar bhóithre sa chéad chúig mhí de 2026, i gcomparáid le 66 bás sa tréimhse chéanna in 2025, ardú 6%.”
Buaicphointí an Mhoil Iompair: