Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Sraith Spotsolais Dhaonáireamh 2022: Obair Dheonach in Éirinn

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Níos mó ná 700,000 duine a thug le fios go ndéanann siad obair dheonach go rialta in Éirinn agus b’obair dheonach in eagraíocht spóirt a bhí á déanamh ag beagnach leath de na daoine sin

  • In Aibreán 2022 bhí níos mó ná 700,000 duine (14% den daonra) i mbun cúnamh a thabhairt nó i mbun obair dheonach go rialta.

  • Bhain an líon ba mhó d’oibrithe deonacha, beagnach 290,000 duine nó 6% den daonra, le Spórt.

  • Ba sa phobal an chéad réimse eile ba choitianta ina raibh daoine i mbun obair dheonach agus ina dhiaidh sin bhí siad ag obair go deonach in eagraíocht shóisialta nó in eagraíocht charthanachta.

  • Ba é ba dhóichí go mbeadh fir ag obair go deonach in eagraíocht spóirt agus go mbeadh mná ag obair go deonach sa phobal.

  • Ba i Liatroim a bhí an ráta ab airde oibrithe deonacha ag 18%. Ba i gCathair Bhaile Átha Cliath agus i mBaile Átha Cliath Theas a bhí an ráta ab ísle ag 11%.

  • Tháinig méadú ar an sciar daoine a bhí i mbun cúnamh a thabhairt nó i mbun obair dheonach de réir mar a bhí daoine ag dul in aois. Idir 45 agus 64 bliain d’aois a bhí níos mó ná aon trian (38%) de na hoibrithe deonacha ar fad.

  • Rinne thart ar 16% d’oibrithe deonacha, nó níos mó ná 113,000 duine, obair dheonach i níos mó ná aon ghníomhaíocht nó aon eagraíocht amháin.

  • I measc daoine níos óige, rinne 3% de leanaí faoi bhun 15 bliain d’aois (níos mó ná 30,000 duine) obair dheonach in aon ghníomhaíocht amháin ar a laghad.

Ráiteas an Staitisteora

Sraith Spotsolais Dhaonáireamh 2022: Obair Dheonach in Éirinn eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (an 1 Feabhra 2024).  Is é seo an chéad uair a fhoilseofar sraith nua maidir le hanailísí Dhaonáireamh 2022 faoin teideal - Sraith Spotsolais Dhaonáireamh 2022. 

Ag trácht di ar na torthaí, dúirt Sheelagh Bonham, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Den chéad uair ó 2006 i leith, bhí ceist faoi obair dheonach san áireamh sa daonáireamh in 2022.  Bhí ceist na bliana 2006 faoi obair dheonach teoranta do dhaoine a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine agus bhí sé oscailte do dhaoine de gach aois in 2022. Tháinig méadú 23% ar an líon oibrithe deonacha a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine idir 2006 agus 2022, agus bhí sé sin ag teacht leis an méadú san aoisghrúpa sin le linn na tréimhse. Bhí 50% níos mó oibrithe deonacha ag eagraíochtaí spóirt in 2022 ná mar a bhí in 2006 agus bhí 13% níos lú oibrithe deonacha ag grúpaí creidimh nó eaglaise.

Ba le hEagraíocht Spóirt an réimse ba choitianta ina raibh daoine i mbun obair dheonach in 2022.  Ina dhiaidh sin, ba ghníomhaíochtaí pobail an chéad réimse eile ba choitianta agus ansin bhí obair dheonach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta.  Le grúpaí creidimh nó eaglaise (18%) agus eagraíochtaí polaitíochta (2%) ba lú ba dhóichí a mbeadh daoine i mbun obair dheonach leo.

Is gné lárnach í an obair dheonach i réimse ollmhór eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a mbíonn daoine i ngach baile, sráidbhaile, cathair agus contae in Éirinn ag glacadh páirt iontu agus ag brath orthu gach lá. Cuirtear sonraí sárluachmhara ar fáil san fhoilseachán seo agus cuideoidh sé linn tuiscint níos fearr a fháil ar obair dheonach in Éirinn inniu.”

Buaicphointí Náisiúnta

Bhí níos mó ná 700,000 duine i mbun obair dheonach ar fud eagraíochtaí spóirt, grúpaí pobail, grúpaí sóisialta nó carthanachta, eagraíochtaí creidimh nó polaitíochta in Aibreán 2022.  Ba iad na heagraíochtaí spóirt an réimse ba choitianta don obair dheonach ar fud gach aoisghrúpa agus i bhformhór na gcontaetha.

Ba i Liatroim, ina raibh 18% den daonra ina n-oibrithe deonacha, a bhí an ráta ab airde sa tír. Ba i gCathair Bhaile Átha Cliath agus i mBaile Átha Cliath Theas a bhí an ráta ab ísle ag 11%. Is cosúil go raibh na rátaí oibre deonaí níos airde sna contaetha san Iarthar agus bhí 17% de na daoine i Maigh Eo agus Sligeach araon i mbun obair dheonach.

Maidir leis na bailte a raibh daonra níos mó ná 10,000 duine iontu, is sna Sceirí agus i Mullach Íde (Fine Gall) a bhí an ráta ab airde daoine i mbun obair dheonach ag 16%. In Inis Córthaidh (Loch Garman) a bhí an ráta ab ísle ag 10%.

Maidir le bailte a raibh daonra idir 1,500 agus 10,000 duine iontu, i mBearna (Gaillimh) agus i mBun an Tábhairne (Corcaigh) a bhí an sciar ab airde oibrithe deonacha ag 19%. I mBearna freisin a bhí an sciar ab airde de dhaonra na mban i mbun obair dheonach ag 19% agus i nDún Mór (Port Láirge) a bhí an sciar ab airde d’fhir i mbun obair dheonach ag 21%.

Tháinig méadú ar an sciar daoine a bhí i mbun cúnamh a thabhairt nó i mbun obair dheonach de réir mar a bhí daoine ag dul in aois. Idir 45 agus 64 bliain d’aois a bhí níos mó ná aon trian (38%) de na hoibrithe deonacha ar fad. Bhí meánaois na n-oibrithe deonacha ocht mbliana níos sine ná meánaois an daonra ag 47.

Bhí níos mó ná 30,000 leanbh a bhí 15 bliain d’aois agus níos óige i mbun obair dheonach in aon ghníomhaíocht amháin ar a laghad agus rinne níos mó ná leath de na leanaí amhlaidh in eagraíocht spóirt. I measc na mbailte a raibh daonra níos mó ná 10,000 duine iontu, is i mBaile Brigín (Fine Gall) a bhí an sciar ab airde leanaí (faoi 15 bliain d’aois) a bhí i mbun obair dheonach ag 4%.

Bhí dhá oiread níos mó seans ag daoine a bhí pósta ná mar a bhí ag daoine singile le bheith i mbun obair dheonach ag 21% agus 9% faoi seach.

Bhí níos mó ná 113,000 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon réimse amháin (16% d’oibrithe deonacha). Is iad oibrithe deonacha in eagraíochtaí polaitíochta ba mhó is dóichí a bheadh i mbun obair dheonach freisin i ngníomhaíocht eile agus rinne 61% amhlaidh. 

Buaicphointí Contae: Cúige Chonnacht

Gaillimh

I nGaillimh, bhí 15% den daonra nó díreach os cionn 42,700 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Ba dhóichí de bheagán go mbeadh na fir ina n-oibrithe deonacha ná na mná agus bhí 21,759 fear i mbun obair dheonach i gcomparáid le 20,948 bean.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh níos mó ná 18,300 duine de mhuintir na Gaillimhe i mbun obair dheonach. Bhí díreach os cionn 14,100 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí níos mó ná 11,500 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí níos mó ná 7,400 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí nach mór 1,000 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta. Bhí díreach os cionn 7,300 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí beagnach 16,700 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí nach mór 12,500 duine a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí níos mó ná 7,100 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí beagnach 1,700 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus nach mór 4,800 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin.

Liatroim

I Liatroim, bhí 18% de dhaonra an chontae nó beagnach 6,200 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Dá réir sin bhí an sciar ab airde de dhaonra an chontae páirteach i ngníomhaíocht dheonach amháin nó níos mó. Bhí 3,039 fear agus níos mó ná 3,100 bean i mbun obair dheonach.

Is sa phobal a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh beagnach 2,600 duine de mhuintir Liatroma i mbun obair dheonach. B’ionann sin agus ráta 18% de dhaonra an chontae, an ráta ab airde go náisiúnta. Bhí níos mó ná 2,500 duine i mbun obair dheonach in eagraíocht spóirt agus bhí níos mó ná 1,400 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí díreach os cionn 1,300 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí 200 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta. Bhí nach mór 1,400 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin. B’ionann sin agus 4% den daonra, an ráta ab airde sa tír.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí 2,458 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 1,714 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 1,140 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí beagnach 300 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus nach mór 600 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin. 

Maigh Eo

I Maigh Eo, bhí 17% de dhaonra an chontae nó níos mó ná 23,300 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Astu sin bhí 11,681 bean agus níos mó ná 11,600 fear i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh beagnach 9,400 duine de mhuintir Mhaigh Eo i mbun obair dheonach. Bhí díreach os cionn 9,100 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí níos mó ná 6,200 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí beagnach 4,400 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí 599 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta.  Bhí nach mór 4,700 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí 9,390 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 6,104 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 4,674 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí níos mó ná 1,000 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus díreach os cionn 2,100 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin. 

Ros Comáin

I Ros Comáin, bhí 16% de dhaonra an chontae nó beagnach 11,600 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Astu sin bhí 5,638 bean agus díreach os cionn 5,900 fear i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh níos mó ná 4,900 duine de mhuintir Ros Comáin i mbun obair dheonach. Bhí nach mór 4,400 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí díreach os cionn 2,800 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí beagnach 2,300 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí 251 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta.  Bhí beagnach 2,300 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí 4,717 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 3,063 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 2,267 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí nach mór 500 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus díreach os cionn 1,000 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin. 

Sligeach

I Sligeach, bhí 17% de dhaonra an chontae nó beagnach 11,600 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Bhí líon na n-oibrithe deonacha mná agus fir nach mór cothrom le 5,769 bean agus díreach os cionn 5,800 fear i mbun obair dheonach.

Is sa phobal a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh beagnach 4,500 duine de mhuintir Shligigh i mbun obair dheonach. Bhí díreach os cionn 4,400 duine i mbun obair dheonach in eagraíocht spóirt agus bhí díreach os cionn 3,000 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí beagnach 2,400 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí 301 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta.  Bhí nach mór 2,300 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí 4,718 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 2,984 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 2,352 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí níos mó ná 400 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus díreach os cionn 1,100 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin. 

Buaicphointí Contae: Cúige Laighean

Baile Átha Cliath

I mBaile Átha Cliath, bhí 12% den daonra nó beagnach 173,000 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Ba nach mór cothrom a bhí líon na n-oibrithe deonacha mná agus fir le 86,666 bean agus 86,255 fear i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht shóisialta nó charthanachta a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh nach mór 58,000 duine de mhuintir Bhaile Átha Cliath i mbun obair dheonach. Bhí díreach os cionn 57,700 duine i mbun obair dheonach in eagraíocht spóirt agus bhí 47,710 duine i mbun obair dheonach sa phobal. Bhí níos mó ná 34,000 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí nach mór 5,000 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta. Bhí níos mó ná 23,600 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí níos mó ná 60,400 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí nach mór 57,000 duine a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí nach mór 29,500 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí beagnach 6,700 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus nach mór 19,600 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin. 

Ceatharlach

I gCeatharlach, bhí 14% de dhaonra an chontae nó beagnach 8,400 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Bhí líon na n-oibrithe deonacha mná agus fir nach mór cothrom le 4,152 bean agus díreach os cionn 4,200 fear i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh níos mó ná 3,700 duine de mhuintir Cheatharlach i mbun obair dheonach. Bhí nach mór 2,800 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí díreach os cionn 2,000 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí níos mó ná 1,400 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí 155 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta. Bhí níos mó ná 1,300 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí 3,190 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 2,398 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 1,511 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí nach mór 400 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus díreach os cionn 900 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin. 

Cill Dara

I gCill Dara, bhí 13% de dhaonra an chontae nó beagnach 33,000 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Astu sin bhí 15,924 bean agus níos mó ná 17,000 fear i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh beagnach 14,100 duine de mhuintir Chill Dara i mbun obair dheonach. Bhí níos mó ná 9,600 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí níos mó ná 8,700 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí nach mór 5,600 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí 640 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta. Bhí beagnach 4,500 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí 12,967 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 10,053 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 4,947 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí níos mó ná 1,400 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus nach mór 3,600 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin. 

Cill Chainnigh

I gCill Chainnigh, bhí 15% de dhaonra an chontae nó beagnach 16,000 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Astu sin bhí 7,542 bean agus beagnach 8,400 fear i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh beagnach 7,500 duine de mhuintir Chill Chainnigh i mbun obair dheonach. Bhí nach mór 5,200 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí beagnach 3,800 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí 2,700 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus oibrithe deonacha a bhí in 326 duine in eagraíochtaí polaitíochta.  Bhí níos mó ná 2,700 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí 6,474 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 4,380 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 2,998 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí nach mór 700 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus díreach os cionn 1,400 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin. 

Cill Mhantáin

I gCill Mhantáin, bhí 14% de dhaonra an chontae nó beagnach 22,000 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Astu sin bhí 11,263 bean agus beagnach 10,700 fear i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh beagnach 8,200 duine de mhuintir Chill Mhantáin i mbun obair dheonach. Bhí díreach os cionn 7,100 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí níos mó ná 6,700 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí beagnach 4,000 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí 430 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta.  Bhí níos mó ná 3,500 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí 8,848 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 6,112 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 4,221 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí níos mó ná 900 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus díreach os cionn 1,800 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin.

An Iarmhí

San Iarmhí, bhí 14% de dhaonra an chontae nó beagnach 13,500 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Astu sin bhí 6,485 bean agus beagnach 7,000 fear i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh níos mó ná 5,900 duine de mhuintir na hIarmhí i mbun obair dheonach. Bhí díreach os cionn 4,400 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí níos mó ná 3,200 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí níos mó ná 2,500 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí 313 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta.  Bhí níos mó ná 2,200 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí 5,057 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 3,998 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 2,438 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí nach mór 700 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus beagnach 1,300 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin. 

Laois

I Laois, bhí 14% de dhaonra an chontae nó beagnach 13,200 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Astu sin bhí 6,189 bean agus beagnach 7,000 fear i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh díreach os cionn 5,900 duine de mhuintir Laoise i mbun obair dheonach. Bhí níos mó ná 4,200 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí níos mó ná 3,100 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí níos mó ná 2,400 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí 283 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta. Bhí nach mór 2,200 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí 4,943 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 4,053 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 2,078 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí díreach os cionn 700 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus beagnach 1,400 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin. 

Loch Garman

I Loch Garman, bhí 14% de dhaonra an chontae nó díreach os cionn 22,700 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Astu sin bhí 11,257 bean agus beagnach 11,500 fear i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh níos mó ná 9,600 duine de mhuintir Loch Garman i mbun obair dheonach. Bhí díreach os cionn 8,000 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí beagnach 5,900 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí nach mór 3,500 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí 508 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta. Bhí díreach os cionn 3,600 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí 9,021 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 6,430 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 4,357 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí níos mó ná 900 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus beagnach 2,000 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin. 

An Longfort

Sa Longfort, bhí 15% de dhaonra an chontae nó níos mó ná 6,800 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Astu sin bhí 3,288 bean agus níos mó ná 3,500 fear i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh beagnach 2,700 duine de mhuintir an Longfoirt i mbun obair dheonach. Ar an gcaoi chéanna, bhí beagnach 2,700 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí beagnach 1,700 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí díreach faoi 1,500 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí 197 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta. Bhí níos mó ná 1,300 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí 2,616 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 1,915 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 1,250 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí níos mó ná 300 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus díreach os cionn 700 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin. 

I Lú, bhí 13% de dhaonra an chontae nó beagnach 17,900 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Astu sin bhí 8,682 bean agus beagnach 9,200 fear i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh díreach os cionn 6,800 duine de mhuintir Lú i mbun obair dheonach. Bhí níos mó ná 5,200 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí níos mó ná 5,100 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí níos mó ná 3,600 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí 374 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta. Bhí níos mó ná 2,500 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí 6,778 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 5,110 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 3,074 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí níos mó ná 800 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus beagnach 2,100 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin. 

An Mhí

Sa Mhí, bhí 14% de dhaonra an chontae nó beagnach 30,300 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Astu sin bhí 14,625 bean agus díreach os cionn 15,600 fear i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh beagnach 13,600 duine de mhuintir na Mí i mbun obair dheonach. Bhí níos mó ná 9,000 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí díreach os cionn 7,500 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí beagnach 5,300 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí 652 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta. Bhí níos mó ná 4,500 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí 11,963 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 9,308 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 4,624 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí díreach os cionn 1,500 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus beagnach 2,900 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin. 

Uíbh Fhailí

In Uíbh Fhailí, bhí 15% de dhaonra an chontae nó beagnach 12,200 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Bhí níos mó oibrithe deonacha fir ná oibrithe deonacha mná ann, 6,451 fear agus díreach os cionn 5,700 bean a bhí i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh beagnach 5,600 duine de mhuintir Uíbh Fhailí i mbun obair dheonach. Bhí níos mó ná 4,100 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí díreach os cionn 2,800 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí beagnach 2,100 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí 305 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta. Bhí beagnach 2,100 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí 4,692 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 3,494 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 2,212 oibrí deonach ann freisin a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí nach mór 600 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus díreach os cionn 1,200 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin.

Buaicphointí Contae: Cúige Mumhan

Ciarraí

I gCiarraí, bhí 16% de dhaonra an chontae nó beagnach 24,800 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Bhí beagán níos mó oibrithe deonacha fir ná oibrithe deonacha mná ann, 12,288 bean agus beagnach 12,500 fear a bhí i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh beagnach 10,500 duine de mhuintir Chiarraí i mbun obair dheonach. Bhí nach mór 8,600 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí beagnach 6,500 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí nach mór 4,200 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí 564 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta. Bhí beagnach 4,200 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí 9,924 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 6,486 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 4,919 oibrí deonach ann.

An Clár

Sa Chlár, bhí 16% de dhaonra an chontae nó díreach os cionn 20,800 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Bhí beagán níos mó oibrithe deonacha fir ná oibrithe deonacha mná ann, 10,508 fear agus díreach os cionn 10,300 bean a bhí i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh nach mór 9,000 duine de mhuintir an Chláir i mbun obair dheonach. Bhí beagnach 7,600 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí níos mó ná 5,200 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí níos mó ná 3,500 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí 450 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta. Bhí níos mó ná 3,800 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí beagnach 8,500 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 5,474 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 3,800 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí níos mó ná 900 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus nach mór 2,200 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin. 

Corcaigh

I gCorcaigh, bhí 14% den daonra nó beagnach 84,500 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Ba dhóichí go mbeadh na fir ina n-oibrithe deonacha agus bhí 44,300 fear i mbun obair dheonach i gcomparáid le díreach os cionn 40,000 bean.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh díreach os cionn 36,000 duine de mhuintir Chorcaí i mbun obair dheonach. Bhí díreach os cionn 26,200 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí níos mó ná 23,500 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí níos mó ná 13,600 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus oibrithe deonacha a bhí i ndíreach os cionn 2,000 duine in eagraíochtaí polaitíochta. Bhí nach mór 13,300 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí níos mó ná 32,500 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí nach mór 24,500 duine a bhí 25-64 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí díreach os cionn 15,400 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí níos mó ná 3,300 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus díreach os cionn 8,600 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin. 

Luimneach

I Luimneach, bhí 13% de dhaonra an chontae nó beagnach 27,800 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Bhí níos mó oibrithe deonacha fir ná oibrithe deonacha mná ann, 12,754 bean agus níos mó ná 15,000 fear a bhí i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh nach mór 12,200 duine de mhuintir Luimnigh i mbun obair dheonach. Bhí beagnach 9,000 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí níos mó ná 7,100 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí níos mó ná 4,400 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí 667 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta. Bhí beagnach 4,300 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí 10,094 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 8,210 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 5,163 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí beagnach 1,100 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus níos mó ná 3,200 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin.  

Port Láirge

I bPort Láirge, bhí 14% de dhaonra an chontae nó beagnach 17,800 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Bhí níos mó oibrithe deonacha fir ná oibrithe deonacha mná ann, 9,311 fear agus díreach os cionn 8,400 bean a bhí i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh nach mór 7,400 duine de mhuintir Phort Láirge i mbun obair dheonach. Bhí díreach os cionn 5,600 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí beagnach 4,900 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí nach mór 3,000 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí 380 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta. Bhí nach mór 2,700 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí díreach os cionn 6,700 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 4,902 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 3,387 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí beagnach 800 leanbh (faoi 15 bliana d’aois) agus nach mór 2,000 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin.

Tiobraid Árann

I dTiobraid Árann, bhí 15% de dhaonra an chontae nó díreach os cionn 25,900 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Bhí níos mó oibrithe deonacha fir ná oibrithe deonacha mná ann, 13,479 fear agus beagnach 12,500 bean a bhí i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh nach mór 11,900 duine de mhuintir Thiobraid Árann i mbun obair dheonach. Bhí díreach os cionn 9,300 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí níos mó ná 6,100 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí beagnach 4,300 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí 613 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta. Bhí níos mó ná 4,600 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí beagnach 10,200 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 7,010 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 5,277 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí beagnach 1,100 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus díreach os cionn 2,400 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin. 

Buaicphointí Contae: Cúige Uladh

An Cabhán

Sa Chabhán, bhí 16% de dhaonra an chontae nó beagnach 13,000 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Astu sin bhí 6,336 bean agus beagnach 6,600 fear i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh níos mó ná 5,600 duine de mhuintir an Chabháin i mbun obair dheonach. Bhí díreach os cionn 4,400 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí níos mó ná 3,100 duine páirteach i ngrúpa creidimh nó eaglaise. Bhí nach mór 2,900 duine i mbun obair dheonach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta agus bhí 323 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta.  Bhí beagnach 2,600 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí 4,922 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 3,677 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 2,227 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí níos mó ná 700 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus díreach os cionn 1,400 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin. 

Dún na nGall

I nDún na nGall, bhí 14% de dhaonra an chontae nó beagnach 22,800 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus in eagraíochtaí éagsúla in Aibreán 2022. Astu sin bhí 11,181 bean agus 11,600 fear i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh díreach os cionn 8,800 duine de mhuintir Dhún na nGall i mbun obair dheonach. Bhí níos mó ná 7,800 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí nach mór 6,100 duine páirteach in eagraíochtaí sóisialta nó carthanachta. Bhí díreach os cionn 4,600 duine i mbun obair dheonach i ngrúpa creidimh nó eaglaise agus bhí 563 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta. Bhí beagnach 3,900 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí 9,077 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 6,198 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 4,267 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí níos mó ná 1,000 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus díreach os cionn 2,200 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach. 

Muineachán

I Muineachán, bhí 16% de dhaonra an chontae nó níos mó ná 10,200 duine i mbun obair dheonach in eagraíochtaí éagsúla agus sa phobal in Aibreán 2022. Astu sin bhí 4,955 bean agus beagnach 5,300 fear i mbun obair dheonach.

Is in eagraíocht spóirt a bhí an ghníomhaíocht dheonach ba choitianta ar bun, áit a raibh díreach os cionn 4,500 duine de mhuintir Cheatharlach i mbun obair dheonach. Bhí díreach os cionn 3,400 duine i mbun obair dheonach sa phobal agus bhí níos mó ná 2,200 duine páirteach in ngrúpa creidimh nó eaglaise. Bhí beagnach 2,200 duine i mbun obair dheonach in eagraíocht shóisialta nó charthanachta agus bhí 213 oibrí deonach in eagraíochtaí polaitíochta.  Bhí nach mór 1,800 duine i mbun obair dheonach i níos mó ná aon ghrúpa nó gníomhaíocht amháin.

Ag féachaint ar aoisghrúpaí leathana, bhí an grúpa oibrithe deonacha ba mhó i measc daoine a bhí 45-64 bliain d’aois agus bhí 3,810 duine acu i mbun obair dheonach. Bhí 2,993 duine eile a bhí 25-44 bliain d’aois páirteach freisin i ngníomhaíochtaí deonacha. Bhí 1,804 oibrí deonach ann a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine. Bhí díreach os cionn 500 leanbh (faoi 15 bliain d’aois) agus níos mó ná 1,100 duine a bhí 15-24 bliain d’aois i mbun obair dheonach freisin. 

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Bhí an daonáireamh ar siúl Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Tá torthaí uile Dhaonáireamh 2022 ar fáil ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.
  • Tá an Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga do Dhaonáireamh 2022 (SAPS) ar fáil freisin ar an láithreán gréasáin agus áirítear ann torthaí Dhaonáireamh 2022, ar fud 15 théama, do réimsí geografaíochta lena n-áirítear ceantair bheaga, bailte, toghlimistéir áitiúla, toghranna, contaetha agus cúigí.
  • I nDaonáireamh 2022, cuireadh ceist faoi ghníomhaíochtaí deonacha i measc an daonra den chéad uair ó 2006 i leith. Ón gceist sin, is féidir rannpháirtíocht a aithint i measc cúig chatagóir gníomhaíochtaí deonacha - Obair Dheonach in Eagraíocht Shóisialta nó Charthanachta; Obair Dheonach i nGrúpa Creidimh nó Eaglaise; Obair Dheonach in Eagraíocht Spóirt; Obair Dheonach in Eagraíocht Pholaitíochta; Obair Dheonach i do Phobal.
  • Tháinig athrú suntasach ar an gceist faoi obair dheonach idir 2006 agus 2022. Bhí an cheist in 2006 go háirithe teoranta do dhaoine a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine. Bhí freagraí teoranta freisin do ghníomhaíocht dheonach le linn na 4 seachtaine roimh Oíche Dhaonáireamh 2006. Ina theannta sin, athraíodh foclaíocht na gcatagóirí faoi obair dheonach freisin.
  • Níl Aontroim, Ard Mhacha, Doire, An Dún, Fear Manach ná Tír Eoghain mar chuid de thorthaí Dhaonáireamh na Príomh-Oifige Staidrimh don bhliain 2022. Bailíonn Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde an fhaisnéis do na contaetha sin.
  • Tá bileog faisnéise ar fhoilsiú na Sraithe Spotsolais faoi Obair Dheonach ar fáil ina n-áirítear an cur i láthair go léir agus roinnt comhaid ghearra fuaime ar na príomhthorthaí.
  • grafaic eolais foilsithe don fhoilseachán seo. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn an ghrafaic eolais uait i bhformáid ar leith.
  • Ceisteanna Coitianta maidir le Daonáireamh 2022 ar fáil.
  • Sainmhínithe - Féach na Nótaí Cúlra.

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --