-
I nDaonáireamh 2022, bhí 722,379 duine i mbun obair dheonach, sin 14% den daonra iomlán.
-
Bhí an líon ba mhó d’oibrithe deonacha, 286,887 duine nó 6% den daonra, páirteach in eagraíocht spóirt.
-
Bhí an líon ba lú daoine i mbun obair dheonach páirteach in eagraíocht polaitíochta, sin 17,295 duine, nó níos lú ná 1% den daonra.
-
Bhí an meánaois is sine ag oibrithe deonacha 15 bliana d’aois agus níos sine a bhí páirteach i ngrúpa creidimh, ag 55.3 bliana d’aois, ardú 4.6 bliana le hais 2006.
-
Bhí an meánaois is óige ag oibrithe deonacha 15 bliana d’aois agus níos sine a bhí páirteach in eagraíocht spóirt, ag 44.8 bliana, ardú 3.1 bliana le hais 2006.
-
Ba i Liatroim a bhí an sciar ab airde oibrithe deonacha ag 18% (6,177 duine).
-
Ba i gCathair Bhaile Átha Cliath a bhí an sciar ab ísle oibrithe deonacha ag 11% (64,142 duine).