Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Léaráid de dhaoine le míchumais agus riachtanais rochtana éagsúla, lena n-áirítear úsáideoir cathaoir rothaí, úsáideoir madra treorach, leanbh óg, agus duine atá ag úsáid áis siúil.
CSO Surveys logo

Suirbhé deonach náisiúnta ar dhaoine aonair is ea Suirbhé um Míchumas in Éirinn (IDS) a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) faoi Alt 24 den Acht Staidrimh, 1993.

Bailíonn an suirbhé tábhachtach seo faisnéis faoi ghnéithe éagsúla de shaol an rannpháirtí.

Ceisteanna Coitianta faoi Suirbhé um Míchumas in Éirinn

Céard é Suirbhé um Míchumas in Éirinn?

Is suirbhé deonach ar dhaoine é Suirbhé ar Míchumas in Éirinn, a dhéanann CSO faoi Alt 24 den Acht Staidrimh, 1993. Bailíonn Suirbhé ar Mhíchumas in Éirinn eolas faoi ghnéithe agus faoi thaithí éagsúla saoil daoine faoi mhíchumas agus daoine nach bhfuil faoi mhíchumas. Mar shampla, cuirfidh sé eolas ar fáil faoi úsáid seirbhísí sláinte, oideachais, iompair agus fostaíochta ag rannpháirtithe. 

Is féidir na fíricí a fhaighimid go díreach uait, trí Shuirbhé ar Míchumas in Éirinn, a úsáid chun eolas a dhéanamh do bheartas a bhaineann le míchumas. Mar shampla, is féidir leis na sonraí eolas a thabhairt faoin gcaoi ar cheart an maoiniú atá ann cheana a leithdháileadh, nó faoin áit agus faoin am is mó a bhfuil gá le seirbhísí míchumais. 

Teastaíonn uainn go nglacfaidh an oiread daoine agus is féidir páirt sa suirbhé lena chinntiú go léiríonn na sonraí a bhaileoimid saol agus taithí gach duine in Éirinn. Cuirfimid agallamh ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar dhaoine nach bhfuil faoi mhíchumas lena chinntiú go léiríonn ár sonraí líon na ndaoine faoi mhíchumas in Éirinn.

Cén cineál ceisteanna atá ar Shuirbhé ar Mhíchumas in Éirinn?

Cuimsíonn Suirbhé ar Mhíchumas in Éirinn ceisteanna ar réimse ábhar, lena n-áirítear:

  • Deacrachtaí feidhmiúla, amhail deacrachtaí siúil, radhairc nó foghlama.
  • Úsáid seirbhísí sláinte nó an gá atá leo.
  • Úsáid seirbhísí iompair phoiblí.
  • Tosca a chuireann cosc ar rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sóisialta.
  • Tosca a chuireann cosc ar rannpháirtíocht i bhfostaíocht nó san oideachas.

Cén fáth ar úsáid sibh an téarma “duine faoi mhíchumas”?

Tá teanga an-tábhachtach dúinn uile. Is féidir le húsáid teanga chuí treoir a thabhairt dúinn maidir leis an gcaoi a dtacaímid le cearta daoine faoi mhíchumas. Tá sé tábhachtach freisin a aithint gur féidir le roghanna teanga athrú agus forbairt le himeacht ama.

Úsáidimid teanga thugann 'tús áite don fhéiniúlacht' i Suirbhé ar Mhíchumas in Éirinn. Déanaimid cur síos ar dhuine mar “dhuine faoi mhíchumas” seachas “duine a bhfuil míchumas air”. Cuireadh an rogha seo in iúl go soiléir le linn na rannpháirtíochta le hEagraíochtaí na nDaoine faoi Mhíchumas le linn fhorbairt an tsuirbhé. Aithnítear an téarma “daoine faoi mhíchumas” ag go leor daoine laistigh de ghluaiseacht chearta daoine faoi mhíchumas in Éirinn mar théarma a thagann leis an tsamhail shóisialta agus le cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine. Aithnítear leis seo go mbíonn daoine faoi mhíchumas mar gheall ar bhacainní éagsúla a d’fhéadfadh cur isteach ar a rannpháirtíocht iomlán éifeachtach sa tsochaí ar bhonn comhionann le daoine eile.

Tuigimid freisin go bhféadfadh daoine eile an téarma “daoine nó daoine aonair a bhfuil míchumas orthu” a roghnú. Léiríonn an téarma sin tuiscint gur daoine iad ar an gcéad dul síos, atá i dteideal cearta daonna. Tuigimid freisin nach n-aithníonn daoine áirithe iad féin le ceachtar den dá théarma. 

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi fhorbairt an tsuirbhé?

Tá Suirbhé ar Mhíchumas in Éirinn sa chéim forbartha faoi láthair. Ciallaíonn sé seo nach bhfuilimid ag bailiú eolais ó rannpháirtithe faoi láthair. Déanfar píolótú ar an suirbhé i R4 2026 agus isteach i R1 2027, áit a ndéanfar tástáil ar na ceisteanna agus ar dhearadh an tsuirbhé roimh an bpríomhbhailiú sonraí in 2028.
Féach an chuid ar fhorbairt an tsuirbhé le haghaidh tuilleadh eolais faoin méid atá i gceist leis an gcéim forbarth

Rúndacht

Céard faoi rúndacht?

Bunluach de chuid an CSO is ea rúndacht. Tá foireann iomlán an CSO ainmnithe ina nOifigigh Staidrimh faoi Alt 20(a) den Acht Staidrimh, 1993. Ciallaíonn sé sin go bhfuil ceanglas dlí ar gach ball foirne rúndacht na sonraí a bhfuil rochtain acu orthu a chaomhnú. Ní roinneann an CSO aon sonraí pearsanta óna bhféadfaí daoine a aithint le haon tríú páirtí. Tá do chuid sonraí agus do rúndacht faoi chosaint an dlí. I gcásanna teoranta, roinntear sonraí le taighdeoirí faofa faoi choinníollacha dochta ar bhealach ina gcosnaítear céannacht daoine. Ní úsáidimid do chuid sonraí ach chun críocha staidrimh. Ciallaíonn sé sin go mbainimid amach gach eolas lena bhféadfaí tú a aithint, amhail d’ainm agus do sheoladh cruinn. Bainimid úsáid as eolas ginearálta amhail an ceantar ginearálta ina gcónaíonn tú, m.sh. Baile Átha Cliath, agus d’inscne, agus ansin déanaimid na sonraí seo a ghrúpáil (a chomhiomlánú) ionas nach féidir aon duine a aithint ó na sonraí a chuirtear ar fáil.

Chomh maith leis na cosaintí dlíthiúla dochta san Acht Staidrimh, 1993, ní mór don CSO a chinntiú go gcomhlíontar na ceanglais maidir le cosaint sonraí sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus san Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Is féidir Fógra Trédhearcachta um Chosaint Sonraí don suirbhé a fháil ar ár suíomh gréasáin.

Conas a fhoilseoidh an CSO torthaí Shuirbhé um Míchumas in Éirinn?

Foilseoidh an CSO na torthaí ar ár suíomh gréasáin agus ar ár gcainéil meán sóisialta. Bainfimid úsáid as céatadáin agus treochtaí chun an scéal taobh thiar de Shuirbhé um Míchumas in Éirinn a insint. Tabharfaimid breac-chuntas ginearálta ar shaintréithe na ndaoine a d’fhreagair.

Faoin Acht Staidrimh, 1993, féadfaidh an CSO rochtain ar chomhaid sonraí neamh-chomhiomlánaithe a dheonú faoi choinníollacha dochta, chun críocha eolaíochta agus staidrimh amháin. Dá bhrí sin, is féidir le taighdeoirí cláraithe rochtain a fháil ar na comhaid seo chun taighde acadúil agus taighde a bhaineann le beartas a dhéanamh, a fhoilsítear ansin ar leibhéal comhiomlán.

Aon Cheisteanna Eile

Mura bhfuil freagra ar mo cheist anseo, cé leis ar féidir liom dul i dteagmháil chun tuilleadh eolais a fháil?
Má tá aon cheist agat faoin suirbhé, is féidir leat glaoch orainn ar 021 453 5110 nó ríomhphost a chur chugainn ag CSOTakePart@cso.ie.
Is féidir leat tuilleadh eolais faoin suirbhé a fháil freisin ar shuíomh gréasáin an CSO nó ar ár gcainéil meán sóisialta, amhail Instagram, Facebook nó X (Twitter).