Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Pictiúr gar-amhairc de lámha ag baint úsáide as piocadh chun glas dorais a oscailt
CSO Surveys logo

Tá na staitisticí a fhoilsímid maidir le hÉireann neamhspleách agus iontaofa—toisc gur inis sibh dúinn iad.

Tugann an t-eolas a thugann tú dúinn léargas an-chruinn dúinn ar a bhfuil i gceist le bheith ag maireachtáil in Éirinn, sa lá atá inniu ann—ár saol, ár ngeilleagar, ár sláinte, ár n-oideachas, ár sonas agus ár bhfolláine.

Céard é an Suirbhé maidir le Coiriúlacht agus Íospairt?

Is suirbhé náisiúnta saorálach ar dhaoine aonair é an Suirbhé maidir le Coiriúlacht agus Íospairt (SCI) a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Bailítear leis an suirbhé tábhachtach faisnéis faoin taithí atá agatsa agus ag do líon tí ar choiriúlacht agus ar íospairt in Éirinn le dhá mhí dhéag. I measc na n-ábhar tá:

  • Gadaíocht
  • Ionsaí
  • Calaois

Chomh maith leis sin, bailítear do chuid tuairimí faoi iompraíocht fhrithshóisialta, faoi chosc ar choireanna agus faoin gcóras ceartais choiriúil.

Cén tábhacht atá leis an Suirbhé maidir le Coiriúlacht agus Íospairt?

Tugann an SCI léargas níos soiléire dúinn ar chomh forleathan agus atá coireanna agus íospairt in Éirinn. Rinne an Phríomh-Oifig Staidrimh an suirbhé is déanaí ar an ábhar seo in 2019, agus mar sin tá sé tábhachtach léargas cothrom le dáta a fháil ar an tionchar a bhíonn ag coireanna agus íospairt ar ár saol.

Tá sé tábhachtach go mbaileoimis faisnéis ó dhaoine ar bhain coiriúlacht nó íospairt de chineál ar bith dóibh chomh maith faisnéis a fháil uathasan nár bhain coiriúlacht dóibh.

Braitheann muid ar d’eolas, mar sin glac páirt mar tá do ghuth tábhachtach.

Cén cineál ceisteanna a chuirtear ar na freagróirí?

Áirítear sa suirbhé ceisteanna ar ábhair éagsúla a bhaineann le coiriúlacht agus íospairt, mar shampla:

      • Do thaithí phearsanta ar choiriúlacht, lena n-áirítear cineál agus minicíocht na n-eachtraí
      • Taithí an lín tí ar choiriúlacht, lena n-áirítear cineál agus minicíocht na n-eachtraí
      • Dearcadh i leith na coiriúlachta áitiúla agus na coiriúlachta i gcoitinne
      • Iompraíocht tuairiscithe

Conas is féidir liom a bheith páirteach?

Gheobhaidh daoine a roghnaítear go randamach litir chuiridh ón bPríomh-Oifig Staidrimh chun páirt a ghlacadh sa suirbhé. Is ar bhonn deonach a ghlactar páirt, agus bíonn gach freagairt faoi rún agus anaithnid de réir an Achta Staidrimh, 1993.

Tá sé simplí agus éasca páirt a ghlacadh ar líne: is féidir leat rochtain a fháil ar an suirbhé tríd an nasc thíos nó tríd an gcód QR atá i do litir chuiridh. Iarrfar ort ansin d’eochair rochtana a chur isteach, mar atá priontáilte i do litir, chun tús a chur leis an suirbhé.
https://socialsurveys.cso.ie/weblogin/

Tabhair faoi deara le do thoil nach mbeidh an suirbhé ar líne ar fáil ach ar feadh cúpla seachtain. Ina dhiaidh sin, beidh ionadaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh i do cheantar chun cabhrú leat an suirbhé a chomhlánú go pearsanta.

Cén chaoi a mbainfear úsáid as na torthaí?

Déanfar anailís ar na sonraí anaithnidithe a bailíodh chun tuarascálacha staitistiúla a chur ar fáil maidir le coiriúlacht agus íospairt in Éirinn. Foilseofar na tuarascálacha sin ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh agus beidh siad ina n-acmhainn luachmhar chun patrúin choiriúlachta a thuiscint, chun bonn eolais a chur faoi chinntí beartais, agus chun measúnú a dhéanamh ar thionchar straitéisí coiscthe coiriúlachta.

Cén chaoi a mbeidh a fhios agam go bhfuil mo chuid faisnéise sábháilte?

Tá cosaint do phríobháideachta i gcroílár gach rud a dhéanaimid. Ráthaítear do chuid rúndachta de réir an dlí faoin Acht Staidrimh, 1993, rud a chiallaíonn nach féidir aon duine aonair, líon tí ná fiontar a aithint ó na sonraí a fhoilsímid. Tá an fhaisnéis a sholáthraíonn tú ginearálaithe, mar sin níl aon duine inaitheanta ó na sonraí a sholáthraíonn tú agus ní úsáidtear í ach chun críocha staidrimh. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leat as do mhuinín ionainn.

Tá leathanach Iontaoibh & Trédhearcacht forbartha againn, mar go bhfuil rúndacht an-tábhachtach dár gcuid oibre.

An bhfuil tacaíocht uait?

Má chuireann ábhar an tsuirbhé isteach ort nó más mian leat tacaíocht a lorg a bhaineann le haon taithí a pléadh sna ceisteanna, is féidir leat an nasc thíos a leanúint chun liosta de sheirbhísí agus d’eagraíochtaí tacaíochta ábhartha a fháil: Seirbhísí tacaíochta 

Sonraí teagmhála

Chun tuilleadh eolais nó cúnamh a fháil maidir leis an Suirbhé maidir le Coiriúlacht agus Íospairt, déan teagmháil le:

Ríomhphost: CSOTakePart@cso.ie

Teileafón: 021 453 5110

Foghlaim tuilleadh faoi pháirt a ghlacadh

Páirt a Ghlacadh i Suirbhé

An Chaoi le Suirbhé de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh a Dheimhniú

Seirbhísí tacaíochta