Ba é an meánchaiteachas seachtainiúil teaghlaigh ar bhia in 2023 ná €161. Cén chaoi ar éirigh linn an fhaisnéis sin a fháil? Inis tú dúinn faoi.
Nuair a thugann tú faisnéis dúinn is féidir linn léargas thar a bheith glinn ar Éirinn, ar ár saol, ar ár ngeilleagar, ar ár sláinte agus ar ár sonas a chruthú.
Is suirbhé náisiúnta é an Suirbhé Buiséid an Líon Tí (SBLT) ar líonta tí Éireannacha arna roghnú go randamach, a dhéanann an Príomh-Oifig Staidrimh (CSO), agus is cuid de chlár ar fud an Aontais Eorpaigh é lena gcuirtear faisnéis thábhachtach ar fáil faoi na nithe seo a leanas:
Trí bhíthin na bhfíricí a fhaighimid go díreach uaitse tríd an suirbhé seo, faighimid íomhá níos glinne faoi na nithe a gcaitheann líonta tí a gcuid airgid orthu. Cabhraíonn rannpháirtíocht sa suirbhé seo linn nuashonrú a dhéanamh ar an gciseán earraí siopadóireachta a úsáidimid chun an costas maireachtála a rianú, agus, dá réir sin, úsáidtear é chun an ráta boilscithe a thomhas. Déanaimid athbhreithniú air seo chun a chinntiú go bhfuil nósanna caiteachais a bhíonn ag athrú á rianú againn. Trí pháirt a ghlacadh, tá tú ag cabhrú le daoine eile tuiscint a fháil ar thionchar an chostais maireachtála.
Mar thoradh ar na fíricí a fhaighimid go díreach uait trí SBLT:
Tá an suirbhé seo ríthábhachtach agus táimid ag brath ar d'fhaisnéis. Má roghnaítear thú chun páirt a ghlacadh, glac páirt le do thoil mar tá tábhacht le do bharúil.
Fuarthas go bhfuair rannpháirtithe roimhe seo tuiscint níos fearr ar a gcuid caiteachais agus is tráthúil an dúshlán seo i bhfianaise tionchar an bhoilscithe ar bhia, ar théamh agus ar eisíocaíochtaí eile.
I ndiaidh an agallaimh, comhlánóidh gach ball den líon tí atá 16 bliana d’aois nó os a chionn leabhar nótaí maidir le caiteachais 14 lá.
Chun tuilleadh eolais nó cúnamh a fháil maidir le Suirbhé Buiséid an Líon Tí (SBLT), déan teagmháil le:
Ríomhphost: CSOTakePart@cso.ie
Teileafón: 021 453 5110
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin bPríomh-Oifig Staidrimh, cé muid féin, agus cén fáth a bhfuil tábhacht leis an méid a dhéanaimid
Faigh amach faoin gcaoi a n-oibríonn an Phríomh-Oifig Staidrimh le sonraí, na cosaintí atá i bhfeidhm againn, agus ár gcur chuige maidir le heitic agus trédhearcacht
Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.