Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Beirt ina suí i seomra, agus ríomhaire glúine oscailte ar an mbord.
CSO Surveys logo

Tá na staitisticí a fhoilsímid maidir le hÉireann neamhspleách agus iontaofa – toisc gur inis sibh dúinn iad

Tugann an t-eolas a thugann tú dúinn léargas an-chruinn dúinn ar a bhfuil i gceist le bheith ag maireachtáil in Éirinn, sa lá atá inniu ann—ár saol, ár ngeilleagar, ár sláinte, ár n-oideachas, ár sonas agus ár bhfolláine.

Céard é Suirbhé Iontaoibhe 2025?

Is suirbhé deonach é Suirbhé Iontaoibhe 2025 a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Is cuid de chlár uile ECFE é an suirbhé ar thug an Phríomh-Oifig Staidrimh faoi cheana sa bhliain 2023.

Is é is cuspóir don suirbhé, a dhéantar ar líne, faisnéis a bhailiú maidir le leibhéil iontaoibhe agus sástachta daoine in institiúidí poiblí éagsúla agus sa rialtas. Tá sé d’aidhm leis freisin féachaint ar na nithe is mó is bonn leis na leibhéil iontaoibhe sin (iontaofacht, freagrúlacht, sláine, cothroime agus oscailteacht).

An t-údar a bhfuil tábhacht leis an suirbhé?

Cuideoidh na sonraí a bhailítear ón suirbhé seo le ranna agus gníomhaireachtaí rialtais agus le dreamanna eile chun beartais agus seirbhísí a fhorbairt lena neartófar iontaoibh in institiúidí poiblí. Cuirfidh sé ar ár gcumas freisin foghlaim ó dhea-chleachtais idirnáisiúnta a bhaineann le hiontaoibh, le leibhéil iontaoibhe a thomhas le himeacht ama in Éirinn, agus le comparáid a dhéanamh go hidirnáisiúnta.

Braithimid ar an eolas a thugann tú dúinn, mar sin má iarrtar ort a bheith páirteach glac páirt le do thoil mar tá do ghuth tábhachtach.

Cén chaoi a mbeidh a fhios agam go bhfuil mo chuid faisnéise sábháilte?

Tá cosaint do phríobháideachta i gcroílár gach rud a dhéanaimid. Ráthaítear do chuid rúndachta de réir an dlí faoin Acht Staidrimh, 1993, rud a chiallaíonn nach féidir aon duine aonair, líon tí ná fiontar a aithint ó na sonraí a fhoilsímid. Tá an fhaisnéis a sholáthraíonn tú ginearálaithe, mar sin níl aon duine inaitheanta ó na sonraí a sholáthraíonn tú agus ní úsáidtear í ach chun críocha staidrimh. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leat as do mhuinín ionainn.

Tá leathanach Iontaoibh agus Trédhearcacht forbartha againn, mar go bhfuil rúndacht an-tábhachtach dár gcuid oibre.

Sonraí teagmhála

Má tá aon cheist agat, déan teagmháil le do thoil:

Ríomhphost: CSOTakePart@cso.ie

Teileafón: 021 453 5110

Foghlaim tuilleadh faoi pháirt a ghlacadh

Páirt a Ghlacadh i Suirbhé

An Chaoi le Suirbhé de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh a Dheimhniú

Seirbhísí tacaíochta