Tá na staitisticí a fhoilsímid maidir le hÉireann neamhspleách agus iontaofa – toisc gur inis sibh dúinn iad
Tugann an t-eolas a thugann tú dúinn léargas an-chruinn dúinn ar a bhfuil i gceist le bheith ag maireachtáil in Éirinn, sa lá atá inniu ann—ár saol, ár ngeilleagar, ár sláinte, ár n-oideachas, ár sonas agus ár bhfolláine.
Déantar Suirbhé ar Theicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC) Líonta Tí gach bliain mar chuid den Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI) agus den Scórchlár Digiteach.
I mbliana, clúdófar sa suirbhé ábhair amhail rochtain teaghlaigh ar an idirlíon, úsáid ríomhaitheantais (eID), úsáid TFC chun seirbhísí rialtais a sholáthar ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla, scileanna TFC, príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta, agus ceannacháin ar líne.
Baineann daoine, fiontair, údaráis áitiúla agus an rialtas náisiúnta úsáid as staitisticí na Príomh-Oifige Staidrimh chun cinntí beartais a dhéanamh agus chun pleanáil a dhéanamh dár dtodhchaí.
Is é an suirbhé seo an fhoinse oifigiúil sonraí maidir le nascacht idirlín, litearthacht theicniúil, úsáid seirbhísí idirlín, agus comhtháthú na teicneolaíochta digití in Éirinn. Cabhraíonn sé linn dul chun cinn na hÉireann agus dul chun cinn thíortha eile an AE i dtreo geilleagar digiteach agus sochaí dhigiteach a thomhas.
Tá painéal de shaoránaigh a roghnaíodh go randamach curtha ar bun ag an bPríomh-Oifig Staidrimh chun páirt a ghlacadh i sraith suirbhéanna gearra. Má roghnaíodh don phainéal seo thú, rachfar i dteagmháil leat ar an ríomhphost nó ar an nguthán chun an suirbhé seo a líonadh isteach.
Má dhéantar teagmháil leat ar an ríomhphost, cuirfear eolas faoin gcaoi le páirt a ghlacadh sa Suirbhé TFC ar Líonta san áireamh sa ríomhphost. Is féidir leat teacht ar an gceistneoir agus é a chomhlánú trí úsáid a bhaint as aitheantóir na Príomh-Oifige Staidrimh agus as an UAP a chuirtear ar fáil sa ríomhphost agus tríd an nasc a chuirtear ar fáil a leanúint, nó cliceáil ar an nasc anseo: https://launch.survey.cso.ie
Má dhéanaimid teagmháil leat ar an bhfón, is féidir leat an suirbhé a chomhlánú trí na ceisteanna suirbhé a fhreagairt ar an bhfón.
Má iarrtar ort páirt a ghlacadh, déan amhlaidh toisc go bhfuil tábhacht le do ghuth.
Tá cosaint do phríobháideachta i gcroílár gach rud a dhéanaimid. Ráthaítear do chuid rúndachta de réir an dlí faoin Acht Staidrimh, 1993, rud a chiallaíonn nach féidir aon duine aonair, líon tí ná fiontar a aithint ó na sonraí a fhoilsímid. Tá an fhaisnéis a sholáthraíonn tú ginearálaithe, mar sin níl aon duine inaitheanta ó na sonraí a sholáthraíonn tú agus ní úsáidtear í ach chun críocha staidrimh. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leat as do mhuinín ionainn.
Tá leathanach forbartha againn, mar go bhfuil rúndacht an-tábhachtach dár gcuid oibre.
An Chaoi le Suirbhé de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh a Dheimhniú