Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Tá ár staitisticí faoi Éirinn neamhspleách agus iontaofa, de bhrí gur tusa a thug dúinn iad.

Mar thoradh ar an eolas a thugann tú dúinn is féidir linn íomhá an-chruinn d'Éirinn, dár saol, dár ngeilleagar, dár sláinte agus dár sonas a chur le chéile.

Maidir leis an Suirbhé ar Struchtúr Tuillimh

Is é atá i gceist leis an Suirbhé ar Struchtúr Tuillimh (SST) suirbhé náisiúnta ar fhostaithe na hÉireann a chuireann mionfhaisnéis ar fáil maidir le staitisticí Tuillimh. Suirbhé éigeantach atá ann a dhéanann institiúidí náisiúnta staitisticí, an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ina measc, i ngach ballstát den Aontas Eorpach.

Cén tábhacht a bhaineann leis an Suirbhé?

Bainfidh ranna rialtais, gníomhaireachtaí agus daoine eile úsáid as sonraí ón suirbhé seo chun ábhar díospóireachta a fhorbairt agus chun cinntí ríthábhachtacha a dhéanamh ar thopaicí amhail an t-íosphá náisiúnta agus an bhearna phá idir fir agus mná.

Tuilleadh Eolais maidir leis an Suirbhé ar Struchtúr Tuillimh


Sonraí teagmhála

Chun tuilleadh eolais nó cúnamh a fháil maidir leis an Suirbhé ar Struchtúr Tuillimh, déan teagmháil le:

Ríomhphost: CSOTakePart@cso.ie

Teileafón: 021 453 5110

Léigh níos mó


Tuilleadh Eolais agus Acmhainní