Skip navigation

Gradam um Úsáid Sonraí Oscailte an CSO ag Taispeántas an Eolaí Óig BT 2019

Tá ríméad ar an bPríomh-Oifig Staidrimh urraíocht a dhéanamh ar ghradam bliantúil a spreagann daoine óga chun sonraí oscailte a úsáid. Is ar bhonn na húsáide, nó na húsáide féideartha, is nuálaí de shonraí na hOifige a bhronntar an gradam seo. Féach an fógrán le do thoil chun teacht ar a thuilleadh eolais.

I mí Eanáir na bliana seo, bronnadh Gradam um Úsáid Sonraí Oscailte an CSO 2019 ar Conor Casey agus Hannah Coombs, as Pobalscoil Inbhear Scéine, Neidín, Contae Chiarraí.

Bronnadh Ghradam Sonraí Oscailte an CSO 2019 ar Conor Casey agus Hannah Coombs (PDF 732KB)

Tá toradh 2019 ‌luaite i measc na ngradam speisialta ar shuíomh an Taispeántais: https://btyoungscientist.com/2019-special-awards/ [en]

 

Cúlra an Ghradaim

Bíonn Gradam um Úsáid Sonraí Oscailte an CSO ar oscailt d'iontrálacha i ngach catagóir agus i ngach aoisghrúpa páirteach i dTaispeántas an Eolaí Óig agus Teicneolaíochta BT (BTYSTE) a bhaineann leas as sonraí foilsithe na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO).

Fógrán - Gradam um Úsáid Sonraí Oscailte an CSO 2019 (PDF 528KB)

 

Chun teacht ar na catagóirí Taispeántas BT an Eolaí Óig agus Teicneolaíochta, féach ar an nasc

https://btyoungscientist.com/category-choice-teachers/ [en]

https://btyoungscientist.com/ [en]