Skip navigation

  • Tá an comórtas seo ar oscailt d’iar-bhunscoileanna lonnaithe aon áit in Éirinn (thuaidh nó theas).
  • Saothar na ndaltaí féin a mba chóir a bheith i ngach ábhar a soláthraítear. Níl sé ceadaithe aon seirbhís seachtrach deartha nó comhairleoireachta a úsáid d'aon ghné den tionscadal.
  • Ní mór do mhúinteoirí daltaí faoina stiúir a chlárú, i bhfoirne de bheirt nó thriúr, agus dearbhú a thabhairt maidir leis an gcatagóir aoise chuí. Caithfear an méid seo a dhéanamh faoin dáta deiridh chun clárú, an 24 Eanáir 2020.

Tá dhá catagóir aoise ann:

–    daltaí a rugadh in 2004 nó ina dhiaidh, .i. in 2004, 2005, srl.

–    daltaí a rugadh in 2001 nó ina dhiaidh, .i. in 2001, 2002, srl.

  • Is éard is iontráil bailí ann ná póstaer arna chur faoi bhráid ag múinteoir thar ceann foireann daltaí agus an póstaer sin a bheith faighte i bhformáid leictreonach ar ríomhphost chuig johnhooper2020@cso.ie faoin spriocdháta. Chun póstaeir a chur faoi bhráid ní mór cloí leis na treoirlínte póstaeir ionas go nglacfaí leis mar iontráil bailí:

(a) Cur i láthair aon leathanaigh digiteach i bhformáid portráide nó tírdhreacha, .i. ní glacfar le curtha i láthair il-leathanaigh. Ní mór cloí le formáid aon leathanaigh d’iontrálacha póstaeir. Ní ghlacfar le hiontrálacha póstaeir ar pháipéar, óir is comórtas do phóstaeir ríomhghinte é seo

(b) Ní ghlacfar ach amháin le comhaid d’fhormáid PNG, JPEG, GIF, nó PDF

(c) Is féidir le póstaeir a bheith dírithe ar aon ábhar a roghnaíonn daltaí

(d) Is é uasmhéid an chomhad póstaeir ar ríomhphost ná 2MB

(e) Ba chóir don phóstaer a bheith inléite do dhuine dhá mhéadar (c. seacht dtroithe) uaidh agus an póstaer curtha i gcló ar leathanach ar mhéid A1

(f)  Ba chóir nach mbeadh aon eolas nó scríbhneoireacht aitheanta ar an bpóstaer, .i. ainmneacha daltaí nó ainm na scoile

(g)  Ba chóir an póstaer a chur ar ríomhphost chuig an seoladh johnhooper2020@cso.ie roimh 5 i.n. an 6 Márta 2020.

  • Níl teorainn ar líon na n-iontrálacha póstaeir ó aon scoil. Ní féidir le dalta aonair, áfach, a bheith rannpháirteach ach in aon iontráil phóstaeir amháin in aon bhliain, mar bhall d’fhoireann de bheirt nó thriúr dalta.
  • Coinnítear na póstaeir go léir a chuirtear faoinár mbráid go daingean ar fhreastalaithe na Príomh-Oifige Staidrimh agus ní úsáidtear iad ach ar mhaithe le hacmhainní teagaisc a fhorbairt agus chun an comórtas a chur chun cinn. Ba chóir nach mbeadh aon eolas inaitheanta ar phóstaer a chuirtear faoi bhráid ionas go nglacfaí leis mar iontráil póstaeir bailí.
  • Ní bheidh dliteanas ar an bPríomh-Oifig Staidrimh as iontrálacha nach bhfaightear faoin spriocdháta le haghaidh iontrálacha. Ní ghlacann an Phríomh-Oifig Staidrimh freagracht maidir le haon iontráil a bheith neamhbhailí toisc í a bheith caillte, doléite, truaillithe, damáistithe, easnamhach; moill a bheith uirthi nó í a bheith neamhbhailí ar aon chúinse eile
  • Déanfaidh na moltóirí an trí phóstaer buaiteacha is fearr a roghnú ar dtús, beag beann ar chatagóir aoise, de réir na critéir mheasúnachta agus treoirlínte scórála arna leagadh síos ag eagarthóirí an chomórtais agus iad ag fearadh ar na hiontrálacha bailí go léir a fhaightear faoin spriocdháta deiridh chun póstaeir a chur faoi bhráid. Bronnfar duais ar na daltaí rannpháirteacha agus ar an scoil bainteach leis na hiontrálacha buaiteacha seo.
  • Ní féidir rialacha an Chomórtais a athrú nó a mionathrú agus cuirfear i bhfeidhm go dian iad.
  • Má bhíonn aon díospóid ann maidir leis na rialacha, fógra an chomórtais, iompar rannpháirtithe, torthaí nó maidir le haon ábhar eile bainteach leis an gcomórtas seo, is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh na Príomh-Oifige Staidrimh agus ní tosófar ar aon chomhfhreagras nó aon phlé ina leith.
  • Níl fostaithe de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh, an Tionscadail Mata nó an Ionaid Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas incháilithe chun cur isteach ar an gcomórtas seo.
  • Is féidir grianghraif de na daltaí, scoileanna agus múinteoirí buacacha mar aon lena n-ainmneacha a úsáid i bhfeachtais poiblíochta. Forchoimeádann an Phríomh-Oifig Staidrimh an ceart chun leas a bhaint as aon grianghraif/físeáin a thógtar ag searmanas bronnta an chomórtais seo mar chuid d’fhoilseacháin nó de ábhair eile meán arna bhfoilsiú, arna n-úsáid nó arna n-ordú ar conradh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, lena n-áirítear na míreanna seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh: bróisiúr, cuirí, leabhair, nuachtáin, irisí, ábhair theilifíse, ábhair ghréasáin.
  • Comórtas John Hooper - Torthaí 2020
  • Comórtas John Hooper 2020
  • Rialacha Comórtais - John Hooper 2020
  • Foirm Chláraithe - John Hooper 2020
  • Conas Póstaer a Dhéanamh