Skip navigation

Bhí an-rath ar chomórtas Bhonn Staidrimh John Hooper arís i mbliana. Bíonn ríméad orainn an oiread iontrálacha ar an gcomórtas a fheiceáil bliain i ndiaidh a chéile. Le roinnt seachtaine anuas, ba bheag nárbh fhéidir dul ar aghaidh leis an bpróiseas moltóireachta mar gheall ar Covid-19. Is mór an faoiseamh é, mar sin, a rá gur éirigh linn an méid seo a dhéanamh ar deireadh. Gabhaimid buíochas faoi leith leis na moltóirí a ghlac an t-am a gcúraimí don chomórtas a chomhlíonadh sa gcomhthéacs dúshlánach seo.

Sheol Paul Morrin, Ard-Stiúrthóir Cúnta leis an bPríomh-Oifig Staidrimh, an deichiú eagrán de chomórtas Bhonn Staidrimh John Hooper an 22 Deireadh Fómhair 2019.  Cuireadh 220 phóstaer, idir Gaeilge agus Béarla, isteach mar iontrálacha ar an gcomórtas i mbliana.

Rinne painéil de chuid na hOifige dhá réamhbhabhta moltóireachta ar na póstaeir agus iad ag obair de réir critéir mhionsonraithe moltóireachta. Cuireadh 15 phóstaer ar an ngearrliosta don bhabhta moltóireachta deiridh. Ar an bpainéal don bhabhta deiridh sin, faoi chathaoirleacht Anthony Dawson, bhí:
 

Kathleen O'Sullivan
Léachtóir & Stiúrthóir ar an Aonad Sainchomhairleoireachta Staitistiúil
Scoil na nEolaíochtaí Matamaiticiúla
Coláiste na hOllscoile
Corcaigh

An Dr Kieran Murphy
Léachtóir sa Mhatamaitic
Calmast
Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge

Anthony Dawson
Staitisteoir
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh

Olive Loughnane
Staitisteoir
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh
 

Ní raibh sé éasca ar an bpainéal na póstaeir ghearrliostaithe a mheas chun na tionscadail rathúla a phiocadh. Bronnfar duaiseanna i gcomhair Bonn Staidrimh John Hooper 2020 ag searmanas bronnta sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath Dé Máirt an 20 Deireadh Fómhair 2020. Seolfar cuiridh amach dó seo níos giorra don dáta sin.

Is iad seo a leanas torthaí bhreithniú na moltóirí:

 

 

Chéad Áit agus buaiteoirí Bhonn Staidrimh John Hooper

Daltaí: Ruairí Lyons, Shane Whyte
Múinteoir: Meighan Duffy
Coláiste Pobail Átha Luain
Bóthar an Díthribh
Áth Luain
Contae na hIarmhí

Adolescents Perception of Barriers to Accessing Mental Health Servies (PDF 825KB)

 

Dara hÁit

Daltaí: Mizna Shahid, Zainib Shahid
Múinteoir: Brian Higgins
Meánscoil Loreto Bhaile Brigín
Baile Brigín
Contae Bhaile Átha Cliath

Using Chitosan to Create a Biodegradable, Antimicrobial Plastic Alternative to Aid in the Reduction of Plastic Waste in Hospitals

 

Tríú hÁit

Daltaí: Peter McGuinness, Aodhán McGuinness
Múinteoir: Yvonne Nolan
Coláiste Choill Chluana Gabhann
Claonadh
Contae Chill Dara

Stopping Money from Distorting Competition in Professional Sports: A Statistical Analysis of the NFL Draft System as an Alternative Paradigm for Professional Sport

 

Ord Fiúntais

Thug na moltóirí ord fiúntais do na póstaeir seo a leanas:

Daltaí: Erinn Leavy, Sophie McArdle
Múinteoir: John White
Meánscoil Naomh Uinseann
Plás Bhaile na Trá,
Dún Dealgan,
Contae Lú

An Analysis of Physiological and Running Metrics in 3K Cross Country Running in comparison to Track and Treadmill

 
Daltaí:
Sean Coughlan, Mark Collins, Niamh Hudson
Múinteoir: Stephen McLaughlin
Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan
Droichead na Bandan
Contae Chorcaí

A Statistical Analysis on the Difference and Frequency of Injuries on Grass and 4G Pitches in Professional Rugby

 
Daltaí:
Clíona O'Keeffe, Ciara Miesle
Múinteoir: Niamh Hegarty
Coláiste Mhuire
Inis Cluana Rámhfhada
Contae an Chláir

Investigation into the Correlation Between Inaccurate Media Consumption and Mental Health Stigma

 
Daltaí:
Jack Browne, Daniel Brady, Williamh McGibney
Múinteoir: Breeda Corcoran
Coláiste Naomh Pádraig
An Choillidh
Contae an Chabháin

Screen Dreams - A Statistical Investigation into the Lifestyle Effects of Excessive Screen Time Among Adolescents

 
Daltaí:
Luke Johnston, Liam Glennon
Múinteoir: Michelle Kelly
Coláiste Naomh Fhinnian
An Muileann gCearr
Contae na hIarmhí

Does Power Perform - An Analysis of the Relationship Between Power and Performance of Consumer CPUs


Daltaí:
Gemma Coffey, Amelie Cojocaru
Múinteoir: Conor Maguire
Coláiste Loreto Charraig an tSionnaigh
Gráinseach an Déin
Contae Bhaile Átha Cliath

Is there a Correlation between the Number of Planets Discovered and Advancements in Technologies‌?

 
Daltaí:
Shayne Carrara, Genie Davis
Múinteoir: Patricia McDonagh
Meánscoil Ag Foghlaim Le Chéile Chorcaí
Bóthar Wellington
Corcaigh

Does Volcanic Activity in Iceland Make More Money for the Economy Through Tourism or Cost More Money from Damages Caused by Volcanoes?

 
Daltaí: Sophie O'Sullivan, Grace Kodia, Hannah Cullen
Múinteoir: Niamh McNally
Meánscoil Loreto Bhaile Brigín
Baile Brigín
Contae Bhaile Átha Cliath

Does Outdoor Learning Improve the Quality of Education?

 
Daltaí:
Ella Markey, Robyn Bagley, Ella Walsh
Múinteoir: Niamh McNally
Meánscoil Loreto Bhaile Brigín
Baile Brigín
Contae Bhaile Átha Cliath

Does Self Efficacy in Mathematical Ability Have an Effect on the Number of Women Pursuing STEM Careers?


 
Daltaí:
Éabha McLoughlin, Sinéad Clarke
Múinteoir: ChloeWhite
Meánscoil Loreto Bhaile Brigín
Baile Brigín
Contae Bhaile Átha Cliath

Do Some Insulin Pump Infusion Sites Have a Better Impact on Blood Glucose Levels or Movement and Confidence Levels in Teenagers?

 
Daltaí:
Rory Kilgariff, Donagh Claffey, Dylan Corcoran
Múinteoirí: Patricia Forde, Aoife Quigley
Coláiste na Muireach
Bóthar an Díthribh
Áth Luain
Contae na hIarmhí

The Future of Transport - Can Ireland Reach 936,000 Electric Vehicles by 2030?

 
Daltaí: Finnian Flynn, Ronan Griffin, Josh O'Dwyer
Múinteoir: Eileen Flanagan
Ardscoil Rís
An Cuarbhóthar Thuaidh
Luimneach

What Makes a Best Picture Winner at the Oscars?

 

Aiseolas maidir leis na póstaeir

Is iad seo a leanas roinnt deacrachtaí a thagann aníos gach bliain le linn na próisis clárúcháin agus iontrála:

  • Iontrálacha sa bhformáid mhícheart
  • Ainm na scoile nó ainmneacha na ndaltaí luaite ar an bpóstaeir
  • Póstaeir curtha isteach gan foirmeacha iontrála i dteannta leo

 

Aiseolas ó na moltóirí

Chuaigh an raon leathan topaicí suimiúla a clúdaíodh i bpóstaeir na bliana seo i gcion go mór ar na moltóirí.

É sin ráite, seo roinnt comhairle faoi na gnéithe gur féidir iad a fheabhsú:

Déan iarracht gan dath dorcha a úsáid mar chúlra ar do phóstaer ós rud é go bhfágann sé an-deacair é cuid den téacs a léamh. Uaireanta, tá difríocht idir cuma na ndathanna agus na gclónna ar an scáileáin agus a gcuma ar pháipéar, mar sin ba smaoineamh maith é cóip den phóstaeir a phriontáil amach ionas gur féidir breathnú air sula gcuireann sibh é faoi bhráid.

Chomh maith leis sin, tabhair aird don chomhréir idir spás bán agus téacs/graif; cinnte is tábhachtach go mbeadh spás ban ann dos na himill, srl. le nach mbeadh an póstaer míshlachtmhar, ach ar an lámh eile de is deacair cló beag agus graif bheaga a léamh. I gcás póstaeir a úsáideadh le haghaidh iontráil i gComórtas an Eolaí Óig agus Teicneolaíochta, ba chóir roinnt eagarthóireachta a dhéanamh air seo chun go bhfeilfeadh sé níos fearr do chomórtas póstaeir.

Smaoinigh ar na graif atá in úsáid agat: an iad is feiliúnaí? Is maith iad barrachairteacha chun comparáid a dhéanamh, agus tá líne-chairteacha níos fearr ó thaobh treochtaí de. Léirítear gaolta agus dáiltí go beacht le scaipghram, ach ba chóir píchairteacha a úsáid do chomhdhéanaimh shimplí amháin – níor chóir iad a úsáid riamh do chomparáidí nó do dháiltí. B’fhearr go mbeadh graif ina gcuidiú don léitheoir ciall a bhaint as na torthaí atá agat, mar sin déan cinnte de go gcuireann tú teideal ar na haiseanna agus bain leas as eochair eolais más gá.

Léiríodh mianach i go leor de na póstaeir leis an ábhar a roghnaíodh, le bailiú sonraí agus mar sin de, ach ní raibh an caighdeán céanna le braith sa mhír anailíse. Bain triail as réimse teicnící staitistiúla, lena n-áirítear staitisticí tuairisciúla agus infeireacha.

Tabhair eolas níos fearr maidir le foinse na sonraí. I gcás roinnt pósteir, ba ligeacht í nach raibh cur síos déanta orthu faoi mhodhanna suirbhéireachta nó bailithe sonraí.

Bí cúramach maidir le topaicí íogaire. Níor mhaith linn cur in aghaidh a leithéid a roghnú ach ba chóir do dhaltaí agus do mhúinteoirí araon a bheith airdeallach ar shaincheisteanna rúndachta agus suirbhéireachta eiticiúil.

Ar deireadh, is furasta do phóstaer a phrofáil sula gcuireann tú isteach é óir gur féidir le botúin chló nó litrithe cuir as do dhea-íomhá an phóstaeir.

Soiléireacht na teachtaireachta: Déan iarracht gan an póstaer a bheith róchasta – ní gá an iliomad míreanna éagsúla a thástáil nó a anailísiú.

Bailiú sonraí: Sa chás go bhfuil sonraí suirbhéireachta á bhailiú as scoil ar leith, ba chóir roinnt eolas cúlra faoin scoil a chur ar fáil ionas gur féidir trédhearcacht a chinntiú do chomhthéacs na dtorthaí. D’fhéadfaí éifeachtaí an neamhfhreagracht, má tá a leithéid ann, a cíoradh.

Anailísiú agus conclúidí: Bí cúramach agus tuairsciú á dhéanamh ar na torthaí. Ná téigh thar fóir leis na tátail/conclúidí gur féidir a dhéanmh bunaithe orthu seo - de ghnáth bíonn tátail teoranta don sampláil agus is beag an seans go mbainfidh siad leis an ndaonra iomlán. Tá sé an-tábhachtach modh anailísithe statitistiúil a roghnú atá iomchuí don chineál sonraí a bailíodh. Déan iarracht an tráchtaireacht a bheith oibiachtúil seachas suibiachtúil.

Graif agus táblaí: Déan cinnte de go gcuireann tú teideal ar na haiseanna agus bain úsáid as graf/graif sa stíl is oiriúnaí do do theachtaireachta. Seachain graif thríthoiseacha (3D) óir is minic go mbaineann an leagan amach seo d’inléiteacht an ghraif féin. Roghnaigh an cineál graif cuí chun do sonraí a léiriú – mar shampla, ná úsáid líne-chairteacha in achoimre ar shonraí catagóireacha. Agus do chuid torthaí á léiriú agat, tabhair figiúirí go dhá ionad de dheachúlacha ar mhéid - mura bhfuil gá ar leith len iad a thaispeáint ar leibhéal níos cruinne.

Cur i láthair: Tabhair aire maidir le litriú, ailíniú foriomlán agus formáidiú an phóstaeir. Más féidir ar chur ar bith é, seachain an iomarca téacs nó ábhar eile a chur ar an bpóstaer. Bain leas as meascán de théacs, graif agus íomhánna, ach cuir i gcuimhne go mbíonn tionchar níos mó ag graif agus íomhánna ná téacs.

Do phóstaer i bhformáid sleamhnán, ná déan rud casta de ghluaiseacht an scéil atá á insint agat. Bí cinnte go leanann na sleamhnáin ceann i ndiaidh a chéile ar bhonn simplí, intuigthe, éasca le léamh. Mar shampla:

Image for feedback

Déan sracfhéachaint ar gach píosa teacs, graf agus íomhá lena chinntiú go bhfuil siad inléite sa leagan deiridh den phóstaer. I roinnt cásanna i mbliana, níorbh fhéidir an téacs a léamh toisc é a bheith róchosúil le dath an chúlra – bain triail as cló dorcha ar chúlra geal.

Tá éifeacht físiúil na bpóstaer ag dul i bhfeabhas bliain i ndiaidh bliana. Is maith an rud é póstaer tarraingteach a bheith mar cuspóir agat, ach bí cúramach leis an scéim dhathanna a roghnaíonn tú. Is leor 2 nó 3 dhath éagsúla. Úsáid scéim dhathanna nach bhfuil scéiniúil nó géar le breathnú air. Seachain cúlraí atá róphlúchta.

Cruthaitheacht/Tábhacht: Is codanna lárnacha den chomórtas iad úrnuacht agus cruthaitheacht chomh fada is a bhaineann sé leis an gceist taighde.

Tá go leor áiseanna treoracha ar fáil ar líne a d’fhéadfaí leas a bhaint astu chun éifeacht fhoriomlán do phóstaer a fheabhsú, m.sh. http://hsp.berkeley.edu/sites/default/files/ScientificPosters.pdf [EN]

Fáilte roimh aiseolas

Cuirfimid fáilte roimh aon aiseolas nó tuairimí a d’fhéadfadh a bheith agat faoi chomórtas póstaeir Bhonn Staidrimh John Hooper ach iad a sheoladh chuig johnhooper2020@cso.ie.

 

  • Comórtas John Hooper - Torthaí 2020
  • Comórtas John Hooper 2020
  • Rialacha Comórtais - John Hooper 2020
  • Foirm Chláraithe - John Hooper 2020
  • Conas Póstaer a Dhéanamh