Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Gach bliain reáchtálann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) Searmanas Bronnta do mhic léinn ar fud na tíre a ghlacann páirt inár gcomórtais i rith na bliana.

Is deis é dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar bhuaiteoirí Ghradaim don Úsáid is Fearr as Sonraí Oscailte an Phríomh-Oifig Staidrimh, Gradam Speisialta an CSO d’Úsáid Sonraí Oscailte ag Eacnamaí Óg na Bliana, agus Comórtas Póstaer Staidrimh John Hooper.

Bronnadh a ngradam ar na buaiteoirí ag searmanas a reáchtáladh i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath an 15 Deireadh Fómhair 2025. Bhronn leas-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh, Chris Sibley, na gradaim.

Seo a leanas buaiteoirí chomórtais 2025:

  • Bhuaigh Heidi Shellam, Hollie Field, agus Saoirse Lynam, daltaí ó Phobalscoil Mhóta, Co. na hIarmhí an Chomórtas Póstaer Staidrimh John Hooper.
  • Bhain Mir Hasibullah Zia, dalta s ó CBS Loch Garman, an Gradam um Úsáid is Fearr Sonraí Oscailte amach ag Comórtas an Eacnamaí Óg na Bliana 2025.
  • Bhuaigh Rónán O'Dochartaigh, ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, an Ghradaim um Úsáid Is Fearr Sonraí Oscailte CSO ag BTYSTE 2025